“Ré dhorcha” a thugann Máirtín Ó Muilleoir ar an tréimhse ar toghadh mar chomhairleoir de chuid Shinn Féin é ar Chomhairle na Cathrach i mBéal Feirste. Bhuaigh sé an suíochán i mí Dheireadh Fómhair 1987 agus an mhí dar gcionn, ar an 8 Samhain, maraíodh aon duine dhéag agus gortaíodh trí scór i mbuama Inis Ceithleann. An bhliain sin, chaill breis is céad duine ar fad a mbeatha i gcoimhlint fhuilteach na Sé Chontae.
Bhraith Máirtín i ndainséar i gcónaí sa deich mbliana a chaith sé ag obair mar chomhairleoir - ní nach ionadh nuair a smaoiníonn tú gur maraíodh suas le dhá dhuine is fiche a raibh baint dhíreach nó indíreach acu le Sinn Féin. Ar an 1 Bealtaine 1993, mar shampla, dhúnmharaigh an UFF Alan Lundy (39), comhairleoir de chuid an pháirtí, agus é ag obair i dteach Alex Maskey i mBaile Anderson. I mí Lúnasa na bliana céanna, mharaigh na dílseoirí Sean Lavery (21), mac leis an chomhairleoir Bobby Lavery, nuair a scaoil siad urchair lena theach ar Bhóthar Aontroma.
Nuair a chas mé le Máirtín i mBéal Feirste i lár mhí an Mheithimh, d’admhaigh sé go raibh sé dian go maith ar na nearóga a bheith ag obair mar chomhairleoir. Bhí sé féin agus a theaghlach ina gcónaí i ndún, nó “bunker” mar a thugann sé féin air. Bhí comhlaí den chineál a fheiceann tú ar shiopaí taobh istigh d’fhuinneoga a thí agus bhíodh air iad seo a chur faoi ghlas gach tráthnóna i dtrátha a sé a chlog. Is minic a bhíodh air a chuid páistí a thabhairt suas staighre go luath tráthnóna le cinntiú go mbeadh siad ní ba shábháilte.
Chonacthas baill den ghrúpa paramíliteach, the Ulster Defence Force, taobh amuigh dá theach lá ag glacadh grianghraf. Thuig sé go raibh sé “ar an liosta” ach bhí a fhios aige gur beag cuidiú a bheadh le fáil aige ó na húdaráis agus é ag iarraidh é féin agus a theaghlach a chosaint.
“Ar ndóighe, ní raibh cosaint ar bith againn. Dhiúltaigh an NIO [Oifig Thuaisceart Éireann] airgead a chur ar fáil dúinn leis an teach a chosaint i gceart. Dhiúltaigh siad fosta gunna a thabhairt domh.”
Troid chrua
Tá Máirtín Ó Muilleoir gníomhach go polaitiúil ó bhí tús na n-ochtóidí ann. Ag an am sin, chaith sé tréimhse ag obair go lánaimseartha leis na príosúnaigh phoblachtánacha a bhí ar stailc ocrais agus ansin chinn sé ar dhul isteach i Sinn Féin. Sheas sé do Chomhairle na Cathrach ar dtús i 1985 agus d’éirigh leis suíochán a bhaint amach dhá bhliain ina dhiaidh sin.
“Bhí achan chruinniú ina chogadh, mar ní raibh cead agat labhairt. Bhí siad [na hAontachtaithe] i gcónaí ag iarraidh do chearta a bhaint díot. Bhunaigh siad fochoistí, dhíbir siad Sinn Féin ó na fochoistí sin agus ansin rinne an fochoiste obair an choiste mhóir. B’éigean dúinn sin a thabhairt chun na cúirte. Dhiúltaigh siad deontais a thabhairt do ghrúpaí in iarthar Bhéal Feirste - bhí sin le troid. Dhiúltaigh siad cuireadh a thabhairt do Shinn Féin chuig na hócáidí i Halla na Cathrach. B’éigean dúinn sin a thabhairt chun na cúirte fosta.”
Agus, lena chois sin uilig, bhí na maslaí ann. Tá cuimhne aige Sammy Wilson, ball den DUP agus iar-Ardmhéara de chuid Bhéal Feirste, agus Rhonda Paisley ón pháirtí céanna, ag canadh na línte seo a leanas le linn cruinnithe: “No Pope and no priest, no rosary beads. Every day is the twelfth of July”. Ar ócáid eile, nuair a bhí a lámha in airde le linn vótála ag Máirtín agus a chomhghleacaithe, dúirt Wilson, “They’ve got their hands up like Mairéad Farrell in Gibralter” (tagairt a bhí anseo don bhall den IRA a mharaigh an SAS i mí an Mhárta 1988).
D’éirigh Máirtin dúthuirseach de na maslaí agus den tsíorchoimhlint agus chinn sé ar éirí as an pholaitíocht i 1997. Measann sé gur bhain Sinn Féin cuid mhór amach le linn na tréimhse a chaith sé féin ar an Chomhairle. Nuair a chuaigh sé isteach i Halla na Cathrach (nó The Dome of Delight, mar a thugann sé féin air!) ar dtús sna hochtóidí bhí ar Shinn Féin a bheith ina dtost ach bhí cead cainte faighte acu faoin am a d’fhág sé.
Cúlra polaitiúil
Ní cúis iontais é go ndeachaigh Máirtín Ó Muilleoir leis an pholaitíocht. Bhí baint ag a mháthair le bunú Mhuintir na Síochána i 1972 agus chonaic sé doirteadh fola timpeall air go leanúnach agus é ag éirí aníos. “An áit ar tógadh mise i mBaile Anderson, bhí cogadh foscailte ann idir na hóglaigh agus arm na Sasana, seachtó a haon, seachtó a dó, seachtó a trí. Maraíodh cara de chuid mo mháthar i gceann de na cathanna gunna. Is cuimhin liom Operation Motorman i 1972, nuair a scaoil siad piléir rubair le comharsanach d’ár gcuid, Emma Groves, a raibh aon duine dhéag clainne aici, agus scaoileadh na súile aisti. Is cuimhin liom na paratroopers a bheith ag rith thart ag mallachtaí linn.” Tá cuimhne mhaith aige fosta ar an lá ar scaoil an SAS Bobby Gamble, duine de bhunaitheoirí Bhunscoil Phobal Feirste, taobh amuigh dá theach.
“Sílim go raibh muid uilig mar dhaoine óga ar thaobh ár gcomharsanaigh, a bhí amuigh ansin le gunnaí ag scaoileadh leis na strainséirí seo. B’aisteach an duine nach mbeadh ar thaobh na gcomharsanach.”
Ceist againn ort...
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
A Prayer for the City, beathaisnéis Mhéara Philadelphia, Ed Rendell, a dhéanfas cibé atá le déanamh leis an chathair a shábháil.
Cén ceol is fearr leat?
Loudon Wainwright III.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
One Flew Over the Cuckoo’s Nest.
Cá dtéann tú ar saoire?
Beidh mé i dTigh Jack i nGaoth Dobhair don dara lá déag.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Más dóigh leat gur mórthír atá sa Bhreatain, cúig huaire, muna gcreideann deich n-uaire.
Cén bhialann is fearr leat?
An Caifé Glas sa Chultúrlann i mBéal Feirste, ar ndóighe, ach tá an pláta bia mara i dTigh Jack gan sárú.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Na daoine a chuaigh i gcontúirt le haire a thabhairt dom nuair a bhí mé faoi bhagairt agus mé i mo chomhairleoir de chuid Shinn Féin.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
Roy Mason.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Míchothromas an tsaoil.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach lá?
Dála na mná tí, má bhíonn mo shúile oscailte, bím ag obair.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Mo shaol.
Rinne Máirtín féin cinneadh, áfach, a bheith “ar thaobh na n-aingeal” (mar a deir sé) agus dul leis an pholaitíocht seachas a bheith páirteach sa streachailt armtha. Measann sé go raibh sé tábhachtach an fód a sheasamh agus foréigean a úsáid ach i ndiaidh uafás Inis Ceithleann tháinig sé ar an tuiscint go mbeadh sé níb éifeachtaí cloí le modhanna polaitiúla agus na gunnaí a chur ar leataobh.
“Inis Ceithleann an chéad cheann de na móruafáis a tharla a thug le fios domhsa go raibh an streachailt armtha mícheart agus nach raibh sé ag dul a oibriú. Bhí ceist mhór mhorálta ann fosta mar go raibh daoine neamhurchóideacha ag fáil bháis.”
Thuig sé chomh maith go raibh na hAontachtaithe ag úsáid fhoréigean an IRA le Sinn Féin a chur ina dtost ach nach mbeadh an deis acu é seo a dhéanamh dá mbeadh an tsíocháin i réim.
Treo nua
Bhí an Andersonstown News sásta obair a chur ar fáil do Mháirtín sna hochtóidí agus sna nóchaidí, fiú agus an baol ann i gcónaí go ndéanfaí é a lámhach agus é i mbun a chuid oibre. Bhíodh air seaicéad cosanta a chaitheamh agus é ag fágáil na hoibre le dul chuig cruinnithe i Halla na Cathrach agus is minic a thiománadh comhghleacaí dá chuid sa nuachtán chuig geata de chuid an halla é (ceann difriúil gach uair, ar chúiseanna slándála).
Bhí cúig bliana déag caite aige leis an nuachtán nuair a tháinig deis iontach chun cinn i 1997, an bhliain a d’éirigh sé as an pholaitíocht. Bhí Séamas Mac Seáin, an stiúrthóir, ag éirí as agus thairg sé post sinsearach do Mháirtín. Thapaigh sé an deis go fonnmhar.
Anois, tá sé ag feidhmiú mar bhainisteoir eagarthóireachta agus mar fhoilsitheoir (i gcomhar le Seán Mac Seáin) ar an Andersonstown News féin, ar an North Belfast News (a bunaíodh i 1998) agus ar an South Belfast News (a lainseáladh an mhí seo caite). Lena chois sin, cheannaigh an grúpa an nuachtán seachtainiúil Gaeilge Lá i mí an Aibreáin 1999 agus tá seisear fostaithe go lánaimseartha leis an pháipéar sin anois agus tá “an oifig is nua-aimseartha in Éirinn acu”, dar le Máirtin.
Tá sé bródúil as na nuachtáin atá faoina chúram. “Briseann an North Belfast News scéalta móra náisiúnta go minic, faoi chás Pat Finucane, cuir i gcás. Tá an páipéar ag déanamh cúpla punta agus ag dul i bhfeidhm ar an phobal.”
Ó thaobh an airgid de, a mhalairt atá fíor faoi Lá - chaill an nuachtán £33,500 idir Aibreán 1999 agus Meán Fómhair 2000. Tá deontas níos mó faighte ó Fhoras na Gaeilge anois agus tá an comhlacht sásta leanúint ar aghaidh ag infheistiú airgid ann.
Tá sé beartaithe, ó thús na bliana seo chugainn ar aghaidh, an páipéar a fhoilsiú in aghaidh an lae, in ainneoin an costas a bhainfidh leis seo. Nach bhfuil sé seo rud beag ró-uaillmhianach? “Tá mé ag súil go mbeidh cúig mhíle duine sásta an páipéar a léamh gach lá. Beidh sé spleodrach, beidh sé beomhar, beidh sé greannmhar, beidh nuacht ann nach mbeidh le fáil áit ar bith eile. Brisfidh sé scéalta. Fiú má chaitheann muid fir nochta a chur ann, déanfaidh muid sin!”
Tráchtann sé cúpla uair san agallamh ar “infheistíocht i ndaoine” agus an tábhacht a bhaineann le scileanna agus oiliúint cheart a chur ar fáil. Tá sé bródúil chomh maith go bhfuil ráta ceart pá, ráta a socraíodh le ceardchumann na n-iriseoirí, á íoc leo siúd atá ag obair le Lá.
Tá sé dóchasach gur féidir teacht ar an airgead chun páipéar ceart Gaeilge a chur amach in aghaidh an lae. “Tá Fianna Fáil i gcumhacht. Tá siad ar son na bhforas trasteorann. Má théann Foras na Gaeilge chucu agus má iarrann siad deontas méadaithe go milliún punta, an bhfuil siad ag dul a rá ‘No’? Cad é mar a thig leat a bheith ar son na bhforas trasteorann agus gan airgead a chur ar fáil le go dtig leo a gcuid dualgaisí a chomhlíonadh, dualgaisí uaillmhianacha?”
Deir Máirtín go bhfuil saoirse iomlán ag eagarthóirí a chuid nuachtán a rogha rud a scríobh sna heagarfhocail. Deir sé nach n-aontaíonn sé le gach rud a scríobhtar iontu (bhain an t-ionsaí sa North Belfast News ar shagart paróiste a dhiúltaigh comaoineach do bhuachaill óg siar as, mar shampla) ach nach gcuireann sé cosc riamh orthu. Ní bhíonn coimhlint i gceist, dar leis, de bharr go bhfuil an dearcadh céanna, cuid mhaith, aige féin agus ar a chuid eagarthóirí. “Tá muid ar thaobh na hÉireann. Tá muid ar thaobh an lucht oibre agus grúpaí mionlaigh - an lucht siúil, mar shampla. Faigheann sé i dtrioblóid muid, thig liom a rá leat, nuair a scríobhann muid eagarfhocal ag tacú leis an lucht siúil. Tá muid go láidir ar son an phróisis síochána fosta.”
An Ghaeltacht
Nuair a chuirim ceist air an bhfuil sé éadochasach faoi thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht, deir sé gur duine é a fheiceann “an gloine leathlán” i gcónaí. Cuireann sé díomá air go bhfuil aos óg na Gaeltachta ag tréigean na teanga ach deir sé nach bhfuil sé ag brath a chuid ama a chaitheamh ag caoineadh faoi seo - is fearr, dar leis, bogadh ar aghaidh agus rudaí dearfacha a dhéanamh.
Measann sé go bhfuil go leor “nutcases” i saol na Gaeilge, go leor acu sna Sé Chontae, a dhéanann iarracht a gcuid tuairimí faoi iompar teanga a bhrú ar mhuintir na Gaeltachta agus gur beag maitheas a dhéanann sé seo. Bhí an claonadh seo aige féin tráth ach deir sé go bhfuil ceacht foghlamtha aige.
Labhraíonn sé fosta faoi na daoine a bhíodh i gCumann Chluain Aird i mBéal Feirste ag iarraidh a bheith níos Gaelaí ná a chéile. “Chím na daoine sin ag dul ann go fóill. Sílim gur balls atá ann.”
Nuair a chuala mé tamall ó shin go raibh sé beartaithe ag Máirtín Ó Muilleoir Lá a fhoilsiú go laethúil amach anseo, mheas mé go raibh mearbhall ceart air. Agus é mo thaispeáint thart ar an fhoirgneamh breá úr atá ag a chomhlacht, a osclaíodh anuraidh agus a chosain £1.3 milliún, agus ar an chlólann a ceannaíodh i Meiriceá ar $740,000, ritheann sé liom den chéad uair go mb’fhéidir go n-éireoidh leis.
In ainneoin blianta fada a chaitheamh ag plé le polaitíocht shalach Halla na Cathrach, is duine é a bhfuil idéalachas ag baint leis go fóill, a bhfuil fís aige. Tá a leithéid gann go leor i saol na Gaeilge.
Tá fáil ar an cholún seachtainiúil “Straight-talking” a scríobhann Máirtín Ó Muilleoir san Andersonstown News ag www.irelandclick.com.