Tá blianta fada caite ag an Chorcaíoch John Spillane ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír mar amhránaí proifisiúnta, rud nach bhfuil furasta in Éirinn. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol sa cheol agus faoina albam nua, atá díreach tagtha amach.
I Meán Fómhair na bliana 1998, d’eagraigh a bhainisteoir ceolchoirm do John Spillane i dteach tábhairne an Cobblestone i Margadh na Feirme i mBaile Átha Cliath. Bhí Spillane tar éis an grúpa traidisiúnta Nomos a fhágáil ag tús na bliana sin, agus cé go raibh an t-albam The Wells of the World amuigh le beagnach bliain, is beag obair a bhí sé ag fáil, seachas corrcheolchoirm ina chathair dhúchais, Corcaigh. Bhí mé féin i láthair an oíche sin agus bhí deis agam comhrá a dhéanamh le Spillane i rith na ceolchoirme de bharr nach raibh sa lucht éisteachta ach dáréag ná mar sin.
Ceann de na rudaí a chuaigh i bhfeidhm orm an oíche úd ná an spiorad agus an greann a bhí ag baint le Spillane. Dúirt sé go magúil cúpla uair go raibh sé chun na hamhráin chiúine a chasadh ag tús na ceolchoirme mar go raibh sé cinnte de go mbeadh an áit ag cur thar maoil le daoine roimh dheireadh na hoíche.
Bhí sé ar ais sa Cobblestone arís ag deireadh na míosa seo caite ach, an iarraidh seo, bhí an áit dubh le daoine. Bhí sé deacair, fiú, áit a fháil le seasamh. Tá cúrsaí feabhsaithe go mór i saol Spillane, go háirithe le bliain anuas.
Nuair a chas mé leis in Óstan an Shelbourne ag deireadh mhí an Aibreáin, bhí sé lán dóchais faoin todhchaí, agus ní nach hionadh. Ní hamháin go bhfuil na sluaite ag tarraingt ar a chuid gigeanna ach tá conradh faighte aige leis an chomhlacht ollmhór ceoil, EMI, agus tá a chéad albam ar an lipéad, Will We Be Brillant Or What, díreach eisithe. Lena chois sin uilig, tá a shingil, "The Dance of the Cherry trees", á sheinm ar stáisiúin raidió ar fud na tíre agus gach cuma ar an scéal go mbeidh an t-amhrán a scríobh sé do Chorn an Domhain, "The Bookill with The Boogaloo", ina hit mór.
Tá Spillane ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír mar amhránaí, mar cheoltóir agus mar chumadóir amhrán le blianta fada anois agus deir sé nár éirigh leis ach fíorbheagán airgid a dhéanamh riamh.
Tar éis dó an scoil a fhágáil, fuair sé post i mBanc na hÉireann i Luimneach (rud a thug inspioráid dó don amhrán "Bank of Ireland Sean-nós Blues") ach theastaigh uaidh, thar aon rud eile, dul leis an cheol.
" Bhí mé i rocghrúpa, Sabre, ag an am agus bhíomar ana-dháiríre faoi. Cheannaíomar Transit Van agus córas fuaime agus chuamar ag taisteal timpeall na tíre ag déanamh gigs. Bhí ana-chuid paisin i gceist agus dheineamar ár gcuid amhrán féin a scríobh. Ach throideamar ar buile agus scaramar."
Deireadh na seachtóidí a bhí ann agus bhí go leor ceoil le cloisteáil i gcathair Chorcaí. Bhí an dream fiáin ann, an new wave mar a tugadh orthu, agus dream eile a bhí ar comhaois leo a bhí níos tógtha le ceol níos séimhe: Spillane, Declan Sinnott, Jimmy McCarthy, Small Change, Southpaw agus daoine eile nach iad.
"Ceoltóirí maithe ba sine. Ní rabhamar fiáin agus gránna agus oscailte mar a bhí na lads eile. Bhí deighilt, mar sin, idir an old wave a bhíodh i Sir Henry’s agus an new wave a bhíodh thuas staighre sa Phoenix. Bhíodar siúd as a meabhair. Ní raibh aon cheol acu, ach bhíodar óg agus stróiceadar an rud as a chéile ar fad - Finbarr Donnelly, Five go down to the Sea, Cathal Coughlan agus Microdisney. Bhíodar siúd mór le rá, mar bhíodar ar chlúdach Hot Press gach seachtain."
Céim ollscoile
D’fhág Spillane an banc agus chuaigh sé chun na hollscoile i gCorcaigh agus é fiche bliain d’aois, áit a ndearna sé céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.
"Bhíos faoi bhrú ag mo mháthair rud éigin a dhéanamh le mo shaol, seachas a bheith i mo luí i mo leaba ar maidin. Thaitin an Ghaeilge ana-mhór liom san ollscoil ach níor thaitin an Béarla liom in aon chor. Scríbhneoir cruthaitheach is ea mé ach san ollscoil bhíos i gcampa an namhad, na criticeoirí. Cúrsaí critice ar fad a bhí á múineadh acu agus is fuath liomsa na criticeoirí. Táimse ar an dtaobh eile ar fad. Tá critic againn go léir inár gceann ach namhaid is ea é sin nuair a bhíonn tú ag iarraidh rudaí cruthaitheacha a dhéanamh. Bíonn an critic seo ag rá, ‘No, níl aon mhaitheas ansin.’ Caitheann tú é sin a mharú, an critic."
Chaith Spillane dhá shamhradh ag seinm an dordghiotáir le grúpa Johnny Crowley, an cantaire bailéad Corcaíoch, agus ag saothrú airgid ón cheol den chéad uair. Ina dhiaidh sin, thosaigh sé féin agus Johnny Murphy, a bhíodh mar chuid de ghrúpa Crowley, Stokers Lodge, ag seinm le chéile. Bhí Murphy an-tógtha le ceol Meiriceánach ó na tríochaidí, go háirithe leis na hamhráin a scríobh Leon Redbone, agus thosaigh sé féin agus Spillane ag canadh le chéile ar mhaithe le spraoi. Níor chreid ceachtar acu go mbeadh níos mó ná sin i gceist.
"Bhíos ag seinnt le Johnny ar mhaithe leis an gcraic - ní rabhamar dáiríre faoi in aon chor. Fuaireamar an tríú duine ansin, Chris Ahern. Dheineamar cúpla gig beag i gCorcaigh agus thaitin an ceol le gach éinne. Agus ansin, ar mhaithe leis an gcraic, fuaireamar tuxedos ar cíos agus chumar isteach go dtí O’Flynn’s Bar, áit ana-gharbh agus salach, leis na tuxedos. D’fhás an rud ansin agus bhí ana-phléisiúr ann. Dheineamar amhráin le hElla Fitzgerald, Cole Porter, Hoagy Carmichael, Johnny Mercer, amhráin ó ré órga cheol Mheiriceá.
"Chaitheas seacht mbliana ag seinnt leo agus b’in an t-aon jab a bhí agam. Ach d’imigh an chraic as sa deireadh agus ní raibh ann ach jab."
Cé go ndearna The Stargazers go leor ceolchoirmeacha in Éirinn agus in áiteanna thar lear mar Bheirmiúda agus an Afraic, níor éirigh leo mórán airgid a dhéanamh riamh.
"Cé go rabhamar ar an dteilifís go minic, bhí sé ana-dheacair a bheith beo. Bhí an chuma orainn i gcónaí go rabhamar ag déanamh i bhfad níos fearr ná mar a bhíomar. Níor tharla an briseadh tríd leis na Stargazers a bhí ag teastáil chun airgead a dhéanamh. Bheimis ana-shásta ár n-anam a dhíol ar mhaithe le hairgead ar feadh cúpla bliain dá mbeadh sé ann, ach níor tharla sé. Bhíos i gcónaí ana-bhriste."
Mar sin féin, d’éirigh le Spillane teach beag a cheannach i gCorcaigh i 1986, i lár a thréimhse leis an ghrúpa.
"Tigh breá a bhí ann ach bhí sé ag titim as a chéile agus fuaireas é ar chúig mhíle go leith punt. Dúirt mé leis an mbanc: ‘I’m in The Stargazers and I make a thousand pounds a week, no problem.’ Bréag ar fad a bhí ann ach chreid mo dhuine mé. Dá ndéanfainn céad nó dhá chéad punt sa tseachtain, bheadh sé sin ana-mhaith. Ach i mí Eanáir agus mí Feabhra, b’fhéidir nach mbeadh aon rud agat."
Drogall
Faoi thús na nóchaidí, bhí deireadh leis na Stargazers agus dúirt Spillane leis féin go ndíolfadh sé an dordghiotár agus nach rachadh sé isteach i ngrúpa arís. Theastaigh uaidh, thar aon ní eile, a chuid amhrán féin a sheinm go poiblí. Bhí rud beag drogaill air a bheith ina amhránaí aonair, áfach, agus nuair a fuair sé cuireadh a bheith ina bhall de Nomos, an grúpa óg fuinniúil traidisiúnta a bhí lonnaithe i gCorcaigh, ghlac sé leis.
Arís, cé go raibh Nomos sármhaith ó thaobh an cheoil de agus gur eisigh siad dhá albam le linn do Spillane a bheith leo, níor éirigh leo ó thaobh an airgid de.
"Ní raibh Nomos ag déanamh ach airgead beag ach bhíos-sa ag obair ag an am, ag múineadh ceoil i bPríosún Chorcaí agus Inis Píce. Bhí mé ag obair cúpla lá sa tseachtain. Ansin, dheinimis camchuairteanna agus gheobhfá, arú, cúpla céad punt, nach rud éigin. Bhíos ar an dole ó am go chéile leis."
"Ag pointe amháin dúirt mé liom féin, ‘Cad atá á dhéanamh agat le do shaol?’ Bhíos tríocha a haon nó tríocha a dó agus ní raibh faic agam. Sin é an uair gur bhuaileas an falla ach thángas thar n-ais ag troid ar buile. Thosaigh na hamhráin ag teacht chugam agus tá rudaí ag dul i bhfeabhas ó shin."
Ag tús na bliana 1998, cúpla mí tar éis dá chéad albam aonair teacht amach, d’fhág Spillane Nomos lena ghort féin a threabhadh. Go tobann, áfach, ní raibh aon teacht isteach aige.
"Bhí obair éigin i gceist le Nomos ach nuair a d’fhagas an grúpa bhí sé mhí nach raibh aon phingin ag teacht isteach. Bhí an t-albam seo amuigh agam agus bhí gach éinne ag rá go raibh sé dochreidte agus brilliant ach ní bhfuaireas aon royalties nó ráitis nó aon phingin ón gcomhlacht. Ní raibh aon ghigeanna agam ach oiread seachas cúpla ceann sa Lobby i gCorcaigh. Bhí bainisteoir agam i gCorcaigh ach ní raibh aon mhaitheas ann; ach ansin fuair mé an fear seo, Larry Roddy, agus thosaigh seisean a fáil gigeanna dom, an Cobblestone ina measc."
Go dtí an lá inniu féin níl leathphingin faighte ag Spillane ó Hummingbird Records, an comhlacht a d’eisigh a chéad albam. Lena chois sin, braitheann sé nach ndearna siad margaíocht cheart ar an albam riamh.
"Níor dheineadar an obair. Chaitheadar cuid mhaith airgid ar an albam féin ach níor chaitheadar aon rud ar an bhfógraíocht. Tarlaíonn sé sin. Tá sé dochreidte go ndéanfá é sin, really."
"Thug Christy Moore ‘an undiscovered gem of the Nineties’ ar an albam ach níl a fhios agam cad a dhíol sé. Bhí sé as cló an bhliain seo caite ar feadh sé mhí. Níl a fhios agam cén fáth mar bhí daoine á lorg i gcónaí. Is é mo thuairim féin gur dhíol sé idir 5,000 agus 10,000 cóip ach ní bhfuaireas pingin riamh. Tá mo bhainisteoir ag caint leo agus thugadar a bhfocal go dtabharfaidís thar n-ais dom é ar phraghas éigin. Ach b’in bliain agus cúpla mí ó shin agus níor tharla aon rud ó shin. Ana-ait. Ach nílim chomh feargach is a bhí - tá sé sin ag imeacht uaim."
Tá sé sásta leis an chonradh nua atá faighte aige le EMI ach braitheann tú go bhfuil sé níos amhrasaí anois de bharr an mhéid a tharla dó le Hummingbird.
"D’fhoghlaimíos ana-mhaith ó Philip King agus John Dunford i Hummingbird. Is féidir le comhlacht aon rud a chur síos i gconradh ach is féidir é a bhriseadh go hana-éasca leis. Chaithfinn na mílte punt a chaitheamh ar dhlíodóirí le dul ina ndiaidh."
"Conradh beag is ea an ceann le EMI leis ach an rud a bhaineann leo siúd ná go bhfuil an obair á déanamh acu faoi láthair. Tá daoine proifisiúnta ag caitheamh a gcuid ama ar an jab, ach b’fhéidir go dtitfidh sé as a chéile mar sin féidir. Deir mo bhainisteoir, ‘Honeymoon period. Bí cinnte go mbeidh trioblóidí againn leo sin leis.’"
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
Leabhar de chuid dánta an fhile Fhraincise, Rambeau. Chualas faoi fadó. Bhí spéis ag Bob Dylan ann.
Cén ceol is fearr leat?
Ní éistím le mórán ceoil in aon chor. Damien Dempsey, fear atá i dtraidisiún Brendan Behan, Luke Kelly agus Christy Moore. Rónan Ó Snodaigh - ana-dhuine agus ana-cheoltóir
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
Il Postino, an scannán Iodálach.
Cá dtéann tú ar saoire?
Go Cathair Dónall ag campáil.
Cad é an méid ama a chaith tú thar lear anuraidh?
Thugas seachtain i Meiriceá le Louis agus bhíos sa Spáinn cúpla lá leis an ngrúpa Lúnasa.
Cén bhialann is fearr leat?
Aon cheann le bia Téalannach nó Indiach. An stuif te.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Louis de Paor.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
M’uncailí den chuid is mó. Feirmeoirí ó iarthar Chorcaí.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Ní maith liom nuair nach gcaitheann daoine go maith.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
Táim scaipthe ar fad. Deinim cuid mhaith cumadóireachta déanach san oíche.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Easpa airgid - cuireann sé sin ana-strus orm. Ach feabhas ann le tamall anuas.
Deir Spillane go raibh saoirse iomlán aige a rogha amhrán a chur ar an albam ach gur mhol an comhlacht léiritheoir dó. Bhí roinnt mhaith den obair déanta ag a sheanchara Declan Sinnott cheana féin ach tháinig an ceoltóir ó The Hothouse Flowers, Peter O’Toole, isteach i ndeireadh ama leis an obair a chríochnú.
Cé nach ndeir Spillane é seo, tá an chuma ar an scéal gur theastaigh ón chomhlacht léiritheoir a chur ag obair ar an albam a n-éireodh leis fuaim a chruthú agus cóiriú a dhéanamh ar chuid de na hamhráin a dhéanfadh níos oiriúnaí iad do stáisiúin tráchtála raidió. Is cinnte go mbainfidh an cóiriú atá déanta ar an chéad amhrán ar an albam, "The Dance of the Cherry Trees", geit as daoine atá ag éisteacht le Spillane le roinnt blianta anuas mar go bhfuil fuaim i gceist nach mbeifeá ag súil leis.
Teip
Níl aon amhrán Gaeilge ar an albam nua seo, in ainneoin cinn den scoth a bheith scríofa i nGaeilge ag Spillane agus a dhlúthchara, an file Louis de Paor. Rinne sé iarracht dhá amhrán, "Éist do Bhéal " atá eisithe cheana féin ag Sinéad Lohan, agus "Rugadh orm i gCorcaigh", a bhuaigh comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta, a thaifeadadh le Declan Sinnott ach theip ar na hiarrachtaí. Braitheann tú ón mhéid atá le rá ag Spillane go mb’fhéidir gur chúis mhór teannais an teip chéanna le linn an taifeadta.
"Dheineas ana-chuid oibre ar ‘Éist do Bhéal’ le Declan agus ar ‘Rugadh orm i gCorcaigh’ ach níor éirigh le ceachtar acu, really. Agus cuirimse an milleán ar Declan, ach níl a fhios agam an bhfuil sé sin féaráilte. Scéal fada is ea é seo … Bhí trioblóid … Thosnaíos ar dhá cheann, mar sin, ach níor éirigh le ceachtar acu. Ní rabhadar ar an gcaighdeán ceart. ‘Rugadh orm i gCorcaigh’ - bhí sé ródhifriúil do Declan ón rud a dheineann sé."
Tá sé dóchasach go mbeidh roinnt amhrán Gaeilge ar an chéad albam eile, áfach.
"Tá an Gaelic Hit Factory ag dul i neart an t-am ar fad. Déarfainn go mbeidh ceithre nó cúig cinn ann uaim féin agus Louis. Tá cuid mhaith amhrán againn anois."
Tá conradh sé albam ag Spillane le EMI ach beidh an ceart acusan deireadh a chur leis an chonradh sin mura ndíolann aon cheann de na halbaim go maith. Níl sé róbhuartha faoi sin.
"Is dóigh liom má tharlaíonn sé nach deireadh an domhain é mar go bhfuil mé ag dul i neart mé féin."
Aon duine a éisteoidh leis an albam nua, tá mé cinnte go n-aontóidh sé leis an tuairim sin.
Tá eolas breise le fáil faoi John Spillane agus a chuid ceoil ag: www.johnspillane.ie