Áirítear Nuala Ní Dhomhnaill ar dhuine de na filí is tábhachtaí sa Ghaeilge agus tá meas uirthi go hidirnáisiúnta anois. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoina saol in Éirinn agus sa Tuirc, faoina saothar agus faoin ghalar dubhach.
Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar an lá i 1991 a seoladh an cnuasach filíochta Feis le Nuala Ní Dhomhnaill i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Ní fhaca Nuala an leabhar go dtí díreach roimh an seoladh agus chuir an clúdach bándearg alltacht cheart uirthi. Ní raibh aon leisce uirthi, áfach, a míshástacht a chur in iúl go neamhbhalbh don fhoilsitheoir ar an ócáid áirithe sin.
Chonaic mé sampla eile den neamhbhailbhe chéanna ocht mbliana ina dhiaidh sin, i mí na Samhna 1999, le linn léamh filíochta a thug sí sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Mé féin a rinne an póstear a dhearadh don ócáid agus luaigh mé air go mbeadh an léamh dátheangach, rud a raibh mé ag súil leis. Ní mó ná sásta a bhí Nuala, áfach, agus chuir sí é sin in iúl go láidir don lucht éisteachta. Dúirt sí go raibh sí bréan bailithe de bheith ag léamh aistriúchán Béarla dá saothar agus nach raibh sí chun é a dhéanamh ar an ócáid áirithe seo.
Is duine í Nuala a deir rudaí amach go lom díreach i gcónaí, nach ndéanann aon iarracht a cuid mothúchán a cheilt. Is duine í chomh maith nach bhfuil aon phioc den mhór is fiú ag roinnt léi a bhaineann le scríbhneoirí go minic.
Nuair a bhuail mé léi ina teach cónaithe i ndeisceart Átha Cliath ag deireadh mhí Feabhra chun í a chur faoi agallamh mhothaigh mé go raibh sí ní ba shona inti féin ná mar a chonaic mise le fada í. Ag an ócáid sin i 1999, labhair sí faoin ghalar dubhach a bheith uirthi agus ba léir ón mhéid a bhí le rá aici agus ó na dánta a léigh sí go raibh sí cloíte go maith aige. Deir sí go bhfuil sí ag teacht chuici féin anois ach go gcuireann sé isteach go mór uirthi go bhfuil daoine áirithe ann nach dtuigeann gur galar atá i gceist agus nach mbíonn aon trua acu di.
“Nílim ar fónamh ar fad. Faigheann daoine ana-dheacair a rá go bhfuil depression doimhin orm agus go bhfuilim mo tharraingt féin as. Ní thuigeann daoine dom.”
Cúlra
Rugadh Nuala i Lancashire Shasana i 1952 ach nuair nach raibh sí ach cúig bliana d’aois d’aistrigh sí go Ceann Trá i gCiarraí, áit ar chónaigh sí lena haintín ar feadh dhá bhliain.
“Theastaigh ó mo dhaid bogadh thar n-ais agus sa deireadh bhí mo mháthair sásta bogadh - cé nach raibh sí róshásta i dtosach báire. Bhí post breá aici i Sasana - bhí sí ina dochtúir ann agus bhí 7,000 othar aici - agus nuair a tháinig sí thar n-ais go hÉirinn ní fhéadfadh sí post a fháil mar dhochtúir mar go raibh sí pósta (bhí an marriage ban ann). Chaith sí é a thabhairt suas agus bhí sé ana-dhian uirthi.
“Bhíos dhá bhliain thiar le m’aintín ar dtús i gCorca Dhuibhne. Mar a dúrt, ní raibh mo mham róshásta bogadh agus bhí mo dhaid siar agus aniar agus ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís go dtí go bhfuair sé post mar mháinlia contae i dTiobraid Árann, in Aonach Urmhumhan.”
Nuair a chuaigh Nuala go dtí an tAonach ar dtús bhí ionadh uirthi go raibh teanga eile, seachas an Ghaeilge, á labhairt. Is cuimhin léi gur labhair banaltra san ospidéal Béarla léi uair amháin agus gur fhiafraigh sise dá hathair: “Cad ina thaobh go bhfuil sí seo ag labhairt Béarla liomsa? Nach í seo Éire? Níor shocraíos riamh síos in Aonach Urmhumhan mar a dhein an chuid eile den gclann. Bhídis siúd ag imirt sa tsráid. Ach thosnaíos-sa ag léamh agus bhogas isteach ionam féin.”
Cuireadh go scoil chónaithe i Luimneach í, Laurel Hill, scoil a bhí á reáchtáil ag na mná rialta. Rinne sí a cuid ábhar go léir (seachas an Béarla) trí mheán na Gaeilge agus, cé gur thaitin na ranganna go mór léi, níor bhain sí sult as a tréimhse sa scoil.
“Bhíos ana-phríobháideach ionam féin agus níor thaitin sé liom a bheith i scoil le nócha éigin dalta eile agus b’fhéidir daichead bean rialta, agus sinn go léir i mullach a chéile, agus ag teacht salach ar a chéile. Níor oiriúnaigh sé in aon chor mé.
“Thug na mná rialta gach cabhair dúinn go hacadúil agus thugadar ana-mhúineadh dúinn. Ach ag pointe áirithe, bhí glactha leis an dtuairim go bpósfá agus go mbeifeá mar an chumhacht laistiar den bhfear. Bhí double bind ansin nár thuigeadar féin mar nach raibh aon bhaint acu leis an saol lasmuigh. Ní d’aon ghnó a dheineadar é.”
Tar éis na meánscoile, i 1969, chuaigh Nuala go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus bhlais sí saoirse cheart den chéad uair. “Chuas as mo mheabhair. Deireann siad aga baile: ‘Did you hear about the train in Buttevant that went off the rails like Nuala?’ Bhaineas ana-shúp as an gcoláiste ach bhíos ró-óg agus ní raibh splinc chéille agam.”
Ceann de na cúiseanna, dar léi, a raibh atmaisféar chomh maith i gCorcaigh ná go rabhthas tar éis tús a chur leis an saoroideachas an bhliain roimhe sin, rud a thug deis do dhaoine nach bhfuair a muintir riamh oideachas tríú leibhéal céim a bhaint amach.
“Theastaigh ó mo mhuintir go rachainn le leigheas ach ag an nóiméad deireanach d’aistríos m’aigne agus roghnaíos Gaelainn agus Béarla. Ní raibh mo mhuintir aon phioc sásta ach bhíos ag rá liom féin ‘Cad ina thaobh go gcaithfinn mo shaol le rud nach bhfuil suim dá laghad agam ann?’”
Bhí an file Seán Ó Ríordáin ag obair san ollscoil ag an am agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar Nuala agus ar mhic léinn eile de chuid na Gaeilge, leithéidí Michael Davitt agus Liam Uí Mhuirthile, agus spreag sé iad le dul i mbun na scríbhneoireachta.
“Bhíomar lán d’uaillmhian agus cheapamar go raibh gach dán a scríobhamar go hiontach. Seán bocht Ó Ríordáin, bhí sé cráite againn. Théinnse suas minic go leor chuige go dtí a sheomra, ag taispeáint rudaí dó. An fear bocht, bhí sé ana-lách agus bhí sé ana-shuáilceach. Ach do chráimear é! Ba mhaith ann é agus, thar aon rud eile, an sampla a thug sé. Bhí ana-bhua cainte aige agus bhí sé ana-ghreannmhar. B’iontach an rud é gur thóg sé ceann dínn agus gur thug sé misneach dúinn.”
Pósadh agus imirce
Nuair a bhí an chéim bainte amach ag Nuala i 1972, theastaigh uaithi an geolaí Dogan Leflef as an Tuirc a phósadh. Chuir a tuismitheoirí iachall uirthi an tArdteastas san Oideachas a dhéanamh, áfach, cé nach raibh spéis dá laghad aici ann mar chúrsa. Nuair a bhí sé sin curtha di aici, phós sí agus bhailigh sí léi as Éirinn. Chuaigh an lánúin óg go dtí an Ollainn ar dtús, áit a raibh Dogan ag críochnú dochtúireachta agus thug siad aghaidh ar an Tuirc ansin i 1975.
Fuair Nuala post mar mhúinteoir Béarla sa Middle East Technical University in Ancara agus bhí sí an-sásta sa tír sna blianta tosaigh. D’éirigh an choimhlint idir an eite chlé agus an eite dheis ní ba mheasa le himeacht ama, áfach, agus ghéaraigh ar mhíshuaimhneas Nuala dá bharr, go háirithe anois agus beirt leanaí aici.
In ainneoin na coimhlinte sa tír, bhain sí an-taitneamh as a tréimhse ansin. Deir sí go raibh meas mór ag muintir na tíre uirthi de bharr gur mháthair í agus mar gheall ar oideachas a bheith uirthi. Goilleann sé uirthi nach dtuigeann daoine sa tír seo (agus san iarthar i gcoitinne) cultúr mhuintir na Tuirce agus go bhfuil siad chomh diúltach sin faoin tír.
“Tá daoine chomh dúr sa tír seo agus níl siad sásta foghlaim. Ní gá go mbeadh gach duine cosúil linne agus ní gá gurb é slí s’againne an slí is fearr.”
Le linn a tréimhse sa Tuirc, thosaigh Nuala ag scríobh i gceart. Bhí sé de nós aici trí uair an chloig a chaitheamh gach maidin Sathairn ag cumadh filíochta i leabharlann an Turkish American Association agus, i ndiaidh tamaill, thosaigh sí ag déanamh na hoibre seo go laethúil. Tar éis cúig bliana sa Tuirc, áfach, bhraith sí go raibh an Ghaeilge “ag éalú uaithi” agus chinn sí ar fhilleadh go hÉirinn. Fuair sí sparántacht ón Chomhairle Ealaíon, dhíol sí féin agus a fear céile an troscán go léir chun ticéid eitleáin a cheannach agus bhailigh leo ar ais go hÉirinn.
Níor bhraith sí ar a suaimhneas nuair a bhain sí an tír amach, áfach.
“Ní rabhas aon phioc sásta. Cheapas nach raibh aon fháilte romham. Bhí taithí agam ar mhuintir na Tuirce atá ana-fháiltiúil agus atá ana-mhuinteartha. Bhíomar go léir chomh bocht, is ar éigin go raibh aon mhaoin saolta ag daoine, agus, dá bhrí sin, an t-aon rud a bhí agat ná caradas.
“Bhí na hochtóidí ana-chrua ar mhná. Bhí troid uafásach le déanamh chun na cearta is bunúsaí, fiú amháin, a bhaint amach, chun go nglacfaí le guth ban le meas agus go n-éisteofaí linn. Tá meon ana-dhifriúil ann anois agus braithim i bhfad níos sona in Éirinn ná mar a dhein sna hochtóidí. Bhraitheas ag an am go raibh drochmheas ar na mná, nach raibh ionainn ach meaisín chun leanaí a thabhairt ar an saol, stáisiún seirbhísí d’fhearaibh.”
In ainneoin an mhíshuaimhnis a bhraith sí, bhí blianta thús na n-ochtóidí rathúil go maith ó thaobh na filíochta de. D’fhoilsigh sí dhá leabhar sa tréimhse sin, An Dealg Droighin (1981) agus Féar Suaithinseach (1984) agus d’fhoilsigh an file Michael Hartnett an chéad bhailiúchán aistriúchán dá saothar, Selected Poems/Rogha Danta, i 1985. Deir sí gurbh fhearr léi dá dtuigfeadh daoine na bundánta i nGaeilge ach tuigeann sí go maith nach bhféadfadh sí a beatha a bhaint amach mar fhile gan na haistriúcháin a dhéanann filí mór le rá, leithéidí Seamus Heaney, Paul Muldoon agus Michael Longley.
“Tá mórán de lucht na Gaeilge agus ní dóigh liom go dtuigeann siad na rudaí a bhíonn ar siúl agam. Tá mo shaothar dúshlánach agus cad ina thaobh nach mbeadh? Mura bhfuil daoine sásta tabhairt faoi sin, níl aon leigheas agamsa air.”
Abair seo linn...
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
The Healing Forest: Medicinal and Toxic Plants of the Northwest Amazonia le Richard Evans Schultes agus Robert E. Raffauf (bronntanas ó m’iníon a rinne luibheolaíocht i gColáiste na Tríonóide); The Birds of Heaven (Travels with Cranes) le Peter Matthiessen; An Béal Bocht le Myles na gCopaleen.
Cén ceol is fearr leat?
Is breá liom an sean-nós. Pádraigín Ní Uallacháin - tá gníomh iontach athchruthaithe ar siúl aici.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
Some Like it Hot le Billy Wilder. Le tamall anuas: Amelie agus Gosworth Park (píosa spraoi - ní raibh sé ana-dhoimhin).
Cá dtéann tú ar saoire?
Téim chun na Tuirce mar go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Tuircis ag mo chlann.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Sé huaire. Bhí mé sna Stáit Aontaithe, sa Tuirc, sa Bheilg, sa tSeapáin, sa Fhrainc agus sa Bhreatain Bheag.
Cén bhialann is fearr leat?
Aon cheann sa tSeapáin - tá an bia go hiontach (is breá liom sushi) agus tá na daoine chomh muinteartha. Bíonn ana-chraic iontu, go háirithe nuair a ólann siad saki.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Michael Longley.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
M’aintín Máire (nuair a bhíos ana-óg); bean rialta a mhúin diagacht dúinn, an tSiúr Winifred: thug sí misneach dom mo thuairimí féin a bheith agam.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Nach bhfuilim ar fónamh ar fad agus nach dtuigeann daoine dom ("You’re always depressed").
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
Athraíonn sé i gcónaí.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Daoine a bheith ag caitheamh anuas ar an nGaeilge. Sin an t-aon uair a chaillim an ceann.
Tá sí réasúnta sásta leis na haistriúcháin atá déanta ar a saothar ach deir sí go bhfuil filí áirithe a théann ar strae an iomarca ón bhundán. Deir sí, áfach, go dtaitníonn cuid aistriúchán Paul Muldoon léi thar aistriúcháin aon fhile eile, in ainneoin gur duine é a fhágann rian an-láidir ar shaothar Nuala.
Aosdána
Tá sí ina ball d’Aosdána leis na blianta fada agus faigheann sí deontas de bhreis is €11,000 sa bhliain a chuireann ar a cumas cuid mhaith dá fuinneamh a chaitheamh leis an fhilíocht.
“Murach Aosdána, ní bheinn ag scríobh filíochta - fadó riamh, bheinn imithe ag múineadh. Ní bheadh aon tseans faoin spéir go bhféadfainn leanúint le filíocht. Dhéanfainn é go páirtaimseartha ach aithnítear i gcónaí dánta ócáidiúla a tharlaíonn ina leithéid de chás. Ní bhíonn an tsubstaint intleachtúil ná machnamh taobh thiar díobh nach mór chun filíocht mhaith a scríobh.”
Faigheann sí an-inspioráid agus spreagadh ó bheith ag tochailt i Roinn Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Deir sí go mbíonn fonn caointe uirthi go minic nuair a thagann sí ar lámhscríbhinn a bhaineann lena ceantar féin.
“Cuireann sé i gcuimhne dom an sórt teangan a bhí timpeall orm nuair a bhíos a cúig thíos i gCiarraí sna caogaidí agus níl sé cloiste agam ó shin. Táim, ar shlí, ag iarraidh domhan a chruthú nach bhfuil beo níos mó lasmuigh de mo cheann. Nuair a léim na lámhscríbhinní sin téann siad i bhfeidhm go mór orm. Bheinnse sásta dá bhféadfainn an sórt teangan, an téagar teangan a bhí ann sna caogaidí i gCiarraí, a choimeád beo.”
Measann sí go bhfuil an teanga “fachta ana-thana” sa Ghaeltacht, gur sórt creole atá daoine ag labhairt anois. Deir sí, áfach, go raibh an claonadh ann sna caogaidí fiú an Ghaeilge agus an Béarla a mheascadh agus gur minic a deireadh daoine rudaí mar “Táim ag cycláil ar mo bhicycle”.
Níl sí imníoch faoi thodhchaí na filíochta Gaeilge. Deir sí go bhfuil meas mór aici ar an dream óg atá ag teacht chun cinn, go háirithe Gearóid Mac Lochlainn as Béal Feirste agus Aifric Mac Aodha as Baile Átha Cliath, go bhfuil “ana-gheall iontu”.
Cúis díomá
Chuir sí a cuid cáipéisí tábhachtacha ar an mhargadh ag deireadh na nóchaidí agus cheannaigh Leabharlann Burns in Boston College iad. Ba chúis díomá di nach raibh spéis ag aon institiúid in Éirinn iad a cheannach ag an am.
Mar chuid den chonradh, chaith sí roinnt míonna i mBoston College i 1999. Bhí a fear céile tinn i dtrátha an am sin agus deir sí go raibh uirthi tabhairt faoin obair seo chun a chinntiú go mbeadh teacht isteach sách mór ag an teaghlach. Deir sí nár mhaith léi maireachtáil sna Stáit Aontaithe, áfach.
“Is í Éire mo thír dhúchais. Tá sé go deas cuairt a thabhairt ar Mheiriceá anois is arís ach táim róchríonna. Dá mbeinn tar éis dul ann agus mé fiche éigin bliain, thiocfainn isteach air. Dá bhfanfainn ann, d’athródh mo phearsantacht go mór dá bharr agus an duine a dhéanfaí díom, ní dóigh liom gur mhaith liom an duine sin in aon chor. Na rudaí ionam féin nach maith liom, workaholism agus an taobh sin díom nach maith liom, bheadh sé sin tagtha chun cinn go mór i Meiriceá.”
Ceapadh í san Ireland Chair of Poetry an bhliain seo caite agus tá sé mar dhualgas uirthi ocht seachtaine sa bhliain a chaitheamh i gcoláiste faoi leith go cionn trí bliana. Tá sí in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste faoi láthair agus tá sí ag baint oiread taitnimh as a tréimhse ansin go bhfuil sé beartaithe aici cúpla seachtain bhreise a chaitheamh sa choláiste.
Tá 34 dán scríofa aici ar na múracha le cúpla bliain anuas agus tá díomá uirthi nach bhfuil an oiread sin airde tugtha ag muintir na Gaeilge orthu.
Deir sí nach maith léi an léamh a dhéanann criticeoirí áirithe ar a saothar - tá sí den bharúil go bhfuil cuid de na nithe atá scríofa acu ina thaobh mícheart amach is amach.
Na laethanta seo, tá sí ag iarraidh fráma meafarach a aimsiú chun cur síos a dhéanamh ar a hóige, ar rudaí a bhraitheann sí mar gheall ar a muintir agus nach féidir léi a rá in aon slí eile.
“Nílim sásta gur éirigh liom croí na ceiste a léiriú agus táim ag lorg meafair éigin eile a thabharfaidh slí isteach dom chuig na rudaí seo a bhíonn ag dó na geirbe agam. Sin an t-aon slí atá agam.”