AGALLAMH BEO
Pádraig Ó Céidigh
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill
Íomhá
Íomhá

Nuair a cheannaigh Pádraig Ó Céidigh Aer Árann ocht mbliana ó shin ba chomhlacht beag é a bhí ag cur seirbhíse ar fáil d’Oileáin Árann amháin. Fuair an Céideach aithneantas i mí Mheán Fómhair i mbliana as an éacht oibre atá déanta aige sa chomhlacht sin le blianta beaga anuas nuair a bronnadh an gradam Fiontraí na Bliana air. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina chúlra agus faoi na dúshláin atá i ndán dó féin agus don chomhlacht sa todhchaí.

Aithníonn cúntóir pearsanta Phádraig Uí Chéidigh in Aer Árann mo ghuth ar an toirt anois. Is minic a labhair muid le chéile le cúpla mí anuas, mise ar mo dhícheall ag iarraidh coinne a dhéanamh le príomhfheidhmeannach an chomhlachta. Rinne muid coinne a shocrú cúpla babhta ach bhí uirthi é a chur ar ceal de bharr go raibh brú oibre chomh mór sin ar Ó Céidigh.

Chas mé leis sa deireadh in Óstán an Burlington maidin Dé Sathairn amháin an mhí seo caite, agus bhí mé an-bhuíoch de as a bheith sásta bualadh liom ar a shlí chuig cluiche rugbaí lena mhac Cathal.

Is duine é an Céideach a bhfuil pearsantacht láidir aige agus atá féinmhuiníneach amach is amach, rud a mbeifeá ag súil leis i gcás duine a bhfuil an oiread sin bainte amach aige ina shaol go dtí seo. Mar a dúirt duine amháin liom, téann sé i bhfeidhm ar dhaoine agus éiríonn leis cur ina luí orthu go bhfuil sé den tuairim go bhfuil an-tábhacht ag baint leo.

Bronnadh an gradam Fiontraí na Bliana ar Ó Céidigh i mí Mheán Fómhair i mbliana agus is léir go dtugann sé an-sásamh dó aitheantas mar seo a fháil as an obair chrua atá déanta aige ó cheannaigh sé Aer Árann ocht mbliana ó shin. Tá an-mheas ag daoine sa saol gnó ar an ghradam áirithe seo de chuid Ernst and Young agus bhuaigh daoine cumasacha eile, Moya Doherty ó Riverdance, Denis O’Brien agus Eddie Jordan, é cheana féin.

“An fáth is mó go bhfuil mé bródúil as ná go bhfuil duine as Conamara in ann gradam mar seo a bhaint amach agus é fós ina chónaí i gConamara. Agus duine a bhí ag plé le comhlacht fíorbheag a bhí díreach ag cur seirbhíse ar fáil go hÁrainn, a chaill airgead chuile bhliain go dtí gur thosaigh sé ag plé leis. Tá sé thar cionn go bhfuil an t-aitheantas sin le fáil ag daoine taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, taobh amuigh de chiorcal áirid.”

Bochtanas

Nuair a rugadh Ó Céidigh sa Spidéal i gConamara daichead is a cúig bliain ó shin, ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag a mhuintir ná ag bunadh na háite.

“Ní raibh aon obair ná airgead sa gceantar. Bhí chuile dhuine fíor- fíorbhocht go deo. Ní raibh aon rogha ag daoine ach imeacht thar sáile. Chuaigh roinnt mhaith go Meiriceá Thuaidh agus chuaigh daoine go dtí an Astráil agus go leor eile go Sasana. Chuaigh m’athair féin go Sasana agus é ina leaid óg. Ní raibh sé ach thart ar sheacht déag nó ocht déag.”

Casadh bean as Baile Conaola in aice leis an Chlochán ar athair Phádraig sa tábhairne Éireannach The Crown of Cricklewood i Londain agus phós siad sa chathair sin tar éis cúpla bliain. Níor theastaigh uathu clann a thógáil i Londain, áfach, agus dá bharr sin bhog siad ar ais go dtí an Spidéal, áit ar rugadh Pádraig.

Fuair Pádraig a chuid bunscolaíochta go háitiúil ach chinn sé ar a dhul go cathair na Gaillimhe le freastal ar an mheánscoil de bharr go raibh cara dá chuid, Máirtín Ó Domhnaill, ag dul go scoil na nÍosánach ansin, Coláiste Iognáid. Bhí na céad bhlianta sa scoil sin dian go maith. Is minic nár thuig Pádraig cuid Béarla na múinteoirí agus bhraith sé náire lá sa rang nuair a bhí air sin a admháil os comhair na ndaltaí eile.

Bhí dearcadh diúltach ag go leor de na scoláirí sa scoil i leith mhuintir na Gaeltachta chomh maith.

“Muide a tháinig as ceantar an Spidéil isteach go Gaillimh ag an am sin, ghlaoití *rednecks *orainn, agus ainmneacha mar sin. Caithfidh mé a rá gur chuir sé sin as beagainín dom. Bhí fadhbanna againne nach mbeadh ag gasúir eile, mar gheall ar gur tháinig muid ón áit sin.”

Nuair a chuir Pádraig in iúl dá thuismitheoirí tar éis na Meánteiste gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil chun bheith ina phluiméir, níor chuir siad i gcoinne an smaoinimh sin.

“Ní raibh aon eolas acusan ar chúrsaí oibre ná ar chúrsaí oideachais ná rud ar bith mar sin. Ach d’iarr na múinteoirí orm fanacht agus an Ardteist a dhéanamh.”

D’fhoghlaim Pádraig le linn a thréimhse sa mheánscoil an tslí le seasamh suas dó féin agus a bheith bródúil as a cheantar dúchais.

Formhór na scoláirí a bhí sa rang liom, ba dhochtúirí agus múinteoirí agus innealtóirí a dtuismitheoirí. Ach bhí mise bródúil as an áit a dtáinig mé as agus an cúlra clainne a bhí agam agus ní raibh aon fhadhb agam riamh ag rá, ‘Okay, siúd é mise, glacadh sibh liom nó ná glacadh sibh liom.’ Sheas sé sin liom i rith mo shaoil. Bheadh sé an- an-éasca agamsa Padraig Keady a ghlaoch orm féin ach shocraigh mé gan sin a dhéanamh.”

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Déanaim roinnt mhaith obair dheonach. Mar shampla, tá mé mar *mentor *ag Scoil Ghnó Jefferson Smurfit in UCD. Thug siad leabhar dom faoi *mentoring *cúpla seachtain ó shin agus tá mé á léamh sin faoi láthair.

Cén ceol is fearr leat?

Is maith liom cineálacha éagsúla. Dar ndóigh, is breá liom ceol Gaelach - ceol ar an bhfidil agus ar an mbosca ceoil. Ach freisin is aoibhinn liom opera - tá ceol álainn i Carmen, mar shampla.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Nuair a bhí mé níos óige, thaithnigh na scannáin *Rocky *ina raibh Sylvester Stallone go mór liom.

Cá dtéann tú ar saoire?

Is maith liom dul siar chomh minic agus is féidir liom go ceantar dúchais mo mháthar, Baile Conaola. Is breá liom freisin dul timpeall na tíre ach ní minic a fhaighim deis.

Cad é an méid ama a chaitheann tú thar lear gach bliain?

Téim thar lear chuile thrí seachtaine nó mar sin, amantaí níos minicí. Ó bronnadh Fiontraí na Bliana orm, tá go leor taistil le déanamh agam.

Cén bhialann is fearr leat?

An Rockglen Hotel, atá idir an Clochán agus Baile Conaola. Agus an ceann eile is aoibhinn liom ná siopa éisc McDonaghs’ atá ar Shráid na Céibhe i nGaillimh. Is breá liom *chips *agus píosa éisc le muigín tae a fháil ansin.

Cé hiad na daoine is mó a bhfuil meas agat orthu?

Mo bhean agus mo mháthair. Taobh amuigh de sin, Breandán Delap, eagarthóir Foinse.

Cé hiad na daoine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Cuid de na múinteoirí a bhí agam ar scoil, go háirithe Paddy Greene agus Paddy Tyrell, beirt Íosánach.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Daoine a mbíonn *spite *acu dom agus a bhíonn ag iarraidh mé a chur síos mar gheall ar éad.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Seasca uair an chloig de ghnáth, ach amantaí 70 nó 80 uair.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Daoine.

Bhain Ó Céidigh céim amach sa Tráchtáil sa Choláiste Ollscoile i nGaillimh, le cois Ardteastas san Oideachas, agus chaith roinnt blianta ag obair mar chuntasóir leis an chomhlacht KPMG. D’éirigh sé bréan den obair sin sa deireadh agus chinn sé ar fhilleadh ar an mhúinteoireacht. Fuair sé post ag teagasc Matamaitice ina sheanscoil, Coláiste Iognáid, agus thosaigh sé ag déanamh céim dlí san oíche ag an am céanna.

“Bhí mé ag iarraidh dlí a mhúineadh do ghasúir scoile sa meánscoil. Ceapaim gur éagóir mhór é ó thaobh cúrsaí oideachais de nach dtugtar aon bhuneolas do ghasúir faoi chúrsaí dlí agus iad ag dul amach sa saol mór, mar is gné bhunúsach é d´ár saol.”

Thaitin an mhúinteoireacht go mór leis ach chuir an t-atmaisféar sa seomra foirne isteach go mór air.

“Bhíodh aighneas agus *spite *feamainne go minic i seomra na múinteoirí. Bhíodar i gcónaí ag troid lena chéile faoi rudaí an-bheaga agus bhí rudaí níos tábhachtaí agus níos mó le plé, agus cinníocha le déanamh. Chuir sé sin as dom agus shocraigh mé lá amháin go dtógfainn sos gairme.”

Oifig i nGaillimh

D’oscail sé oifig i gcathair na Gaillimhe agus thosaigh sé ag obair mar aturnae.

“Bhí mé ag iarraidh seirbhís a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Mheas mé go raibh tuiscint níos fearr agamsa ar riachtanaisí phobal na Gaeltachta ná mar a bhí ag go leor dlíodóirí a bhí ag obair i gcathair na Gaillimhe. Bhunaigh mé comhlacht dlí agus chuir mé béim ar sheirbhís as Gaeilge agus seirbhís do mhuintir na Gaeltachta. D’éirigh go han-mhaith liom.”

Ba bhuntáiste mór é go raibh cúlra cuntasaóireachta chomh maith le cúlra dlí aige agus roimh i bhfad thosaigh na príomhbhancanna, leithéidí Anglo-Irish Bank agus AIB, ag tabhairt neart oibre dó.

Nuair a cheannaigh Ó Céidigh Aer Árann i 1994 ba chomhlacht an-bheag é a bhí ag cur seirbhíse ar fáil d’Oileáin Árann amháin agus nach raibh láimhdeachas ach de £200,000 aige. Thuig an Céideach taobh istigh d’am gearr go gcaithfeadh sé a chuid fuinnimh ar fad a chaitheamh leis an chomhlacht dá mba mhian leis é a fhorbairt.

“Bhí cinneadh le déanamh agam. Ní raibh mé in ann an dá thrá a fhreastal. Ní raibh mé ábalta béim cheart a chur ar cheachtar acu. Shocraigh mé an oifig dlí a dhíol agus dul ag plé go lánaimseartha le hAer Árann. Ba sheans an-mhór é.”

Chuir sé roimhe ar dtús seirbhís mhaith réigiúnach aeir a chur ar fáil agus cabhrú leis na ceantair, leithéidí Dhún na nGall, Ciarraí agus Gaillimh, a raibh faillí déanta iontu go dtí sin, dar leis. Nuair a bhí sé sin curtha i gcrích aige, dhírigh sé ar sprioc nua: seirbhísí a chur ar fáil go dtí an Bhreatain. D’éirigh leis sin a dhéanamh fosta agus tá fás as cuimse tagtha ar Aer Árann, go háirithe le cúpla bliain anuas.

“Tá muid ag iompar níos mó paisinéirí anois in aon seachtain amháin ná mar a d’iompar muid an bhliain uilig trí bliana ó shin. De réir Flight Magazine agus irisí eile, is iad Aer Árann an comhlacht aeir is mó a rinne forbairt ar domhan chuile bhliain le trí bliana anuas. Dá mbeadh Aer Árann i Meiriceá Thuaidh, bheadh muidne ar an naoú comhlacht déag is mó ansin ó thaobh líon paisinéirí de. Tá an comhlacht réasúnta mór agus tá an t-uafás forbartha déanta le roinnt blianta anuas. É sin ráite, tá sé uafásach crua. Anuraidh, theip ar 40% de na haerlínte ar fud an domhain agus bhí rudaí go dona againne freisin.

“Tá muide ag iompar gar do 600,000 paisinéir i mbliana. Taobh istigh de dhá bhliain ba chóir go mbeadh muid ag iompar isteach is amach le milliún paisinéir. Sin thart ar 10% den líon a iompraíonn Ryanair agus tá siadsan ar cheann de na comhlachtaí is mó ar domhan ó thaobh aerthaistil de.”

Cuireann an Roinn Iompair in Éirinn fóirdheontas ar fáil i gcás seirbhísí go sé cinn de cheantair imeallacha, leithéidí Chnoc Mhuire agus Thír Chonaill, agus tá trí chonradh díobh seo ag Aer Árann. Chaill an comhlacht an conradh go hAerfort Dhún na nGall ní ba luaithe i mbliana agus is léir go ngoilleann seo go mór ar Ó Céidigh.

“Bhris sé mo chroí. Nuair a thosaigh Aer Árann i mBaile Átha Cliath i dtosach is é an chéad seirbhís a bhí againn ná go Dún na nGall. Chuir mé aithne an- an-mhaith ar dhaoine iontacha i dTír Chonaill, daoine ar nós Anthony Gillespie, agus tá fíormheas agam orthu. Mhéadaigh muide faoi dhó an líon paisinéirí a bhí ag dul idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath agus chuir muid an-aithne ar na daoine áitiúla a bhí ag taisteal linn.

“Cloisim ó dhaoine as Dún na nGall nach bhfuil siad sásta leis an tseirbhís atá Euroceltic ag cur ar fáil agus go bhfuil rudaí gaibhte siar. Agus an obair mhór a rinne muid le muintir Dhún na nGall agus leis na hóstáin, go bhfuil sé sin uilig imithe anois agus go bhfuil go leor den dea-thoil, go háirithe i gcás turasóirí as Baile Átha Cliath a bhí ag fanacht i dTír Chonaill ar laethanta saoire agus ag caitheamh airgid sa gceantar, caillte.”

Clódóirí Lurgan

Cúig bliana ó shin cheannaigh Ó Céidigh dhá thrian den chomhlacht Clódóirí Lurgan i gConamara (is le hÚdarás na Gaeltachta an trian eile) ón dream a bhí ag obair ansin. Bhí deacrachtaí airgid ag an chomhlacht ag an am agus bhí imní ar na hoibrithe go rachadh sé go tóin poill. Ar chúiseanna nach raibh sé sásta a mhíniú ("Fágfaidh mé fút féin é,” a dúirt sé liom), thosaigh an comhlacht ag cailleadh go leor den obair a bhí aige ón Údarás go dtí sin nuair a ghlac Ó Céidigh seilbh air.

“Chaill muid go leor de chuid oibre Údarás na Gaeltachta nuair a thosaigh mé sa gcomhlacht ach fuair muid cuid mhaith de sin ar ais, rud atá an- an-tábhachtach dúinn. An lá a tháinig mise isteach sa gcomhlacht thit an obair ón Údarás go dtí thart ar 60% - thosaigh siad ag cur na hoibre go háiteachaí eile. Díreach ag an am sin, d’fhéadfadh an comhlacht dul síos.”

Tá seacht nduine dhéag fostaithe i gClódóirí Lurgan na laethanta seo agus braitheann Ó Céidigh go bhféadfaí go leor forbartha a dhéanamh air. Níl an t-am aigesean luí isteach ar an obair sin, áfach, de bharr a chuid cúraimí le hAer Árann. Admhaíonn sé chomh maith go bhfuil faillí déanta aige sa nuachtán Foinse, a bhunaigh sé i 1996.

“Arís, níor chuir mise an t-am isteach in *Foinse *ba mhaith liom a chur isteach ann mar gheall ar Aer Árann. Ba mhaith liom féidearthachtaí gnó *Foinse *a fhorbairt tuilleadh. Ba mhaith liom oibriú ar mhargaí nua a aimsiú don pháipéar - tá sé sin fíorthábhachtach dúinn.

“Tá forbairt an-mhór tagtha ar iriseoireacht na Gaeilge mar gheall ar *Foinse *agus tá mé an-bhródúil as sin. Fíorbhródúil.

“Níl a fhios agam an mbeidh mise ag plé leis an bpáipéar i gceann dhá bhliain eile. B’fhéidir go mbeadh daoine eile a ghlacfadh úinéireacht ar an gcomhlacht, a bheadh i ndán tuilleadh forbartha a dhéanamh air.”

Gearradh siar

Tá sé beartaithe ag Ó Céidigh gearradh siar go mór ar an obair a dhéanann sé le hAer Árainn. Faoi láthair, oibríonn sé ar a laghad seasca uair an chloig sa tseachtain sa chomhlacht. Fágann sé an baile gach maidin sa Spidéal agus faigheann sé eitleán go hAerfort Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil a oifig. Tá sé ag éirí tuirseach den taisteal seo agus ba mhaith leis go gceapfaí duine eile mar phríomhfheidhmeannach ar an chomhlacht taobh istigh de bhliain nó de bhliain go leith. Ach céard a dhéanfaidh sé ansin?

“B’fhéidir go gceapann tú go bhfuil sé seo seafóideach ach ba bhreá liom leabhair a scríobh do pháistí. Tá an-suim agam i gcursaí oideachais. Ní dóigh liomsa go bhfuil muide mar thír ag múineadh daoine óga sa mbealach is fearr nó sa mbealach ceart. Tá muid ag múineadh na ndaoine óga an chaoi ar múineadh muide tríocha nó ceathracha bliain ó shin. Níl muid ag obair ar an gcaoi leis an tsamhlaíocht a thabhairt amach. Tá béim ar na rudaí is lú tábhacht. Tá teilifís in chuile sheomra agus an t-idirlíon agus fístéipeanna. Ach níl aon mhaith iontu sin mura bhfuil na gasúir ábalta an t-eolas sin ar fad a úsáid taobh istigh dá n-intinn, mura bhfuil a fhios acu cén chaoi le scagadh a dhéanamh ar an eolas sin agus úsáid a bhaint as leis an sprioc atá agat a bhaint amach.

“Chuir mise romham go leor leor spriocanna i mo shaol. Tá chuile cheann acu sin bainte amach agam ar bhealaí éagsúla. Chuile cheann acu. Ach tá spriocanna eile anois a thiocfaidh chun cinn. Ba mhaith liom go mbeadh deis ag daoine óga spriocanna a leagan síos dóibh féin agus go mbeidís in ann na spriocanna sin a bhaint amach.”

Is milliúnaí é Pádraig Ó Céidigh ach deir sé nach bhfuil an t-airgead tábhachtach dó.

“Is cuma liom faoi. Níl aon suim agam ann. Tá airgead ag teastáil le gnó a rith ach ní hé an t-airgead a spreag mise. Tá mé ag iarraidh dóthain airgid le coinneáil ag imeacht agus tá mé breá sásta leis sin.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.