Tá cáil ar Éamon Ó Cuív, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe, mar pholaiteoir atá neamhspleách go maith agus nach bhfuil eagla air an fód a sheasamh go tréan. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoi shaol na polaitíochta, faoin phoblachtánachas agus faoin tionchar a bhí ag a sheanathar, Éamon de Valera, air.
Nuair a chuir mé in iúl do chara de mo chuid go raibh mé ar tí agallamh a chur ar Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar, agus an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe, is éard a dúirt sé ina thaobh ná gur polaiteoir go smior a bhí ann. Ní haon ionadh é sin nuair a smaoiníonn tú gur garmhac é le hÉamon de Valera, duine de na pearsana is tábhachtaí i stair na hÉireann sa 20ú haois.
Nuair a bhuail mé isteach go dtí a oifig sa Roinn Talmhaíochta ag barr Shráid Chill Dara ar an 24 Deireadh Fómhair le hagallamh a chur ar Ó Cuív, ní dhearna sé iarracht dá laghad a bheith neamhfhoirmeálta. Níor bheannaigh sé dom agus ní dúirt sé slán liom ach is beag suntas a chuir mé ina iompar. Caitheann sé féin agus polaiteoirí eile na tíre a saol ag bualadh le daoine agus ag iarraidh dul i ngleic lena gcuid fadhbanna agus is cinnte go gcaithfidh siad a bheith fuar go leor ina n-iompar uaireanta. Dá mba rud é gur fheirmeoir mé as a dháilcheantar a raibh deacrachtaí agam ag líonadh foirme éigin a bhain le scéim Eorpach, is cinnte go mbeadh a mhalairt de scéal i gceist. Braitheann tú gur duine é Ó Cuív a thuigeann an dóigh le maireachtáil taobh istigh den chóras polaitiúil agus nach mbeidh a shuíochán Dála i mbaol go deo.
Bhí sé bliain le cois an dá scór nuair a toghadh ina TD é sa bhliain 1992. Ceapadh é ina Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán sa bhliain 1997, áit a raibh sé go dtí mí Feabhra na bliana seo nuair a d’aistrigh an Taoiseach go tobann go dtí Roinn na Talmhaíochta é tar éis do Ned O’Keefe bailiú leis as an Roinn sin. Chuir sé in iúl ag an am go raibh díomá air lena phost nua de bharr nach raibh ach buiséad £1 milliún aige d’fhorbairt tuaithe. Tháinig feabhas ar chúrsaí ina dhiaidh sin, áfach, agus is léir go bhfuil sé i bhfad níos sásta anois lena phost nua.
Cúlra
Rugadh Ó Cuív i mBaile Átha Cliath agus fuair sé a chuid oideachais leis na Bráithre Críostaí i gColáiste Oatlands i gCnoc Mhuirfean. “Bhí an-oideachas le fáil in Oatlands ag an am. Tá tú ag caint ar an am nuair a bhí pionós corpartha sna scoltacha. Níl mé ag rá gur thaitnigh an scoil iontach liom ach fuair muid oideachas an-mhaith: an Ghaeilge, Matamaitic, Ceimic agus na rudaí sin ar fad.”
Chuaigh sé go dtí an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin, áit a ndearna sé staidéar ar an Cheimic, an Fhisic agus an Mhatamaitic.
“Bhí scoláireacht agam go dtí an ollscoil ach ní fhéadfainn a rá go raibh aon spéis agam sna hábhair sin, ach amháin go raibh torthaí iontacha agam iontu san Ardteist.”
Ní raibh tuairim dá laghad aige céard a theastaigh uaidh a dhéanamh lena shaol nuair a bhí an chéim bainte amach aige. An lá a chríochnaigh sé na scrúduithe deireanacha i samhradh na bliana 1972, dhíol sé a chuid leabhar agus dúirt leis féin go raibh deireadh le cúrsaí acadúla, gur theastaigh uaidh dul amach sa saol agus rud éigin “praiticiúil” a dhéanamh.
Ní raibh sé i láthair do bhronnadh na gcéimeanna i bhfómhar na bliana sin mar go raibh sé ag tosú poist nua le Conradh na Gaeilge an lá sin. D’fhan sé sa phost sin go dtí Feabhra 1973 agus ansin chuaigh sé i mbun oibre mar thimire leabhar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Chuir sé isteach ar phost mar bhainisteoir le Comharchumann Dúiche Sheoigheach i gConamara i mí Dheireadh Fómhair 1973, fuair sé é agus chuaigh i mbun oibre ar an 2 Eanáir 1974, áit ar fhan sé go dtí an lá deireanach de 1991.
Tharla forbairtí móra sa chomharchumann le linn dósan a bheith á stiúradh agus tá an-bhorradh faoi ó d’fhág sé é chomh maith.
Tosaíodh muileann adhmaid sa bhliain 1978 agus tá ag éirí thar barr leis anois. “Tá luach £14 milliún d’innealra gaibhte isteach ann. Tá suas le 200 duine fostaithe ann. Tá dul chun cinn dochreidte déanta ón am a d’fhág mé ach is féidir liom a rá nach mbeadh sé ann ar chor ar bith murach an obair a rinne muid á thosaí. Is iad na blianta tosaigh is deacra, scaití.”
An Ghaeltacht
=======
Cé go bhfeiceann Ó Cuív na deacrachtaí atá ann an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail, níl sé éadóchasach faoi thodhchaí na Gaeltachta. Nuair a bhí sé ag éirí aníos i mBaile Átha Cliath ba mhinic a chuala sé daoine ag tuar bhás na teanga. Is cuimhin leis alt faoin Ghaeltacht a léamh a scríobh a athair, an scoláire Brian Ó Cuív, sna caogaidí inar léirigh sé éadóchas faoin Ghaeltacht.
“Ach féach go bhfuil muid ag tús mílaoise nua agus tá sí fós ann. Tá fadhbanna ann ach ní bheinn gan dóchas. Tá dúshlán dochreidte ann: pobal óg na Gaeltachta a chur ag labhairt na Gaeilge. Más féidir linn cur ina luí ar an aos óg go bhfuil rud éicint acu ba mhaith leis an gcuid is mó de phobal na tíre a bheith acu, beidh linn.”
Tá sé dóchasach chomh maith go mbeidh toradh ar an obair ar fad atá á déanamh ag Coimisiún na Gaeltachta, a bhunaigh sé roinnt blianta ó shin nuair a bhí sé ag plé leis an Ghaeltacht chun moltaí a dhéanamh don Rialtas maidir leis an Ghaeilge a láidriú mar ghnáth-theanga phobal na Gaeltachta. Ach nach minic a tugadh faoi obair mar seo cheana, nach iomaí tuarascáil faoin Ghaeltacht agus faoin teanga atá ag bailiú deannaigh in oifigí stáit?
“Creidim féin go gcuirfidh siad tuarascáil thairbheach faoi bhráid an Aire. Má tá moill ag baint lena gcuid oibre, is i ngeall ar gur thograigh siad féin jab críochnúil a dhéanamh, ní i ngeall ar mhoill ó thaobh an stáit de. B’fhéidir scaití go mbíonn na pleananna a chuirtear le chéile róchuimsitheach agus nach féidir iad a chur i bhfeidhm. Bheinnse ag súil go gcuirfí plean simplí le chéile a bhféadfaí cur leis amach anseo, a chuirfeadh ar an mbóthar ceart muid maidir le pleanáil teanga.”
Ní cúis imní atá ann dó nach bhfuil an Bille Teanga a bhfuiltear ag trácht air le fada tagtha chun cinn go fóill. Deir sé go dtógann sé tamall fada gach bille a achtú agus go bhfuil dul chun cinn an-sásúil déanta ag an mbille áirithe seo “ag cur san áireamh gur rud as an nua ar fad atá ann”. Tá an rialtas tar éis glacadh leis an bhunchoincheap, a deir sé, agus measann sé go mbeidh an bille foilsithe agus achtaithe roimh scoir na Dála.
“Níl aon bhunús leis na scéalta a bhí mise ag léamh sna meáin faoi státseirbhísigh agus ranna stáit a bheith ag cur ina choinne. Ardaíodh ceisteanna cinnte ach ardaítear ceisteanna faoi chuile rud san áit seo. Bhí faitíos ann go mbeadh rudaí mí-réalaíocha ann, ach níl. Creidim féin gur uirlis láidir a bheas ann, go bhfuil sé curtha le chéile go stuama agus go cliste, agus go bhfeicfidh sé solas an lae gan mhoill.”
Nuair a d’fhág sé an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, níor éirigh sé as an Ghaeilge a úsáid mar theanga oibre: Gaeilge ar fad a úsáideann sé féin agus foireann a oifige. “B’fhéidir nach drochshampla é aonad de chuid an rialtais, taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta, a bheith ag feidhmiú trí Ghaeilge.”
Forbairt na tuaithe
Tá sé mar chúram air na laethanta seo plean a chur le chéile chun ceantair thuaithe na tíre a fhorbairt agus labhraíonn sé go paiseanta faoin obair seo.
“An rud is mó a chuir díomá ormsa nuair a tháinig mé isteach sa Roinn seo ná nach raibh na huirlisí agam le hobair fhiúntach a dhéanamh san fhorbairt tuaithe. Mar is eol do chuile dhuine, dúirt mé é sin go neamhbhalbh. Tá tionscadal an-tábhachtach nua atá dírithe ar na ceantair ar fad a chaill daonra curtha ar bun agam. Ní dóigh liom go dtuigeann an pobal fós chomh láidir mar uirlis is atá sé ach feicfear é sin ar ball. Creidim go bhfuil rud iontach iontach tairbheach ar bun agam.”
An fhís atá ag Ó Cuív ná cabhrú leis na ceantair atá á mbánú ag an imirce forbairt agus fás. Deir sé go bhfuil oiread d’aos óg na tuaithe tar éis lonnú sna cathracha agus go bhfuil siad ag cur go mór le geilleagar na tíre. Ba bhreá leis, áfach, dá mbeadh deis ag an dream óg seo cur fúthu ina gceantar féin dá mba mhian leo.
Ceist againn ort...
Cén leabhar ata á léamh agat faoi láthair?
Nobody Shouted Stop le John Healy - an leabhar cáiliúil sin faoi bhánú na hÉireann.
Cén ceol is fearr leat?
Chuile chineál ceoil. Ceol Gaelach, Abba, Elvis agus John Denver.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
Tá Ghandi go hiontach mar scannán; Dr. Zhivago, Man for all Seasons, The Quiet Man.
Cén bhialann is fearr leat?
The Park House i nGaillimh agus an baile.
Cá dtéann tú ar saoire?
Go dtí an Phortaingéil agus an Spáinn.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Bhí mé thar sáile níos mó ná deich n-uaire - ar saoire uair amháin.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air?
Mo bhean chéile, ar ndóigh!
Cé is mó a chuaigh i bhfeidhm ort nuair a bhí tú níos óige?
Mo thuismitheoirí, agus mo sheanathair agus mo sheanmháthair.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Chomh casta is atá an saol éirithe.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach lá?
Ó éirím ar maidin go dtéim a luí san oíche. Fiú oíche Dé Domhnaigh, thosóinn ag obair.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Is lú strus atá orm anois ná mar a bhí nuair a bhí mé i mo bhainisteoir comharchumainn. Ní mhothaím rómhór faoi strus.
Tá Ó Cuív den tuairim nach mbeidh Fianna Fáil thíos le hiompar Liam Lawlor agus na bpolaiteoirí eile de chuid an pháirtí a bhí os comhair na mbinsí fiosraithe. Deir sé gur dream ionraic atá i gcuid polaiteoirí an pháirtí a oibríonn go crua ar son an phobail. “Tá beagán beag bídeach daoine ann a tharraing droch-chlú orainn. Ach tá míthuiscint ann faoi pholaiteoirí go ginearálta. Is daoine iad na polaiteoirí atá sásta íobairtí móra a dhéanamh ar mhaithe leis an bpobal. Tá go leor íobairtí i gceist sa bpolaitíocht ó thaobh cúrsaí ama agus cúrsaí clainne de.
“Is beag duine de bhaill na Dála atá os comhair na mbinsí. Bhíothas ag rá go raibh an t-uafás i bhfolach agus déanadh liomhaintí in aghaidh an Taoisigh fiú. Ach cruthaíodh sa deireadh gur rud mailíseach a bhí ann agus nach raibh aon bhunús leis an scéal go raibh an rud seo scaipthe ar nós galair i measc na bpolaiteoirí.”
De Valera
Bhí aithne an-mhaith ag Ó Cuív ar Éamon de Valera agus é ag éirí aníos ach deir sé go ndeachaigh daoine eile i bhfeidhm air oiread is a chuaigh a sheanathair. Deir sé go raibh tionchar an-mhór ag a athair ar a shaol, mar shampla: Ollamh le Gaeilge, staraí agus fear “a raibh tuairimí an-láidre aige faoi chúrsaí polaitíochta. D’fhéadfá a rá go raibh tionchar ag an gcúlra go léir curtha le chéile orm, cúlra a raibh Dev mar chuid lárnach de. Ach níorbh é a thús agus a dheireadh, mar a bheifeá ag súil.”
Deir Ó Cuív go ndeachaigh Sinéad de Valera, bean an Uachtaráin, i gcion go mór air chomh maith. “Ba dhuine an-láidir ina tuairimí í siúd. Bhí sí páirteach i gConradh na Gaeilge agus bhí aithne aici ar chinnirí uilig Éirí Amach na Cásca. Poblachtánach go bás a bhí inti. Samhlaítear í mar bhean chiúin ach is bean í a raibh go leor tuairimí aici.
“Chuir muid ceist uirthi tráth céard a cheap sí nuair a chuaigh ár seanathair amach ag troid i 1916 agus nuair a d’fhág sé ise sa bhaile le clann an-óg agus í ag súil leis an gcúigiú páiste. Agus an rud a dúirt sí ná ‘Mura rachadh sé amach, chuirfinn amach é!’ Bhí siad ar aon tuairim go hiomlán faoi shaoirse na tíre agus faoi chúrsaí Gaeilge.”
Tá sé bródúil as a chúlra poblachtánach agus sásta faoin ómós a léirigh an stát le déanaí ar Dheichniúr Mhuinseo, poblachtánaigh (Kevin Barry, ina measc) a cuireadh chun báis le linn Chogadh na Saoirse agus a athadhlacadh i Reilig Ghlas Naíon. Ní ghlacann sé leis an argóint gur drocham a bhí ann lena leithéid a dhéanamh. “Ní thuigim é sin. B’aisteach an tír muid mura raibh muid sásta ómós a thabhairt dóibh siúd a throid ar son na saoirse, a sheas leis an Dáil a bhunaigh na daoine.”
Measann sé gur botún a bhí i bhfeachtas míleata an IRA, go mbainfí i bhfad ní ba mhó amach in achar ní ba ghiorra dá mba rud é gur leanadh ar aghaidh leis an fheachtas chun cearta sibhialta a bhaint amach. “Is cuimhin liomsa argóint a bheith agam le daoine óga (sna sé chontae) go dtí leathuair tar éis a haon ar maidin, mé ag míniú dóibh gurb é an uirlis troda is láidre in aon tír dhaonlathach ná an ceamara teilifíse. Tuigim cen fáth ar tharla an méid a tharla, áfach.”
Tá gach dóchas aige anois go mbeidh síocháin i réim sna sé chontae agus tá áthas air go bhfuil náisiúntóirí aontaithe ar dhóigh nach raibh cheana. Dúirt sé i gcónaí gur cheart iarracht a dhéanamh a thuiscint cén fáth a ndeachaigh poblachtánaigh i dtreo an fhoréigin, gur botún a bhí ann a bheith de shíor á gcáineadh, gan aon iarracht a dhéanamh a gcruachás a thuiscint. Thug sé féin cuairt ar phríosúnaigh de chuid an IRA sa Bhreatain sna nóchaidí agus dúirt go poiblí gur cheart a bheith ag caint leis an IRA agus le Sinn Féin, agus seo ag am nuair nach raibh éinne ag caint le ceachtar acu.
Seasamh misniúil ó fhear nach mbíonn leisce riamh air a chuid tuairimí a nochtadh go neamhbhalbh.