AGALLAMH BEO
Lillis Ó Laoire
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

a chion féin déanta ag an amhránaí Conallach Lillis Ó Laoire don amhránaíocht ar an sean-nós san iarthuaisceart le roinnt mhaith blianta anois. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoin amhránaíocht, faoina shaol i Meiriceá agus faoin chonspóid idir é féin agus an déantóir scannán Bob Quinn níos luaithe i mbliana.

Íomhá
Íomhá

Is duine é Lillis Ó Laoire a bhfuil blianta fada dá shaol caite aige ag plé leis an amhránaíocht ar an sean-nós agus a d’éirigh aníos ar maos i gcultúr na Gaeilge. Is cúis iontais é, mar sin, go bhfuil sé ag cur faoi i Meiriceá le tamall anuas agus go bhfuil sé fiú ag smaoineamh ar shocrú síos ansin go buan. Tá cónaí air in California i láthair na huaire, agus tá sos gairme dhá bhliain tógtha aige óna phost mar léachtóir le Gaeilge agus mar Stiúrthóir ar Ionad an nAmhrán in Ollscoil Luimnigh.

Le linn dó a bheith ar ais in Éirinn ar cuairt roinnt míonna ó shin d’ól mé cupán caife leis maidin amháin sa chaife Gaeilge Trí-D i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí sé i ndiaidh a bheith in RTÉ an oíche roimhe sin, áit a raibh sé mar aoi ar chlár stiúideo faoi shaol an fhile Cathal Ó Searcaigh, seanchara dá chuid. Bhí sé ar a shuaimhneas nuair a chas sé liomsa an mhaidin dár gcionn, fial lena chuid ama agus breá cainteach.

Thug sé le fios go láidir go bhfuil sé breá sásta a bheith lonnaithe i mbruachbhaile de chuid Los Angeles agus, cé go mbraitheann sé uaidh an baile, go bhfuil sé ar a shuaimhneas ansin mar sin féin.

Is fada ó ghleo na cathrach a rugadh agus a tógadh Lillis. Is as Gort an Choirce ó dhúchas é, áit a raibh gnólacht, Óstán Mhic Pháidín, a reáchtáil ag a mhuintir ar feadh na mblianta fada. Fuair Lillis a chuid bunscolaíochta i Scoil Chaiseal na gCorr agus ansin chuaigh sé ar aghaidh go Pobalscoil Chloich Cheannfhaola (nó “Pobalscoil an Chairn Aolaigh, mar a thug fear as Gaoth Dobhair air!” arsa Lillis.)

Deir sé go ndeachaigh a thréimhse ar scoil go mór chun tairbhe dó, cé go raibh go leor brúidiúlachta ann ag an am. Thaitin sé leis go raibh béim ar rudaí dúchasacha, go háirithe sa bhunscoil.

“D’fhoghlaim mé go leor de na hamhráin atá agam anois ag an am, ‘Siuán Ní Dhuibhir’ agus ‘Buachaill ón Éirne’, abair. Déarfainn go raibh an múinteoir, Áine Nic Giolla Chearra, ag tarraingt as an leabhar sin Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh. Tá cuimhne agam gur fhoghlaim muid ‘Na Buachaillí Álainn’ ar an bhunscoil fosta agus níl a fhios agam cá háit faoi Dhia a dtáinig sí trasna air sin nó ní raibh Clannad ar an fhód san am sin.

Céim

Thug Lillis aghaidh ar an ollscoil i nGaillimh i ndiaidh na hArdteiste, áit ar bhain sé céim amach sa Laidin agus sa Ghaeilge. Rinne sé staidéar ar an Fhraincis sa chéad bhliain, ach chinn air greim ceart a fháil ar an teanga sin, agus deir sé go raibh an t-ádh air na cosa a thabhairt leis san ábhar ag deireadh na bliana acadúla.

Rinne sé an tArd-Teastas san Oideachas i ndiaidh dó an chéim a bhaint amach agus, ina dhiaidh sin arís, MA sa Ghaeilge. Fuair sé post gan mhoill i ndiaidh dó an mháistreacht a bheith curtha de aige i gColáiste Thuamhumhan (atá anois mar chuid d’Ollscoil Luimnigh).

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

I nGaeilge tá mé ag léamh An Mairnéalach Dubh. Aistriúchán atá ann a rinne Seosamh Mac Grianna ar The Nigger of the Narcissus le Conrad. Leabhar clasaiceach é seo a ba cheart a chur i gcló arís. I mBéarla le gairid, léigh mé A Speckled People le Hugo Hamilton, leabhar a thaitin go mór liom. Scéal a óige atá ann agus mar a d’fhás sé aníos i dteach nach raibh cead Béarla a labhairt ann. Léigh mé fosta That They May Face The Rising Son le John McGahern - sárleabhar amach is amach.

Cén ceol is fearr leat?

Is maith liom achan chineál ceoil. Dar ndóigh éistim le cuid mhór amhránaíochta. Is maith liom an ceirnín The Road to Connemara le Joe Éiniú a chuir Cló Iar-Chonnachta amach cúpla bliain ó shin. Is maith liom ceol cruinne as áiteacha éagsúla.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Ceist dhoiligh. Chonaic mé scannán Francach i mBaile Atha Cliath le gairid a bhí ar fheabhas. *Etre et Avoir *ab ainm dó. Scannán faisnéise a bhí ann faoi bhliain scoile i scoil bheag i gceantar sléibhe san Auvergne sa Fhrainc. Thaitin scannán Almodovar *Talk to Her *liom fosta.

Cá dtéann tú ar saoire?

Chaith mé ceann de na saoirí ba taitneamhaí dá raibh riamh agam sa Phortaingéil dhá bhliain ó shin. Bhí seachtain agam in Lisboa agus seachtain eile i ngleann an Duoro sa taobh ó thuaidh. Bhí sé iontach.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Chaith mé an bhliain i Meiriceá anuraidh. Chaith mé dhá mhí in Éirinn. Chaith mé seachtain i dTalamh an Éisc ar chomhdháil agus seachtain i bPáras ar saoire.

Cén bhialann is fearr leat?

In California, is maith liom bialann bheag atá ag daoine as Vítneam cóngarach don áit a bhfuil mé i mo chónaí. Gheobhaidh tú do chuid ann agus tráth maith ar airgead iontach beag. Pho 999 an t-ainm atá air. I gCo. an Chláir, tá bialann bheag i gCora Finne darb ainm “Le Chatelenais” a ritheann lánúin arb as an Fhrainc eisean agus arb Éireannach bean an tí. Tá scoith an bhia ann agus seirbhís mhaith chairdiúil.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Tá meas agam ar chuid mhór daoine, go háirid daoine a bhfuil aisling acu agus a dhéanann a ndícheall an aisling sin a fhíorú. Is doiligh duine amháin a ainmniú. Bhí meas mór agam ar an chailín óg Rachel Corrie a maraíodh sa Phailistín i dtús na bliana, agus í ag obair ar son na síochána.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Arís is iomaí duine. Mo mhuintir go háirid, agus ansin Seán Ó hEochaidh. Róise Anna Nic Amhlaidh, as an Cheathrúin Íochtarach, máthair mhór mhuintir Learmont, bhí sí ina cionn iontach maith dúinn agus muid beag.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Is beag orm antoisceacht de chineál ar bith.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Oibrím suas le leathchéad uair sa tseachtain - amanta níos mó agus amanta níos lú. Braitheann sé ar chomh gnoitheach agus tá mé.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Mura mbím cinnte de rudaí, cuireann sin strus orm. Is beag orm ag déileáil le maorlathas de chineál ar bith - cuireann sé i mbarr mo chéille mé go minic.

An bhfuil tú sásta leis an mhéid atá bainte amach agat i do shaol?

Sásta go leor. Thiocfadh liom níos mó a bheith déanta agam ach níl caill ar rudaí an dóigh a bhfuil siad ach oiread.

Cé go raibh cáilíocht mhúinteoireachta aige, deir sé nach raibh cuma ná caoi ar a chuid teagaisc sna blianta tosaigh sin. Bhíodh cúrsaí réasúnta ginearálta á múineadh aige a raibh sé mar aidhm acu “pictiúr iomlán” a thabhairt do na mic léinn de litríocht na Gaeilge sna tréimhsí éagsúla.

Nuair a fhiafraím de an mbraitheann sé go bhfuil na caighdeáin acadúla agus caighdeán na Gaeilge tar éis dul in olcas ó chuaigh seisean i mbun oibre mar léachtóir, cuireann a fhreagra iontas orm. Tá sé de nós ag an lucht acadúil, agus aos léinn na Gaeilge go háirithe, a bheith de shíor ag clamhsán faoi chaighdeán na mac léinn agus a bheith ag caitheamh i ndiaidh na ré órga, nuair a bhí formhór na mac léinn, dar leo, ar fheabhas an tsaoil.

“Is dócha go bhfuil an caighdeán ag athrú. Tá sé ráite ag Jim McCloskey ina leabhar Guthanna in Éag - an mairfidh an Ghaeilge beo?go mairfidh an Ghaeilge ach go mbeidh sí iontach difriúil don chineál Gaeilge a bhfuil suim againne inti. Sílim go mbeidh sin amhlaidh. An bhfuil a fhios agat, ghlac sé trí nó ceithre chéad bliain leis an Ghaeilge a chur faoi chois - níl sí ag gabháil a theacht ar ais in aon oíche amháin.”

Measann Lillis go bhfuil claonadh róláidir ann a bheith ag brú na Gaeilge ar dhaoine sa tír seo agus go bhfuil an-díobháil déanta ag an chur chuige sin. Chonaic sé féin a leithéid ag tarlú nuair a bhí sé ag plé le múinteoirí a raibh orthu scrúdú an cheardteastais a fháil, ar mhaithe le post buan a fháil faoi na Coistí Gairmoideachais.

“Bhí an rud brúidiúil ó thaobh a bheith á chur i bhfeidhm go praiticiúil. Bhí sé ag cur daoine in éadan na Gaeilge go millteanach. Bhí an curaclam bunaithe ar rud inteacht a bhí ann sna naoi déag daichidí.

“Thug Muiris Ó Laoire [teangeolaí as Ciarraí] ainm iontach suimiúil air: ‘coilíneacht droim ar ais’. Á brú siar sa scadán ag daoine, an dóigh chéanna ar brúdh Béarla orthu, céad go leith bliain ó shin ná mar sin.”

Ionad na nAmhrán

baint mhór ag Lillis le hIonad na nAmhrán in Ollscoil Luimnigh ó bhí lár na nóchaidí ann. Ceapadh Mícheál Ó Súilleabháin mar Ollamh le Ceol sa choláiste ag an am sin agus theastaigh uaidh rud éigin a dhéanamh ar son na hamhránaíochta Gaeilge. D’éirigh leis maoiniú a fháil ó Bhord na Gaeilge (mar a bhí ar Fhoras na Gaeilge ag an am) agus thug sé cuireadh do Lillis a bheith ina Stiúrthóir ar bhonn páirtaimseartha ar an Ionad.

Chinn siad ar fhéile bheag, Lá na nAmhrán, a chur ar bun an chéad bhliain sin, agus tá an-rath ar an imeacht ó shin i leith.

D’éirigh le Lillis Scoláireacht Fullbright a ghnóthú, rud a chuir ar a chumas an bhliain acadúil 1996-97 a chaitheamh ag staidéar i Roinn an Cheoil agus na hEitneacheoleolaíochta in UCLA i gCalifornia.

“Bhí bliain ar dóigh agam. Bhí mé ag freastal ar chúrsaí san Antraipeolaíocht, sa Cheol féin, sa Léann Cultúrtha agus sa Bhéaloideas. D’oscail sé mo shúile domh agus chuir sé ag léamh mé. Agus bhí neart ama agam le bheith ag léamh. In UCLA, an áit a raibh mé, tá ceann de na leabharlanna is fearr taighde i Meiriceá. Cheannaigh mé ríomhaire glúine i mí na Samhna agus, nuair a fuair mé sin ag gabháil, dúirt mé liom féin go raibh mé ag gabháil a scríobh míle focal sa lá - bhí mé mé ag gabháil do thráchtas dochtúireachta - agus nuair a bheadh an míle focal scríofa agam go dtiocfadh liom mo rogha rud a dhéanamh. Thosóinn ar maidin agus b’fhéidir go mbeinn ag scríobh go dtí a dó dhéag, ansin bheadh ranganna agam ón trí go dtí a sé. Bhí sé iontach.”

Deir sé go ndeachaigh an tréimhse seo i Meiriceá i bhfeidhm air mar dhuine. Speag sé go mór é a bheith i measc oiread cultúr difriúil agus chonacthas dó go rachadh sé go mór chun sochair a thíre dúchais a bheith chomh hilchiníoch céanna is atá Meiriceá. Tá lúcháir air go bhfuil sé seo ag tarlú in Éirinn le blianta beaga anuas.

Toraigh

Thug Lillis cuairt ar Thoraigh ar dtús nuair a bhí sé sna déaga agus tá sé ag tarraingt ar an áit ó shin. Thug sé cuairt ar amhránaí aosta de chuid an oileáin, Séamas Ó Mianáin, i 1984 agus chuir sé iontas an domhain air an stór ollmhór amhrán a bhí aige. Ní hamháin go raibh na hamhráin aige féin, ach bhí siad de ghlan mheabhair fosta ag neacht dá chuid, a raibh cónaí air léi.

Nuair a rachadh sé ciotach san amhrán, cheartódh sise é. Sin an chéad amharc a fuair mé ar an ghréasán pobail seo. Bhí na hamhráin uilig acu agus bhí na hamhráin ina chineál de chomórtas acu, achan duine ag iarraidh a bheith chomh maith leis an duine eile, ach gan duine ar bith sásta a admháil go raibh an duine eile chomh maith leis. Rud a bhí ann i measc an phobail a dtiocfadh leat a bheith ag caint fá dtaobh de agus ag argáil fá dtaobh de. Choinnigh sé brí agus beatha sa phobal.”

D’fhoghlaim Lillis neart amhrán ó bhunadh Thoraí agus bhí go leor acu le fáil ar Bláth Gach Géag dá dTig, an t-albam a d’eisigh sé i 1992. Chan Lillis le tionlacan ar an albam *Echoing *a chuir Colm Ó Foghlú amach roinnt blianta ina dhiaidh sin, rud a chuir iontas ar go leor daoine. Bheadh fonn air tabhairt faoina leithéid arís, a deir sé.

“Ba mhaith liom taifeadadh eile a dhéanamh d’amhráin gan tionlacan, ansin ba mhaith liom taifeadadh a dhéanamh le tionlacan. Cuid de na hamhráin atá déanta agam a dhéanamh arís, b’fhéidir, le tionlacan.”

D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta tráchtas dochtúireachta Lillis i bhfoirm leabhair anuraidh agus *Ar Chreag i Lár na Farraige *mar theideal air. Tá sé sásta leis an dearadh atá ar an leabhar agus leis an ábhar atá le fáil ann, cé go mbraitheann sé go bhfuil stíl an tráchtais róláidir anseo agus ansiúd. Is staidéar é an leabhar ar thábhacht thraidisiún na hamhránaíochta agus an cheoil i measc phobal Thoraí agus scríobh sé é ar mhaithe le haird a tharraingt ar an saibhreas atá ag bunadh an oileáin.

“Rinneadh leithcheal agus neamart i dTír Chonaill agus rinneadh leithcheal agus neamart i dToraigh. Tá leabhar iontach cumhachtach, meallann sé aire na ndaoine. Cuideoidh sin leis na ceoltóirí fosta.”

An gcuireann sé díomá air go bhfuil lucht léinn na Gaeilge, den chuid is mó, gafa le réimsí an-chúnga agus nach spéis leo saothar mar seo a chur i gcló?

“Sílim an rud atá ann ná go bhfuil cineálacha áirithe léinn faoi mheas agus go bhfuil cineálacha eile léinn ansin nach bhfuil meas orthu. Agus baineann sin leis an choilíneacht droim ar ais, daoine ag iarraidh cruthú go raibh traidisiún fada litríochta againn. Ach tá ganntanas mór scoláirí ann leis na téacsanna a chur ar fáil. Níl mé ag cur lochta ar na daoine atá sáite san obair sin - sin an t-oideachas a fuair siad féin agus sin an treo a lean siad. Tá an rud ag dul ó bhliain go bliain agus ó ghlúin go glúin, gan athrú.

“Ach caithfidh muid, sílim, an rud feidhmeach a thabhairt isteach sa Ghaeilge. Bhí mé ag léamh ailt ansin an lá eile fá na mothúcháin agus tú ag foghlaim teanga. Tá ábhar PhD ansin, b’fhéidir cúpla PhD. Cad é an tionchar atá ag mothúcháin ar dhaltaí sna meánscoltacha? Cad é an tionchar atá ag na mothúcháin nuair a aistríonn siad ón mheánscoil go dtí an ollscoil agus cad chuige a bhfuil siad chomh faiteach sin agus go bhfuil an oiread sin beaguchtaigh orthu agus iad ag iarraidh a bheith ina gcainteoirí maithe. Tá rud inteacht iontach domhain istigh ansin ach níl staidéar déanta ag duine ar bith air. Ba cheart do na hollúna rudaí mar sin a chur chun tosaigh, chomh maith le nualitríocht agus litríocht na meánaoiseanna.”

Bob Quinn

Bhí conspóid mhór ar siúl idir an déantóir scannán Bob Quinn agus Lillis níos luaithe i mbliana. Chuir sé olc ar Quinn nach raibh Lillis róthógtha leis an mhéid a bhí le rá aige faoi thionchar oirthearach a bheith ar an amhránaíocht ar an sean-nós agus chuir sé a mhíshásamh in iúl go láidir.

“Caithfidh mé a rá gur shíl mé go raibh sé rud beag gangaideach agus nimhneach, nuair nach raibh feidhm leis. D’fhéadfadh sé a phointe a dhéanamh, cinnte, gan mé a stróiceadh agus a stialladh mar a rinne sé. Ach insíonn sé níos mó faoi féin ná mar a insíonn sé fá dtaobh díomsa.

“Sílim go bhfuil a chuid cláracha teilifíse suimiúil; choimheád mé iad, agus choimheádfainn arís iad, agus chuirfinn ar chlár léinn iad le díospóireacht a chothú. Sílim go bhfuil sé folláin go bhfuil a leithéid de dhíospóireacht ann. Ach tchítear domh, nuair atá tú ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an tsean-nós, go gcaithfidh tú toiseacht leis an rud atá agat agus ansin a dhul amach uaidh, b’fhéidir.

“Ach tá an rud seo uilig ann fán oirthearachas. Guthanna ceoil, nó ceol ar bith, thig leis an cheol a dhul suas agus thig leis an cheol a dhul síos. Muna bhfuil comhcheol de chineál ar bith agat, is é an dóigh a ndéantar an amhránaíocht suimiúil ná trí ornáidíocht agus mar sin de. Thig leis na rudaí seo fás astu féin in áiteacha difriúla. Tá na rudaí seo i gceist i dtraidisiúin éagsúla. Tá cosúlachtaí idir na traidisiúin seo ach rud eile a rá go bhfuil gaol acu le chéile. Agus tá tú ag rá níos mó ná sin: tá tú ag rá go bhfuil seo ag titim isteach leis an rud seo faoin oirthear mistiúil, rúndiamhrach seo. Ceol na Gaeilge, fá choinne caitheamh aimsire a bhí sé ann, fá choinne na daoine a thabhairt le chéile, cosúil leis an tseanchas agus leis an scéalaíocht. Agus, cé gur maith an rud é comparáid a dhéanamh, b’fhéidir, cén cuspóir atá agat agus tú ag déanamh na comparáide sin?”

Ghoill sé ar Lillis go raibh lucht an tsean-nóis i nGaeltachtaí eile na tíre, go háirithe i gConamara, claonta i gcoinne stíl Dhún na nGall ar feadh i bhfad. Measann sé go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí, áfach, agus go bhfuil á gceart á fháil ag amhránaithe an iarthuaiscirt sa deireadh.

“Dhírigh daoine isteach ar stíl amháin agus ar dhóigh amháin ceoil. Ach chuala mise amhránaithe as Conamara nach raibh an oiread sin casachaí ina gcuid ceoil acu ach oiread. Agus déarfá leat féin, ‘Cad chuige a bhfuil oiread de dhrochmheas ar na ceoltóirí sin agus go bhfuil níos mó airde ar na ceoltóirí eile? Cad chuige a bhfuiltear ag díriú i gcónaí isteach ar an rud beag cúng amháin seo? Cad chuige nach dtig linn achan rud a cheiliúradh ar chomhbhonn urraime?’”

Tá Lillis bainteach leis an Léann Éireannach in Ollscoil Loyola Marymount, áit a bhfuil sé ag múineadh Gaeilge do ghlantosaitheoirí den chuid is mó. Taitníonn an saol leis i Meiriceá agus an ceantar ina bhfuil sé ina chónaí.

“Níl mé i bhfad as iarthar Los Angeles, an ceantar ina bhfuil an ollscoil. Na mná rialta Marymount, tháinig siad le chéile agus chuir siad ollscoil ar bun agus tá ollscoil bhreá ann, coláiste príobháideach. Tá sé cóngarach don trá agus tá áit ghalánta ann.”

Tá a chuid cúiseanna príobháideacha féin aige le bheith i Meiriceá agus measann go leor daoine go mb’fhéidir go bhfanfaidh sé sa tír sin go buan. Cailliúint mhór a bheas ann d’Éirinn má chinneann sé ar chur faoi ansin go fadtéarmach ach cé a mhaífeadh sonas ar dhuine ar bith ina shaol?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.