AGALLAMH BEO
Seán Ó Tiarnaigh
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Bhí Seán Ó Tiarnaigh ar ais in Éirinn an mhí seo caite, leathchéad bliain i ndiaidh dó dul ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe agus gan ach fíorbheagán airgid ina phóca. D’inis sé d’Éamonn Ó Dónaill faoina shaol ansin, an dóigh ar éirigh leis post sinsearach a bhaint amach i mbanc agus an dóigh ar músclaíodh a spéis sa Ghaeilge in athuair.

Íomhá
Íomhá
Lógó Daltaí na Gaeilge
Íomhá
An bád farantóireachta a théann ó Staten Island to Manhatten

Má théann tú chuig deireadh seachtaine Gaeilge de chuid na heagraíochta Daltaí na Gaeilge (www.daltai.com) in oirthear na Stát Aontaithe nó chuig cúrsa i gCeanada, abair in Montreal, Kingston, Ontario nó Ottawa, gach seans go gcasfar Seán Ó Tiarnaigh ort. Cé go bhfuil sé anois ina chuid seachtóidí caitheann sé go leor dá chuid ama ag múineadh na Gaeilge na áiteanna difriúla agus ag déanamh a dhíchill spéis a mhúscailt i ndaoine sa teanga.

An mhí seo caite, bhuail mé leis i mBaile Átha Cliath, le linn dó bheith ag tabhairt cuairt ghairid ar Éirinn, caoga bliain i ndiaidh dó aghaidh a thabhairt ar Nua-Eabhrac den chéad uair.

Ní ag plé leis an Ghaeilge a bhí sé le linn a shaoil oibre sna Stáit Aontaithe, áfach, ach le cúrsaí airgeadais. Fuair sé post i mbanc coicís i ndiaidh dó cur faoi i mBrooklyn agus chaith sé blianta fada ag obair san earnáil sin. D’éirigh thar cionn leis sa réimse sin agus ceapadh ina leasuachtarán ar institiúid airgeadais mór le rá, Fiducie Desjardins, é sa deireadh. B’éacht an-mhór é seo nuair a chuireann tú san áireamh gur tháinig sé as teaghlach bocht i Maigh Eo agus nach raibh deis aige oideachas tríú leibhéal a fháil ina thír dhúchais.

Rugadh Seán i lár na dtríochaidí in aice le Baile an Róba i gContae Mhaigh Eo. Cailleadh a athair agus Seán an-óg, rud a chothaigh deacrachtaí airgid don teaghlach.

“Ní raibh mórán feirmeoireachta ar siúl againn. Fuair m’athair bás nuair a bhí mé trí bliana d’aois. Ní raibh sa teaghlach ach mé féin, mo dheartháir agus mo mháthair. Bhí bó againn agus cearca agus muca, agus thugadh na comharsana cabhair iontach dúinn. Gan iad siúd ní bheadh saol leath chomh maith againn is a bhí.”

D’fhreastail Seán ar scoil náisiúnta a bhí trí mhíle óna áit chónaithe. Bhí droch-chaoi ar an scoil seo, léiriú eile ar an easpa airgid a bhí sa cheantar agus sa tír i gcoitinne ag an am.

“Áit uafásach ab ea é ar fad mar bhí na fuinneoga briste (níor dheisigh siad iad ar feadh na mblianta fada) agus ní raibh leithreas ar bith taobh istigh – bhí sé amuigh sa pháirc. Bhíodh sé an-fhuar sa gheimhreadh mar ní raibh ach tinteán amháin ann agus bhíodh tóin an mhúinteora leis an tinteán i gcónaí beagnach!”

Cé go raibh an timpeallacht míthaitneamhach go maith agus nach raibh ach beirt mhúinteoirí sa scoil, deir Seán go bhfuair sé oideachas a bhí ar ardchaighdeán mar sin féin. I ndiaidh na bunscoile, chuaigh sé go scoil na mBráithre Críostaí i mBaile an Róba.

“Bhí meascán de bhráithre agus de thuataigh againn agus bhí siad garbh go leor. Bhí orainn gach ábhar a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ach amháin an Laidin. An méid Gaeilge atá agam, is ansin a d’fhoghlaim mé í. Níor labhair duine ar bith sa bhaile í agus díreach tar éis imeacht ón scoil gach lá théimis ar ais go dtí an Béarla. Is dócha nár thaitin an Ghaeilge le héinne mar go raibh orainn pas a fháil san ábhar san Ardteistiméireacht. Dá mba rud é nach bhfuair tú pas, bhí tú scriosta – ní bhfuair tú an Ardteistiméireacht. Níor thaitin sin le héinne.”

Easpa deiseanna

Cé gur éirigh go maith le Seán ar scoil, ní raibh mórán deiseanna ar fáil nuair a d’fhág sé an dara leibhéal i 1953.

“Ní raibh go leor airgid agam tar éis dom an scoil a fhágáil le dul go Baile Átha Cliath, fiú, le scrúduithe a dhéanamh, don státseirbhís mar shampla. Ní raibh aon ghaolta agam sa chathair ach, ar aon nós, ní raibh go leor airgid agam chun íoc as an traein fiú amháin. Bhí muid an-bhocht ar fad.”

Thug sé aghaidh ar Shasana, mar sin, áit ar chaith sé beagnach dhá bhliain ag obair le comhlachtaí tógála, i Manchester agus i Londain.

“Bhí na Sasanaigh an-dian ar na hÉireannaigh. Ní raibh suim dá laghad acu ionainn. I gcónaí thugtaí ‘Paddy’ mar ainm ort - ní raibh meas madra acu ar na hÉireannaigh ag an am sin. Ach bhí mé i measc daoine as Éirinn agus bhíodh muidne ag magadh ar na Sasanaigh chomh maith. Bhí mé óg agus níor chuir sé isteach rómhór orm.”

Bhí an obair crua agus gach deireadh seachtaine théadh go leor de na hÉireannaigh ar an drabhlás.

“Bhí gach duine ag ól. Bhíodh siad ag ól gach Aoine agus ag rince chomh maith agus ag troid - thíos ag an Elephant and Castle i Londain. Gach áit a raibh halla rince, bhíodh troid ar siúl. (Ní bhínn féin páirteach sa troid sin!) Bhí daoine móra láidre ann as Conamara agus páirteanna eile den tír agus fonn orthu bheith ag troid. Saghas caitheamh aimsire a bhí ann.”

Fuair Seán litir ó Rialtas na Breataine le linn a thréimhse i Sasana ag rá go raibh air dul isteach san arm. Ní raibh fonn dá laghad air bheith mar chuid den arm áirithe sin.

“Buíochas le Dia, fuair mo mháthair litir ó m’uncail i Meiriceá ag rá, ‘Má tá suim ag na buachaillí teacht go Meiriceá, abair liom’. Chuir mo mháthair an litir sin chugam agus scríobh mé chuig m’uncail ag míniú dó cad a bhí ag tarlú i Sasana. Mí ina dhiaidh sin, bhí na ticéidí agam le dul go Meiriceá. Chaith mé b’fhéidir coicís nó trí seachtaine in Éirinn agus ar aghaidh liom ansin go Meiriceá.”

Bhí stailc ar siúl i gCóbh i gCorcaigh, an port as a bhfágadh an long go Nua-Eabhrac, agus bhí ar Sheán agus ar na paisinéirí eile dul go Montreal agus traein a fháil as sin go Nua-Eabhrac. Thit sé ina chodladh le linn an turais agus i lár na hoíche tháinig lucht custaim isteach sa traein agus d’iarr ar gach duine éirí agus a phas a thaispeáint. Níor thuig Seán cén fáth; níor raibh a fhios aige gur dhá thír faoi leith ab ea Ceanada agus na Stáit Aontaithe.

D’fhan sé le huncail amháin i mBrooklyn, ar bhúistéir é, ar feadh míosa agus ansin le huncail eile, ar phóilín é i Nua-Eabhrac, ansin fuair sé árasán dá chuid féin.

Ní raibh sé deacair obair a fháil ag an am; ní raibh sé coicís sa tír go dtí go bhfuair sé post i mbanc, an Marine Midland, ag obair i rannóg na n-iontaobhas.

“Fuair mé post sa *trust department *agus ní raibh a fhios agam cad a bhí i gceist le *trust *fiú! Ní raibh deacracht agam post a fháil mar bhí mé réasúnta maith leis na huimhreacha agus sin an rud a bhí ag teastáil san obair sin.”

I rannóg na n-iontaobhas, bhíodh siad ag tabhairt aire do dhaoine a bhí an-saibhir ar fad nach raibh barúil acu cén chaoi lena gcuid airgid a infheistiú i gceart. Cheannaíodh siad stoic agus bannaí dóibh agus bhíodh siad ar fáil le comhairle a chur orthu. Bhí sé ag déileáil go leanúnach ina phost le “aisteoirí agus daoine nach raibh suim acu san airgead agus a raibh a lán airgid acu.”

Fuair Seán post le banc eile, Fiducie Desjardins, i 1960 agus d’fhan sé sa phost sin ar feadh cúig bliana is fiche. D’éirigh thar barr leis san institiúid áirithe sin agus ceapadh ina leasuachtarán é sa deireadh.

“Bhí an obair suimiúil go leor ach deacair go leor uaireanta. Is minic a chailleadh banc éigin airgead agus bhíodh ort dul ar a thóir. Bhí strus an-mhór i gceist uaireanta. Ní thuigim anois cén chaoi a raibh mé ábalta cur suas leis.”

Cé go raibh post aige sa bhanc, bhí sé deacair go maith bheith beo ar an mhéid airgid a bhí á shaothrú aige sna blianta tosaigh sin.

“Thosaigh mé ag obair ar an Satharn chomh maith, in ollmhargadh, chun rud beag níos mó airgid a shaothrú. Fuair mé deich dollar don lá ar fad. Bhí orm é sin a dhéanamh mar is dócha nach raibh níos mó ná caoga dollar agam mar phá sa tseachtain. Bhí sin ceart go leor ach ní raibh mórán le spáráil. Rinne an deich dollar sin an-difríocht ag an am.”

Céim oíche

Ceann de na cúiseanna go raibh an t-airgead gann ná gur chinn Seán ar luí isteach ar an staidéar. An chéad bhliain a bhí sé i Meiriceá, chuir sé tús le céim oíche san eacnamaíocht, mar gur thuig sé nach bhféadfadh sé dul chun cinn ceart a dhéanamh sa chomhlacht gan cáilíocht éigin a bhaint amach. Thóg sé roinnt mhaith blianta air an chéim a chríochnú.

“Nuair nach mbíodh airgead agam, bhíodh orm téarma a chur ar ceal – rinne mé é sin go minic, go háirithe an bhliain a chuaigh mé ar ais go hÉirinn. Chaith mé sé seachtaine sa tír agus chaith mé gach pingin dá raibh agam. Bhí mé beo bocht nuair a chuaigh mé ar ais. Thóg sé naoi mbliana ón lá a thosaigh mé ar an gcéim go dtí go raibh mé críochnaithe. Ach bhí a fhios agam nach mbeadh seans agam dul chun cinn a dhéanamh gan í – bhí céim ag na daoine óga eile a bhí ag obair in éineacht liom.”

D’fhan Seán go raibh an chéim bainte amach sular phós sé, i 1966. Is de bhunadh Éireannach í a bhean Helen - b’as Cill Mhantáin a máthair agus b’as Tiobraid Árann a hathair agus tógadh í féin i mBrooklyn.

“Shocraigh muid ar theach a cheannach i Staten Island mar nár theastaigh uaimse bheith ag taisteal ar na subways. Bhí bád farantóireachta ag dul ó Staten Island go Nua-Eabhrac agus bhí sin i bhfad níb fhearr. Tá i bhfad níos mó daoine ina gcónaí sa cheantar anois. Nuair a cheannaigh muidne an teach, ní raibh aon teach eile in aice linn ach anois tá an ceantar plódaithe. Níl na bóithre ábalta déileáil leis an trácht ar fad atá ann anois.”

Bhí an-suim ag Seán riamh anall sa mhúinteoireacht ach, mar gheall ar chúrsaí airgid, níor éirigh leis dul leis an tslí bheatha sin.

“Bhí mé ag smaoineamh bheith i mo mhúinteoir, roimh dhul go Meiriceá fiú. Sna seascaidí, fuair mé an méid creidmheasa a bhí de dhíth chun post múinteoireachta a fháil ach bhí an tuarastal ró-íseal i gcomparáid leis an tuarastal a bhí agam sa bhanc. Bhí mé díreach tar éis pósadh agus ní fhéadfainn an t-athrú sin a dhéanamh. Tá mé cinnte go mbainfinn níos mo sásaimh as an obair mhúinteoireachta.”

Ní dheachaigh sé leis an mhúinteoireacht mar ghairm ach fuair sé deis sa deireadh, mar sin féin, bheith ag múineadh na Gaeilge, teanga nach raibh aon teagmháil aige léi ar feadh daichead bliain.

“Níor labhair mé focal ón lá a d’fhág mé Éirinn go dtí 1994. Roimhe sin, bhí daoine as New Jersey ag cur brú orm bheith ag múineadh na Gaeilge mar go raibh a fhios acu go ndearna mé staidéar ar an teanga ar scoil. Ach ní raibh suim dá laghad agam mar go raibh mé ag obair fós. Lean siad ar aghaidh ag cur brú orm agus shuigh mé isteach i rang Liam Guidry sa deireadh. Ní raibh mé in ann focal a rá! Bhí faitíos orm mo bhéal a oscailt! Ach thosaigh mé ag éisteacht agus chuaigh mé ar ais agus cheannaigh mé cúpla leabhar an-bheag agus tar éis tamaill dúirt mé liom féin ‘Mo chaithim beagán ama leis seo, beidh mé chomh maith le Liam’.

“Thosaigh mé ag léamh agus ag éisteacht agus ansin chuir mé ranganna ar siúl i m’aonar i Staten Island agus lean mé ar aghaidh leo ar feadh deich mbliana, ó 1994 go dtí 2004. Ní raibh aon duine eile in ann cabhair a thabhairt dom agus bhí faitíos orm go dtiocfadh tinneas orm agus nach mbeadh duine ar bith le teacht i m’áit. Tá sé i bhfad níos fearr i mBrookdale, New Jersey, an áit a bhfuil mé ag múineadh anois, mar go bhfuil ceathrar againn i mbun na ranganna. Is Meiriceánaigh iad an triúr eile (Liam Guidry, Padraig Mullen agus Marion Lawlor) - is mise an t-aon Éireannach atá ann!”

I 1994, thug Ethel Brogan ó Dhaltaí na Gaeilge cuireadh dó dul chuig a chéad chúrsa Gaeilge, a bhí ar siúl deireadh seachtaine amháin in Esopus i Stát Nua-Eabhrac. Ghlac sé leis an chuireadh agus as sin amach “ní fhéadfainn fanacht sa bhaile!”

Múineann sé i mBrookdale ar feadh tríocha seachtain gach bliain, ar na deirí seachtaine go léir, beagnach, a eagraíonn Daltaí na Gaeilge, agus ar chúrsaí eile in Pennsylvania, Montreal, Kingston, Ontario agus Ottawa.

“Nuair a d’éirigh mé as an obair cheap mé nach mbeadh aon rud le déanamh agam ach tá an saol i bhfad níos fearr anois. Níl brú orm éirí ar a sé a chlog ar maidin agus níl aon strus i mo shaol.”

Tragóid

Tharla tragóid an-mhór i saol Sheáin in 2001 nuair a maraíodh a mhac, John Patrick (27), in uafás 9/11. B’fhear dóiteáin é leis an Fire Department of New York (FDNY) agus bhí sé i measc na gcéadta a chaill a mbeatha an lá áirithe sin agus iad ag iarraidh teacht i dtarrtháil orthu siúd a bhí sáinnithe sa World Trade Center.

Bhí John Patrick riamh ag iarraidh bheith ina fhear dóiteáin agus d’éirigh leis an bhrionglóid sin a bhaint amach ocht mí sular cailleadh é nuair a fuair sé post leis an FDNY. Ar mhaidin an 11 Meán Fómhair, bhí sé ar tí aghaidh a thabhairt ar an bhaile tar éis an oíche a chaitheamh ar dualgas. Nuair a tháinig an glao isteach mar gheall ar an éigeandáil ag an World Trade Center, d’iarr a chomhghleacaithe air dul abhaile. Theastaigh uaidh teacht i gcabhair ar na créatúir bhochta a bhí i mbaol báis sa túr, áfach, agus léim sé ar cheann de na hinnill dóiteáin a bhí ag dul ansin. Bhí an t-inneall áirithe sin chomh plódaithe go raibh ar John Patrick suí ar ghlúine duine de na fir dhóiteáin eile.

Chonacthas beo go deireanach é i bhforsheomra an Túir ó Thuaidh.

Fuair Seán an-tacaíocht óna chairde i nDaltaí na Gaeilge tar éis bhás a mhic. Tá tús curtha ag an eagraíocht le scoláireacht i gcuimhne ar John Patrick, scoláireacht a thabharfaidh deis d’fhoghlaimeoirí freastal ar chúrsaí Gaeilge i nGaeltachtaí na hÉireann sna blianta atá romhainn. Tá sráid i Staten Island, Firefighter John P. Tierney Place, ainmnithe as chomh maith.

Ní nach ionadh, goilleann bás a mhic go mór ar Sheán go fóill agus is léir dom agus mé i mbun cainte leis go bhfuil sé róphianmhar mar ábhar comhrá go fóill.

Tá Seán an-bhródúil as a chuid páistí go léir. Fuair siad ar fad oideachas tríú leibhéal agus tá ag éirí go maith leo sa saol. Is captaen é a mhac eile leis na póilíní i Nua-Eabhrac agus is múinteoir scoile í duine de na hiníonacha. Tá cónaí orthusan beirt i Staten Island. Tá an iníon eile chun tréimhse a chaitheamh ansin chomh maith, fhad is atá a fear céile leis an arm san Iaráic.

“Tá sí ina cónaí i gcampa de chuid an airm i Watertown, tríocha míle ó theorainn Cheanada. Níl aithne aici ar mhórán daoine ansin agus ba mhaith léi teacht go Staten Island agus na páistí a chur ar scoil ansin ar feadh bliana.

“Nuair a bhí sí níb óige, fuair sí scoláireacht chuig West Point, chaith sí ceithre bliana ansin agus d’éirigh go han-mhaith léi. Bhí uirthi cúig bliana a chaitheamh san arm i ndiaidh West Point agus rinne sí é sin. Bhí sí sa Bhoisnia agus i roinnt tíortha eile. Ba saghas garda síochána í – *military police *a thugtar orthu. Bhí sí thar lear ar feadh bliana uair amháin agus bhí imní orm ag an am sin. Bhíodh uirthi dul go dtí na frontaí tosaigh ar héileacaptar agus daoine nua a thabhairt isteach agus na daoine a bhí ansin cheana a thabhairt amach, agus a leithéidí sin.”

Tá Seán breá sásta an chuid eile dá shaol a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, cé gur smaoinigh sé uaireanta san am a chuaigh thart gur bhreá leis filleadh ar an fhód dúchais.

“Is maith liom teacht ar ais go hÉirinn agus is minic i mo shaol a smaoinigh mé ar fhilleadh ar an tír. Ach nuair a tháinig na páistí, ní fhéadfainn é sin a dhéanamh. Bhí aiféala orm nach raibh mé in ann rud éigin a dhéanamh ar son na tíre – fuair mé mo chuid oideachais anseo agus ansin d’imigh mé, cosúil leis na mílte eile.”

Is duine é Seán Ó Tiarnaigh a bhfuil a chion féin déanta aige don Ghaeilge sna Stáit Aontaithe agus atá tar éis dul i bhfeidhm ar go leor daoine ar shlí an-dearfach, mar mhúinteoir agus mar dhuine. Is duine é atá gealgháireach agus, mar a fuair mé féin amach le linn na n-oícheanta a chaith mé ag ól leis féin agus lena chara Bob Burke an mhí seo caite, duine a bhfuil fuinneamh na hóige ag baint leis.

Deir Seán go bhfuil sé chun leanúint ar aghaidh ag múineadh sna blianta atá romhainn - dea-scéala dóibh siúd a bheas ag luí isteach ar fhoghlaim na Gaeilge sa todhchaí.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.