AGALLAMH BEO
Frank Allen
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

D’éirigh le Frank Allen post a fháil leis an Bhanc Domhanda sna hochtóidí nuair a bhí sé fós an-óg. Is fear é a dtaitníonn dúshlán leis agus is cinnte go bhfuil an-dúshlán ag baint lena phost nua mar phríomhfheidhmeannach ar an an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, an eagraíocht atá i gceannas ar thionscadal Luas Bhaile Átha Cliath. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol suimiúil.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Is beag lá nach mbíonn tagairt éigin le feiceáil sna nuachtáin do Luas, an córas nua iompair atá á thógáil i mBaile Átha Cliath, agus gearáin a bhíonn i gceist go minic. Tá tochailt ar siúl ar fud lár na cathrach agus tá sé seo ag cur go mór le fadhb tráchta a bhí go holc ar aon nós. Agus in ainneoin an méid a bhí le rá ag an iar-Aire Iompair Mary O’Rourke faoin tseirbhís a bheith ar fáil don phobal faoi dheireadh na bliana 2003, ní bheidh na tramanna le feiceáil ar shráideanna na hardchathrach go dtí mí an Mheithimh 2004 ar a luaithe.

Cuireadh tús leis an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród (RPA), an eagraíocht atá ag stiúradh na hoibre go léir ar an gcóras nua, ag deireadh mhí na Nollag 2001 agus ceapadh Frank Allen as Corcaigh mar phríomhfheidhmeannach ar an ghníomhaireacht nua seo mí Lúnasa seo caite.

Nuair a bhuail mé le hAllen i lár na míosa seo caite in oifigí breátha an RPA ar Bhóthar Conyngham in iarthar na cathrach, bhí sé go mór ar a shuaimhneas agus an-dearfach faoin tionscadal, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí agus atá le sárú aige féin agus ag an eagraíocht atá faoina stiúir. Agus mé ag éisteacht leis ag caint faoina shaol oibre, rith sé liom gur duine é atá an-fhéinmhuiníneach ach níl éirí in airdesotal dá laghad ag baint leis. Is léir go dtuigeann sé a chuid buanna féin agus go bhfuil sé istigh leis féin.

Rugadh agus tógadh Allen i nDroichead na Bandan in iarthar Chorcaí agus fuair sé a chuid meánscolaíochta i Hamilton High School, scoil buachaillí a bhí lonnaithe sa bhaile agus nach raibh galántacht ar bith ag baint léi, in ainneoin an ainm. Tá sé breá sásta leis an oiliúint a fuair sé sa scoil sin.

“Caithfidh mé a rá go raibh sé ar fheabhas. Cloisim daoine ag rá go minic nach n-ullmhaíonn oideachas na hÉireann daoine i gceart chun rudaí a dhéanamh sa saol ach, mo thaobhsa de, is dóigh liom go bhfuair mé oideachas den scoth.”

Nuair a d’fhág sé an scoil, thug sé aghaidh ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh, áit a ndearna sé céim sa tráchtáil agus ansin céim taighde bliana, Máistreacht i Staidéar Gnó, ina dhiaidh sin. Thaitin saol na hollscoile go mór leis agus bhí sé sáite i gcúrsaí Gaeilge le linn na tréimhse ansin.

“Saol bríomhar ab ea é. Bhí an Ghaeltacht ann mar acmhainn agus thugas tréimhsí fada ag imeacht siar. Chuireas aithne ar phobal na Gaeilge i gCorcaigh agus i gCorca Dhuibhne chomh maith.”

Cinneadh dul go Meiriceá

Nuair a bhí an mháistreacht curtha de aige, chaith Allen bliain ag obair i mBanc na hÉireann. Lár na n-ochtóidí a bhí ann agus is beag deis a bhí ar fáil in Éirinn, fiú do dhaoine a raibh céimeanna gnó acu. Chinn Allen, mar sin, ar thréimhse a chaitheamh i Meiriceá.

“Bhíos ag féachaint timpeall go bhfeicfinn cad iad na deiseanna a bhí ann. Cheapas go mba mhaith an rud é tréimhse a chaitheamh sna Stáit Aontaithe. Ansin dúirt mé, bhuel b’fhéidir go ndéanfainn MBA i gceann des na scoileanna gnó mór le rá sna Stáit. Is amhlaidh go raibh fonn taistil agus fonn deiseanna a leathnú amach orm agus cheapas go n-osclódh áit mar MIT (Massachusetts Institute of Technology) doirse dom agus chuas ann chun cúrsa dhá bhliain, MBA, a dhéanamh.”

Cé gur éirigh le hAllen roinnt scoláireachtaí a fháil, bhí air go leor airgid a fháil ar iasacht chomh maith.

“Cheapas go raibh deiseanna ann agus bhí mé chun iad a leanúint. Bhí a fhios agam go n-éireodh liom an t-airgead a fháil áit éigin. D’fhéachas air mar infheistíocht ag an am a mbeadh teacht isteach uaidh ar ball beag. Táim sásta go maith go chuas sa tseans ag an am sin.”

Go dtí go ndeachaigh sé go Meiriceá, mheas Allen nach raibh na cúrsaí léinn a rinne sé ródhúshlánach agus d’éirigh go maith leis i gcónaí i scrúduithe; le linn na chéad bhliana in MIT, áfach, tháinig imní air agus thosaigh sé ag smaoineamh go raibh baol ann go dteipfeadh air sna scrúduithe.

“Athrú mór ab ea é sin. Tá caighdeáin an-arda ar fad in MIT agus tá sé de nós acu brú a chur ar dhaoine chun iad a ullmhú i gceart don saol gnó, don saol airgeadais. Bhí sé dian go maith agus thóg sé tamall orm dul i dtaithí ar chóras oideachais Mheiriceá, ach d’éirigh go réasúnta maith liom. Athrú saoil ab ea é cinnte.”

Téann roinnt mhaith Éireannach go MIT na laethanta seo chun staidéar a dhéanamh ar an ghnó. I lár na n-ochtóidí, áfach, ba é Allen an t-aon duine as Éirinn a bhí ag déanamh cúrsa sa Scoil Ghnó ansin. Chomh maith le himní a bheith air faoi na scrúduithe sa chéad bhliain den chúrsa, thosaigh sé ag smaoineamh fosta go mb’fhéidir nach raibh sé éirimiúl go leor le bheith ansin.

“Bhíos ag rá liom féin, ‘Canathaobh gur ligeadh isteach mise? Ar dheineadar botún?’ Chreideas sin. Is beag taisteal idirnáisiúnta a bhí déanta agam roimhe sin agus thóg sé tamall orm a aithint go raibh cúlra láidir agamsa chomh maith. Fé mar is eol duit, níl Meiriceánaigh cúthalach; tá siad breá sásta iad féin a chur os comhair an phobail agus a mhíniú chomh hiontach is atá an taithí atá acu. Ní raibh sé de nós againne Éireannaigh ag an am sin, agus níl fós go pointe áirithe, sinn féin a chur os comhair an phobail mar sin. Thóg sé tamall orm féin a thuiscint go mb’fhéidir go raibh cúlra láidir go maith agamsa chomh maith.”

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

*The Voices of Morebath *le hEamon Duffy, leabhar ana-mhaith staire.

Cén ceol is fearr leat?

Is maith liom stíleanna éagsúla, go háirithe ceol cóir.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Scannán atá feicthe agam cúpla uair, *The Dead *le John Huston.

Cá dtéann tú ar saoire?

Déanaim iarracht filleadh ar na Stáit Aontaithe uair sa bhliain, Washington DC go háirithe.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

B’fhéidir dosaen uair. Bhí mé in áiteanna mar Londain, san Ísiltír cúpla uair, An Spáinn, Meiriceá.

Cén bhialann is fearr leat?

Bhí béile ana-dheas agam le mo bhean agus mo thuismitheoirí sa Casino i gCill Briotáin in iarthar Chorcaí tamall siar.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

N’fheadar an bhfuil éinne faoi leith. Tá mórán daoine a bhfuil meas agam orthu ar shlite difriúla.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Daoine éagsúla. M’athair is dócha agus m’ollamh in UCC, Leonard Rigley, fear a thug an-spreagadh dom ó thaobh acadúlachta agus caighdeán ard.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Easpa dóchais. An rud a thaitníonn liom faoi Mheiriceá ná go mbíonn misneach agus dóchas ag daoine rudaí nua a dhéanamh. Go minic, nuair a chím daoine ar an tsráid in Éirinn agus iad beo bocht gan dídean, rud a mheasaim ná go bhfuil dóchas caillte acu.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Tagaim isteach ar a hocht ar maidin agus téim abhaile ar a seacht san oíche.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

An oiread sin rudaí a bheith le déanamh agus spriocdhátaí a bheith ann. Tá fonn orm gach aon rud a dhéanamh mar ba chóir ach, i ndáiríre, níl dóthain ama agam chuige sin.

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?

Táim sásta. Tá rudaí fágtha le déanamh ach i ndáiríre bhí deiseanna iontacha agam i mo shaol pearsanta agus oibre. Tá mórchuid den domhan siúlta agam agus tugadh deiseanna dom ag amanna éagsúla agus táim ana-shásta leis sin.

Chuaigh an dá bhliain a chaith sé in MIT i bhfeidhm go mór air, go háirithe an tslí a raibh muinín ag an bhfoireann as an gcóras agus mórtas as traidisiúin na hinstitiúide. Bhí triúr ag obair sa Scoil Ghnó a raibh Gradam Nobel san eacnamaíocht bronnta orthu agus bhí béim mhór i gcónaí ar chaighdeáin arda a bhaint amach i ngach gné den obair a bhí ar bun acu, rud a mheas Allen a bheith an-tábhachtach, “níos tábhachtaí b’fhéidir ná na teoiricí acadúla a d’fhoghlaimíos.”

An Banc Domhanda

Nuair a d’fhág Allen MIT sa bhliain 1988, fuair sé post láithreach sa Bhanc Domhanda. Fostaíodh sé dhuine is tríocha an bhliain chéanna sin mar chuid de scéim ar a tugadh “The Young Professionals Programme”.

“Fostaíonn siad méid áirithe daoine gach aon bhliain, ag súil gurb iad sin na daoine a bheidh sna postanna arda bainistíochta sa Bhanc Domhanda amach anseo. Tagann siad isteach réasúnta óg agus caitheann siad tréimhsí éagsúla laistigh de chodanna áirithe den Bhanc Domhanda. Bítear ag súil go mbeidh cúlra maith acu ag teacht isteach agus bíonn deis acu réimse leathan taithí a fháil laistigh den mbanc.”

Chaith Allen tréimhse ar dtús ag obair ar thionscadal i nGána in iarthar na hAfraice agus ina dhiaidh sin bhí sé san Indinéis agus san Éigipt. Taca an ama sin, bhí athruithe móra ag titim amach in oirthear na hEorpa agus bhí an Banc Domhanda ag tabhairt tacaíochta do na tíortha a bhí ag imeacht ón seanchóras cumannach go córas eacnamaíochta an mhargaidh. Bhí Allen sáite san obair seo agus chaith sé roinnt mhaith ama sa Pholainn go háirithe.

Chuaigh sé timpeall ar chomhlachtaí móra san Eoraip ag féachaint an mbeadh spéis acu infheistíocht a dhéanamh i dtionscail éagsúla in oirthear na hEorpa. Ar cheistigh sé na polasaithe a bhí ag an Bhanc Domhanda sa chuid sin den Eoraip ag an am?

Dheineas. Chun a cheart a thabhairt don Bhanc Domhanda bhí ana-chuid díospóireachta laistigh den eagraíocht féin. Déarfadh daoine, mar shampla, ‘Tá leathchéad bliain caite againn ag plé le cúrsaí bochtanais san Afraic agus an bhfuil an Afraic aon phioc níos fearr as tar éis an oiread sin oibre agus airgid a chaitheamh?’ Tá ana-chuid díospóireachta den tsórt sin laistigh den eagraíocht. Ó mo thaobhsa de, bhíos ana-shásta leis an obair a dheineas féin in oirthear na hEorpa. Bhí fonn ar rialtais na dtíortha sin an earnáil phríobháideach a thabhairt isteach agus theastaigh ó mhuintir na dtíortha sin go ndéanfadh an earnáil phríobháideach infheistíocht agus athnuachan.

“Táim lánchinnte go raibh an obair a deineadh ag an am sin an-fhiúntach agus táim cinnte leis go ndéarfaidh daoine gur mhór an chabhair an obair a dheineas féin agus daoine eile sa Pholainn, mar shampla, sa tréimhse sin i stair na tíre.”

Cé go raibh Allen breá sásta sna Stáit Aontaithe agus ag baint suilt as a phost leis an Bhanc Domhanda, chinn sé ar philleadh abhaile i 1996 mar gur tháinig post spéisiúil chun cinn i mBaile Átha Cliath i mbanc Beilgeach, KBC.

“Rud a cheapas ag an am ná nach minic a thagann deiseanna den tsórt sin chun cinn. Agus gach éinne a thugann tréimhse fhada thar lear bíonn sé i gcónaí ag cuimhneamh an bhfanfaidh sé ansin nó an rachaidh sé abhaile. Is ceist ana-mhór í, fiú do dhaoine a bhfuil tréimhse fhada caite acu i dtír eile.”

Chaith sé sé bliana ag obair ar airgeadú tionscadal, agus ag plé le tionscadail mhóra bonneagair ar fud na hEorpa. Theastaigh uaidh díriú ar a leithéid in Éirinn féin, áfach, agus sin an fáth ar chuir sé isteach ar an phost mar phríomhfheidhmeannach an RPA. Mheas sé go raibh an taithí chaoi aige faoin am a fógraíodh an post.

“An obair a bhí déanta agam i KBC, bhíos ag plé le tionscadail mhóra ina mbíodh an stát agus an earnáil phríobháideach ag teacht le chéile chun obair a chur i gcrích. An obair a bhí déanta agam sa Bhanc Domhanda, go pointe áirithe, is obair den tsórt céanna a bhí ann.”

Tochailt

Admhaíonn sé go bhfuil an tochailt go léir atá ar siúl i mBaile Átha Cliath chun 25 ciliméadar d’iarnród a leagan ag cur as do dhaoine ach tá sé deimhneach de go ndéarfaidh siad gurbh fhiú é nuair a bheas an córas ag feidhmiú an bhliain seo chugainn. Dhá líne a bheas i gceist: ceann amháin ag dul ó Áth an Ghainimh isteach go Faiche Stiabhna agus an ceann eile ó Thamhlacht go Stáisiún Uí Chonghaile. Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an chéad seirbhís sin i mí an Mheithimh 2004 agus leis an dara ceann roinnt míonna ina dhiaidh sin.

Nuair a bheas an obair sin curtha i gcrích ag an RPA, beidh siad ag díriú a n-aird ansin ar sheirbhís a fhorbairt idir lár na cathrach agus an t-aerfort. Tá moladh curtha faoi bhráid an rialtais acu cheana féin do chóras metro a dhéanfadh freastal ní hamháin ar chustaiméirí an aerfoirt ach fosta orthu siúd a bheadh ag triall ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ar Ospidéal an Mater. Is cinnte, áfach, go mbeidh go leor fadhbanna le sárú sula gcuirfear tús leis an obair seo, díreach mar a bhí i gcás Luas.

“Nuair a chuireann tú líne iarnróid sráide i bhfeidhm, cuireann sé isteach ar dhaoine ar dhá thaobh na líne, níl aon amhras faoi sin. Agus tógann sé ana-chuid ama a bheith ag plé leis na daoine sin. An córas pleanála ar fad tógann sé tamall de bhlianta ach i dtíortha eile ní tharlaíonn sé sin. Níl an córas céanna acusan; nuair a dhéanann an rialtas cinneadh go bhfuil sé chun leas na cathrach, is leor sin. Ach anseo in Éirinn, caithfidh tú leanúint ar aghaidh gach aon mhí ag cur ina luí ar dhaoine canathaobh a bhfuil tú á dhéanamh sa tslí seo agus cúiteamh ana-ard a íoc.”

Cé go bhfuil fadhbanna mar seo i gceist go leanúnach, tá sé i gceist ag Allen fanacht i bpost an phríomhfheidhmeannaigh ar feadh roinnt blianta ar a laghad agus is léir nach ngoilleann an brú an iomarca air.

“Ní thagann an obair idir mé féin agus codladh na hoíche, caithfidh mé a rá, ach tá strus áirithe ag baint leis gan amhras. Tá an oiread sin rudaí ag titim amach ag an am céanna agus tá sé chomh deacair sin gach aon líne a leanúint mar ba chóir. Déanaim iarracht chomh fada agus is féidir mo chuid oibre a fhágáil anseo nuair a théim abhaile. Baineann strus leis ach níl sé iomarcach.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.