AGALLAMH BEO
Eoin Dillon
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Tá Eoin Dillon ag seinm ceoil ó bhí sé cúig bliana déag agus ina bhall den ghrúpa Kíla ó bhí tús na nóchaidí ann ach níl sé ach ag eisiúint a chéad albam aonair anois. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoi thaifeadadh an albaim agus faoina shaol mar cheoltóir lánaimseartha.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Eoin Dillon agus Rónán Ó Snodaigh, príomhamhránaí Kíla, ar an stáitse le chéile
Grianghraf: Ander Garcia

Oíche Luain ag deireadh mhí Feabhra. É ag sioc agus aimsir ribeanta ann. Tá teach tábhairne Whelan’s ar Shráid Loch Garman i mBaile Átha Cliath lán go doras mar sin féin. Tá The Third Twin, dlúthdhiosca nua Eoin Dillon, an píobaire leis an ghrúpa Kíla, á sheoladh agus ceolchoirm á tabhairt ag Eoin agus an triúr ceoltóirí eile atá le cloisteáil ar an albam.

Nuair a bhuailim le hEoin an lá dár gcionn i dteach tábhairne ar Shráid Thomáis sa chathair deir sé go raibh sé breá sásta leis an oíche ach nár éirigh leis cent a shaothrú ón cheolchoirm. Tá sé ag seinm ceoil go proifisiúnta anois le breis is deich mbliana ach is cinnte nach ar mhaithe leis an airgead atá sé á dhéanamh. Déanann sé timpeall ochtó ceolchoirm sa bhliain le Kíla agus íoctar pá cúpla céad euro go seachtainiúil le gach ball den ghrúpa an bhliain ar fad.

“Tá aithne agamsa ar dhaoine agus deir siad go dtuilleann siad €700 sa tseachtain, ag seinm i dtithe tábhairne i mBaile Átha Cliath. Tá siad ag déanamh roinnt *gigs *gránna nach mbeadh suim agamsa iontu. B’fhearr liom bheith ag scuabadh urlár ná a leithéid a dhéanamh. Is maith liom airgead bheith i mo phócaí – ní maith liom bheith briste. Is maith liom bheith in ann dul isteach i dteach tábhairne agus pionta a ól nó pionta a cheannach do dhuine éigin eile.”

Thosaigh Eoin agus a chomhcheoltóirí, Frank Tate (basúcaí), Des Cahalan (giotár) agus Steve Larkin (fidil agus veidhlín), ag taifeadadh an albaim Lá Fhéile Bríde anuraidh agus chríochnaigh siad an obair sin i mí Dheireadh Fómhair. Deir sé go raibh sé deacair go leor an t-am a fháil mar go raibh sé féin ag seinm le Kíla agus na ceoltóirí eile ag obair i rith an lae.

“Rinne muid leath de thuas i North Great Georges Street – tá ceardlann ag Frank ansin agus thóg muid an trealamh isteach. Rinne muid cuid eile de tigh Geoffrey Perrin – tá stiúideo beag aigesean sa bhaile – thíos i gColáiste Ealaíne Dhún Laoghaire agus traic amháin i gCill Dara, i stiúideo Kíla.”

Rinne Eoin féin an t-albam a léiriú, cé nach raibh obair den chineál sin déanta aige cheana féin.

“Céard is brí le léiriú? Is mise a léirigh é ach ní léiritheoir mé! Bhí a fhios agam céard a bhí uaim agus bhí dóthain muiníne agam asam féin agus as na *lads *eile chun rud maith a chur ar fáil. Ach, as seo amach ba chuma liom léiritheoir eile a thabhairt isteach, duine a bheadh oibiachtúil agus a mbeadh smaointe eile aige.”

Bhí Eoin ag smaoineamh ar an albam seo a dhéanamh le fada ach deir sé nach raibh an mhuinín aige le tabhairt faoin tionscadal go dtí anois. Tá sé breá sásta leis an albam agus tá go leor de na criticeoirí an-tógtha leis chomh maith. Thug Siobhán Long ceithre réalta dó agus scríobh sí an méid seo mar gheall air ina léirmheas san Irish Times:

Eoin Dillon’s solo debut is a thing of rare beauty. Dillon has unpicked himself from the complexities of his usual home in Kíla; his piping is structured and highly disciplined, yet still manages to lope into the undergrowth without sacrificing the integrity of the tune … This is a slow grower of a collection which insinuates itself past the hairs on the back of your neck and into your subconscious, where it’ll bask indefinitely. Is cinnte gur albam é a rachaidh i gcion ar go leor daoine. Tá úire ag baint leis agus níl sé ar dhóigh ar bith róshnasta, mar a bhíonn go leor dlúthdhioscaí na laethanta seo. Deir Eoin go bhfuil píosa amháin ar albam de chuid Kíla a bhfuil 64 traic éagsúla i gceist ann, ach ar an taifeadadh nua seo níl ach trí nó ceithre uirlis le cloisteáil ar na rianta ar fad. Tá rud éigin amh faoi agus braitheann tú agus tú ag éisteacht leis go bhfuil tú sa seomra céanna leis na ceoltóirí.

Deir Eoin nach suíonn sé síos riamh le fonn a chumadh ach go dtagann siad isteach ina cheann le linn seisiúin nó cleachtaidh nó fiú agus é ar a rothar! Tháinig “March of April Maye” chuige, mar shampla, agus é ar tí dul isteach sa stiúideo.

“Bhí muid istigh ag cleachtadh don taifeadadh, a bhí le tosú an lá ina dhiaidh sin. Bhí an tiúin sin i mo chloigeann. Chum mé ‘Paddy’s perambulation’ nuair a bhí muid ag taifeadadh chomh maith. Bhí leath-thiúin agam agus dúirt Des liom dul abhaile agus é a chríochnú. Chuaigh mé abhaile agus chríochnaigh mé é! Tá ‘The Moon on me back’ thart le cúig bliana, is dócha. Agus tá ceann de na jigs, ‘Australian kiss’, cúig nó sé bliana chomh maith.

“Scríobh mé féin an chuid is mó de na píosaí. Scríobh Frank ceann amháin, ‘Marcus Mc Spartacus’, agus scríobh Dee [Armstrong, as Kíla] ceann eile, ‘The Bearna Waltz’. Sin an stuif a bhí agam, a thaitin liom agus a mheas mé a bhí go maith.”

Is fonn mall an-álainn é “The moon on me back”, atá díreach roimh “The Bearna waltz” ar an albam. Tá sé ainmnithe as dírbheathaisnéis an scríbhneora Pat Tierney a chuir lámh ina bhás féin ag tús mhí Eanáir 1996.

“Bhí sé ar dhuine de na chéad daoine a chonaic mise ar an tsráid ag rá filíochta, filíocht a scríobh sé féin. Measaim gurbh as Gaillimh é agus nach raibh a mháthair pósta, so d’fhás sé aníos i ndílleachtlann. Níl a fhios agam an raibh sé i Leitir Fraic nó in áit éigin eile i nGaillimh. Caithfidh gur tharla rud éigin dó. Chuaigh sé go Meiriceá agus fuair sé AIDS ansin. Tháinig sé ar ais go hÉirinn agus dúirt sé go raibh sé chun é féin a mharú. Bhí mise óg ag an am agus ghlac mé leis matter-of-factly mar go raibh leithscéal maith aige. Agus chroch sé é féin. Scríobh sé an leabhar The Moon On Me Back, agus fuair mé cóip de nuair a fuair sé bás. É féin a chuir amach é – Seven Towers Press [ainmnithe as Baile Munna]. Scéal a shaoil a bhí ann.”

I Leitir Fraic

Tar éis na hArdteiste, thug Eoin aghaidh ar Leitir Fraic i nGaillimh, áit ar chaith sé dhá bhliain i mbun printíseachta le bheith ina chaibinéadaire. Ba scoil tionsclaíoch tráth an coláiste ina raibh sé ach ní raibh na scéalta faoi bhrúidiúlacht na n-institiúidí sin ar eolas ag mórán de phobal na hÉireann ag an am. Is cuimhin leis eachtra a tharla lá, áfach, a léirigh dó go raibh drochrudaí tar éis titim amach san áit.

“Tá cearnóg nó plásóg i measc na seanfhoirgneamh agus bhí orainn dul amach ansin le haghaidh fag. Agus lá amháin bhí seanfhear ina shuí ag leac agus é ag caoineadh. Bhí sé ina dhalta san áit uair amháin ach níor thuig mise mar ní raibh na scéalta seo ar fad amuigh. *Lad *as Baile Átha Cliath agus bhí sé tar éis teacht ar ais. Dúirt sé, ‘The place is being put to much better use now’. Caithfidh sé go raibh sé ina ghasúr óg agus é ann. Níor dhúirt sé céard a tharla ach bhí sé ag caoineadh. Chuaigh sé sin i bhfeidhm orm.”

Tar éis dó an phrintíseacht a chríochnú i Leitir Fraic, d’fhill Eoin ar Bhaile Átha Cliath agus fuair sé post ag cur caoi ar throscán ar Shráid San Prionsias sna Saoirsí. Bhí sé ag fáil airgead tirim isteach ina lámh ach i ndiaidh sé mhí d’éirigh sé as an obair agus, ón lá sin go dtí an lá inniu, ní dhearna sé níos mó oibre mar chaibinéadaire.

Bhí níos mó foinn ar Eoin bheith ag seinm ceoil agus ag tógáil rudaí go réidh.

“Bhí mé ag crochadh thart agus ag seinnt roinnt ceoil. Bhí cineál dole mentality ann ag an am. Mo chairde ar fad bhí siad ar an dole agus ag caitheamh raithní. Ní raibh mórán acu ag dul amach chuig *pubs *– chuaigh muid go hárasáin daoine agus bhí muid ag caint agus ag seinnt ceoil.”

Ar chuir a mhuintir brú air ag an am post a fháil?

“Ní raibh mórán brú orm. Tá seachtar sa chlann – tá beirt níos sine agus tá ceathrar níos óige. Bhí mise sa lár, mar sin bhí mé ábalta mo rud féin a dhéanamh.”

Tar éis dó teacht ar ais as Leitir Fraic, mar sin féin, d’fhiafraigh a athair d’Eoin cén uair a bhí sé chun “jab ceart” a fháil. Nuair a thosaigh sé a dhíriú ar an cheol, chuir an t-athair ceist air cén fáth nach rachadh sé leis an obair troscáin arís!

Thosaigh Eoin a sheinm ar na píobaí nuair a bhí sé cúig bliana déag. Go dtí sin, bhí sé ag foghlaim na feadóige ach spreag an múinteoir ceoil a bhí aige i gColáiste Eoin, Mícheál Ó hAllúin, é chun luí isteach ar fhoghlaim na bpíobaí. D’fhreastail sé ar ranganna i gComhaltas Ceoltóirí Éireann i mBaile na Manach ach ní raibh sé ródhíograiseach sna blianta tosaigh sin.

“Ní raibh mé ag cleachtadh mórán. D’fhaighinn tiúin gach seachtain agus théinn abhaile agus d’fhoghlaimínn é. Ní raibh mórán teagaisc agam. Thaispeáin siad rudaí dom ach b’in an méid. Níor dhúirt duine ar bith cé acu a raibh mé ag seinnt na bpíosaí go ceart nó go mícheart.”

Is é Eoin féin a rinne na píobaí atá sé a sheinm anois le roinnt mhaith blianta. Tar éis dó bliain a chaitheamh i mBaile Átha Cliath i ndiaidh an cúrsa a chríochnú i Leitir Fraic, fuair sé deis bheith ag obair leis an déantóir uirlisí Cillian Ó Briain, fear as Baile Átha Cliath a bhfuil gnó aige in aice le Baile an Fheirtéaraigh i gCiarraí. Ach bhí Eoin corrathónach agus níor fhan sé rófhada i gCiarraí ach oiread.

“Rinne mé bliain agus ansin d’fhág mé. Thíos ansin a thosaigh mé ag seinnt i seisiúin le daoine. Bhí an ceol ann – sin an t-aon rud a bhí ar siúl. Daoine ag rá, ‘Tar chuig an seisiún seo, tar chuig an seisiún siúd’. Bhí mé i mo chónaí in aice le Tigh Bric [i Riasc, cóngarach do Bhaile an Fheirtéaraigh], teach tábhairne cáiliúil – tá aithne ag go leor daoine air. Bhíodh seisiúin ansin agus ceol dochreidte – fidléirí agus fliúiteadóirí. Bhí mise under their wing.”

Níor chosain seamsúr iomlán de chuid Uí Bhriain ach £276 ag an am sin, ag tús na nóchaidí.

“Bhí sin daor ag an am – bhí siad ar na cinn ba dhaoire. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, dhúblaigh na praghsanna ar fad.”

Sa lá atá inniu ann cosnaíonn seit píobaí timpeall €7,000 “nó is féidir leat dul chuig duine eile agus €15,000 a íoc. Agus níl ceann amháin níos fearr ná an ceann eile.”

Ag múineadh i dToraigh

Tar éis Chiarraí, d’fhill Eoin ar Bhaile Átha Cliath in athuair. Bhíodh Kíla ag seinm le chéile ó am go chéile ag an am sin ach ní raibh siad ródháiríre faoi bheith ina gceoltóirí proifisiúnta. Is cuimhin le hEoin ceolchoirmeacha a bheith acu aimsir na Féile Pádraig, ag Samhain agus cúpla uair eile sa bhliain, sa Project Arts Centre i mBarra an Teampaill den chuid is mó.

“Bhí Dee sa Choláiste Ealaíne amuigh i nDún Laoghaire agus bhíodh na lads ón gcoláiste ag teacht isteach agus ag caitheamh uibheacha ar an projector screen agus muidne gléasta suas i motorbike gear nó inár n-éadaí snámha.”

Bhí saol deas réidh ag Eoin i mBaile Átha Cliath arís ach lá amháin fuair sé glao ó bhean as Toraigh ar chuir sé aithne uirthi i Leitir Fraic, Deirdre Doohan, ag tairiscint poist dó ar an oileán. Bhí sise ag múineadh adhmadóireachta ansin ach bhí sí ag iompar clainne agus bhí ionadaí a raibh Gaeilge aige ag teastáil ar feadh cúpla mí. Ní raibh fonn ar bith air aghaidh a thabhairt ar an oileán sceirdiúil sin.

“Ní raibh a fhios agam cá raibh Toraigh – níor chuala mé faoi riamh!”

Chinn sé ar dhul ann sa deireadh, áfach. Bhí teannas idir beirt de na deartháireacha i Kíla, Rossa agus Colm Ó Snodaigh, agus níor thaitin an teannas sin le hEoin. Bhí fonn air éalú uaidh tamall. Bhí sé tar éis sé seachtaine a chaitheamh ag seinm ceoil sa tSualainn le Rossa agus an deartháir eile, príomhamhránaí Kíla Rónán Ó Snodaigh, agus bhí sé sin tar éis bheith deacair chomh maith.

“Is cuimhin liom bheith ag breathnú ar Rónán agus Rossa – bhíodh an-chuid troda idir an bheirt acu siúd! Bhíodh siad ag screadaíl lena chéile roimh gach gig.”

Bhí Eoin i dToraigh idir mí Dheireadh Fómhair agus mí Eanáir ach níor chuir sé isteach ná amach air bheith in áit chomh hiargúlta i gcaitheamh an gheimhridh. Bhí sé dulta i dtaithí ar an iargúltacht ar aon nós mar gheall ar na tréimhsí a bhí caite aige i Leitir Fraic agus i gCiarraí.

Deir sé go ndeachaigh muintir na háite i dtaithí air de réir a chéile.

“Is cuimhin liom bheith siúl síos suas an bóthar agus daoine ag amharc orm. Ach diaidh ar ndiaidh chuir mé aithne orthu. Bhí mé óg agus cúthaileach ag an am.”

D’éirigh sé an-chairdiúil go háirithe le fear bodhar a raibh an t-uafás seanscéalta aige, go leor acu faoi Bhalor.

“Thagadh sé isteach sa teach beagnach gach lá tar éis na hoibre agus shuíodh sé ansin. Bhí na scéalta seo ar fad aige faoi Bhalor. Níl mo chuid Gaeilge chomh maith anois is a bhí ag an am sin. Bhíodh sé just ag labhairt ar feadh trí nó ceithre huaire, ansin théadh muid suas chuig an phub. Bhí scéalta aige faoi Bhalor agus an phluais mhór agus bhíodh seisean ag caint faoi amhail is gur tharla sé an bhliain roimhe sin. ‘Drochdhuine a bhí i mBalor,’ a deireadh sé. ‘Fuair siad ór ansin sa phluais. Bhíodh daoine ag dul go Meiriceá agus bhíodh Balor ag dul amach ag déanamh ionsaí ar na bádaí.’”

Deir daoine uaireanta go bhfuil an misneach caillte ag bunadh Thoraí de bharr go bhfuil an iascaireacht imithe i léig agus an obair gann. Fiafraím d’Eoin an dóigh leis go bhfuil sé sin fíor.

“Measaim go bhfuil ach measaim go bhfuil sé ag teacht ar ais. Bhí muid ag caint níos luaithe faoin dole agus nach rud maith é. Ní raibh aon duine ag déanamh faic [i dToraigh]. Bhí go leor fear ann sna ceathrachaidí agus bhí siad cineál searbh. Bhí siad i Sasana nó i nGlaschú, tháinig siad ar ais agus ní raibh aon bhean acu. Ba cheart dóibh bheith pósta,* really.* Tá lad amháin agus bhí sé tríocha ag an am ach pósadh é ó shin. Tá sé i bhfad níos sásta leis féin anois.”

Tar éis dó Toraigh a fhágáil, ní raibh fonn ar Eoin filleadh ar Bhaile Átha Cliath, mar sin bhog sé go baile beag fearainn in aice le hAnagaire, Doire na Mainséar, agus chonaigh sé le beirt chairde dá chuid as Baile Átha Cliath a bhí ag cur fúthu ansin. Chaith sé tamall ina chónaí i seanteach (“bothán”, mar a thugann sé féin air) fosta, idir Rann na Feirste agus Anagaire. Ní raibh mórán airgid aige ach ní raibh an cíos ach £20 sa tseachtain ag an am – idir beirt!

“Ní raibh airgead agam riamh, mar sin níor chuir sé isteach mórán orm. Anois is arís chuireadh. Rinne mé an-chuid siúil thuas i dTír Chonaill. Ní rachainn ar ais go háit mar sin anois gan carr.”

Chaith sé dhá bhliain i dTír Chonaill ar fad, ag seinm ceoil ag seisiúin i gcaitheamh an tsamhraidh agus ar an dole *an chuid eile den bhliain. Thosaigh sé a shiúl amach lena bhean, Rachel, ag an am sin ach bhí sise ina cónaí i mBaile Átha Cliath agus bhí fonn air cur faoi sa chathair sin arís le bheith ina cuideachta. Deireadh 1996 a bhí ann agus bhí Eoin ag obair ar an albam *Tóg É Go Bog É le Kíla ó am go chéile chomh maith.

“Bhíodh Colm ag glaoch orm anois is arís tigh Hiúdaí Beag – bhí a fhios aige go mbínn ann i gcónaí ag an seisiún ar an Luan. Ní raibh aon mobiles ann ag an am sin! Bhí siad ag déanamh gigs agus measaim go raibh fonn ar Cholm go mbeadh píobaire sa ghrúpa. Bhí sé cineál deacair a bheith ann leath an ama.”

Bhog Eoin ar ais go Baile Átha Cliath, mar sin, agus tá sé lonnaithe sa chathair sin ó shin.

Ag seinm le Kíla

Tá Kíla ag seinm leo ar bhonn rialta ach ní chaitheann siad mórán ama as baile mar sin féin.

“Déanaimid ceithre cheolchoirm le chéile go minic. Abair, má bhíonn ceann amháin sa Spáinn téann tú amach ar an Aoine, bíonn an gig ar an Satharn agus tagann tú ar ais ar an Domhnach, so ní bhíonn tú as baile ach trí lá. B’fhearr liom é sin ná trí seachtaine a dhéanamh. Chuaigh muid go Meiriceá gach bliain ar feadh seacht mbliana – anuraidh an chéad bhliain nach ndeachaigh muid ann. Ach fiú ansin, ní raibh muid ag déanamh ach trí seachtaine agus, sna blianta deireanacha, deich lá.”

Fiafraím de cén cheolchoirm is fearr a rinne Kíla riamh, dar leis. “An ceann deireanach!” a deir sé agus é ag gáire. Labhraíonn sé ansin faoi cheann ar theip go holc air.

“An ceann is measa is cuimhin liom ná dhá bhliain ó shin san Astráil. Bhí muid ar thuras trí seachtaine agus bhí muid ag déanamh gig in áit nach raibh trealamh ró-iontach. Ach ní sin an rud a chuir isteach orainn – theip ar an ngrúpa an oíche sin, díreach. Bhí cúpla duine ólta agus bhí siad ar nós cuma liom agus d’fhéadfadh siad bheith ag seinm áit ar bith.”

Agus ar thug an lucht féachana é seo faoi deara?

“Is dócha gur thug – ní ceolchoirm mhaith a bhí ann. Bhí aithne agam ar dhuine nó beirt a bhí sa lucht féachana. Is cuimhin liom gur tháinig cailín aníos chugam – is ceoltóir dochreidte í féin – agus gur dhúirt sí, ‘I’m really disappointed with you’. Bhí an ceart aici. Ach b’fhearr liom é sin ná daoine bheith ag rá, ‘O, you were great’.”

An bhfuil sé chomh tógtha céanna anois le cuid ceoil Kíla is a bhí roimhe seo nó an dtarlaíonn sé uaireanta go n-éiríonn sé bréan de?

“Tharla sé, b’fhéidir, dhá bhliain ó shin. Tharla sé domsa leis an ngrúpa. Ach is rud an-deas é, go háirithe do cheoltóir, a leithéid de ghrúpa a bheith agat. Is féidir liom suí sa bhaile agus gan faic a dhéanamh agus faighim íocaíocht. Ní dhéanaim sin ach d’fhéadfainn. Is *safety net *é – ní sin an fáth go bhfuil mé ann agus ní sin an fáth a bhfuil mé á dhéanamh. Ach bheadh sé an-deacair a leithéid a chur le chéile arís le daoine eile. Tá aithne agamsa ar Cholm agus Rossa agus Rónán ó bhí mé dhá bhliain déag.”

Tá Kíla tar éis bheith ag obair le grúpa Seapánach, Heatwave, le tamall anuas agus is léir go bhfuil sé an-tógtha leis an tionchar nua seo ar a gcuid ceoil. D’eisigh siad singil, “An tiománaí”, i gcomhar le Heatwave, ar a bhfuil ceithre thraic ar fad. Tá giotáraí an ghrúpa, Hiroshi Yamaguchi, ag seinm giotár leictreach ar an singil agus tá athmheascadh an-suimiúil déanta ag ball eile den ghrúpa, Sakana, ar na hamhráin.

Measann Eoin gur éirigh leis an leagan nua a d’eisigh Kíla an bhliain seo caite den amhrán “Tóg é go bog é”, i gcomhar le hOki on Tonkori, ach deir sé “tá mise cineál bréan den amhrán sin anois. Ní éirím bréan de chinn eile.”

Tá sé beartaithe ag Eoin camchuairt a dhéanamh timpeall na hÉireann i mí an Aibreáin leis na ceoltóirí atá ar an albam nua agus ba bhreá leis a ghrúpa féin a bheith aige sna blianta atá amach romhainn ach leanúint air ag seinm le Kíla chomh maith.

“Ach b’fhéidir go n-éireoidh mé as an bhliain seo chugainn. Tá mé tar éis na ceisteanna seo a chur orm féin le déanaí agus b’fhéidir nach mbeidh mé sásta a bheith gan airgead an t-am ar fad. B’fhéidir go mbeadh orm an chathair a fhágáil agus cairde nua a dhéanamh!

“Tá mé ag iarraidh bheith níos fearr mar cheoltóir. Tá mé ag iarraidh bheith ag foghlaim i gcónaí faoin gceol. Déarfainn gur sin an fáth go bhfuil mé fós á dhéanamh. Tá an-mheas ar na seanlads sin, Matt Molloy agus Paddy Keenan, mar shampla, na Chieftains. Ba bhreá liomsa bheith ábalta na rudaí a dhéanann siadsan a dhéanamh.”

Tá albam nua Eoin Dillon, The Third Twin (Kíla Records) le ceannach ag www.kila.ie/shop. Tá cóip le buachan i gcomórtas mhí an Mhárta Beo!* chomh maith.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.