Is minic é curtha i leith Raidió na Gaeltachta nach bhfuil aon fhreastal á dhéanamh acu ar an aos óg. Tá cúrsaí feabhsaithe rud beag le roinnt blianta anuas, áfach, ó cuireadh tús leis an chlár ceoil “An Taobh Tuathail”. Labhair Éamonn Ó Dónaill le duine de láithreoirí an chláir sin, Cian Ó Cíobháin, faoi bheith ag obair mar dhioscmharcach i stáisiún ina bhfuil cosc ar liricí Béarla.
Tá níos mó daoine mar Chian Ó Cíobháin ag teastáil i saol na Gaeilge. Tá sé óg agus fuinniúil, dóighiúil (dar leis na mná, seachas liomsa!) agus faiseanta, agus éiríonn leis lear mór daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge gan a bheith ag brú na teanga orthu nó a bheith ag seanmóireacht mar gheall uirthi.
Tá Cian mar dhuine de bheirt láithreoirí an chláir ceoil “An Taobh Tuathail” a bhíonn le cloisteáil gach oíche ar Raidió na Gaeltachta. Tá sé i mbun an chláir sin le tuairim is ceithre bliana anuas anois agus tá lucht éisteachta dílis aige, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud na cruinne, a bhuí sin don idirlíon.
Nuair a chas mé le Cian i gCathair na Gaillimhe ag deireadh mhí Iúil chuir mé cúpla ceist dheacair air i dtaobh Raidió na Gaeltachta, ag súil go mb’fhéidir go mbeadh sé sásta roinnt eolais a roinnt liom féin agus le léitheoirí Beo! faoi na deacrachtaí a bhaineann le bheith ag cur clár ceoil chomhaimseartha i láthair ar stáisiún atá chomh coimeádach sin. Saothar in aisce a bhí ann, áfach. Tá athair Chiain ag craoladh leis an stáisiún le tamall maith de bhlianta anois agus, dá bharr sin, tá mé cinnte, bhí leisce air rud ar bith diúltach a rá i dtaobh an stáisiúin.
Rugadh Cian i lár na seachtóidí ar an Ghráig, baile fearainn atá leathshlí idir Baile an Fheirtéaraigh agus Dún Chaoin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is de bhunadh na háite a athair Seán ach is as Corcaigh a mháthair, rud a chiallaigh go raibh an Ghaelainn agus an Béarla le cloisteáil aige sa bhaile. Thug sé aghaidh ar an Choláiste Ollscoile Gaillimh i 1993 agus bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla san institiúid sin i 1996. Chinn sé ansin ar bhliain eile a chaitheamh i nGaillimh chun Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach a dhéanamh, cúrsa a cháineann daoine áirithe de bharr, dar leo, go bhfuil sé róghinearálta.
“Cheapas féin go raibh an cúrsa ana-mhaith. Thaithin sé sin liom go raibh sé ana-ghinearálta ar shlí mar go bhfuaireas blaiseadh de gach aon rud. D’fhoghlaimíos ana-chuid scileanna, ar nós clóscríobh, atá ana-áisiúil anois. Is dócha an t-aon bhearna a bhí sa chúrsa nuair a bhíosa á dhéanamh ná ní raibh aon iriseoireacht scríofa i gceist, ach is dóigh liom gur sin páirt mhór den gcúrsa anois.”
Ag lorg poist
Nuair a tháinig post chun cinn mar thaighdeoir leis an chlár teilifíse “Cúrsaí Ealaíne” ar RTÉ chuir sé isteach air, de bharr go raibh an-spéis aige sa réimse sin. Ní bhfuair sé an post, áfach. Chuir sé isteach chomh maith ar phost mar aisteoir leis an sobal “Ros na Rún” ar TG4, cé nach raibh aon taithí aisteoireachta aige.
Chinn sé ina dhiaidh sin ar dhíriú ar an cheol den chuid is mó. Bhí sé tar éis a bheith ag obair mar dhioscmharcach i gclubanna i nGaillimh, ceann i mBóthar na Trá ar imeall na cathrach ar dtús ar feadh bliana agus ansin 110th Street i Halla na Cathrach, “an chéad ardán ceart” a bhí aige chun ceol a chasadh. Bhí roinnt craoltóireachta trí Ghaeilge déanta aige leis an stáisiún mac léinn, Flirt FM, agus theastaigh uaidh tabhairt faoin obair sin chomh maith.
“Bhíos ag cur brú ar Raidió na Gaeltachta, ag fiosrú agus ag fiafraí an bhféadfaidís clár a thabhairt dom, ach ní raibh aon spás sa sceideal go dtí gur tháinig na huaireanta breise, i Samhradh na bliana 1999.”
Dúradh leis ón tús nach bhféadfadh sé amhráin le liricí Béarla a chasadh ar an chlár nua seo, “An Taobh Tuathail”. Measann sé gur dócha go raibh an stáisiún rud beag neirbhíseach faoin chlár i dtús ama agus go raibh iontas orthu nuair a d’éirigh leis oiread ceoil dhamsa chomhaimseartha a aimsiú gan aon liricí.
Measann sé go bhfuil bainistíocht Raidió na Gaeltachta sásta clár mar seo a bheith á chraoladh acu mar gur féidir leo a rá go bhfuil siad ag freastal ar dhaoine óga, “cé nach daoine óga is mó a éistíonn leis ach daoine i bhfad níos sine.” Deir sé go mbíodh na meáin eile de shíor ag cáineadh an stáisiúin de bharr go raibh cosc ar liricí Béarla ach nach mbíonn an clamhsán sin le cloisteáil na laethanta seo de bharr “An Taobh Tuathail” a bheith á chraoladh.
Deir sé gur thug an stáisiún saoirse iomlán dó ón tús ó thaobh an cheoil de, nár chuir siad aon chosc air ach ó thaobh na teanga de. Deir siad fós leis ó am go chéile gan a bheith ag seinm liricí Béarla ach tá slite aimsithe aige le déileáil leis seo.
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
Glue le hIrvine Welsh.
Cén ceol is fearr leat?
An tseachtain seo táim ag éisteacht le hamhránaí tíre, Eileen Rose, Iodálach-Éireannach. Chuala í ag casadh anseo le déanaí. Tá glór álainn aici.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
Last Night *le stiúrthóir ó Cheanada, Don McKeller. Tá David Cronenberg agus daoine mar sin ag aisteoireacht ann. *Mind-blowing. Tá greann ann, tá uaigneas ann, tá áilleacht ann.
Cá dtéann tú ar saoire?
Bhí mé sa Ghréig dhá uair. Tá gean ar leith agam air.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Sé bhabhta. I Londain, in Ibiza, i Malta, sa Spáinn, san Astráil.
Cén bhialann is fearr leat?
Druid Lane Restaurant anseo i nGaillimh. Tugann siad ana-chuid ama duit do bhia a ithe.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Mo mháthair.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú ag éirí aníos?
M’uncail Pádraig agus m’athair críonna, Seán.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Cúngaigeantacht.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
Athraíonn sé. Ar an mheán, caoga nó seasca uair.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
I láthair na huaire, táim ag smaoineamh ar thigh a cheannach. Tá strus ag baint leis sin.
“Tá slite againne timpeall air. Rud amháin a deirimse leo ná, ‘Ní liric é sin, ach sample’, píosa tógtha ó amhrán eile. Deirimse leo gur sin uirlis eile, mar is uirlis an sampler. Sin leithscéal amháin a bhíonn agam.”
Nuair a chuir Cian in iúl do cheoltóir óg as Tiobraid Árann le déanaí nach bhféadfadh sé a chuid ceoil a sheinm ar “An Taobh Tuathail” de bharr go raibh focail na n-amhrán i mBéarla dúirt an fear sin leis go bhféadfadh duine éigin cás cúirte a thógáil i gcoinne Raidió na Gaeltachta, mar go bhfuil siad, dar leis an cheoltóir seo, ag sárú cearta daonna lucht an Bhéarla!
Deir Cian nach dtugann go leor de na héisteoirí faoi deara go bhfuil cosc ar liricí Béarla, gur minic a fhaigheann sé litreacha nó teachtaireachtaí ríomhphoist ó dhaoine ag iarraidh air ceol Béarla a sheinm.
Ag díriú ar an cheol
Is beag tagairt a dhéanann léirmheastóirí na laethanta seo don chlár a bheith i nGaeilge, murab ionann agus sna blianta tosaigh. Bhí “An Taobh Tuathail” mar bhuaicphointe na seachtaine ag léirmheastóir de chuid an Sunday Times ag deireadh mhí Iúil agus fuair sé moladh ard san Irish Examiner an tseachtain roimhe sin, ach ag tarraingt airde ar an cheol amháin a bhí an dá phíosa sin.
“Bhí an bhéim níos mó ag an tús ar an dteanga. Cúis mhór iontais a bhíonn ann do dhaoine an clár a bheith i nGaelainn. Is cuimhin liom na haltanna a bhíodh ag teacht amach ar dtús agus daoine a rá, ‘We’ll all be wearing the fáinne soon’ agus ‘Is this the future of the Irish language?’, ach ar an gceol is mó a dhíríonn siad anois.”
Is mian le Cian dul i bhfeidhm ar dhaoine agus suim a mhúscailt iontu sa Ghaeilge, ach é sin a dhéanamh go ciúin.
“Tá aithne agam ar ana-chuid daoine a bhíonn ag iarraidh an Ghaelainn a bhrú ar aghaidh, daoine sna meáin ina measc, agus atá ana-pholaitiúil mar gheall air. Caithfear an Ghaelainn a bhrú ar aghaidh agus caithfear daoine a chur á labhairt. Níl an teachtaireacht sin agamsa in aon chor. B’fhearr liomsa díreach dul isteach sa stiúideo agus Gaelainn a labhairt fé mar a dheinim le mo dheartháireacha agus le m’uncailí. Is dóigh liomsa go mbíonn níos mó measa ag daoine ort mura mbíonn tú ag brú na teanga orthu. Tá sé ar nós quiet revolution.”
Tugann sé an-sásamh dó nuair a fhaigheann sé teachtaireachtaí i nGaeilge óna héisteoirí, rud a tharlaíonn go minic.
“Bíonn sé ana-dheas, fiú nuair a bhíonn an Ghaelainn ana-bhriste. Má dheineann daoine iarracht, ní bhím ag caitheamh anuas orthu ná ag magadh fúthu. Deinim iarracht spreagadh a thabhairt dóibh. Bíonn daoine i gcónaí ag gearán timpeall Chonamara, nó áiteanna mar sin. Siúlann daoine isteach i mbeár ach bíonn scanrú orthu an teanga a úsáid, ar eagla go mbeadh daoine ag magadh fúthu.
“Bíonn ana-chuid daoine ag rá, leis, gur bhreá leo tabhairt faoin teanga arís, í a labhairt arís. Deir siad, ‘I hadn’t heard Irish in years until I tuned into your show and I’m thinking of taking up classes.’
Ag obair le 2FM
Rinne sé coicís oibre mar láithreoir leis an stáisiún raidió 2FM an bhliain seo caite, cé go bhfuil sé go láidir den tuairim go bhfuil an stáisiún róchoimeádach ó thaobh a bpolasaí ceoil de, nach bhfuil siad “cutting-edge” níos mó, mar a deir sé féin. Measann sé go raibh Dave Fanning thar barr mar láithreoir tráth ach go bhfuil an splanc caillte aige, gur agallaimh is mó a bhíonn aige ar an chlár anois, agus go bhfuil an chuma ar an scéal nach gceannaíonn sé mórán ceoil nua.
Bhain sé sult as an choicís le 2FM, mar sin féin. Thaitin sé go háirithe leis a bheith in ann aon rud ba mhian leis óna bhailiúchán ceoil a thabhairt isteach sa stiúideo leis.
Baineadh geit as Déardaoin amháin cúpla seachtain tar éis dó a bheith ag craoladh leis an stáisiún nuair a d’oscail sé an RTÉ Guide agus nuair a chonaic sé a ainm luaite le clár ceoil ar 2FM a bhí le tosú an Luan ina dhiaidh sin.
“Ghlaos orthu agus dúradar liom, ‘Yeah, did no-one call you? There’s a three-month contract here for you to sign.’ Dúirt mise leo go rabhas ag obair anseo agus go gcaithfinn an scéal a mheá agus dúradar, ‘You don’t want the job, so.’ Agus an rud a tharla ansin ar deireadh ná go ndúradar, ‘If you don’t want it, grand.’ Cheapas go rabhadar ana-mhíghairmiúil.”
Chomh maith le bheith ag craoladh, bíonn Cian ag obair mar dhioscmharcach ag an deireadh seachtaine gach re seachtain, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath den chuid is mó. Chuir sé tús leis an chlub 110th Street i Halla na Cathrach i lár chathair na Gaillimhe i mí na Samhna 1998 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Bhíodh tuairim is ar 200 duine i láthair i dtús ama, ach anois san ionad nua, an GPO, bíonn 850 “ag dul le báiní”, mar a deir sé féin, ar an urlár damhsa.
Ceann de na cúiseanna dar leis a bhfuil cáil bainte amach ag an chlub ar fud na hÉireann ná go mbíonn réimse leathan ceoil á sheinm ann, murab ionann agus go leor clubanna eile i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath, ina seinntear cineál amháin an oíche go léir. Seinneann sé drum ‘n’ bass agus house, ach clasaicigh de chuid an roc-cheoil le grúpaí mar Nirvana chomh maith.
Cuireann roinnt ceoltóirí demo dá gcuid ceoil chuige ach bíonn air an t-uafás airgid a chaitheamh gach seachtain ar dhlúthdhioscaí lena chinntiú go mbeidh an ceol is nua le cloisteáil sna clubanna ag a gcasann sé ceol agus ar “An Taobh Tuathail”.
“Tá trí shuíomh gréasáin a mbím de shíor ag ceannach uathu. Mulligan’s anseo sa Ghaillimh chomh maith. Tá siopa eile i mBaile Átha Cliath, Big Brother, agus cuireann siad amach liosta mór ceoil gach aon seachtain. Tá sé ana-chostasach. Is dócha go gcaithim suas le €100 nó €150 sa tseachtain.”
Rianta
Tá Cian ag cur an chláir “Rianta” i láthair ar TG4 ó bhí Fómhar na bliana 2000 ann, agus beidh an tríú sraith á craoladh ón mhí seo chugainn ar aghaidh. Ní hionann an clár seo, dar leis, agus cláracha ceoil eile a bhíonn ar an teilifís de bharr go bhfuil an bhéim ar cheol leictronach ann, is é sin house, garage, hip-hop, drum’n'bass, r’n'b, soul, funk, techno agus mórán stíleanna eile nach iad.
Téann Cian go Corcaigh gach cúpla seachtain i rith na sraithe agus déanann sé trí chlár a thaifeadadh ag an am. Is breá leis an obair theilifíse, cé go measann sé go gcaithfidh sé forbairt a dhéanamh mar láithreoir.
“Nílim céad faoin gcéad sásta le mo stíl láithreoireachta. Ní dóigh liom gur láithreoir maith teilifíse mé.”
Ní bhfuair sé aon oiliúint sula ndeachaigh sé os comhair na gceamaraí. “An chéad uair a dheineas clár teilifíse bhíomar ag Féile Creamfields. Mar chleachtadh, tugadh timpeall ar feadh uair an chloig mé leis an gceamara, agus b’in an méid.”
Tá sé i bhfad níos sásta lena stíl láithreoireachta raidió. Rinne sé cúrsa oiliúna seachtaine le Raidió na Gaeltachta le déanaí agus d’fhoghlaim sé go leor rudaí, ina measc an tslí lena ghuth a úsáid ar dhóigh níos éifeachtaí. Cuireann sé an micreafón níos cóngaraí dá bhéal anois agus labhraíonn sé in “leathchogar”, rud atá níos feiliúnaí do chlár a bhíonn ar siúl idir 10 p.m. agus meánoíche, dar leis.
San am atá romhainn teastaíonn ó Chian clár ceoil a chur le chéile gach seachtain agus syndicating a dhéanamh air, is é sin é a dhíol le stáisiúin éagsúla in Éirinn agus thar lear (luann sé An tSualainn mar shampla de mhargadh). Tá an clár “Worldwide” le Gilles Peterson a chraoltar ar BBC 1 agus ar stáisiúin sa Fhrainc, san Fhionlainn agus i roinnt tíortha eile mar eiseamláir aige, a deir sé.
Níl pleananna móra déanta ag Cian don todhchaí: is mian leis go díreach leanúint ar aghaidh ag déanamh oibre a thugann oiread sásaimh dó.
Is chúis an-mhór bróid dó go bhfuil daoine ag éisteacht leis an chlár i ngach cearn den domhan agus go bhfaigheann sé teachtaireachtaí ó thíortha mar An Afraic Theas, Na Stáit Aontaithe agus an Téalainn. Is breá leis an tslí a n-insíonn éisteoirí scéalta dó fúthu féin agus faoina saol, ar nós an duine a chuir in iúl dó gur ag éisteacht leis “An Taobh Tuathail” a bhí sé an chéad uair a chas sé leis an bhean a phós sé ina dhiaidh sin.
“Tá leaid a chuireann ríomhphoist chugainn, Elvis Dubh a thugann sé air féin. Tá sé áit éigin i lár Mheiriceá agus tá cúpla focal Gaelainne aige. Deineann sé iarracht i gcónaí í a úsáid. N’fheadar anois an bhfuil sé dubh nó nach bhfuil ach an-ainm!”
Tá Cian Ó Cíobháin ag cur “An Taobh Tuathail” i láthair ar Raidió na Gaeltachta idir Dé Máirt agus Déardaoin faoi láthair, 10.00 p.m. - 12.00 a.m. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an chlár ag: att@rte.ie. Tá tuilleadh eolais le fáil faoin chlár ag: www.rnag.ie/gaeilge/liosta.html.