Tá Raidió na Life, an stáisiún raidió Gaeilge atá lonnaithe i lár Bhaile Átha Cliath, ag craoladh gan stop ó bhí 25 Meán Fómhair 1993. Is éacht é seo nuair a smaoiníonn go mbíonn craoltóirí an stáisiúin ar fad ag obair go deonach. Labhair Éamonn Ó Dónaill le bainisteoir an stáisiúin, Fionnuala Mac Aodha, faoina cuid oibre le Raidió na Life agus faoi bhfuil i ndán don tseirbhís san am atá romhainn.
I ndiaidh dom uair an chloig a chaitheamh ag cur agallaimh ar Fhionnuala Mac Aodha, bainisteoir Raidió na Life, ar na mallaibh bhí mé cinnte de rud amháin: nár mhaith liom a post a bheith agam go deo! Níl ach í féin agus duine amháin eile (leasbhainisteoir) ag obair go lánaimseartha sa stáisiún na laethanta seo agus tháinig deireadh an bhliain seo caite leis an scéim FÁS, scéim a raibh ocht nduine dhéag páirteach ann ag pointe amháin i mblianta tosaigh na seirbhíse.
Dúirt sí liom go bhfuil an obair ag teacht idir í agus codladh na hoíche le tamall anuas, nár chodail sí go dtí a seacht ar maidin dhá oíche roimhe sin, mar shampla. Bhí brú i gceist i gcónaí sa phost ach d’éirigh sé ní ba threise nuair a tháinig deireadh leis an scéim FÁS.
Sa bhliain dheireanach den scéim ní raibh ach duine amháin páirteach ann, rud a chuir go mór leis an ualach oibre agus leis an strus a bhraith Fionnuala. Tá scéimeanna FÁS ag stáisiúin phobail eile go fóill, leithéidí NEAR FM áta lonnaithe i mBaile Átha Cliath chomh maith, ach theip ar Raidió na Life daoine a aimsiú de bharr gur athraigh FÁS na rialacha. Le bheith páirteach sa scéim anois, caithfidh duine a bheith os cionn cúig bliana is fiche d’aois, a bheith dífhostaithe le trí bliana anuas agus a bheith ina chónaí i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Measann Fionnuala go bhfuil botún déanta ag an rialtas i dtaca leis an scéim.
“Is rud gearr-radharcach é ó thaobh an rialtais de. Bhí muid ag traenáil daoine anseo a bhí ag fáil postanna mar chraoltóirí ina dhiaidh sin, áit a raibh siad ag iarraidh a bheith. Bhí muidne ag sábháil airgid don rialtas mar go raibh na daoine sin ag fáil traenála anseo, seachas dul go coláiste chun iarchéim a dhéanamh sa chraoltóireacht.”
Thosaigh Fionnuala ag obair le Raidió na Life i mí Iúil 1994 agus ceapadh ina bainisteoir í i Meán Fómhair na bliana sin, díreach nuair a bhí an stáisiún ag ceiliúradh bliain ar an aer. Chuir an duine a raibh sí ag teacht i gcomharbacht air, Rónán Ó Dúthaigh, comhairle uirthi agus é ag fágáil an stáisiúin - gan a bheith mar shaoiste ar an scéim FÁS agus ina bainisteoir ag an am céanna. Níor éist sí leis, áfach, agus thóg an dá phost idir lámha. Admhaíonn sí anois gur botún a bhí sa chinneadh sin.
“Bhí ana-chuid rialacha ag baint le FÁS agus ana-chuid raiméise le foghlaim, i ndáiríre. Bhí ormsa mar shaoiste dul ar cheithre chúrsa oiliúna seachtaine sa bhliain le daoine nach raibh clue dá laghad acu agus éisteacht le conraitheoirí ag maíomh go bhfuair siad £70,000 sa bhliain as a bheith mar chomhairleoirí ag FÁS. Bhí sé uafásach, caithfidh mé a rá.”
Céim sa tSíceolaíocht
=======
D’fhág Fionnuala an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath sa bhliain 1989, céim aici sa tSíceolaíocht agus gan tuairim aici céard a theastaigh uaithi a dhéanamh lena saol. Bhí cúrsaí eacnamaíochta go dona ag an am - bhí an ráta dífhostaíochta thart ar 20% agus postanna gann go maith. Chinn sí ar chúrsa iarchéime sa mhargaíocht a dhéanamh sa Choláiste Náisiúnta um Chaidreamh Tionsclaíoch i Ranalach ach fiú leis an cháilíocht sin bhí deacrachtaí aici fostaíocht a fháil.
Chaith sí bliain ag obair i siopa bronntanas agus ceithre bliana go leith mar bhainisteoir margaíochta leis an chomhlacht Fuji. Bhí aithne aici ar chéad bhainisteoir fógraíochta Raidió na Life, Deirdre Ní Dhálaigh, ó Choláiste Íosagáin, agus bhí aithne mhaith aici ar Rónán Ó Dúthaigh chomh maith, mar go raibh seisean sa scoil atá béal dorais, Coláiste Eoin. Ghlaoigh Rónán cúpla uair uirthi ag féachaint le hí a mhealladh isteach sa stáisiún nua-bhunaithe ach bhí leisce uirthi an chéim sin a thógáil de bharr nach raibh aon chur amach aici ar obair raidió. Ghéill sí don bhrú sa deireadh, áfach, de bharr go raibh sí dubh dóite dá post le Fuji.
“Bhí gach rud go hiomlán nua dom agus chomh maith leis sin ní raibh taithí agam ar a bheith ag labhairt i nGaeilge ón am a d’fhág mé an scoil, seachas corruair sa bhaile. Thóg sé am dul ar ais i dtaithí ar an teanga.”
Bhí borradh iontach faoin stáisiún sna blianta tosaigh sin. Bhí dream óg fuinniúil i mbun oibre ann agus é mar bhrionglóid ag go leor acu slí bheatha a bhaint amach sna meáin chumarsáide. D’éirigh thar cionn le roinnt mhaith den dream sin, agus tá cuid acu fiú i mbéal an phobail anois - Sharon Ní Bheoláin, Sinéad Caomhánach agus Sinéad Crowley, cuir i gcás.
“Nuair a bhí muid cúig bliana ar an aer, shocraigh muid grianghraf a fháil de na daoine ón stáisiún a bhí ag obair le RTÉ agus bhí dhá dhuine dhéag a bhí ag obair i réimsí difriúla sa stáisiún sin. Bhí sé iontach é sin a fheiceáil. Ní hamháin sin, bhí siad fós toilteanach, in ainneoin go raibh post lánaimseartha acu, cláracha a dhéanamh i Raidió na Life. Aon uair a iarrtar ar aon iarchraoltóir rud ar bith a dhéanamh, bíonn siad toilteanach é a dhéanamh go deonach.”
Is minic a deirtear na laethanta seo go bhfuil sé níos deacra daoine a fháil le hobair a dhéanamh go deonach; deir Fionnuala, áfach, go mbíonn neart daoine ar fáil i gcónaí le bheith ag craoladh ar an stáisiún. An deacracht atá ann ná nach bhfuil am aici féin feachtas ceart earcaíochta a eagrú agus nach mbeidh go dtí go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí foirne. Tá 104 duine ag obair ar chláracha an sceidil reatha agus is daoine nua iad cúig dhuine is tríocha den dream sin, nach raibh bainteach leis an stáisiún cheana.
Abair seo linn...
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
An Irish Soul in Dialogue le Stephen J. Costello.
Cén ceol is fearr leat?
Gach saghas seachas ceol damhsa.
Cad iad na scannáin is fearr a chonaic tú riamh?
Vertigo, Citizen Kane agus L’Uomo della Stella.
Cá dtéann tú ar saoire?
Go Ciarraí agus Conamara de ghnáth.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Uair amháin.
Cén bhialann is fearr leat?
Trí cinn éagsúla i mBaile Átha Cliath: Bamay Kubo, Dieple Shaker, The Unicorn.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Mo dheirfiúr Aifric.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
Mo thuismitheoirí.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Daoine nach níonn a gcupán i Raidió na Life.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach lá?
Athraíonn sé, ag brath ar áirithintí sa stiúideo, ach de ghnáth ó am lóin go 9.00 nó 9.30 p.m.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Raidió na Life.
Deir sí nach mbíonn deacracht ar bith ag baint leis na craoltóirí a bhíonn ag obair sa stáisiún ar mhaithe le taithí a fháil a chabhróidh leo post lánaimseartha a bhaint amach le craoltóir eile mar RTÉ. Deir sí go mbíonn roinnt den dream a dhéanann obair dheonach leis an stáisiún mar chaitheamh aimsire trioblóideach, áfach.
“Meallann an raidió daoine go minic a mbíonn fadhbanna acu. Feicim daoine nach bhfuil go maith ag déanamh cumarsáide agus iad ag breathnú ar dhaoine eile, agus craoltóirí iontacha a bhíonn iontu. Athraíonn pearsantacht daoine go hiomlán go minic agus iad ar an raidió.”
An dream a bhíonn ag obair sa stáisiún mar chaitheamh aimsire, ní chuireann siad an saothar céanna isteach san obair, dar léi, is a chuireann na craoltóirí a bhíonn ag iarraidh dul leis an chraoltóireacht mar ghairm. Deir sí fosta go bhfuil bearna mhór ó thaobh caighdeáin de idir an dream seo agus na craoltóirí proifisiúnta a chuireann a gcuid ama ar fáil saor in aisce do Raidió na Life.
Bíonn sé deacair go maith bata agus bóthar a thabhairt do dhaoine, fiú nuair a bhíonn siad trioblóideach nó nuair a bhíonn caighdeán a gcuid oibre íseal. “Tá sé ana-dheacair a rá, ‘Tá brón orm ach níl an t-am atá tú ag tairiscint dúinn, níl sé uainn’.”
Admhaíonn Fionnuala go raibh ar Raidió na Life daoine a ligean ar an aer uaireanta le cúpla bliain anuas nach raibh caighdeán sásúil acu ná, go minic, oiliúint dá laghad faighte acu. Ní raibh an dara rogha acu, áfach, de bharr go raibh bearnaí le líonadh sa sceideal.
“Tá muid ag pleanáil go mbeidh cúrsa oiliúna ann do na craoltóirí nua ag deireadh mhí Eanáir. Uaireanta, ba mhaith liom dá ndúnfadh an stáisiún ar feadh míosa go dtabharfaí oiliúint do na craoltóirí. Dá mbeadh an t-am ann, ba cheart go mbeifí ag pleanáil ceithre mhí ar aghaidh - go mbeadh daoine á n-earcú agus a dtraenáil sula rachadh siad ar an aer.”
Forbairtí teicniúla
I mblianta tosaigh Raidió na Life, chuir Bord na Gaeilge agus Gael-Linn tacaíocht fhial airgid ar fáil a chuir ar chumas an stáisiúin trealamh a bhí ar ardchaighdeán a cheannach. Le déanaí, cheannaigh an stáisiún luach £12,000 de threalamh ríomhaireachta ach níl sé i gceist acu an seantrealamh a chaitheamh i dtraipisí. Theip ar an diosca crua sa phríomhríomhaire seachtain i ndiaidh don stáisiún an trealamh nua a chur isteach, mar sin coinneoidh siad greim ar an seantrealamh go fóill, ar eagla na heagla.
“Tá gréasán idir na ríomhairí againn anois. Mar shampla, má dhéantar fógra a thaifeadadh sa stiúideo is féidir liomsa é a sheinm ar mo ríomhaire san oifig, eagarthóireacht a dhéanamh air anseo agus é a sheoladh ar ais go dtí an stiúideo. Is féidir dul isteach ar an idirlíon chomh maith agus na cláracha a chur ar siúl ón mbaile. Ana-chuid den trealamh atá ann, ní úsáidtear é a thuilleadh - an ceathrú orlaigh, mar shampla, ní úsáidtear é ach mar back-up. Úsáidtear an miondiosca agus na ríomhairí - sin an méid.”
Ó thaobh trealaimh de, mar sin, tá Raidió na Life ar comhchéim nó níos fearr ná na stáisiúin mhór tráchtála anois. Déanann Fionnuala féin mír Ghaeilge a thaifeadadh i Today FM, cuir i gcás, agus deir sí nach bhfuil an trealamh atá acu siúd inchurtha le trealamh Raidió na Life ar chor ar bith.
An todhchaí
Tá sé i gceist ag Fionnuala éirí as a post mar bhainisteoir ar Raidió na Life i ndiaidh don stáisiún deich mbliana ar an aer a cheiliúradh i mí Mheán Fómhair 2003 agus post a fháil taobh amuigh de na meáin nach mbeidh chomh strusmhar céanna. Tá sí mar bhall den Choiste Gaeilge a bhunaigh an IRTC anuraidh chun an teanga a chur chun cinn sna stáisiúin éagsúla ar fud na tíre agus bheadh fonn uirthi cur isteach ar an phost mar Oifigeach Gaeilge a bheifear ag fógairt san athbhliain murach go bhfuil an t-airgead go dona. Measann sí nach bhfuil mórán suime ag na stáisiúin tráchtála sa Ghaeilge ach tá siad báúil mar sin féin - luann sí go bhfuil míreanna Gaeilge le fáil anois, mar shampla, ar Lite FM, an stáisiún áitiúil i mBaile Átha Cliath, agus ar Today FM.
Deir Fionnuala go saothraíonn Raidió na Life idir £25,000-30,000 sa bhliain ar fhógraíocht ach tá sí den bharúil go bhféadfaí é seo a mhéadú go mór dá mbeadh bainisteoir fógraíochta fostaithe ag an stáisiún (í féin a dhéanann an obair sin faoi láthair). Ní bhíonn ach trí thréimhse ghnóthacha sa bhliain ag an stáisiún ó thaobh fógraíochta de, áfach (an Nollaig, Lá Fhéile Pádraig agus an Cháisc), agus bheadh sé deacair duine a fháil a bheadh toilteanach oibriú ar coimisiún, go háirithe na laethanta seo agus borradh eacnamaíoch sa tír.
Tá sé beartaithe ag an stáisiún tús a chur le craoladh beo ar an idirlíon am éigin an bhliain seo chugainn agus ba mhaith le Fionnuala go bhfaigheadh siad ceadúnas le craoladh ar bhonn náisiúnta amach anseo. Measann sí gur seo sprioc a d’fhéadfaí a bhaint amach taobh istigh de chúig bliana. Faoi láthair, cé gur stáisiún áitiúil é Raidió na Life, tá an comhartha le fáil go láidir chomh fada ó thuaidh le Béal Feirste agus chomh fada siar le Béal Átha na Sluaighe.
Ba mhaith léi chomh maith go mbeadh teicneoir fuaime lánaimseartha ag an stáisiún agus duine a dhéanfadh taighde agus margaíocht.
Tá sé in am, dar léi, suirbhé eile a dhéanamh ar líon éisteoirí an stáisiúin. Léirigh an suirbhé deireanach a rinneadh, seacht mbliana ó shin, go raibh 13,600 duine ar an mheán ag éisteacht le Raidió na Life gach lá.
Is léir go bhfuil Fionnuala bródúil as an mhéid atá bainte amach ag Raidió na Life, in ainneoin na gconstaicí ar fad. Tá éacht déanta ag craoltóirí an stáisiúin agus ag gach duine atá bainteach leis an tseirbhís. Thar aon duine eile, áfach, tá éacht déanta ag Fionnuala Mac Aodha.
Is léir gur bean í a mbaineann idéalachas léi, a chreideann san obair atá ar siúl aici, agus a bhaineann sásamh as - in ainneoin an struis agus an bhrú go léir.
Craolann Raidió na Life ar 106.4 FM ó 4.30 p.m. ar aghaidh gach lá i rith na seachtaine, agus ó 12.00 p.m. Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. Is féidir scaireanna a cheannach sa stáisiún ar £25 an ceann. Eolas breise: http://www.iol.ie/~rnl102/.