AGALLAMH BEO
Muireann Ní Bhrolcháin
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Tá Muireann Ní Bhrolcháin ar dhuine de na príomhdhaoine atá bainteach leis an fheachtas atá ar siúl le tamall anuas chun mótarbhealach an M3 a bhogadh níos faide ar shiúl ó Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin fheachtas seo agus na cinn eile a raibh sí bainteach leo cheana, faoin drochmheas atá aici ar pháirtí Fhianna Fáil agus faoina saol mar scoláire Sean-Ghaeilge.

Íomhá
Muireann Ní Bhrolcháin agus Proinsias de Rossa, ball de Pháirtí an Lucht Oibre agus Feisire de Pharlaimint na hEorpa, le chéile le gairid
Íomhá
Cnoc na Teamhrach ón aer
Íomhá
Tugann na mílte duine cuairt ar Chnoc na Teamhrach gach bliain
Íomhá
An tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell: cuireann sé imní ar Mhuireann
Íomhá
Íomhá

Chuir mé féin aithne ar Mhuireann Ní Bhrolcháin agus mé i mo mhac léinn chéad bhliana i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad i 1981. Bhí mise ag tabhairt faoi chéim sa Léann Ceilteach ag an am agus bhí sise ag dul i mbun na léachtóireachta den chéad uair. Tá sí fós ag cur fúithi i Maigh Nuad agus ag obair i Roinn na Sean-Ghaeilge ansin. Ba léachtóir í a thaitin go mór leis na mic léinn i gcónaí. Ba léir gur chaith sí dua leis na ranganna a mhúin sí agus, lena chois sin, chaith sí go cothrom leis na mic léinn agus bhí sí toilteanach seasamh daingean a thógáil ar a son nuair ba ghá.

Bhí baint mhór aici leis na feachtais cholscartha agus ghinmhillte sna hochtóidí agus níor chuir sé aon iontas orm nuair a thug mé faoi deara tamall siar go raibh sí an-bhainteach leis an fheachtas chun mótarbhealach an M3 a bhogadh ar shiúl ón chúrsa atá beartaithe dó faoi láthair.

In 2003, thug an Bord Pleanála cead don Údarás um Bhóithre Náisiúnta an mótarbhealach 50 ciliméadar seo a thógáil ó Bhaile Bhlainséar go Ceanannas; bhí raic ann nuair a fógraíodh go mbeadh an bóthar seo ag dul tríd an ghleann idir Cnoc na Teamhrach ar thaobh amháin agus Scrín ar an taobh eile agus, ina dhiaidh sin, go rachadh sé go Tailtiu agus as sin go mainistir ársa Cheanannais.

Cuireadh coiste le chéile láithreach - an Save Tara/Skryne Valley Campaign (STSVC) - le cur i gcoinne na bpleananna seo agus ainmníodh Muireann mar urlabhraí an choiste. Ó shin i leith tá feachtas bríomhar agus éifeachtach ar siúl acu le haird a tharraingt ar an cheist áirithe seo. Is minic a bhíonn Muireann le cloisteáil ar RTÉ agus ar stáisiúin raidió eile nó le feiceáil ar an teilifís, agus tá éirithe le STSVC díospóireacht a chothú ar bhonn náisiúnta ar an cheist.

Measann go leor daoine go bhfuil an cath caillte acu siúd atá i gcoinne chúrsa an mhótarbhealaigh ach tá Muireann meáite ar leanúint leis an troid sa bhliain atá romhainn. Tá saothar mór caite aici féin agus a comhghleacaithe leis an fheachtas seo agus níl siad ar tí géilleadh go furasta.

Is léir go mbraitheann sí rud beag míshuaimhneach faoi bheith os comhair an phobail go leanúnach.

“Go tobann, is duine poiblí thú, ar bhealach nach raibh tú riamh poiblí cheana féin. Tá aithne ag daoine orm ar fud na háite, ar bhealach nach raibh roimhe seo. Cuireann sé sin cineál alltachta orm. Ciallaíonn sé freisin, mar gur pearsa phoiblí thú, go bhfeiceann an rialtas agus páipéir nuachta fiú amháin go bhfuil cead acu tabhairt fút ar bhealach nach raibh cheana. Baineann sé geit asat nuair a fheiceann tú go bhfuil siad sásta é sin a dhéanamh.”

Teaghlach Gaelach

Rugadh agus tógadh Muireann i gcathair na Gaillimhe agus ba í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh. Ba chainteoir dúchais as Corcaigh í a máthair agus b’as Baile Átha Cliath an t-athair. Bhí ceangal láidir aigesean le Dún na nGall agus ba chainteoir Gaeilge é chomh maith.

Tá moladh mór ag Muireann do na mná rialta ó Ord Chríost agus Mhuire a bhí mar mhúinteoirí aici i meánscoil Salerno i mBóthar na Trá, ar imeall na cathrach.

“Bhí siad an-éagsúil. Bhí siad i bhfad níb oscailte, i bhfad ní ba liobrálaí, fiú amháin ag an am sin, ag deireadh na seascaidí, tús na seachtóidí. Bhí siad an-fhadradharcach. Dúirt siad linn i gcónaí, ‘Cén mhaitheas dúinne bheith ag cur oideachais oraibhse má tá sibh chun fanacht sa bhaile?’ Bhí an ethos sin ann gur cheart dúinn bheith amuigh an obair.

“Ag an am sin bhí siad ag múineadh matamaitice, fisice, ceimice agus bitheolaíochta ag leibhéal onóracha, rud nach raibh le fáil i scoil cailíní aon áit eile. Bhí sé dochreidte.”

In ainneoin na béime seo ar an eolaíocht sa scoil, agus in ainneoin gur Ollamh le Fisic ab ea a hathair i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, chinn Muireann ar chéim a dhéanamh sna healaíona. Nuair a luaigh sí lena hathair go raibh sí ag brath staidéar a dhéanamh ar an tSean-Ghaeilge, bhí sé thar a bheith sásta de bhrí gur chaith sé féin bliain ag plé leis an ábhar sin sula ndeachaigh sé leis an fhisic.

“Bhí sé iontach sásta go raibh mise chun leanúint leis an rud a bhí tosaithe aigesean. Agus bhí mo sheanathair tar éis an tSean-Ghaeilge a dhéanamh chomh maith, rud nach raibh a fhios agam ach an oiread. Mar sin, bhí mé ag titim isteach sa traidisiún seo agus gan fios agam.”

Rinne Muireann máistreacht sa tSean-Ghaeilge tar éis di an bhunchéim a bhaint amach sa Ghaeilge agus sa stair agus ansin d’éirigh léi scoláireacht a fháil go dtí Scoil an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath i 1978.

“Chaith mé trí bliana ansin agus bhí na blianta sin go hiontach. Ní raibh tada le déanamh agat ach taighde. Bhí chuile dhuine ann: bhí James Carney fós beo, David Greene, Brian Ó Cuív, Proinsias Mac Cana. Bhí siad ar fad ann, na seanfhondúirí sin. Tá siad ar fad marbh anois. Bhí [Heinrich] Wagner ann freisin agus bhí Breandán Ó Buachalla ann ar feadh tamaill agus mise ansin. Tá sé go hiontach siúl isteach chuig na mic léinn agus a rá leo, ‘Bhuel, bhí aithne agam ar na daoine seo ar fad.’

“Bí ag caint ar Ivory Tower! Bhí siad deighilte amach beagnach go hiomlán ón ngnáthshaol. Is cuimhin liomsa David Greene teacht isteach agus bhí an iníon ab óige agam ag an am – ní raibh sí ach thart ar shé mhí d’aois – bhí sí ina suí ar an urlár taobh istigh de cheann de na doirse, i gceann de na hoifigí, agus bhuail sé í leis an doras! D’fhéach sé uirthi agus dúirt sé, ‘Babies are very tough – she’ll get over it’! Bheadh a fhios agat nach raibh páiste ar bith ag David Greene riamh!

“Ba mise an chéad bhean a chuaigh isteach san institiúid mar bhean phósta agus mar bhean go raibh páiste aici. Ní raibh siad ag súil go bhfillfinn [tar éis bhreith an pháiste]. Baineadh an-gheit astu ar fad nuair a thóg mé an tsaoire mháithreachais agus nuair a chuaigh mé ar ais.”

Deir Muireann go raibh a comhghleacaithe san Institiúid beagáinín doicheallach, go háirithe Brian Ó Cuív, a bhí “an-seanfhaiseanta”, dar léi. Deir sí gur fear álainn a bhí ann, áfach, agus gur thug sé gach cabhair di nuair a chuaigh sí ar ais. Chuaigh siad i dtaithí uirthi tar éis tamaill agus ghlac siad léi sa deireadh, dar léi.

D’éirigh le Muireann post páirtaimseartha léachtóireachta a fháil i Roinn na Nua-Ghaeilge i 1981 agus post buan i Roinn na Sean-Ghaeilge dhá bhliain ina dhiaidh sin. Tá sí fós an-sásta sa phost sin.

“D’athraigh muid ó Ghaeilge go Béarla [mar theanga an teagaisc] agus d’oscail sé sin amach an t-ábhar do dhaoine eile. Anois, táimid ag fáil mac léinn eachtrannach agus le fíordheireanas, le cúig bliana anuas, táimid ag fáil mac léinn aosach atá ag dul chuig an ollscoil den chéad uair agus iad sna ceathrachaidí, sna caogaidí, sna seachtóidí, fiú amháin. Is dúshlán nua ar fad é sin mar tá tú ag freastal ar ghrúpa eile ar fad. Tá suim i bhfad níos mó acu san ábhar, ar bhealach, ná mar atá ag daoine óga mar go bhfuil cinneadh cinnte déanta acu dul chuig an ollscoil. Theastaigh ó chuid acu a theacht b’fhéidir fiche bliain ó shin ach ní fhéadfaidís.”

Tá cinneadh déanta ag coláistí áirithe mar Choláiste na Tríonóide agus Ollscoil na Ríona ranna beaga a dhúnadh. An bhfuil an Léann Ceilteach slán in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad?

“Is dóigh liom go bhfuil i Maigh Nuad. Ach cuireann sé imní orm nuair a chloisim an chaint seo faoi *streamlining *a dhéanamh ar na hollscoileanna, caithfidh mé a rá. Tá an scéal amuigh, mar shampla, go mbeidh siad ag breathnú ar ranna beaga cosúil leis an Léann Ceilteach agus ag cur ceiste: ‘An bhfuil le ceann i gColáiste na Tríonóide, in UCD agus i Maigh Nuad?’ Táthar ag rá go mbeidh siad ag iarraidh fáil réidh le ceann acu nó fiú péire acu. Is dóigh liomsa go bhfuil an dainséar sin ann.”

Admhaíonn Muireann nach bhfuil mórán deiseanna fostaíochta ar fáil sa saol acadúil dóibh siúd a bhfuil céim acu sa Léann Ceilteach ach deir sí go bhfuil deiseanna nua tagtha chun cinn le roinnt blianta anuas.

“Tá forbairt ag tarlú le tamall anuas. Tá muidne ag fáil mac léinn, mic léinn aosacha agus fiú mic léinn óga, atá ag déanamh an Léinn Cheiltigh mar go bhfuil spéis acu sa turasóireacht nó san oidhreacht go ginearálta. Cuid acu, téann siad ag obair sna hionaid nua seo atá á bhforbairt ar fud na tíre. Tá siad cáilithe, ar bhealach, ar shlí nach mbeadh daoine cheana féin. Tá deiseanna nua ansin, mar sin.”

Measann Muireann go bhfuil an dream acadúil atá ag plé leis an tSean-Ghaeilge deighilte amach ón ghnáthphobal agus nach bhfuil ag éirí leo suim a spreagadh iontu san ábhar.

“Tá faillí mhillteanach déanta, i mo thuairimse. Táimid ar fad ciontach, mise mé féin san áireamh sa mhéid is nach bhfuil aon rud, sa lá atá inniu ann, curtha ar fáil againn don ghnáthphobal. Táimid fós ag díriú isteach ar aistriúcháin do dhaoine acadúla eile. Táimid fós ag díriú isteach ar théacsanna a chur ar fáil do dhaoine acadúla eile. Táimid ag díriú isteach ar leabhair agus altanna acadúla a chur ar fáil dá chéile. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an poll atá fágtha againn sa mhargadh á líonadh ag daoine nach bhfuil cáilithe ar chor ar bith. Ní gá duit ach siúl isteach in Eason’s, nó in aon cheann de na siopaí leabhar eile, agus feicfidh tú an truflais ar fad atá ar fáil, taobh leis an ábhar acadúil. Agus níl aon bhealach le hidirdhealú a dhéanamh idir ceann amháin agus an ceann eile.

“Níl aon aon leabhar is féidir liomsa a mholadh do mo chuid mac léinn ina bhfuil aistriúcháin nua-aoiseacha de na scéalta, seachas Ancient Irish Tales le Cross agus Slover, a tháinig amach sna tríochaidí. Níl aon Guide to Early Irish Literature, seachas an ceann a chuir Myles Dillon ar fáil i 1948.

“Ar bhealach, is dóigh liom an rud atá ann ná go bhfuil ardnósacht acadúil ag baint le muintir na Sean-Ghaeilge go háirithe. Ní bhaineann sé le hábhair eile mar tá na treoirleabhair le fáil sna teangacha eile – níl sé le fáil sa tSean-Ghaeilge. Tá faitíos ar dhaoine é a chur ar fáil, is dóigh liom, tá faitíos orthu faoin méid a déarfadh an mhuintir acadúil fúthu. Ciallaíonn sé go bhfuil an poll sin atá fágtha againne á líonadh ag Meiriceánaigh agus ag daoine nach bhfuil an t-ábhar ar eolas acu.”

Tá Muireann féin ag obair ar threoirleabhar ceart, dírithe ar an phobal i gcoitinne, i láthair na huaire agus measann sí go mbeidh sé scríofa aici taobh istigh de bhliain go leith. Is dóigh léi go gcáinfidh cuid de scoláirí na Sean-Ghaeilge an saothar go láidir ach deir sí gur cuma léi faoi sin.

Na sagairt i Maigh Nuad

Tá go leor conspóide tar éis bheith ann, go háirithe le roinnt blianta anuas, faoi iompar cuid de na sagairt i Maigh Nuad le linn na n-ochtóidí agus na nóchaidí. Ar thuig Muireann go raibh aon rud aisteach ag dul ar aghaidh ag an am?

“Déarfainn go raibh tuairim áirithe againn. Níor thuig muid, b’fhéidir, go raibh rudaí chomh trína chéile is a bhí. Ach cinnte dearfach, bhí ráflaí áirithe ag dul timpeall na háite – níl aon dabht faoi sin. Agus ó 1990 ar aghaidh, is dóigh liom, bhí cáil áirithe bainte amach ag Maigh Nuad gur homaighnéasaigh an chuid is mó de na cléirigh a bhí ag freastal ar an áit. Bhí sé le tabhairt faoi deara go raibh an céatadán de na cléirigh a bhí homaighnéasach ag fás sa tréimhse sin.

“Ar ndóigh, bhí ráflaí ag dul thart faoi Mhiceal Ledwith [iaruachtarán an choláiste a d’éirigh as go tobann sna nóchaidí] ag an am freisin. Caithfidh mé a rá, bhí aithne agam ar Mhiceal Ledwith agus b’uachtarán iontach ar an ollscoil é, cheap mé. Fear an-intleachtúil, an-chliste agus sóisialta freisin ab ea é.”

Cé go raibh Muireann an-ghníomhach go polaitiúil sna hochtóidí, deir sí nár chothaigh sé sin riamh deacrachtaí di san ollscoil.

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

*Not One More Mother’s Child *le Cincy Sheehan.

Cén ceol is fearr leat?

Gach saghas ceoil, seachas ceol tuaithe Éireannach. Faoi láthair is maith liom Josh Ritter, Kíla, Chris Smither, Katie Melua agus Mic Cristopher.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Tá sé deacair ceann amháin a roghnú ach dá mbeadh orm luafainn Citizen Kane. Is maith liom The English Patient, Moulin Rouge agus *Casablanca *chomh maith.

Cá dtéann tú ar saoire?

Fuerteventura sna hOileáin Chanáracha.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Uair amháin, faraor!

Cén bhialann is fearr leat?

El Puerto, Caleta de Fuste, Fuerteventura.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Dick Spring.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

An tOllamh Gearóid Mac Eoin, Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Eisean a thug an saol atá agam dom, ag plé le litríocht, stair agus teanga na tíre go dtí an dara céad déag.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Faoi láthair, an Rialtas agus an dímheas atá acu ar an daonlathas, an oidhreacht agus an timpeallacht.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Thart ar 60 uair an chloig.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Daoine a thiomáineann 30 míle san uair nuair a cheadaítear 60; bheith ag plé le daoine atá mí-ionraic; ag deifriú nuair a bhím deireanach - ní maith liom riamh bheith deireanach do léacht, coinne nó cruinniú; nuair a théim amach chuig an bpub - ag cur suas le daoine nach dtaitníonn liom nuair nach féidir liom éalú; ag castáil le daoine nua nach bhfuil tada i gcoitinne agam leo.

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?

Réasúnta sásta. Ag breathnú siar ag an bpointe seo tá a lán déanta agam ach tá i bhfad níos mó le déanamh: an M3 a bhogadh ó Theamhair, mar shampla, agus tá ar a laghad cúig leabhar a theastaíonn uaim a scríobh, idir leabhair acadúla agus úrscéalta.

“Thóg sé tamall orm a thuiscint cé chomh héagsúil is a bhí mo chuidse tuairimí ó na cinn a bhí timpeall orm! Ach, is dócha gur thuig mé go réasúnta tapa mar thosaigh na reifrinn ar fad faoi cholscaradh agus faoi ghinmhilleadh thart ar ’81 agus ’82. Mar go raibh mé i bPáirtí an Lucht Oibre, bhí mé tar éis baint a bheith agam leis an reifreann ar cholscaradh. Agus mar gur Gaeilgeoir a bhí ionam, mise an t-urlabhraí sa deireadh ar bhain Páirtí an Lucht Oibre úsáid as agus ar bhain an *Divorce Action Group *úsáid as freisin. Mar sin, ba mise an t-éadan, mar a déarfá, a bhí leis na tuairimí seo. Ach caithfidh mé a rá, sna blianta ar fad a chaith mé i Maigh Nuad nár dhúirt aon duine focal liom riamh. Níor iarr siad orm riamh gan labhairt amach. A mhalairt, caithfidh mé a rá, a tharla.

“Is cuimhin liom, le linn an chéad reifreann ar cholscaradh, bheith i mo sheasamh taobh amuigh den scoil [an lá a bhí na vótaí á gcaitheamh] agus tháinig roinnt de na sagairt as an ollscoil suas chugam agus chroith siad lámh liom go poiblí. Rinne siad é go poiblí agus dúirt siad go raibh siad á dhéanamh sin mar gur theastaigh uathu go bhfeicfeadh daoine go raibh siad á dhéanamh go poiblí. Bhí grúpa beag sagart anseo ag an am – tá an chuid is mó acu imithe anois nó básaithe – agus bhí siad an-liobrálach. Enda McDonagh, mar shampla – bhí Enda fós anseo ag an am – agus fear atá básaithe, Gerry Watson. Ach d’athraigh rudaí ina dhiaidh sin.”

Tá sé beagnach deich mbliana ó rinneadh an colscaradh dleathach in Éirinn ach ní dóigh le Muireann go bhfuil aon tionchar diúltach tar éis bheith aige ar an tír.

“Níor thit an díon, níor thit an tóin as aon rud. Agus ní chreidimse go bhfuil daoine ag scaradh óna chéile níos mó anois ná mar a bhí deich mbliana ó shin. Fós, níl ann ach uimhir an-bheag daoine atá ag iarraidh colscaradh a fháil.

“Is ceist eile ar fad é an ginmhilleadh. Ní chreidimse go bhfuil sé sin fós réitithe, ní cheapaimse gur chóir go mbeadh ar shé mhíle bean, nó deich míle bean, nó cibé uimhir atá i gceist, dul thar lear. Tá mothúcháin an-mheasctha agam féin faoin nginmhilleadh agus dá bhfiafrófaí díom an bhféadfainn é a dhéanamh mé féin, ní dóigh liom go bhféadfainn. Ach, ní chiallaíonn sé sin go n-airím go bhfuil sé de chead agam stop a chur le duine éicint eile.”

Cé go raibh an díospóireacht mar gheall ar an ghinmhilleadh teasaí agus salach go maith, go háirithe le linn na n-ochtóidí, deir Muireann nár chaith an dream a bhí go láidir ina choinne go dona léise riamh.

“Ní raibh mé féin páirteach sa gcéad reifreann ar an nginmhealladh – mar a tharla sé, bhí mé ag súil le páiste. Is cuimhin liom oíche amháin an doras a oscailt sa teach seo ina bhfuil mé fós agus bhí an dream frithghinmhillte ag an doras agus d’fhéach siad orm – ghlac siad leis ar an bpointe go n-aontóinn leo. Ag an am, bhí an argóint ann faoi cé ba thábhachtaí, an bhean nó an páiste, agus bhí sé ag cur faitís ormsa, caithfidh mé a rá – bhí mise chun páiste bheith agam taobh istigh de thrí nó de cheithre mhí agus bhí mé an-imníoch ar fad. Caithfidh mé a rá go raibh mé ag rá liom féin, ‘Tá mise níos tábhachtaí ná an páiste seo atá ag teacht – tá páiste agam cheana féin agus tá mé ag iarraidh bheith anseo le haire a thabhairt di.’ Is cuimhin liom é sin a rá leis an dream ag an doras agus bhí alltacht orthu.”

Páirtí an Lucht Oibre

Tá Muireann ina ball de Lucht Oibre le blianta fada anois ach deir sí go mbraitheann sí rud beag míshuaimhneach sa pháirtí anois, de bhrí go bhfuil sé tar éis bogadh ón eite chlé go dtí an lár.

“Níl mé chomh suaimhneach sa pháirtí is a bhí mé – níl aon dabht faoi sin. Tá sé ráite agam go poiblí arís is arís eile, mar go bhfuil oiread bainte agam leis an bhfeachtas chun an mótarbhealach a stopadh ó dhul in aice le Teamhair, má loiceann Páirtí an Lucht Oibre orm sa gcás áirithe sin, má dhéanann siad cúlú ar bith, fágfaidh mé an páirtí. Níl aon dabht faoi sin. Cá rachaidh mé? Níl a fhios agam. An fáth go bhfuil mé fós le Páirtí an Lucht Oibre ná go gcreidim sa bpolaitíocht a bhaineann le páirtí agus ní leis an bpolaitíocht a bhaineann leis na neamhspleáigh, mar shampla. Creidimse go daingean go bhfuil an iomarca neamhspleách go dona don Dáil.”

Is léir go bhfuil an-drochmheas aici ar an Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell.

“Chuir McDowell imní orm ón gcéad lá riamh a leag mé súil air agus sin 1987. Tá an iomarca measa ag daoine ar, mar a deir siad, a intleacht. Ní chreidimse, caithfidh mé a rá, go bhfuil sé chomh hintleachtúil sin ar chor ar bith ach go bhfuil an bua seo aige breathnú anuas ar dhaoine. Agus tá a fhios agam ó bheith díreach ag féachaint air, mar níl aon aithne agam air go pearsanta ar chor ar bith, go gceapann sé go bhfuil sé níos fearr ná gach duine eile thart timpeall air.”

Tá drochmheas aici chomh maith ar roinnt mhaith d’airí Fhianna Fáil, go háirithe Martin Cullen, Noel Dempsey agus Dick Roche. Deir sí go bhfuil “dímheas iomlán acu ar phobal na tíre, ar oidhreacht na tíre” agus níor mhaith léi go rachadh Páirtí an Lucht Oibre isteach i gcomhrialtas leo tar éis an chéad olltoghchán eile.

“Ní fhéadfainnse aon bhaint a bheith agam le Fianna Fáil. Arís, má roghnaíonn Páirtí an Lucht Oibre (ach ní cheapaim go roghnóidh) dul isteach i gomhrialtas le Fianna Fáil, fágfaidh mise an páirtí. Ní fhéadfainn bheith in aon rialtas le Fianna Fáil. Níl prionsabail ar bith fágtha ag Fianna Fáil. Rachaidh siad isteach i gcomhrialtas le haon dream ar chor ar bith chun fanacht i gcumhacht.

“An dream atá i bhFianna Fáil faoi láthair tá sotal ag baint leo nach bhfaca mé riamh i mo shaol. Tá sotal ag baint le muintir Fhianna Fáil go háitiúil, fiú amháin. Tá Fianna Fáil imithe an-fhada ar fad ón sean-Fhianna Fáil a bhí ann fiú amháin fiche bliain ó shin. Níl iontaobh dá laghad agam as an gcuid is mó acu.”

Níl sé i gceist ag Muireann seasamh i dtoghchán san am atá romhainn mar gur dóigh léi go bhfuil saol an pholaiteora an-dian.

“Tá an oiread sin ama caite agam thart timpeall ar dhaoine cosúil le hEmmet Stagg go dtuigim cé chomh cruógach is a bhíonn siad. Is saol mada é i ndáiríre. Cuireann daoine glaoch airsean Lá Nollag mar nach mbíonn tada eile le déanamh acu agus ceapann siad nach bhfuil tada eile le déanamh aigesean. Agus, níos measa ná sin, freagraíonn sé an fón!”

Ba mhaith le Muireann deis a fháil tabhairt faoi thionscadail eile sa todhchaí – tuilleadh leabhar do pháistí a scríobh, cuir i gcás – ach tá sí chomh sáite sin i bhfeachtas seo na Teamhrach go mbeidh sé deacair aici an t-am a aimsiú do na tionscadail sin. Agus tuigeann sí go mbeidh neart cathanna eile le troid san am atá romhainn fosta, go háirithe má bhíonn Fianna Fáil sa chéad rialtas eile.

Is go drogallach atá Muireann Ní Bhrolcháin ina pearsa phoiblí ach is léir go gcaithfidh sí dul i dtaithí air!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.