Tá tríocha bliain caite ag Cathal Mac Coille i mbun na hiriseoireachta agus tá meas air go forleathan mar scríbhneoir agus mar chraoltóir. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina chuid oibre le RTÉ agus faoi bhfuil i ndán don tseirbhís sin.
In Earrach na bliana 1973, agus Cathal Mac Coille sa tríú bliain sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, d’fhág sé an cúrsa staire a bhí á dhéanamh aige chun dul i mbun poist mar eagarthóir ar an iris mhíosúil Comhar. Tá beagnach tríocha bliain caite aige anois ag plé leis an iriseoireacht agus braitheann tú go bhfuil sé chomh tógtha céanna leis an ghairm sin anois is a bhí an chéad lá riamh.
Is duine é Mac Coille a chaitheann an-dua lena chuid oibre, a bhíonn i gcónaí ag iarraidh an caighdeán is airde a bhaint amach. Tugadh aitheantas don díograis sin nuair a bronnadh gradam iriseoireachta de chuid an Oireachtais air ag tús mhí na Bealtaine. Is beag duine a mhaífeadh an gradam áirithe sin air.
Nuair a chas mé leis i gceaintín RTÉ ag ceathrú chun a deich maidin Dé Máirt ag deireadh mhí na Bealtaine bhí sé tar éis a bheith ina shuí le ceithre huaire an chloig cheana féin agus cé go raibh eagrán eile den chlár cúrsaí reatha “Morning Ireland” curtha i láthair aige, bhí neart oibre fós le déanamh aige an lá sin. Bhí sé chun dul abhaile, dhá uair an chloig a chodladh agus ansin luí isteach ar an obair arís.
Tógadh Mac Coille i gCluain Dolcáin, sráidbhaile taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath atá anois ina bhruachbhaile de chuid na cathrach. B’as Contae an Dúin a athair agus as iarthar Luimnigh a mháthair. Fuair sé a chuid oideachais trí Bhéarla go háitiúil ar dtús ach ansin chuaigh sé ar aghaidh go Coláiste Mhuire i lár na cathrach, áit a bhfuair sé a chuid meánscolaíochta trí Ghaeilge.
Chinn sé ar chéim iomlán staire a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath de bharr nár rith aon chúrsa eile leis.
“Tá cur síos breá ag Breandán Ó hEithir i gcolún éigin a scríobh sé i bhfad siar ar iriseoir mar dhuine nár aimsigh a cheird, nó a théann i mbun a cheirde toisc nach léir dó nó di céard ba cheart dó a dhéanamh. Bhí mise ar an gcaoi chéanna. Rinne mé stair toisc nár shamhlaigh mé aon rud eile a mbeadh spéis agam ann agus ansin d’aimsigh mé an iriseoireacht ar an gcaoi chéanna.”
Ag obair le Comhar
I 1972 thug An Dr. Éamonn Ó hÓgáin, duine a bhí bainteach le *Comhar *agus a bhí ina chónaí in aice le Mac Coille, cuireadh dó a bheith ar choiste eagarthóireachta na hirise. Bhíodh Mac Coille ag gearán faoi chaighdeán na hirise agus d’iarr Ó hÓgáin air a bheith ar an choiste ó tharla oiread tuairimí a bheith aige ina taobh. Thapaigh sé an deis agus in earrach bhliain a chéime fuair sé seans an iris a chur in eagar nuair a d’fhág an té a bhí ag déanamh na hoibre sin go tobann.
“Thug sé sin leithscéal dom imeacht ón ollscoil. Bhain mé a leithéid de spraoi as an eagarthóireacht, a leithéid de phléisiúr. An sásamh a bhain mé as dul isteach go Bewley’s leis an gcéad eagrán agus é a léamh ó thús go deireadh.”
Chuaigh Mac Coille go Londain an samhradh sin, chaith cúpla mí ag obair ar láithreacha tógála agus ansin d’fhill sé ar an ollscoil an fómhar sin chun an chéim a chríochnú. Tar éis dó an BA a bhaint amach sa bhliain 1974, chláraigh sé don Ardteastas san Oideachas ach chinn sé sa deireadh ar gan dul leis an mhúinteoireacht mar gur bhraith sé nach mbeadh sé ar a chumas ranganna lán daltaí a stiúradh i gceart.
Chaith sé cúpla mí ag obair mar fhreastalaí i stáisiún peitril tar éis na hollscoile, agus ansin d’éirigh leis post a fháil mar thaighdeoir i Rannóg na gClár Raidió in RTÉ. Chaith sé leathbhliana ag plé leis an obair sin agus ansin fuair sé post ar dheasc na nuachta Gaeilge sa stáisiún, áit a raibh sé go dtí 1978.
“I 1978, bhí folúntas ar an bhfoireann i mBéal Feirste. Bhí an-spéis agam i gcónaí i scéal an tuaiscirt agus bhí fonn orm an scéal sin a fhiosrú go mion mé féin. Sin an fáth a ndeachaigh mé ó thuaidh.”
Ba bhlianta corraitheacha iad sin i stair an tuaiscirt. Tharla an stailc ocrais a thug bás deichniúr Poblachtánach i lár a thréimhse ansin, i 1981, agus maraíodh roinnt mhaith eile sna círéibeacha a tharla i dtrátha an ama chéanna. Deir sé nach raibh sé deacair a bheith neodrach agus é ag cur tuairiscí ar fáil do RTÉ le linn na stailce.
“Riamh anall ba léir dom an doirteadh fola ar chaon taobh. Tá sé de phribhléid ag an iriseoir dul chun cainte le daoine ar an dá thaobh in áit a bhfuil aighneas, nó cogadh nó trioblóid ar bun. Glactar leis go bhfuil fonn ar an iriseoir an fhírinne a inseacht. Bhí daoine áirithe freagrach as éagóir, bhí siad freagrach as claondearcadh, as idirdhealú, ach chomh maith leis sin ba léir dom an toradh uafásach a bhí ar an doirteadh fola nó ar an mbás ar chaon taobh. Mar sin, fiú le linn na stailce ocrais, mura mbeadh dearcadh fíorchlaonta agat ar chúrsaí, ní dóigh liom go bhféadfá dearmad a dhéanamh ar an doirteadh fola a bhí ar bun taobh amuigh de na príosúin, fhad is a bhí an agóid chróga seo ar bun ag na príosúnaigh. Bhí comhthéacs ann agus ní dóigh liom go ndearna mé dearmad ar an gcomhthéacs sin riamh.”
Chonaic Mac Coille an claochlú polaitiúil a bhí ar siúl sa tuaisceart ag an am. Cé go raibh toradh uafásach ar agóid seo an bháis “ba sórt achainí é a bhí dírithe ar an bpobal: féach seo é ár gcás, tabhair tacaíocht d’ár gcás, leigheas ár gcás. Mar sin, bhíothas ag athrú ó fheachtas míleata go dtí feachtas i bhfad níos sofaisticiúla. Bhí mise ann ag an tús, mar sin tréimhse iontach spéisiúil a bhí ann.”
Cinsireacht
Bhí Alt 31 den Acht Craoltóireachta i bhfeidhm sa deisceart ag an am, a chuir cosc ar iriseoirí agallamh a chur ar bhaill de chuid Shinn Féin.
“Labhair mé leo gan dabht ó am go ham ach lagaigh an chinsireacht an tsnaidhm idir iriseoirí agus an eite thábhachtach seo den speictream polaitiúil. Sin an dochar breise a rinne an chinsireacht, thar an éagóir a rinne sé ar na daoine féin.”
Bhíodh Mac Coille agus iriseoirí eile sa tuaisceart ag iarraidh a bheith ag áiteamh ar a gcomhghleacaithe ó dheas cur i gcoinne na cinsireachta agus ba chúis mhór díomá dó nach raibh ach fíorbheagán acu sásta seasamh a ghlacadh ar an cheist. Ní raibh fonn orthu tabhairt faoin rialtas agus bhí faitíos míréasúnta orthu, dar le Mac Coille, cur in aghaidh na cinsireachta ar eagla go gceapfaí go raibh siad i bhfábhar an fhoréigin.
I 1984, tháinig Mac Coille agus a theaghlach ar ais go Baile Átha Cliath. Deir sé go raibh a fhios aige féin agus ag a bhean i gcónaí go bhfillfeadh siad go dtí an chathair sin.
“Níor airigh muid riamh gurbh áit í an tuaisceart a mbeadh fonn orainn an chuid eile d’ár saol a chaitheamh inti. Sílim go mbíonn deisceartaigh sa tuaisceart saghas soineanta, a mbunáite. Bailíonn siad go leor leor eolais agus tuisceana ar an saol ó thuaidh ach, ar bhealach atá níos contúirtí agus níos treise ná aon áit eile, is strainséirí i gcónaí iad. Mar go bunúsach ní thuigeann siad géire an aighnis nó géire an fhuatha. Thuig muid nach mbeadh muid in ann páistí a thógáil agus ár súile oscailte go hiomlán don saol a bhí thart timpeall orainn agus don chontúirt a bhí thart timpeall orainn, amhail is a dhéanfadh Ultach ar bith.”
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
Stupid White Men (and Other Sorry Excuses for the State of the Nation) le Michael Moore.
Cén ceol is fearr leat?
Ceol traidisiúnta: Maighréad Ní Dhomhnaill, Joe Burke, Séamas Ó Beaglaoich, Natalie McMaster agus Jerry Holland (veidhleadóirí as Cape Breton), Cherish the Ladies (Meiriceá). Taobh amuigh de cheol traidisiúnta: Dave Brubeck (snagcheol).
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
Some Like it Hot le Gene Wilder.
Cá dtéann tú ar saoire?
An Fhrainc.
Cad é an méid ama a chaith tú thar lear anuraidh?
Sé seachtainí.
Cén bhialann is fearr leat?
Burdock’s, Baile Phib, Baile Átha Cliath.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Marbh: Henri IV, Rí na Fraince 1553-1610. Beo: George Mitchell.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
Beirt: Lennon agus McCartney.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Gluaisteáin (is rothaí cruthanta mé). Sin nó popcheol na Fraince.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
Amanna éagsúla ó dhubh go dubh ó Luan go hAoine; faic Dé Sathairn; cúpla uair an chloig ar an Domhnach.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Rud ar bith a bhaineann le figiúirí.
Chaith Mac Coille na blianta 1984 go 1990 ag obair ar na cláracha “News at One” agus “Morning Ireland” in RTÉ agus ansin chuaigh sé i mbun oibre mar iriseoir leis an Sunday Tribune, nuachtán a bhí faoi eagarthóireacht Vincent Browne ag an am. Tá cáil ar Browne mar eagarthóir den scoth ach tá droch-chlú air mar dhuine a chaitheann go dona leo siúd a bhíonn ag obair leis. Ba léir dom, áfach, agus mé ag ceistiú Mhic Coill faoi Browne, nach raibh fonn dá laghad air aon scannal a roinnt liom ina thaobh.
Cuireann sé díomá air go bhfuil dlíthe clúmhillte chomh docht sin i bhfeidhm sa tír seo. Deir sé go gcuireann siad laincisí air féin agus ar iriseoirí eile agus iad i mbun oibre. Níl an leas poiblí ann mar thaca ag iriseoirí in Éirinn mar atá i dtíortha eile, rud atá ina mhíbhuntáiste mór, dar leis.
“Tá sé cosúil le hAcht 31 den Acht Craolta mar go ngéilleann iriseoirí don laincis. Déanann muid ár gcuid oibre laistigh de na teorainneacha atá i bhfeidhm, agus toisc go ndéanann, ní léir do dhuine ar bith an dochar a dhéanann na laincisí dlíthiúla atá ann faoi láthair do nuachtáin agus do na meáin i gcoitinne.”
Measann Mac Coille nach mbeadh sé riachtanach na milliúin euro a chaitheamh ar na binsí fiosraithe go léir dá mba rud é go raibh cead a gcinn ag iriseoirí a gcuid oibre a dhéanamh i gceart. Tá súil aige go léireoidh Binse Fiosraithe Flood an dochar a rinne na dlíthe clúmhillte agus go dtuigfidh daoine go mbeadh iriseoirí mar Frank McDonald agus Mark Brannock san Irish Times tar éis na scannail i gcúrsaí pleanála a thabhairt chun solais murach go raibh srian curtha orthu.
Ar ais in RTÉ
Tugadh cuireadh do Mhac Coille filleadh ar “Morning Ireland” i mí na Samhna anuraidh agus d’fhág sé a phost mar chomhfhreagraí polaitiúil le TG4, áit a raibh sé bliana caite aige. Is breá leis an dúshlán a bhaineann leis an phost seo in RTÉ, cé go n-admhaíonn sé go bhfuil sé níos deacra ná riamh freagraí díreacha a fháil ó pholaiteoirí a bhfuil dianchúrsaí costasacha déanta acu le leithéidí Carr Communications chun cur ar a gcumas déileáil go héifeachtach leis na meáin.
“Rinne mé sraith agallamh do Raidió na Gaeltachta an samhradh seo caite. Is cuimhin liom ceist - agus níor thaitin an freagra liom - a chuir mé ar Niall Ó Muilleoir atá mar phreasoifigeach ag Fine Gael. An cheist a chuir mé air ná ‘An gcuireann na ceisteanna a chuireann iriseoirí ar pholaiteoirí iontas ort go minic?’ agus dúirt sé amach go lom díreach: ‘Ní chuireann. Go fíorannamh. Bíonn muid ag súil le formhór na gceisteanna a chuirtear.’ Scanraigh sé sin mé, caithfidh mé a rá. Ach an dúshlán a gcaithfidh tú aghaidh a thabhairt air chuile mhaidin ná an cheist a chur a thabharfaidh an t-eolas atá ag teastáil ón té atá ag éisteacht.”
Admhaíonn sé go raibh frustrachas mór ag baint leis an agallamh a rinne sé ní ba luaithe i mbliana le Henry Kissinger, nach raibh sé sásta leis in aon chor. Rinne sé botún faoi dháta ar a ndearna Kissinger ráiteas éigin agus rinne iar-Státrúnaí na Stát Aontaithe scéal mór as seo le haird a tharraingt ó na ceisteanna deacra a bhí á gcur air.
“Ní raibh aon phlé ná aon dioscúrsa ceart ann. B’ábhar sólais é gur chuir daoine litreacha chugam ina dhiaidh sin inar dhúirt siad, ‘Féach, ná bí buartha faoi. Ba léir nach raibh fonn ar mo dhuine do cheisteanna a fhreagairt. Ná cuireadh an botún a rinne tú an iomarca imní ort.’”
Todhchaí RTÉ
Tá sé buartha go maith faoi thodhchaí RTÉ. Breathnaíonn sé ar an stáisiún mar Titanic a rachaidh go tóin poill mura dtagann deireadh leis an chiorrú agus leis an choilleadh leanúnach atá ar bun de bharr go bhfuil gach rialtas le scór bliain tar éis diúltú ardú ceart a thabhairt sa cheadúnas teilifíse. Deir sé go bhfuil an t-aschur cláracha ag laghdú go leanúnach dá bharr seo, ó thaobh caighdeáin agus ama, agus gur cúis náire é, mar shampla, a laghad cláracha Éireannacha do pháistí a bheith á gcraoladh. “Is bocht an breithiúnas é sin ar thír neamhspleách ar bith go bhfuil meas ag a muintir orthu féin,” a deir sé.
Deir sé go bhfuil polaiteoirí i gcoinne ardú ceart a thabhairt sa cheadúnas de bharr nach mian leo cáin nó táillí níos airde de chineál ar bith a ghearradh ar an phobal ach go bhfuil cúis eile ann fosta: nach maith leo an stáisiún.
“Má dhéantar leatrom ar pholaiteoirí ar RTÉ, is cosúil gur peaca míle uair níos mó é in RTÉ ná dá ndéanfadh aon stáisiún eile é. Mar shampla, Eamonn Dunphy, dúirt seisean ar a chlár [The Last Word ar Today FM] go raibh ardmheas aige ar Michael McDowell agus go raibh súil aige go n-éireodh leis sa toghchán. Anois, dá gcuirfinnse fiú amháin aidiacht, dá laige é, i gceist amháin a chuirfinnse ar pholaiteoir, bheadh sé ina raic láithreach.”
In ainneoin go gceapann sé gur “foras lochtach” é RTÉ, tá sé sásta fanacht ansin sa ghearrthéarma ar aon nós. Deir sé nach bhfanann sé níos mó ná sé bliana i bpost ar bith, áfach, agus go bhfuil gach seans go mbogfaidh sé ar aghaidh mar sin sa todhchaí go dtí dúshlán nua.
Bhain sé an-sult as clár toghcháin TG4 a chur i láthair an mhí seo caite, agus is léir go bhfuil an-mheas aige ar an stáisiún sin. Tá díomá air, áfach, nach bhfuil comhoibriú níos fearr idir iad féin agus na meáin Ghaeilge eile. Deir sé go scanraíonn an bhearna idir TG4 agus Raidió na Gaeltachta é. Tá díomá air, mar shampla, nach raibh na daoine céanna le feiceáil agus le cloisteáil ar an dá stáisiún le linn chomhaireamh na vótaí sa toghchán, cé gur tharla sé seo i gcás na meán Béarla. Measann sé go bhfuil sé in am do na meáin Ghaeilge teacht le chéile go foirmeálta agus comhoibriú a thionscain. Tá sé den tuairim fosta nach bhfuiltear ag éirí le TG4 dul i bhfeidhm ar phobal na hÉireann ó thaobh na teanga de.
“Tá an-mheas ag daoine ar TG4 agus tá an meas sin tuillte acu. Ach ní dóigh liom, ó thaobh na teanga de, go bhfuil jab déanta fós. Dá fheabhas é TG4 níor chothaigh a theacht an teanga fós ar an gcaoi a rabhthas ag súil leis. Sin dúshlán don am atá le teacht.”