TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Donna Wong: Ag déanamh fóirithintear fhoghlaimeoirí Gaeilge Mheiriceá
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Tá leabhar nua gramadaí, A Learner’s Guide to Irish, leis an Mheiriceánach Donna Wong, díreach foilsithe ag Cois Life. D’inis an t-údar d’Éamonn Ó Dónaill cad é a spreag a suim sa Ghaeilge agus cén fáth ar chinn sí ar an leabhar seo a scríobh.

Íomhá
Íomhá

Éamonn Ó Dónaill: Inis dom faoi do chúlra féin.

Donna Wong: Rugadh mé i San Francisco, California, agus tógadh mé ar an taobh eile den Bhá, i San Leandro. Is í an Chantainis teanga dhúchais m’athar, ach níl sí ar a toil ag mo mháthair agus, dá bhrí sin, labhair an bheirt acu Béarla liom agus mé ag éirí aníos. Aisteach go leor, is bean Shíneach-Mheiriceánach mé nach bhfuil an tSínis aici, ach a bhfuil an Ghaeilge aici.

ÉÓD: Cad é a spreag do shuim sa Ghaeilge agus cén chéad uair a bhí deis agat an teanga a fhoghlaim?

DW: I bhfómhar na bliana 1988, bhíos ag déanamh staidéir ar litríocht Shasana agus Mheiriceá in Ollscoil California, Berkeley, agus dheineas cúrsa dar teideal “Irish Literature Before 1800”. Thug an tOllamh Breandán Ó hEithir (trócaire air) léachtaí ar stair na hÉireann agus ar an tseanlitríocht in aistriúchán. Bhí “Scéla Muicce Meic Da Thó”, “Tochmarc Étaíne”, “Togail Bruidne Da Derga” (agus scéalta mar iad) iontach, beoga, ealaíonta - níl a leithéid léite agam i Nua-Bhéarla, agus is dóigh liom nach bhfuil siad ann. Ba mhian liom iad a léamh go díreach mar a cumadh iad, agus nuair a thosaigh an Dochtúir Siobhán Keeffe a fhoghlaim na Nua-Ghaeilge in earrach na bliana 1989, dheineas mo chéad chúrsa i dteanga Cheilteach.

ÉÓD: An bhfuair tú deis freastal ar mhórán cúrsaí Gaeilge in Éirinn?

DW: Níor dheineas ach dhá chúrsa Gaeilge in Éirinn - i samhradh na bliana 1990 chaitheas cúpla seachtain i mBaile an Fheirtéaraigh, agus i samhradh 1993 chaitheas mí in Árás Mháirtín Uí Chadhain [An Cheathrú Rua, Conamara]. San Árás, d’oibríos le Mícheál Mac Con Iomaire agus Séamas Ó Cualáin, cainteoirí dúchais agus múinteoirí tréitheacha. Ar feadh na trí seachtaine a chaitheas in éineacht leo, dheineas dul chun cinn níos mó ó thaobh na Gaeilge de ná mar a dheineas ar feadh na gcúig bliana roimhe sin. Tá na nótaí a bhreacas síos ina ranganna ar na sealbha de mo chuid is ansa liom.

ÉÓD: Tar éis duit céim a bhaint amach sa Léann Ceilteach i Harvard, thosaigh tú féin a mhúineadh na Gaeilge. An raibh sé sin deacair?

DW: Bhí taithí agam ar mhúineadh ábhar eile, mar sin ní raibh sé ródheacair an Ghaeilge a mhúineadh. Is fíor gur bhaineas féin leas as - níorbh fhóláir dom eolas cruinn bheith agam ar an teanga chun í a mhúineadh.

ÉÓD: Cad iad na hacmhainní a d’úsáid tú sna ranganna Gaeilge?

DW: D’úsáideas Foclóir Uí Dhónaill, New Irish Grammar, agus graiméar na mBriathra i nGaeilge - b’in an méid. Scríobhas féin na cleachtaí agus na mínithe gramadaí.

ÉÓD: Cathain a thosaigh tú ag obair ar A Learner’s Guide to Irish? Cad é a spreag tú le dul i mbun oibre ar an leabhar sin?

DW: Thosaíos ag scríobh A Learner’s Guide to Irish nuair a thosaíos ag scríobh na Gaeilge, sa bhliain 1999, ach ag an am sin, ní raibh a fhios agam go rabhas ag scríobh leabhair. Bhí a fhios agam nach rabhas sásta leis na téacsleabhair a bhí ar fáil; ní raibh siad oiriúnach do Mheiriceanaigh nach raibh focal Gaeilge acu nó eolas acu ar an ngramadach. Tar éis dom dhá bhliain a chaitheamh ag múineadh na Gaeilge, d’fhéachas ar an gcarn mínithe a bhí scríte agam, agus shocraíos iad a chur isteach i leabhar.

ÉÓD: Cé air a bhfuil A Learner’s Guide to Irish dírithe? Daoine acadúla? An gnáthphobal?

DW: Ar an ngnáthphobal - is dóigh liom go bhfuil dóthain leabhar ann do na daoine acadúla! - agus go háirithe ar na foghlaimeoirí nach bhfuil buneolas acu ar an nGaeilge nó ar an ngramadach. Tá gach rud mínithe agam chomh cuimsitheach is a d’fhéadfainn - na díochlaontaí, uimhreacha, an chopail, srl. Ach tá súil agam go mbainfidh múinteoirí Gaeilge úsáid as an leabhar freisin, de bhrí go bhfuil sé lán le samplaí agus le huirlisí tagartha.

ÉÓD: An bhfuil tú sásta leis an leabhar?

DW: Tá mé lánsásta leis. Ba mhian liom an leabhar a bheith fóinteach, sothuigthe, agus cuíosach saor, agus tá - a bhuíochas ar na heagarthóirí ag Cois Life agus ar an chlóchuradóir.

ÉÓD: An raibh sé deacair leabhar a scríobh d’fhoilsitheoirí a bhí na mílte míle uait?

DW: Bhuel, tá cuid acu anseo i Meiriceá, agus thug na mic léinn i mo ranganna cúnamh mór dom. D’úsáid siad an leabhar agus bhí sé á scríobh agus á athscríobh, agus dá bhrí sin, má tá aon rud dothuigthe nó ar iarraidh, orthusan atá an locht ós rud é nach dúirt siad liom go raibh fadhbhanna ann!

ÉÓD: Cad iad na deacrachtaí is mó a bhí agat féin agus tú ag foghlaim na Gaeilge?

DW: Ní rabhas agus nílim in ann labhairt le daoine as Gaeilge go minic a dhóthain - bíonn “Breac-Ghaeltacht” i mBerkeley gach Máirt, ach bíonn sé ródheacair dom an turas a dhéanamh agus an méid sin oibre le déanamh agam gach oíche den tseachtain. Maidir leis an ngramadach, ba iad an chopail agus an saorbhriathar na rudaí ba dheacra dom a fhoghlaim. Níl a leithéid sa Bhéarla, cé go bhfuil siad le fáil i dteangacha eile, agus bhí orm smaoineamh orthu ar feadh na mblianta sular fhéad mé iad a thuiscint agus a úsáid go héasca.

ÉÓD: Cén chomhairle a chuirfeá ar fhoghlaimeoirí eile atá ag tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge?

Seo iad na trí rud is tábhachtaí, i mo thuairimse:

Caith fiche nóiméad ag déanamh stáidéir ar an teanga chuile lá. Is cuma cé acu a scríobhann tú abairtí nó a léann tú leathanach leabhair nó a éisteann tú le téipeanna nó a labhraíonn tú le cara a bhfuil Gaeilge aici/aige. Ní féidir teanga ar bith a fhoghlaim gan gnáthchleachtadh. Cuir seanfhocail de ghlanmheabhair. Is ceacht gearr gramadaí gach ceann díobh, agus tá sé i bhfad níos éasca cuimhneamh orthu ná rialacha as leabhar. Féach, mar shampla, ar an gcéad cheann a d’fhoghlaim mé riamh (a bhuíochas ar Shéamas Ó Cualáin): “Dá fhad a théann an sionnach, beirtear air sa deireadh”. Má tá an méid sin de glanmheabhair agat, tá a fhios agat a) go seimhítear túschonsan focail i ndiaidh “dá” [however] agus an forainm coibhneasta díreach “a”; b) nach seimhítear “d” i ndiaidh “sa”; c) gurb é -ar/-ear deireadh an tsaorbhriathair san aimsir láithreach, agus rudaí mar sin. Ná bí dian ort féin más deacair duit riail a thuiscint nó cuimhneamh ar fhocal. Ní teanga shimplí í an Ghaeilge agus bíonn gach tosach lag. Ach tiocfaidh feabhas ort agus, de réir mar a thiocfaidh, bainfidh tú tuilleadh taitnimh as bheith ag úsáid do chuid eolais. Blianta ó shin, bhaineas féin sult mór as breathnú ar chlúdaigh na suíochán ar eitleáin Aer Lingus, de bharr gurbh fhéidir liom na línte filíochta a léamh sa deireadh!

A Learner’s Guide to Irish* le Donna Wong (Cois Life, 2004) Praghas: €25*

Le ceannach ag: www.coislife.ie/foirmordaithe.htm

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.