AGALLAMH BEO
Diarmuid de Faoite
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Tá aithne ag an saol mór ar Dhiarmuid de Faoite mar Jack i sobalchlár TG4, “Ros na Rún”. Mhínigh sé d’Éamonn Ó Dónaill cén chaoi a ndeachaigh sé leis an aisteoireacht agus labhair sé faoina shaol os comhair na gceamaraí.

Íomhá
Diarmuid de Faoite mar Phádraic Ó Conaire, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 29 Eanáir 2002
Grianghraf le caoinchead Apollo Gallery
Íomhá
Grianghraf le caoinchead Apollo Gallery
Íomhá
Íomhá

Is minic le deich mbliana anuas a bhí mé i láthair ag dráma Gaeilge agus gan ach dornán beag daoine sa lucht éisteachta. Is minic fosta, ar an drochuair, a raibh an caighdeán aisteoireachta, scríbhneoireachta agus stiúrthóireachta go dona. Faoiseamh a bhíonn ann nuair a chuirtear dráma Gaeilge ar an stáitse ar féidir sult a bhaint as agus nach fulaingt a bhíonn i gceist dul chuige. Is féidir é sin a rá go cinnte faoin dráma aonair le Diarmuid de Faoite, “Pádraic Ó Conaire”.

Ar an 29 Eanáir tháinig beagnach dhá chéad duine go dtí Halla Astra sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le Diarmuid a fheiceáil i ról Uí Chonaire. Ní haon ionadh é sin mar go bhfuil ardmholadh faighte aige ó chriticeoirí le bliain go leith anuas. “Diarmuid de Faoite’s mesmerising one man show … Comic, tragic and wonderfully compassionate, Pádraic Ó Conaire should not be missed” a dúirt The Irish Times ina thaobh, mar shampla, agus dúirt criticeoir Foinse gur “taispeántas fuinniúil, spleodrach, cumasach agus lán de shamhlaíocht” a bhí i gceist sa dráma.

Tá aithne ag pobal na hÉireann ar Dhiarmuid mar Jack i sobalchlár TG4, “Ros na Rún”, ach braitheann tú gurbh fhearr i bhfad leis a bheith ar an stáitse ná a bheith os comhair na gceamaraí teilifíse.

Rinne sé roinnt aisteoireachta ar scoil ina cheantar dúchais, Inis, Contae an Chláir, ach ní dheachaigh sé léi i gceart go dtí go raibh sé san ollscoil.

“Nuair a chuaigh mé go hOllscoil na Gaillimhe, chláraigh mé leis an gCumann Drámaíochta ach, ar ndóigh, clique a bhíonn ann agus ní raibh mise sa clique, dá bhrí sin níor chuala mé tada ar ais uathu go dtí deireadh an dara bliain. Ansin, thit duine éicint amach as dráma agus d’iarr siad ormsa an pháirt a thógáil. An chéad rud eile, bhí siad ag rá, ‘Hey, tá tusa go maith’. Tá mé ag plé leis an drámaíocht ó shin.”

Tar éis céim a bhaint amach sa Luibheolaíocht, thosaigh Diarmuid ag caitheamh níos mó ama ag aisteoireacht leis na Fánaithe, compántas taistil drámaíochta a bhí lonnaithe i nGaillimh, seachas gairm a lorg ina réimse saineolais. Mic léinn a bhunaigh an compántas seo agus ní raibh sé ach bliain ar an saol nuair a thosaigh Diarmuid ag aisteoireacht leis ar dtús. Chaith sé roinnt blianta leis na Fánaithe ach ansin thosaigh an neamhchinnteacht a bhaineann le saol an aisteora ag déanamh tinnis dó.

“Chuir an neamhchinnteacht isteach orm riamh. Agus fós, níl mé in ann déileáil leis. Is é an trua é. Dá bhféadfainn déileáil leis sin, bheinn sona sásta mar dhuine, ach nílim!”

Chuaigh sé ar ais chun na hollscoile i 1991 agus thosaigh sé ag déanamh staidéir ar an mhuireolaíocht i gcomhar céime máistreachta. Bhí sé ag cur faoi i gCarna i gConamara agus ag obair i saotharlann ansin. Ní raibh sé in ann cúl a thabhairt leis an drámaíocht, áfach, mar go raibh sé go smior ann.

“Ní raibh mé ach trí seachtainí sa cheantar go dtí go raibh mé ag déanamh drámaí le muintir na háite agus bhí mé ag taisteal isteach go Gaillimh trí oíche sa tseachtain le bheith ag aisteoireacht leis na Fánaithe.” Dá bharr seo, níor bhac sé leis an chéim mháistreachta a chríochnú; d’éirigh sé as an chúrsa staidéir nuair a bhí dioplóma bainte amach aige.

Spiorad

Deir sé go mbraitheann sé uaidh na Fánaithe go mór. Sna blianta tosaigh, bhí spiorad iontach sa ghrúpa agus fuinneamh nach bhfaighfeá i ngrúpaí eile, dar leis. Bhí sé seo amhlaidh de bharr gur tháinig siad ó réimse leathan cúlraí agus nach raibh siad páirteach san “arty-farty scene” i nGaillimh.

“Bhíomar ar fad inár gcónaí lena chéile agus ag siftáil a chéile. Bhí chuile dhuine ar an airgead céanna agus ag obair as lámh a chéile.”

Deir Diarmuid gur fhoghlaim sé an t-uafás le linn dó a bheith ag obair leis na Fánaithe, mar go raibh siad i gcónaí sásta tabhairt faoi rudaí nua, fiú mura raibh an taithí ná an oiliúint chuí faighte acu roimh ré. “Is cuimhin liom, dúirt duine de na lads lá amháin le Trevor Ó Clochartaigh go raibh sé ag iarraidh seó puipéad a dhéanamh. Ar ndóighe, ní raibh aon phuipeadóirí sa ngrúpa. Dúirt Trevor, ‘Ah sure, tá Eo Teilifís ag déanamh rud éicint le puipéid faoi láthair. Gabhfaidh mé siar chucu’. Chuaigh sé siar agus chaith sé seachtain leo siúd, tháinig sé ar ais agus dúirt, ‘Right lads, tá mé chun múineadh daoibh cén chaoi le puipeadóireacht a dhéanamh.’”

D’fhág Diarmuid na Fánaithe i 1992, áfach, mar gur bhraith sé go raibh cúrsaí ag athrú sa chompántas. “Bhí rudaí ag dul beagainín in aimhréidh. Níor thaithnigh sé liom an chaoi a raibh rudaí ag dul ó thaobh na teanga de. Bhí daoine nua ag teacht isteach nach raibh mórán Gaeilge acu. Bhí cothromaíocht níos fearr ann roimhe sin. Bhí an dearcadh ag athrú agus thosaigh daoine ag dul a mbealach féin.”

Bhí comhlachtaí neamhspleácha teilifíse á mbunú ag an am seo, leithéidí Eo Teilifís ar an Spidéal, agus fuair Diarmuid roinnt oibre leo mar phuipeadóir. Bhíothas ag lorg láithreora do chlár Gaeilge ar RTÉ, “Ecu! Ecu!”, agus mhol beirt a bhí sna Fánaithe leis, agus a bhí bainteach leis an chlár, go dtabharfaí an post do Dhiarmuid. Bhí sé ina chónaí i dteach in Indreabhán i gConamara, áfach, nach raibh mórán áiseanna ann, go fiú guthán, agus thóg sé seachtain an scéala a chur chuige. Ghlac sé leis an phost.

Chaith sé roinnt blianta ag obair ar an chlár sin, ar “Eureka!”, clár thráth na gceist, agus ar “The Morbegs”, clár puipéad a bhí dírithe ar pháistí réamhscoile. I rith na tréimhse seo chomh maith chuaigh sé go hOileán Leodhais in Albain, áit a raibh sé páirteach sa tsobalsraith “Machair”. Sa chlár seo, bhí ról Donoghue aige, caimiléir agus slíodóir as Éirinn a bhí i gcónaí ag iarraidh teacht i dtír ar dhaoine.

“Bhí gach rud déanta in situ. Bhí rogha álainn locations acu. Bhí airgead i bhfad níos mó agus foireann níos mó i gceist ná mar atá le “Ros na Rún”. Bhí sé iontach deas aithne a chur ar mhuintir Leodhais agus eolas a chur ar Ghàidhlig an oileáin.”

Níor éirigh leis an oiread sin Gàidhlig a fhoghlaim ach ní raibh mórán deacrachtaí aige á chur féin in iúl nó ag tuiscint na ndaoine. “Tharla sé go minic go gcaithinn an oíche ar fad ag labhairt Gàidhlig, mar a cheap mise, agus chasadh duine éicint timpeall agus deireadh sé, ‘Féach air sin. Seo fear as Éirinn ag labhairt Ghaeilge na hÉireann liomsa agus mise ag labhairt Gàidhlig leisean agus tá muid in ann a chéile a thuiscint’!”

“Ros na Rún”

Tar éis a thréimhse in Albain, fuair Diarmuid deis eile a bheith ag obair ar “The Morbegs” ach thosaigh sé ag éirí bréan den chlár.

Abair seo linn...

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

No One is to Blame, leabhar síciteiripe le Bob Hoffman. Baineann sé leis an negative love syndrome.

Cén ceol is fearr leat?

Tá mé ag éisteacht faoi láthair le píosa de chuid Bach, “Goldberg Variations”, á chasadh ag Glenn Gould, an pianadóir as Ceanada.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

L’Haine (Fuath), faoi chíréibeacha i bPáras.

Cá dtéann tú ar saoire?

Amach faoin tuath, go dtí na sléibhte.

Cad é an méid ama a chaith tú thar lear anuraidh?

Dhá uair.

Cén bhialann is fearr leat?

Mitchell’s Café i nGaillimh, an t-aon chaife saor atá fágtha sa chathair.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Mo mhac Jimmy.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Mo thuismitheoirí.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Cúrsaí Gaeilge! (gáire)

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Níl tuairim agam. Faoi láthair, 13-14 uair sa lá de bharr go bhfuil “Pádraic Ó Conaire” ar an mbóthar. Fiche uair an chloig sa tseachtain le “Ros na Rún”, ansin seachtain saor.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Mé féin - ach tá mé ag foghlaim!

“Bhí sé go deas ach an-leadránach tar éis deich gclár. Bhí an méid a bhí tú chun foghlaim as, bhí sé foghlamtha agat agus ina dhiaidh sin, ní raibh ann ach post.”

Nuair a thosaigh “Ros na Rún”, thapaigh Diarmuid an deis le bheith páirteach ann. Fuair sé ról sa sobal mar Jack agus bhog sé go Gaillimh. Chaith sé dhá bhliain go leith leis an chlár ach, arís, theastaigh athrú uaidh, agus bhog sé ar ais go dtí a chontae dúchais, An Clár, agus chuir faoi le bean ansin. Bhí sé ina chónaí amuigh faoin tuath, in aice le hEastát Dromoland, Cora Chaitlín, agus théadh sé ar shiúlóid timpeall an eastáit gach lá mar a bheadh an tiarna na háite ann. Thosaigh sé ag breathnú níos géire ar an nádúr agus braitheann sé gur ag an am seo a thosaigh an réamhobair don dráma “Pádraic Ó Conaire”.

Breis is dhá bhliain ó shin a thosaigh Diarmuid ag obair i gceart ar an dráma. Theastaigh ó Robert Delargy, úinéir Pádraic’s Place, an tábhairne ar na duganna i nGaillimh inár tógadh Ó Conaire, go ndéanfaí breithlá an scríbhneora a cheiliúradh agus d’iarr sé ar Dhiarmuid rud éigin a chur le chéile. Roinnt sceitsí le puipéid a bhí ann ar dtús ach d’fhás sé isteach ina dhráma tar éis dó beathaisnéis Uí Chonaire, leis an tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith, a léamh. Nuair a bhí an dráma críochnaithe aige, d’aimsigh sé stiúrthóir, Paul Brennan, agus chaith siad beirt roinnt seachtainí ag cur snasa air i seomra suí Dhiarmuda i gContae an Chláir.

Léiríodh an dráma ar dtús sa Taibhdhearc i nGaillimh i mBealtaine na bliana seo caite agus ba ina dhiaidh sin a thosaigh Diarmuid ag lorg urraíochta, rud a fuair sé ó Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Bhí £5,000 dá chuid airgid féin caite aige ar an tionscadal ach bhí sé sásta dul sa tseans de bharr gur chreid sé go raibh an-fhiúntas ag baint leis. “Tá mé an-bhródúil as an seó,” a deir sé.

Tá sé sásta leis an tacaíocht atá faighte aige ó mhuintir na Gaeilge go dtí seo cé go gcuireann sé díomá air go gcaitear leis uaireanta amhail is gur aisteoir amaitéarach é. Go minic, mar shampla, taistealaíonn sé píosa fada leis an dráma a léiriú agus bítear ag súil go mbeidh sé sásta glacadh le hairgead an dorais mar íocaíocht.

Ghoill eachtra a tharla in Inis Meáin an samhradh seo caite air, chomh maith. “Dhiúltaigh na daoine a bhí ag teacht isteach níos mó ná £3 a íoc ag an doras ar dhaoine fásta agus £1.50 ar pháistí scoile. Agus dúirt siad, ‘Sin a d’íoc muid riamh’. Ach taispeánann sin drochmheas. Caithfidh daoine tuiscint go bhfuil difríocht idir an amharclann phroifisiúnta agus an amharclann amaitéarach.

Measann sé gur theip ar Amharclann de hÍde, an eagraíocht a bunaíodh sna nóchaidí le drámaíocht na Gaeilge a fhorbairt, de bharr go raibh an cur chuige mícheart acu. “An fhadhb, dar liomsa, a bhí ann le hAmharclann de hÍde ná gur tháinig duine éicint suas leis an smaoineamh seo ‘Let there be drámaíocht trí Ghaeilge’. Ní oibríonn sé mar sin. Tagann drámaíocht amach as daoine. Má tá an síol ann, má fheiceann tú é ag fás agus más síol maith atá ann, tabhair tacaíocht dó.”

Ar ais le “Ros na Rún”

Tá Diarmuid sásta a admháil go ndeachaigh sé ar ais go “Ros na Rún” mí Lúnasa seo caite de bharr gur rugadh mac leis bliain ó shin agus go gcaithfidh sé ioncam seasta a bheith aige anois. Deir sé go n-éiríonn beagnach gach aisteoir bréan de bheith sa ról céanna bliain i ndiaidh bliana agus nach eisceacht ar bith é féin. Deir sé nach spreagann a chuid oibre leis an chlár an oiread sin é, nach ionann é agus a chomhghleacaí Macdara Ó Fátharta, mar shampla, “a bhaineann sult as gach radharc”.

Production line atá ann. Caithfidh soláthar cláracha a bheith ann ag deireadh chuile sheachtain. An méid sin ráite, is meán ann féin agus modus operandi ann féin é agus ba cheart glacadh leis sin. Aisteoireacht sciobtha atá ann. Tá a fhios agat nach bhfuil siad chomh cúramach sin faoi seo, siúd agus eile, ach ní féidir leo a bheith, níl an t-am ann.”

Deir sé go mothaíonn na haisteoirí atá páirteach in “Ros na Rún” easpa smachta agus go mbíonn leisce orthu take eile a iarraidh de bharr go mbíonn brú ama chomh mór sin i gceist.

Tá sé sásta a rá amach go neamhbhalbh go bhfuil cuid de na haisteoirí sa chlár nach bhfuil bua na haisteoireachta acu.

“Ní aisteoirí iad sa chiall chlasaiceach. Féar plé má tá siad ann ach bíonn sé beagainín deacair orthu. Má chasann tú uirlis cheoil agus muna bhfuil tú go maith á casadh, tá tú ag cur brú ort féin, ar bhealach. Tiocfaidh stiúrthóir isteach ansin agus cuirfidh sé comhairle ar na haisteoirí, ach droch-chomhairle a bhíonn ann go minic.”

Deir sé go mbíonn go leor Béarla á labhairt ag cuid de na rannóga atá ag obair ar Ros na Rún agus uaireanta gur muintir na Gaeltachta is measa ó thaobh na teanga de. Measann sé nach bhfuil sé de chead ag éinne, áfach, brú a chur ar dhuine teanga a labhairt mura bhfuil sé ag iarraidh í a labhairt, ach, mar sin féin, ós rud é go bhfuil siad ag fáil airgead rialtais, gur cheart dóibh an iarracht a dhéanamh. An rud is tábhachtaí, dar leis, ná gan éirí róchráite faoi cheist na teanga.

Cáineann sé TG4 de bharr nach dtugann siad, dar leis, go leor saoirse do na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha a mbíonn siad ag plé leo. “Tá trua agam do na comhlachtaí neamhspleácha. Cuireann tú iarratas isteach chun sé chlár a dhéanamh, ach dá bharr sin bíonn tú ag iarraidh an stáisiún a shásamh an t-am ar fad, ó thosaíonn tú ag cur do smaointe ar páipéar go dtéann tú isteach sa seomra eagarthóireachta, agus ina dhiaidh. Is cinsireacht é sin agus féinchinsireacht. Ar a laghad, nuair a bhí muidne ag obair in RTÉ, bheadh an clár déanta againne sula mbeadh aon duine ag rá tada linn.”

Ba mhaith le Diarmuid níos mó ama a chaitheamh ar a chuid tionscadal féin san am atá romhainn agus an comhlacht atá bunaithe aige, POC Productions, a fhorbairt. Tá sé mar aidhm aige dráma páise a chur ar siúl ar shráideanna na Gaillimhe agus seó a fhorbairt don stáitse ina mbeadh ceol traidisiúnta, neart gluaiseachta agus cultacha ildaite, díreach cosúil leis an chineál ruda a dhéanann an compántas Macnas ar an tsráid. Ní fheiceann sé é féin ag fanacht go fadtéarmach le “Ros na Rún”.

“Tá mé tar éis srian ama a chur leis an rud, dá bhrí sin ní bhím ag rá liom féin, ‘Oh God, beidh mé stuck anseo go deo.’”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.