Cé gur tógadh an gearrscéalaí, úrscéalaí, drámadóir agus léirmheastóir Éilís Ní Dhuibhne i mBaile Átha Cliath tá oiread scríofa aici i nGaeilge is atá sa Bhéarla. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin dúshlán a bhaineann le bheith ag scríobh i mionteanga agus faoin úrscéal nua dá cuid a foilsíodh le gairid.
Go hiondúil, nuair a fhoilsítear úrscéal nó bailiúchán gearrscéalta i nGaeilge, ní dhíoltar ach céad nó dhá chéad cóip agus bíonn go leor cóipeanna den saothar ina luí ag bailiú deannaigh áit éigin. Anois is arís, áfach, bíonn eisceacht ann. Sna seachtóidí, mar shampla, chuaigh úrscéal rábach Bhreandáin Uí Eithir, Lig Sinn i gCathú, go barr an liosta leabhar ba mhó díol agus tá an-ráchairt chomh maith tar éis bheith ar úrscéal Éilís Ní Dhuibhne, Dúnmharú sa Daingean, ó foilsíodh é sé bliana ó shin. Nuair a bhuail mé léi ina háit oibre, An Leabharlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath, dfhiafraigh mé di cén fáth a raibh oiread ratha ar an saothar sin.
Níl a fhios agam, i ndáiríre. Bhí an leabhar simplí agus taitneamhach. Foilsíodh léirmheas air san Irish Times agus bhí cúpla rud faoi sa nuachtán sin. Fuair an leabhar poiblíocht de shaghas éigin, mar sin, agus scaipeadh go forleathan é. Bhí Cois Life [na foilsitheoirí] go hana-mhaith maidir leis sin.* So*, is féidir leis tarlú.
Tá úrscéal nua dá cuid, Hurlamaboc, díreach foilsithe ag Cois Life agus tá mé cinnte gur bhreá le hÉilís dá mbeadh an tóir chéanna air is a bhí ar a céad úrscéal Gaeilge. Tá úrscéalta agus gearrscéalta scríofa aici i nGaeilge agus i mBéarla, agus tá dhá dhráma Ghaeilge dá cuid i gcló, ach an bhfuil sé chomh furasta céanna bheith ag scríobh sa dá theanga?
Tá sé níos deacra dom bheith ag scríobh i nGaeilge mar níl mo chuid Gaeilge chomh líofa, chomh saibhir is a bheadh mo chuid Béarla. Sin difríocht bhunúsach. Níor thosaigh mé ag scríobh i nGaeilge, cé gur tógadh le Gaeilge mé ar bhealach, go dtí deich mbliana nó dhá bhliain déag ó shin nuair a scríobh mé na drámaí dAmharclann de hÍde agus ansin lean mé ar aghaidh ag scríobh úrscéalta agus mar sin de ina dhiaidh sin. Oireann an Ghaeilge dos na hábhair a bhíonn á bplé agam, is é sin saol na Gaeltachta agus saol Gaeilgeoirí sa chathair.
Rith sé liom le déanaí, ó bheith ag léamh ficsin le scríbhneoirí eile atá dátheangach (i mBéarla a bhíonn siad ag scríobh de ghnáth daoine ón Nigéir agus ón tSín, mar shampla), toisc nach bhfuil an dara teanga chomh saibhir is a bheadh an chéad teanga, bfhéidir go bhfuil láidreacht le brath sa scríbhneoireacht. Ní bhíonn an iomarca focal ann, ní bhíonn an stíl níos tábhachtaí ná an rud atá á rá acu. Éiríonn leis an scéal teacht amach. Bhreathnaigh mé i gcónaí air mar mhíbhuntáiste, gan mo chuid Gaeilge bheith chomh saibhir le mo chuid Béarla, ach tá buntáistí ag baint leis freisin.
Fiafraím di an bhfuil sé deacair bheith ag scríobh i mionteanga mar sin féin agus líon teoranta léitheoirí a bheith aici.
Tá léirmheas scríofa agam ar shaothar úrscéalaí saghas mór le rá, Sarah Waters ó Shasana [a bhfuil úrscéal dá cuid, The Night Watch, díreach foilsithe]. Tháinig an leabhar leis an ábhar poiblíochta seo go léir ag rá go raibh siad chun £150,000, nó rud éigin uafásach mar sin, a chaitheamh ar fheachtas poiblíochta. Ní tharlaíonn sé sin do mhórán leabhar. Nuair a fheiceann tú rud éigin mar sin ceapann tú Cén seans atá ag leabhar a bhfuil buiséad poiblíochta cúpla céad euro aige!
Ar a laghad, tá buiséad éigin [margaíochta] ag Cois Life agus tá duine éigin fostaithe chun feachtais phoiblíochta a eagrú.
Bhí mé ag éisteacht leis an bhfile iontach sin, Liam de Paor, ag caint ar an raidió an lá faoi dheireadh. Bhí sé ag cur síos ar an saol mar scríbhneoir i nGaeilge, laistigh de shaol ana-bheag ar fad. Dúirt sé, Sometimes people go on an excursion out into the other literary world ach, den chuid is mó, dúirt sé go mbíonn siad taobh istigh. Níl poiblíocht le fáil. Is annamh a dheintear léirmheas ar leabhar Gaeilge sna nuachtáin. Ní dóigh liom gur chuala mé leabhar i nGaeilge riamh ar Rattlebag [clár ealaíon RTÉ], bfhéidir uair nó dhó. Saghas token representative a bhíonn i gceist.
Bítear ag gearán go minic nach ndéantar eagarthóireacht cheart ar leabhair Ghaeilge, go gceartaíonn duine éigin na profaí ach nach gcuirtear moltaí ar fáil don scríbhneoir nó nach gcuirtear comhairle air faoin tslí a bhféadfaí feabhas a chur ar an saothar. An dóigh léi go bhfuil an cáineadh sin tuillte ag foilsitheoirí na Gaeilge?
Ceapaim go bhfuil Cois Life go maith ón taobh sin de deineann siad eagarthóireacht cuibheasach maith. Tagann siad ar ais chugam le ceisteanna agus le moltaí minic go leor athruithe cuibheasach bunúsacha, seachas gramadach a cheartú.
Deirtear rudaí faoin bhficsean sa Ghaeilge, gur annamh a dheintear athscríobh air ach níl sé sin fíor maidir le Cois Life. Tá úrscéal scríofa agam, fiú amháin, nár fhoilsigh mé in aon chor mar, tar éis dom an chéad dréacht den rud a scríobh, daontaigh mé féin agus Caoilfhionn [Nic Pháidín] nach raibh sé go maith! Ceapaim gur fíoreagarthóirí iad.
Cainteoir dúchais as Dún na nGall
Is dócha nach cúis iontais é go bhfuil Éilís chomh dílis sin don Ghaeilge; ba chainteoir dúchais as Gleann Bhairr, Gaeltacht bheag i dtuaisceart Dhún na nGall, é a hathair agus fuair sí a cuid scolaíochta ar fad trí Ghaeilge. Ní raibh Gaeilge ag an mháthair ach ba mhinic a labhraíodh an t-athair a theanga dhúchais leis na páistí agus iad ag éirí aníos. Bhí siadsan den tuairim, áfach, go raibh an chanúint a bhí ag an athair an-saoithiúil ar fad.
Bhíodh mathair ag caint ina Ghaeilge Chonallach, a bhí éagsúil ar fad leis an nGaeilge a chuala mé i Scoil Bhríde, an scoil náisiúnta ar fhreastail mé uirthi. Bhí cuid Gaeilge mathar cosúil le teanga eile i gcomparáid leis an nGaeilge sin. Bhí saghas drochmheasa againn, déarfainn, ar Ghaeilge mathar toisc go rabhamar i gcónaí ag plé le múinteoirí ó Chiarraí agus ó Ghaillimh agus mar sin de. Níor chuala mé aon duine eile riamh ag labhairt Gaeilge ó Dhún na nGall i mBaile Átha Cliath. Ní raibh Gaeilge Dhún na nGall le clos sna scoileanna; is dócha go raibh na daoine ó Thír Chonaill in Albain - ní raibh siad sna scoileanna i mBaile Átha Cliath.
Dfhoilsigh an scríbhneoir as Baile Átha Cliath Hugo Hamilton cuimhní cinn roinnt blianta ó shin, The Speckled People, inár chuir sé síos ar an athair brúidiúil a bhí aige a chuir cosc ar an Bhéarla sa bhaile agus a chuir iachall ar a chlann Gaeilge agus Gearmáinis (teanga a máthar) a labhairt (tá cur síos air seo i leabhar nua Hamilton, The Sailor in the Wardrobe, chomh maith). Ar cuireadh brú ar Éilís an Ghaeilge a labhairt agus í ag éirí aníos i Ranalach?
No, níor bhraith mé an saghas sin brú. Ba ghnáthdhuine ón nGaeltacht é mathair. Ba shiúinéir é, níor Ghaeilgeoir é. Labhair sé an Ghaeilge mar gurbh shin an teanga a bhí aige. Ní raibh aon chosúlacht idir é agus athair Hugo Hamilton, a bhí saghas as a mheabhair de réir an leabhair, pé scéal é.
Taitníonn leabhar Hamilton go mór liom ach ceapaim go bhfuil sé saghas dainséarach, ar bhealach, do chúis na Gaeilge, mar tá saghas steiréitíopa i gceist le fáil go forleathan i measc daoine atá i gcoinne na Gaeilge.
Ar Scoil Bhríde, bhí bfhéidir cuid de sin ann agus bhí an saghas meoin ann go raibh an Ghaeilge níb fhearr ar gach aon bhealach ná an Béarla, go raibh tú go maith dá mba rud é gur labhair tú Gaeilge agus go raibh rud éigin mícheart leis an mBéarla. Bhí sé sin go láidir ann agus bhí an náisiúnachas, an Ghaeilge agus an Caitliceachas go léir measctha suas le chéile. Bhíodh siad ag rá, Is í an Ghaeilge teanga na n-aingeal ar neamh. Ní labhraíonn an diabhal í. Is cuimhin liom é sin go maith.
Rinne Éilís céim sa Bhéarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ina dhiaidh sin dochtúireacht sa Bhéaloideas. Bhuaigh sí scoláireacht go hOllscoil Chóbanhávan sa Danmhairg agus sa bhliain 1982 bhain sí an PhD amach. Don tráchtas, rinne sí staidéar ar scéal idirnáisiúnta béaloidis, scéal ar a dtugann béaloideasóirí an Bhéarla With his whole heart.
Theastaigh uaithi leanúint ar aghaidh leis an obair acadúil agus post a fháil i gcoláiste tríú leibhéal ach rith sé léi, agus an tráchtas curtha di aici, nach n-éireodh léi post mar sin a fháil. Is beag deis atá le fáil sa lá atá inniu ann i réimse an bhéaloidis ach bhí cúrsaí ní ba mheasa arís ag tús na n-ochtóidí bhí meathlú geilleagrach sa tír agus daoine go fóill ag bailiú leo thar lear ag lorg oibre.
I lár na n-ochtóidí, fuair Éilís post sa Leabharlann Náisiúnta agus is ann atá sí ó shin. Fiafraím dí an bhfuil sásamh le baint as an phost go fóill, i ndiaidh fiche bliain.
Faoi láthair, tá mé ag obair ar thaispeántas ar Yeats a bheidh ag oscailt anseo i mí na Bealtaine nó mí an Mheithimh. Taighde agus scríbhneoireacht is mó atá i gceist tá sé cruthaitheach agus tá sé go deas bheith ag scríobh na scripte agus captions agus mar sin de. Tá sásamh le baint as an obair atá ar siúl agam faoi láthair, mar sin, an t-ullmhúchán seo don taispeántas.
Ach an maith léi an obair a bhíonn ar siúl aici go hiondúil: ag clárú agus déanamh innéacsú ar lámhscríbhinní? Déanann sí gáire croíúil agus deir: Is fearr gan an iomarca a rá faoi sin! Tá sé ceart go leor.
Is léir go bhfuil sí an-tógtha leis an taispeántas seo ar Yeats agus go bhfuil sí bródúil as.
Tá bailiúchán ana-shaibhir againn de lámhscríbhinní WB Yeats agus beimid ag iarraidh a lán acu a thaispeáint. Déanfaidh an taispeántas cur síos ar a shaothar ar fad agus ar a shaol. Beidh sé cuimsitheach go maith. Beidh sé i nGaeilge agus i mBéarla agus beidh cuid den chur síos i dteangacha eile freisin. De réir an dlí, caithfidh sé bheith i nGaeilge.
Ar ghearrliosta
Foilsíodh céad úrscéal Béarla Éilís, The Bray House, i 1990 agus an dara ceann, The Dancers Dancing, deich mbliana ina dhiaidh sin. Chuir sé iontas an domhain uirthi nuair a fuair sí scéala go raibh an dara leabhar sin ar ghearrliosta an Orange Prize for Fiction, ceann de na duaiseanna liteartha is mó gradam sa Ríocht Aontaithe. Bronntar an duais seo gach bliain ar úrscéal Béarla le húdar mná, as tír ar bith, a bhfoilsítear a saothar sa Ríocht Aontaithe sa bhliain roimhe sin. Faigheann an buaiteoir seic £30,000 agus píosa snoíodóireachta dar teideal Bessie leis an ealaíontóir Grizel Niven. Níor bhuaigh Éilís an duais ach bonóir mhór di é bheith ar an ghearrliosta.
Chuir sé an-iontas uirthi go léireodh dream i Sasana spéis in úrscéal a bhí suite sa Ghaeltacht.
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
Richard Dawkins, A Devils Chaplain.
Cén ceol is fearr leat?
Sibelius, Finlandia. Dvorak, New World Symphony. Aon rud le Maighread Ní Dhomhnaill.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
*Goodbye Lenin *(Wolfgang Becker, 2003)
Cá dtéann tú ar saoire?
Dún Chaoin. Agus áiteanna eile.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Cúig huaire.
Cén bhialann is fearr leat?
Chapter One, Cearnóg Parnell.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Bo Almqvist, iarcheannaire Roinn Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
Mo mháthair.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Bás ar na bóithre agus easpa suime na bpolaiteoirí sa cheist.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
An iomarca.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Iarnród Éireann; obair tí; an easpa eagair atá ar mo leabhair agus mo pháipéir.
An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach
Tá agus níl.
Bhain sé geit asam ar an gcúis sin freisin, mar cur síos is ea é ar ghrúpa páistí a théann go coláiste samhraidh i nDún na nGall, mar sin tá sé an-áitiúil. Ach bhí ana-shuim ag daoine i Sasana sa leabhar. Cé go bhfuil sé ag cur síos ar an nGaeilge agus ar an bhféiniúlacht anseo in Éirinn, an dátheangachas agus na téamaí sin ar fad, chomh maith leis sin tá sé ag cur síos ar dhaoine óga ag fás aníos. Tá sé uilíoch, mar sin, freisin. Go minic, is dócha, nuair a bhíonn tú ana-áitiúil agus dírithe isteach ar rud éigin atá an-phearsanta agus a bhaineann le háit amháin agus am amháin, sa tslí sin a bhíonn tú leathan.
Ar bhraith sí as áit i measc an *glitterati *agus scríbhneoirí mór le rá mar Norman Mailer, a bhí i láthair ag ócáid na bliana sin?
Bhraith mé go hiontach! Bhí taithí agam ar bheith ag dul chuig ócáidí agus ag léamh mo shaothair, ach bhí sé go hana-dheas i gcomparáid, ceapaim, le duaiseanna eile, ó bheith ag caint le daoine. Bhí féile litríochta i gceist seachas, díreach, dul go dtí dinnéar mór agus bheith ag feitheamh chun a chloisint nár bhuaigh tú an duais. Sin an rud a tharlaíonn ag an Booker Prize agus an ócáidí mar sin. Ach bhí léitheoireachtaí ann agus dfhás cairdeas idir na daoine a bhí ar an ngearrliosta mar bhí siad le chéile, ag dul timpeall ag léamh lena chéile.
Agus cén tionchar a bhí ag seo go léir ar a saol?
Tugann sé misneach duit. Morale booster a bhí ann. Rud amháin a dheineann sé ná go mbíonn i bhfad níos mó airde ort agus tugann daoine aird ar an rud atá á dhéanamh agat, i bhfad níos mó ná mar a dheineann go dtí go dtarlaíonn sé. Is cabhair é ar an mbealach sin dúdar ar bith, ceapaim.
Ag obair go páirtaimseartha
Oibríonn Éilís seachtain as gach coicís sa Leabharlann Náisiúnta agus caitheann sí an tseachtain a bhíonn sí saor i mbun scríbhneoireachta. Ba bhreá léi dá bhféadfadh sí bheith ag scríobh go lánaimseartha ach deir sí nach dtarlóidh sé sin mura n-éiríonn léi na mílte cóip de leabhar dá cuid a dhíol. Tá sí ina ball dAos Dána le roinnt blianta anuas anois. Cad iad na buntáistí a bhaineann le bheith i do bhall den eagraíocht seo?
Is gradam é agus aitheantas. Dá mba rud é go raibh mé ag iarraidh bheith ag scríobh go lánaimseartha dfhéadfainn cur isteach ar an gcnuas. Tá dhá mhíle dhéag euro in aghaidh na bliana ar fáil chaithfeá roinnt mhaith airgid a thuilleamh le cur leis sin. Ní leor é. Ach ar a laghad bheadh sé go deas fios a bheith agat go raibh sé sin ann. Dá n-éireodh go maith le húrscéal de mo chuid, is dócha go mbeinn ag smaoineamh air sin a dhéanamh.
Tuigeann sí go mbíonn daoine ag caitheamh anuas ar Aos Dána go minic, ag cur i leith gur *elite *atá i gceist, ach tá Éilís an-dearfach faoi.
Tá sé go deas bheith ann. Caithfidh sé bheith teoranta. Tá méadú tagtha ar líon na mball le déanaí, is dócha. Muna mbíonn rud exclusive, cén fáth a mbeadh daoine ag iarraidh bheith ann in aon chor?
Tá sé daonlathach go leor an tslí a dtoghtar na baill. Is iad na baill atá ann a thoghann baill nua. Bíonn a lán daoine ag iarraidh dul isteach ann gach bliain agus ní éiríonn leo go léir. Tá a lán daoine agus ba cheart go mbeadh siad ann, ach níl siad ann. Tugann tú é sin faoi deara go minic freisin. So, tá fadhbanna ag baint leis ach is fearr ann nó as é.
Nuair a smaoiníonn tú ar an drochbhail a bhí ar dhaoine mar Paddy Kavanagh, agus daoine mar sin, dá mba rud é go raibh a leithéid ann bheadh saol níos compordaí acu agus dínit éigin.
Tá cuid de shaothar Éilís aistrithe go Gearmáinis, Fraincis, Ollainnis, Danmhairgis, Rúisis, Slóivéinis agus teangacha eile nach iad. An rud a tharlaíonn go minic ná go ndíolann na foilsitheoirí cearta na leabhar ag margaí móra leabhar, leithéidí cheann Frankfurt, nó go gcloiseann foilsitheoir nó aistritheoir éigin í a léamh ag féile litríochta. Bhí sí i láthair ag an fhéile mhór sin Imaginaire Irlandais roinnt blianta ó shin agus is mar gheall air sin atá aistriúchán Fraincise dá dráma *Dún na mBan Trí Thine *ar fáil anois.
Cuirim ceist uirthi cén bhrí atá le teideal a leabhair nua, Hurlamaboc.
Chuala mé an focal i nDún Chaoin agus mé ar saoire ansin, ón scéalaí Bab Feirtéar. Is scoláire le béaloideas é mfhear céile agus tá ana-chuid bailithe aige ón mBab fuair sí bás anuraidh. Do chuala mé an focal seo ar théip agus dúirt mé Teastaíonn uaim an focal seo a úsáid ar shlí éigin. Rírá atá i gceist leis.
Níor thóg sé rófhada ar Éilís an leabhar áirithe seo a scríobh.
Bhí mé ag smaoineamh air agus ag scríobh thús an scéil ar feadh leathbhliana, ansin scríobh mé an rud ar fad i rith an tsamhraidh thóg sé mí nó dhó orm.
Tá an Ghaeilge atá sa leabhar simplí go leor. An ar fhoghlaimeoirí atá sé dírithe, mar sin?
Tá sé dírithe ar gach aon léitheoir ach is dócha gur ar dhéagóirí is mó atá sé dírithe. Do scríobh mé é mar choimisiún ó Bhord na Leabhar Gaeilge agus do thug siad na coimisiúin sin do scríbhneoirí chun leabhair a bheadh fóirsteanach do pháistí nó do dhéagóirí a scríobh. Bhí sé i gcónaí i gceist agam rud éigin a scríobh faoin saol comhaimseartha i mBaile Átha Cliath agus an saghas seoinínteachta nua atá ag baint leis. Bhí an smaoineamh sin agam ar feadh i bhfad agus tháinig sé le chéile leis an gcoimisiún seo.
An dóigh léi go bhfuil sé réadúil na carachtair go léir sa leabhar bheith ag labhairt Gaeilge agus cónaí orthu i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath?
Tá a fhios agat nach mbeadh Gaeilge á labhairt ag na daoine seo dá mba rud é go raibh sé réadúil. Níl mé ag rá gur Gaeilgeoirí iad na daoine sa leabhar seo - is gnáthdhéagóirí iad agus is Béarla a bheadh á labhairt acu, is dócha. Do dhein mé iarracht, ar an lámh eile de, úsáid a bhaint as an saghas Gaeilge a úsáideann an dream a bhfuil Gaeilge Bhaile Átha Cliath acu. Tá aithne agam ar na daoine sin mar tá páistí agam féin. An saghas Gaeilge a labhraíonn siad i ndeisceart na cathrach! Tá a gcanúint bheag féin acu! Ceapaim go bhfuil sé sin an-suimiúil.
Dfhéadfá scríobh faoi shaol na hÉireann i dteanga ar bith ní gá go mbeifeá ag scríobh sa teanga atá á labhairt san áit. Ní dóigh liom go ndéanann sé difríocht. Ba bhreá liom scríobh sa dá theanga. Ba bhreá liom leabhar a scríobh a bhainfeadh úsáid as an dá theanga, Béarla agus Gaeilge.
Níl aon rún ag Éilís éirí as an scríbhneoireacht.
Ag an aois ag a bhfuilim, is dócha go gcuirim ceist orm féin cén fáth a bhfuil mé ag scríobh. Tá an baol ann mar scríbhneoir go leanfá ar aghaidh ag déanamh na rudaí céanna. Cailleann sé an úire agus na tréithe a bhí aige ar dtús agus is féidir leis an saothar éirí tuirseach agus spíonta. Ach ní fhéadfainn mo shaol a shamhlú gan scríbhneoireacht a bheith ann. Bíonn tuairimí agam, bíonn smaointe i gcónaí i mintinn a ba mhaith liom a scríobh síos amach anseo.
Tá úrscéal nua Éilís Ní Dhuibhne, Hurlamaboc, ar fáil ar www.coislife.ie anois ar 10.