AGALLAMH BEO
Máire Killoran
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Níl Máire Killoran ach sna tríochaidí luatha ach tá post mór bainte amach aici cheana féin, is é sin Ceannaire Chiste Craoltóireachta Gaeilge an tuaiscirt. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin obair atá déanta aici go dtí seo i réimse na hiriseoireachta agus faoi na dúshláin atá roimpi.

Íomhá

Cailleach an airgid” an leasainm a thugann duine sinsearach amháin in TG4 ar Mháire Killoran agus ní nach ionadh. Tá Killoran i gceannas ar Chiste Craoltóireachta Gaeilge Choimisiún Scannán agus Teilifíse Thuaisceart Éireann (CSTTÉ) agus tá breis is dhá mhilliún déag punt sa chiste sin le caitheamh ar chláracha Gaeilge idir 2005 agus 2009. Déanfar na cláracha a chraoladh ar TG4, RTÉ agus ar BBC Thuaisceart Éireann agus beidh siad le feiceáil ón fhómhar seo ar aghaidh.

Bhuail mé le Killoran den chéad uair in oifigí CSTTÉ i mBéal Feirste ag deireadh mhí Iúil, agus rith sé liom ar an toirt nach duine í a ligfidh don obair a bheas idir lámha aici go ceann ceithre bliana eile teacht idir í agus codladh na hoíche. Is bean láidir, fhéinmhuiníneach í a bhfuil an-acmhainn grinn aici, agus tá sé amuigh uirthi nach bhfuil foighid ar bith aici le daoine nach bhfuil meas aici orthu.

Is maith an rud go bhfuil na tréithe sin ag baint léi mar, cheana féin, tá sí féin agus an Coimisiún cáinte go géar ag cuid de Ghaeil an tuaiscirt. Scríobh Gearóid Ó Cairealláin alt sa nuachtán *Lá *ar an 7 Iúil, mar shampla, mar gheall ar chinntí maoinithe a bhí déanta aici féin agus a comhghleacaithe. Cé gur bronnadh £46,590 ar chomhlacht Uí Chairealláin chun clár faisnéise a dhéanamh ar shaol an Chairdinéil Uí Fhiaich, bhí míshásamh air de bhrí go raibh formhór an airgid á thabhairt do chomhlachtaí as an deisceart agus do chomhlachtaí Béarla de chuid Thuaisceart Éireann nár léirigh mórán suime sa Ghaeilge roimhe seo. Seo cuid den mhéid a bhí le rá aige:

… níl barúil agam cad é a dhéanfaidh mé i mí Dheireadh Fómhair nuair a bheas an clár sin [an clár faisnéise] críochnaithe mar, más fíor, ní bheidh aon airgead eile ar fáil i mbliana. Agus cionn is gur duine mé agus go bhfuil mé daonna, amharcaim ar na comhlachtaí móra a tharraing na céadta míle punt amach as an sparán seo, agus bíonn mo bhéal ar leathadh agus mo theanga ag gobadh amach. B’fhéidir go bhfuil éad orm. Is cinnte go raibh fearg orm. Níos mó ná aon rud eile, áfach, tá éadóchas orm. Déanann Killoran gáire croíúil nuair a deirim léi go bhfuil conspóid cothaithe aici cheana féin.

“Sílimse gur féidir linn chuile chinneadh maoinithe a thóg muid a chosaint sa mhéid is go bhfuil sé ag dul chun sochair don earnáil neamhspleách. Caithfidh na comhlachtaí nua Gaeilge a thuiscint nach bhfuil go leor déanta acu go dtí seo le cur ina luí orainn gur féidir leo rudaí mórthaibhseacha a dhéanamh. Mar níl déanta acu go dtí seo ach cláir aonair fhaisnéise do TG4, so cén chaoi a bhféadfaimis ceathrú milliún punt a thabhairt dóibh chun sraith de chláir a dhéanamh? Dá bhrí sin, an rud a rinne muid ná gur thug muid roinnt airgid do na comhlachtaí Gaeilge, agus ansin thug muid airgead do chomhlachtaí an Bhéarla atá tar éis ceangal a dhéanamh le daoine i saol na Gaeilge agus thug muid airgead do chomhlachtaí Gaeilge atá bunaithe ó dheas agus atá anois lonnaithe ó thuaidh freisin.

“Caithfidh siad [na comhlachtaí Gaeilge sa tuaisceart] foghlaim. Caithfidh siad foghlaim conas siúl sula mbeidh siad ag rith. Tá meon áirithe ann – síleann siad go bhfuil an t-airgead tuillte acu. Níl faic na ngrást tuillte acu. Caithfidh siad é a thuilleamh. Tá mé á rá sin leo i rith an ama agus is cuma sa tsioc liom.”

Ní mó ná sásta a bhí daoine áirithe in iarthar Bhéal Feirste ach oiread nuair a fógraíodh go mbeadh oifigí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge lonnaithe i lár na cathrach seachas ina gceantar siúd. Measann Killoran, áfach, gurbh é an cinneadh ceart é spás a chur ar fáil don Chiste in oifigí CSTTÉ.

“Níl mise ag iarraidh go mbeidh an ciste ag feidhmiú i ngeiteo, mar atá daoine áirithe anseo ag iarraidh. Cosúil le chuile shórt, tá siad ag iarraidh go mbeidh sé lonnaithe in iarthar Bhéal Feirste. Níl aon rud agamsa in aghaidh iarthar Bhéal Feirste – sílimse go bhfuil rudaí iontacha déanta ag daoine ansin ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, go háirithe i rith na dTrioblóidí nuair nach raibh siad ag fáil pingin airgid ón rialtas chun é a dhéanamh. Ach sílim gur chóir go mbeadh cistí agus rudaí oifigiúla, rudaí stáit, lonnaithe i lár na cathrach, sa chaoi is gur féidir le gach duine teacht orthu go héasca. Murach go bhfuil muid lonnaithe i gCSTTÉ, bheadh go leor d’airgead an chiste ag dul ar riarachán agus ar chíos. Ach, go bunúsach, ciallaíonn sé go bhfuil an dá mhilliún déag go leith punt ag dul ar chláir agus ar thraenáil, cé is móite don tuarastal don bheirt againne atá ag obair don Chiste.”

Nuair a chuir Killoran in iúl do roinnt dá cairde an bhliain seo caite go raibh sí ag brath cur isteach ar an bpost seo le CSTTÉ, rinne siad iarracht cur ina luí uirthi athmhachnamh a dhéanamh.

“Dúirt daoine áirithe liom, ‘Is gealt tú. Tá a fhios agat nach mbeidh tú ábalta duine ar bith a shásamh. Beidh tú idir an dá rialtas, idir na craoltóirí, idir na comhlachtaí léiriúcháin ar fad.’ Is fíor sin; ní féidir chuile dhuine a shásamh ach ní ar mhaithe leis sin atá muid ann. Tá daoine ag déanamh dearmaid ar an mbunaidhm atá leis an gciste seo: cláir ar ardchaighdeán a chur ar fáil don lucht féachana ó thuaidh. An lucht féachana an tosaíocht atá againn. Ní ar mhaithe le pócaí daoine a líonadh atá muid ann, so is féidir leo dearmad a dhéanamh air sin.”

Ag obair le TG4

Sular ceapadh í mar Cheannaire Chiste Craoltóireachta na Gaeilge, bhí seacht mbliana caite ag Killoran ag obair mar thuairisceoir le Nuacht TG4 i mBéal Feirste, agus roimhe sin bhí sí ag obair sa seomra nuachta i gceanncheathrú an stáisiúin i mBaile na hAbhann i gConamara. Níorbh í an chraoltóireacht an chéad réimse a roghnaigh sí chun slí bheatha a bhaint amach ann, áfach.

Rugadh agus tógadh í faoin tuath i gContae Laoise agus i ndiaidh di a cuid oideachais a fháil go háitiúil agus i gCeatharlach, thug sí aghaidh ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1990 le dul leis an bhunmhúinteoireacht. Is dócha nach cúis iontais ar bith é sin mar gur múinteoirí iad a beirt tuismitheoirí.

“Chuaigh mé le bunmhúinteoireacht, is dócha, toisc go raibh sé san fhuil ach bhí a fhios agam nach bhfanfainn sa ghairm sin. Agus ní le drochmheas ar bhunmhúinteoirí na tíre a deirim é sin ach níorbh é an post ceart domsa é. Bhí mé rótheorannaithe ag seomra ranga. Chaith mé dhá bhliain ag múineadh agus ba leor sin dom. Easpa foighne agus chuile shórt.”

Bhí post buan aici i scoil in aice le Baile Bhlainséir i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ach chinn sí ar aghaidh a thabhairt ar an iarthar agus tabhairt faoi chúrsa nua a bhí á thairiscint ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimhe (mar a bhí air ag an am), is é sin an tArd-Dioplóma sa Chumarsáid.

“B’in an chéad bhliain a raibh sé ann; bhí mise ar dhuine de na guinea pigs a rinne an chéad bhliain é. I mo dhiaidhse, tháinig Gráinne Seoighe agus an dream sin ar fad. Tá a fhios agat an chéad bhliain d’aon chúrsa, bíonn go leor foghlamtha i gceist ó thaobh lucht múinte an chúrsa de. Ach b’fhiú dom é a bheith déanta agam mar, roimhe sin, ní raibh aon taithí sna meáin agam agus sílim, b’fhéidir, murach go raibh sé sin agam nach bhfaighinn isteach in TG4 an chéad lá riamh. Chuir mé isteach ar phost mar iriseoir agus fuair mé post mar iriseoir agus mar léitheoir nuachta páirtaimseartha ag an deireadh seachtaine.”

Ba bhuntáiste é fosta go raibh cúrsa trí mhí iriseoireachta déanta aici le TG4 agus RTÉ i nGaillimh.

Ní raibh Killoran i bhfad i seomra nuachta TG4, áfach, go dtí gur thosaigh sí ag brath míshocair arís.

“Níor bhraith mé go raibh aon dúshlán ann sa mhéid is go raibh mé i seomra nuachta san iarthar. Tá mé go huile is go hiomlán ar mo shuaimhneas san áit seo, san oifig seo [i gCSTTÉ] agus bhí freisin nuair a bhí mé ag obair do TG4 i mBéal Feirste mar nach raibh ann ach mé féin sa tuaisceart agus d’oir sé sin dom. Ach i mBaile na hAbhann, bhí tú i measc baicle iriseoirí agus b’éigean duit bheith ag troid le dul amach ar an mbóthar. Tar éis dom an chéad sé mhí a chaitheamh amuigh ar an mbóthar, dúirt Michael Lally [an ceannasaí nuachta] liom, ‘Máire, caithfidh mé seans a thabhairt do dhaoine eile. Beidh ort suí istigh ar feadh na chéad sé mhí eile.’

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Ag athléamh *The Da Vinci Code *le Dan Brown.

Cén ceol is fearr leat?

Amhránaíocht thraidisiúnta.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

The Piano le Jane Campion (1993).

Cá dtéann tú ar saoire?

Mórthír na hEorpa

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Thart faoi chúig huaire.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Níl meas agam ar éinne faoi leith.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Tá droch-chuimhne agam.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Nuair nach n-oibríonn an teicneolaíocht.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Thart ar dhaichead uair a chloig sa tseachtain.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Trácht. Scuainí. Brú oibre.

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?

Ní bhím riamh sásta. Tá go leor déanta ach i bhfad Éireann níos mó le cur i gcrích.

Cén tslí ar mhaith leat go gcuimhneofaí ort?

Go ndearna mé mo dhícheall.

“Mar sin, tar éis naoi mí a chaitheamh i gConamara, chuir mé isteach ar an bpost i mBéal Feirste agus, buíochas le Dia, fuair mé é. Mar, an bhfuil a fhios agat, ní bheinn sásta fanacht thiar. Níor thaitin sé liom. Bhí saoirse ag baint leis an áit seo anseo sa tuaisceart sa mhéid is, nuair a bhí do lá oibre déanta agat, d’fhéadfá imeacht leat. Thiar, nuair a thosaigh muid, bhí seal dhá uair déag sa lá ann; bhí sé chomh fada agus go minic ní raibh faic na ngrást le déanamh agat. Tá an ghráin agam air sin – cur amú ama.

“Nuair a bhí mise ag obair le TG4 anseo, rinne mé céim dlí fhad is a bhí mé ceaptha bheith ag gabháil don iriseoireacht – agus rinne mé in dhá bhliain í! Léiríonn sé sin go leor duit. B’fhearr liomsa bheith coinnithe ag imeacht in áit a bheith i mo shuí thart. Feictear dom gur éirigh mé rud beag leisciúil tar éis a bheith thiar freisin agus b’éigean dom cic sa tóin a thabhairt dom féin nuair a tháinig mé anseo.”

Níor ghlac sé rófhada ar Killoran dul i dtaithí ar an saol i mBéal Feirste tar éis di bogadh ansin. Cé gur tógadh faoin tuath í, b’fhearr léi i bhfad saol na cathrach.

“Is breá liom bheith i mo chónaí i gcathair. Cé gur cailín tuaithe mé, tá an ghráin dhearg agam ar an tuath. Lá dorcha mar seo [tá sé ag stealladh báistí taobh amuigh], chuirfeadh sé an galar dubhach ort. Ach nuair a bhíonn tú sa chathair, toisc go bhfuil an oiread sin foirgneamh timpeall ort, ní fheiceann tú an spéir ghruama sin.”

Nuair a bhain sí Béal Feirste amach ag tús mhí Iúil 1997, bhí go leor ag titim amach sa taobh sin tíre. Bhí aighneas Dhroim Cria faoi lánseol, mar shampla, agus an Cháisc dár gcionn síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. De réir a chéile, áfach, d’éirigh rudaí ní ba chiúine agus ní raibh an obair a bhí ar bun aici chomh suimiúil céanna, dar le Killoran. Deir sí go ngineann rialtas áitiúil go leor scéalta ach, nuair a cuireadh an Tionól ar ceal sa Tuaisceart, gur fágadh “folús” an-mhór.

“Chríochnaigh mise le TG4 i mí Dheireadh Fómhair 2004 agus bheifeá ag briseadh do chroí ag iarraidh scéalta a aimsiú a d’fhéadfaí a chraoladh ar bhonn náisiúnta a raibh aon fhiúntas nó aon mhaitheas ag baint leo, agus a mbeadh aon suim ag daoine iontu.”

Braitheann sí nach raibh rud ar bith eisceachtúil fúithi féin mar iriseoir.

“Nuair a bhreathnaím siar, leis an fhírinne a rá leat, ar an méid a rinne mé ó thaobh na hiriseoireachta de, ní dóigh liom go ndearna mé aon cheo nach bhféadfadh duine ar bith a dhéanamh. Ní bhreathnaím siar air le mórtas nó aon rud mar sin. Ní shílim gur iriseoir maith a bhí ionam sa mhéid is nár shantaigh mé an rud, ní raibh mé ag iarraidh an *extra mile *a chur isteach. An cara is dlúithe atá agam, Suzanne Breen anseo i mBéal Feirste, feicimse an t-ualach oibre a dhéanann sise chun scéal a aimsiú, an obair a chuireann sí isteach. Ní dhearna mise é sin riamh.”

Tuairimí láidre

Tá tuairimí láidre ag Killoran mar gheall ar go leor ceisteanna agus ní eisceacht ar bith í an Ghaeilge. Cuireann sí béim láidir uair nó dhó ar an tábhacht a bhaineann le Béarla maith a bheith ag daoine óga, agus nár cheart an Ghaeilge a mhúineadh dóibh go luath ina saol má chuireann sé seo isteach ar a gcumas sa Bhéarla.

“Tá mé go mór in amhras mar gheall ar pháistí a thógáil le Gaeilge, mura gcinntíonn tú go mbeidh Béarla den chéad scoth acu freisin. Go háirithe nuair nach bhfuil Gaeilge ó dhúchas ag na tuismitheoirí. Cén saghas Gaeilge atá na páistí a fhoghlaim, mar sin, ach droch-Ghaeilge?”

Tá sé le brath uaithi nach bhfuil sí róthógtha leis an Ghaelscolaíocht ach oiread agus nach mbeadh fonn uirthi páistí dá cuid féin a chur chuig Gaelscoil. Deir sí go bhfuil go leor daoine ag obair sna scoileanna sin “nach bhfuil oilte” agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí in amhras faoin chaighdeán oideachais a bheadh le fáil iontu.

Cuireann droch-Ghaeilge isteach go mór uirthi.

“Bhí mé ag éisteacht le tuairisc ar TG4 aréir mar gheall ar an sos comhraic agus chuala mé cainteoir dúchais as Conamara ag rá ‘an fhoréigean’ mar thuiseal ainmneach tríd síos. Cloisim cainteoirí dúchais ag rá ‘an fadhb’ agus ‘an fuinneog’ chomh maith.”

Tá suim ag Killoran sa Ghaeilge ó bhí sí an-óg; chuir na tuismitheoirí go Coláiste na bhFiann i gCeatharlach í nuair nach raibh sí ach deich mbliana d’aois agus ina dhiaidh sin d’fhreastail sí ar choláiste samhraidh sa Spidéal i gConamara. Níl aon bhaint aici le pobal na Gaeilge i mBéal Feirste, áfach, mar gheall ar an cheangal atá idir an teanga agus an pholaitíocht sa chathair. Cuireann an caighdéan Gaeilge atá ag cuid de bhunadh Bhéal Feirste isteach uirthi fosta.

“Déarfadh pobal na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste nach raibh baint agam riamh leo ó tháinig mé anseo! Tugann cuid acu ‘snob na Gaeilge orm’! Bíonn siadsan ag rá nach féidir leo mé a thuiscint ach sílim go bhfuil Gaeilge an-soiléir go deo agam. Ní féidir le cuid acu mé a thuiscint toisc go bhfuil droch-Ghaeilge acu. Gaeilge na Jailtachta atá á labhairt acu. Tá meas agam orthu sa mhéid is go sílim gur chuir siad dua orthu féin an Ghaeilge a fhoghlaim nuair nach raibh na deiseanna céanna acusan is a bhí againne [sa deisceart]. Bhí na deiseanna againne agus muid ag fás aníos. Ach, ag an am céanna, cuireann sé olc orm nach gcuireann siad dua orthu féin í a fhoghlaim i gceart agus go síleann siad gur leor ‘Cad é mar tá tú?’ agus cúpla abairt mar sin a bheith agat. Cuireann Gaeilge Gerry Adams as go mór dom. Cad chuige nach gcuireann an fear dua air féin í a fhoghlaim i gceart? Déarfainnse leis go bhfuil sé ag baint leasa as an teanga ó thaobh na polaitíochta de.

“Ba bhreá liomsa bualadh le fear a mbeadh Gaeilge aige ach tá sé fiordheacair anseo sa tuaisceart mar, go bunúsach, is poblachtánaigh iad agus ní poblachtánach mise. Ní chreidim gur fiú an braon fola. Is sean-IRA mo mhuintir ar an dá thaobh, is lucht Fianna Fáil iad go smior, ach tháinig an pointe nuair a tháinig deireadh leis sin, nuair a bunaíodh an saorstát is chuile shórt. Ní shílim go raibh aon chúis ag an IRA ó thuaidh dul i mbun troda. Déarfadh daoine áirithe liom go bhfuil mé soineanta, neamhurchóideach agus dá mba rud é go raibh cónaí orm anseo go mb’fhéidir go mbeadh tuairim eile agam. Seans go mb’fhéidir go mbeadh. Sílim dá mba rud é gur tugadh deis don SDLP agus do ghluaiseacht na gcearta sibhialta i 1969 dul ar aghaidh, go mbainfidís rudaí amach. B’fhéidir gur go malltriallach a bhainfí rudaí amach ach tharlódh sé.

“Tá fadhbanna agamsa le codanna áirithe de phobal na Gaeilge a bhfuil dlúthbhaint acu leis an bpoblachtánachas. Ar ndóigh, tá sé de cheart ag daoine a dtuairimí polaitiúla a bheith acu – ach níl mise ag iarraidh aon bhaint a bheith agam leo. Sin é bun agus barr an scéil!”

Labhraíonn Killoran agus a cúntóir, Caoimhe Ní Laighin as Baile Átha Cliath, Gaeilge le chéile in oifigí an Choimisiúin ach ní chuireann sé seo olc ar na comhoibrithe Protastúnacha atá ag obair san áit.

“Labhraím féin agus Caoimhe Gaeilge an t-am ar fad. Ní bhíonn aon fhadhb istigh anseo cé go bhfuil níos mó Protastúnach ná Caitliceach ag obair san áit. Uaireanta, bíonn siad ag spochadh asainn – mar shampla, deir siad, ‘Ach, cén chéad teanga atá agaibh? Cén fáth a bhfuil sibh ag labhairt Gaeilge? Níl sé nádurtha.’ Ach deirimse leo gur chuir mé aithne ar Chaoimhe trí mheán na Gaeilge so sin an fáth a labhraíonn muid an teanga sin. Ach nuair nach bhfuil aon teanga eile agat seachas an Béarla, ní thuigeann tú na cúrsaí sin.

“An boss *atá againn anseo, Richard Williams, bíonn sé i gcónaí ag rá, ‘Níl aon tuiscint agam ar theangacha, *so má fhuaimním an t-ainm seo go mícheart, ceartaigh mé.’ Ach tá a chroí go mór istigh sa rud. Tá croí CSTTÉ go mór istigh sa rud. Is cúiseanna tráchtála atá ann, ar bhealach, sa mhéid is go bhfuil muid ag tabhairt an méid sin airgid isteach an doras. Tá níos mó airgid ag teacht isteach an doras, creid é nó ná creid, ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge ná mar atá ag teacht isteach chun scannáin a mhealladh go Tuaisceart Éireann. Ach sin mar gheall ar gur cinneadh polaitiúil a bhí ann an chéad lá riamh ag an SDLP agus Sinn Féin é sin a lorg sa Chomhaontú, agus fuair siad é.”

An drámaíocht

Deir Killoran go bhfuil fostaíocht faighte cheana féin ag go leor daoine as an Tuaisceart de bharr an chiste, go bhfuil “gné eacnamúil” ag baint leis chomh maith. Tá ochtar roghnaithe acu fosta le dul i mbun traenála le comhlachtaí éagsúla léiriúcháin ón fhómhar seo ar aghaidh.

Tá sí dóchasach go gcraolfar na cláracha a dhéanfaidh an ciste a mhaoiniú ag buaic-amanna féachana.

“Caithfidh na craoltóirí litreacha a shíniú roimh ré ag tabhairt geallúintí mar gheall ar amanna craolta agus mar sin de. Chomh maith leis sin, sa mhéid is go gcaithfidh na craoltóirí 25% den airgead a chur isteach sna tionscadail, ní fheictear domsa go mbeidh siad ag iarraidh na cláir a chraoladh i gcoim na hoíche. An fáth gur tharla sé sin i gcás na Gàidhlig in Albain ná nach raibh aon infheistíocht ann ón gcraoltóir. Agus tá a fhios agat féin, ach an oiread leis an saol, nuair a fhaigheann tú rud éicint saor in aisce, ní bhíonn meas madra agat air.”

Tá cinneadh déanta ag Killoran agus ag a comhghleacaithe an bhéim a chur ar an drámaíocht agus airgead Chiste Craoltóireachta na Gaeilge á dháileadh. Faoi láthair, tá Abú Media (comhlacht as Gaillimh) i nDoire ag obair ar shraith drámaíochta do dhéagóirí, agus beidh comhlacht eile as an iarthar, Magma, i mbun scannánaíochta go luath i gContae Ard Mhacha ar shraith eile drámaíochta. Measann sí go bhfuil sé tábhachtach cláracha mar seo a dhéanamh agus b’fhearr léi gan an iomarca béime a chur ar chláracha faisnéise.

“Tugaimse ‘bloody worthy programming’ ar chláir fhaisnéise! Feictear dom, i gcás mionteangacha, go mbíonn daoine ag iarraidh i gcónaí *‘worthy programming’ *a dhéanamh. Tá mise ag iarraidh go mbeidh na cláir sin ann ach go mbeidh meascán i gceist. Tá tú ag iarraidh dul abhaile istoíche agus tá tú ag iarraidh breathnú ar rud éicint atá cosúil le ‘Cornation Street’ nó ‘Eastenders’ nó ‘Ros na Rún’, i nGaeilge, ar féidir leat spraoi agus taitneamh a bhaint as, in ionad bheith i gcónaí ag breathnú ar chláir faoi mhórfhilí na Gaeilge nó rud éicint mar sin.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.