AR NA SAOLTA SEO
An sárú príobháide ag éirí níos coitianta in Éirinn
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

na nuachtáin thablóideacha in Éirinn níos sásta ná mar a bhí riamh daoine a chéasadh agus neamhaird a thabhairt ar a bpríobháideacht, dar le Breandán Delap.

Íomhá
Buaiteoir Euromillions, Dolores McNamara as Luimneach
Íomhá
An tAire Iompair, Martin Cullen: scéalta faoi féin agus faoi Monica Leech sna nuachtáin
Íomhá
Triúr na Colóime: Niall Connolly, Martin McCauley agus Jim Monaghan
Íomhá
An tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell

dlíodóir i *The Simpsons *a bhíonn i gcónaí i láthair nuair a tharlaíonn timpiste sa dóigh is go dtig leis a chárta a thabhairt dóibh siúd atá gortaithe. Bíonn Lionel Hutts ag iarraidh teacht i dtír ar an mhí-ádh a bhíonn ar dhaoine eile agus ag iarraidh buntáiste a bhaint as míbhuntáiste. Goilleann sé orm a rá, i bhfianaise na géarleanúna a rinneadh ar Dolores McNamara, buaiteoir *Euromillions *le déanaí, go bhfuil cur chuige Hutts beo beathaíoch i measc baicle iriseoirí sa tír seo. Ina gcás siúd, áfach, bíonn siad ag iarraidh teacht i dtír ar an ádh a thiteann ar dhaoine agus ag iarraidh míbhuntáiste a bhaint as buntáiste.

Is beag duine atá in éad le Dolores McNamara anois as an €115,436,126 a bhain sí sa chrannchur Eorpach le gairid. Agus cé a thógfadh é sin orthu? Ní túisce go raibh an bua fógartha ach go raibh an chonairt ag tarraingt ar Gharraí Eoin sa tóir ar scéalta suaracha faoina saol pearsanta. B’éigean d’aturnae Dolores, David Sweeney, impí ar na meáin “spás” a thabhairt di - agus rinne siad amhlaidh. Tugadh spás suntasach di ar gach príomhleathanach tablóideach agus bhí iriseoirí ag baint na sála dá chéile ag iarraidh an focal is tarcaisní ina bpluca a chaitheamh léi.

Chuir The Star *tús leis an chéasadh faoin cheannlíne *“Lotto Dolores Family Link to Gang War” agus d’fhoilsigh siad sonraí faoin bhaint a bhí ag nia léi i ndúnmharú coirpigh aitheanta i Luimneach. Bhí a shárú le fáil in The Sun *an lá dár gcionn, tráth a ndearnadh cur síos ar *“Dolores’ Thug Son”. Dúradh linn go bhfuil a mac, Gary McNamara, díomhaoin faoi láthair agus gur cuireadh ina leith deich mbliana ó shin gur ionsaigh sé úinéir garáiste a cailleadh tamall ina dhiaidh sin. An Domhnach ina dhiaidh sin, bhí scéal eisiach ag Ireland on Sunday *faoin cheannteideal *“Dolores In Dole Probe”, a thug le fios go bhféadfadh sé go gcuirfí an dlí uirthi as íocaíochtaí leasa shóisialaigh a fháil fad is a bhí sí ag obair i monarcha cógas. Anuas air sin, bhí trí pháipéar thablóideacha ag ceantáil ar a chéile le haghaidh pictiúr a ghlac comharsanach dá cuid di ag ceiliúradh a bua i dteach leanna áitiúil. Is cosúil sa deireadh gur dhíol *The Sunday World agus Ireland on Sunday *€25,000 le Jackie Greer as na grianghrafanna a ghlac sé le ceamara láimhe.

Cúpla seachtain ó shin, bhí seans 76,000,000/1 ag Dolores McNamara Euromillions a bhaint, ach má bhí níl seans faoin spéir aici anois saol suaimhneach a bheith aici feasta.

Chuir céasadh Dholores an dlaoi mhullaigh ar shraith de scéalta náireacha a foilsíodh le leathbhliain anuas. Bhí neart ceisteanna le freagairt ag an Aire Iompair, Martin Cullen, faoin dóigh ar bronnadh conradh flaithiúil caidrimh phoiblí ar chomrádaí polaitiúil dá chuid, ach ní raibh aon cheo le freagairt aige faoi chaidreamh collaí a bheith aige le Monica Leech, mar a thug cúpla nuachtán le fios go cliathánach. Ní dóigh liom ach an oiread gur chuir an pictiúr de bhean chéile agus d’iníon Ray Burke ag teacht amach as Príosún Mhuinseo a dhath leis an díospóireacht faoi chleachtais chama in oifigí arda. Mhaígh an t-iriseoir is aitheanta in Éirinn, Charlie Bird, ar an chlár “Liveline” go raibh grianghrafadóir ó *Ireland on Sunday *á shíorleanúint agus ag brú isteach air. Rinne díorma iriseoirí ruathar ar Chill Chainnigh le scéal te-bhruite a fháil faoi theip chleamhnas DJ Carey. Ansin b’éigean do The Edge urghaire cúirte a fháil le cosc a chur ar *The Sunday World *sonraí faoina iníon, atá ag éileamh in Otharlann na Leanaí i gCromghlinn más fíor, a nochtadh. Ar ndóigh, tharraing an cás cúirte seo tuilleadh airde ar a iníon ach is beag duine nach ndéarfadh gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid.

Suarach

Ba é an scéal ba cháidhí a léigh mé le déanaí, áfach, ná an t-alt agus na grianghrafanna a bhí in *Ireland On Sunday *de mhac Malcolm McArthur agus é ag déanamh a bhealach go Coláiste na Tríonóide ar a rothar. Ba shuarach an mhaise é aird a tharraingt ar an scoláire bocht seo nach ndearna a dhath as bealach ach go raibh sé de mhí-ádh air gur mac é le duine de na dúnmharfóirí ba bhrúidiúla i stair na hÉireann. Níl aon amhras orm ach gur ábhar suime ab ea an scéal seo do chuid mhaith de léitheoirí an nuachtáin sin, ach ní hionann suim an phobail agus leas an phobail.

Anuas ar na scéalta suaracha seo, creidim go bhfuil sraith de scéalta bréagacha a foilsíodh ar na mallaibh ag cur inchreidteacht na nuachtán i mbaol. Tóg, mar shampla, an clúdach a rinneadh ar philleadh Thriúr na Colóime ar Éirinn. Rinne *Ireland On Sunday *cur síos beacht ar an tslí a ndearna siad a mbealach abhaile. D’éalaigh siad ar dtús báire go Veiniséala mar nach bhfuil aon chonradh eiseachadta ag an tír sin leis an Cholóim. As sin, chuaigh siad go Managua agus go Cúba, áit a raibh Niall Connolly ag cur faoi tráth. D’fhan siad i Havana go mí an Aibreáin sula ndeachaigh siad ar thrálaer go Rio de Janerio am éigin i mí na Bealtaine nó mí an Mheithimh. Ansin, chuaigh siad ar bord long trádála go La Coruña na Spáinne. Thug a gcuid comrádaithe in ETA aire mhaith dóibh ansin sula ndearna siad a mbealach chun na Briotáine agus trasna na mara go Ros Láir ar an bhád farantóireachta.

Scéal gaisciúil a bhí anseo a bhí inchurtha le heachtraí Steve McQueen in The Great Escape. Bhí léarscáil ghalánta ag dul leis an alt agus bhí sé ar fad leagtha amach go snasta… Ach ní raibh bunús dá laghad leis.

Glacaim leis go mbíonn scéalta maithe tearc go leor le linn “mhí na marbh”, ach tá an chontúirt ann go mbrisfidh scéalta den chineál seo snaidhm na muiníne idir an léitheoir agus an t-iriseoir. Ba é an bunús a bhí leis an tsnaidhm seo ná gur glacadh leis i gcónaí go raibh an t-iriseoir ag déanamh a dhícheall an fhírinne a nochtadh. Ach cén fáth a gcreidfeá aon scéal eile i nuachtán atá sásta deargchumadóireacht den chineál thuas a chur i gcló?

Nuair a d’fhoilsigh The Sun *na Breataine scéalta ar nós *“Freddie Starr Ate My Hamster” (níor ith!) agus gur chuir Comhairle Bhrent cosc ar mhálaí bruscair dubha mar go raibh siad ciníoch (níor chuir!), thug siad le fios don saol mór nach gá go mbeadh a gcuid scéalta bunaithe ar an fhírinne. Is baolach go bhfuil an nós seo coitianta go maith in iriseoireacht na tíre seo le dornán blianta anuas. Smaoiním arís ar mhana Lionel Hutts: "Hearsay, Innuendo and Rumour are KINDS of evidence your honour". Is fíor dó, ach ní dócha go nglacfadh aon chúirt leo mar fhianaise bhailí. Níor cheart don léitheoir glacadh leo ach an oiread.

Scannail ghnéis

Is cuid de dhlúth is d’inneach den nuachtán tablóideach iad scéalta a bhaineann le scannail ghnéis. Is iad na scéalta seo a thug beathú dóibh ó aimsir Oscar Wilde anall go Prufomo agus Bryan McFadden. Cuimhnigh ar an chraic a baineadh as na ceannlínte faoi mhídhílseacht Chris de Burgh (“My Lady in Bed”) agus Paddy Ashdown (“Make Way, It’s Paddy Pantsdown”). Maíodh go fiú gur ar mhaithe leis an phobal a nochtaíodh na caidrimh seo. Dúradh i gcás Bill Clinton, mar shampla, go mbeadh an té a d’imreodh feall ar a bhean sásta feall a imirt ar a thír chomh maith céanna!

Bhíodh dearcadh ceartaiseach againne sa tír seo faoi scéalta dá gcineál. Bhain siad le Sasana nó Meiriceá, tíortha nach raibh na luachanna morálta céanna acu. Dúradh go raibh náire shaolta orainn faoin dóigh ar caitheadh le Charles Stuart Parnell agus go raibh muid i bhfad níos discréidí dá bharr. Ach tá rabhartha scéalta conspóideacha foilsithe le leathbhliain anuas a dhéanann mugadh magadh den tuairimíocht seo. Ná cuirimis dallamullóg orainn féin; cinsireacht seachas neamhshuim an phobail a choinnigh slacht ar na nuachtáin Éireannacha thar na glúnta. Ná cuirimis dallamullóg orainn féin ach chomh beag go bhfuil brú ar an rialtas dul i ngleic leis an cheist seo mar nach bhfuil aon chóras féinmhaoirseachta ag an tionscal féin.

moltaí fiúntacha déanta ag an Aire Dlí is Cirt, Michael McDowell ina leith. Má éiríonn leis an Bille um Chlúmhilleadh a achtú, bunófar Comhairle Preasa neamhspleách, nach mbeadh faoi choimirce an rialtais. Lena chois sin, déanfar leasú ar na dlíthe chlúmhillte a bhéarfaidh cosaint do na meáin as corrmheancóg bheag a déanamh agus iad ag fiosrú scéalta móra atá go mór ar leas an phobail. Ach ní léir go bhfuil an toil pholaitiúil ann aon ní a ghéilleadh do na meáin, gan srianta breise a chur orthu maidir le sárú príobháide. Is cosúil gur chuir a chuid comhghleacaithe sa Chomhaireacht go mór i gcoinne mholtaí McDowell nuair a chuir sé iad faoina mbráid i mí an Mheithimh.

Níor cheart go gcuirfeadh sé seo aon iontas orainn. Liosta le háireamh iad na polaiteoirí ar dearnadh treascairt ar a saol príobháideach le bliain anuas. Glacadh pictiúirí de Liz O’Donnell, Mary Hanafin agus de Bertie Ahern féin ina gculaith snámha agus bíonn scéalta rialta faoin chaidreamh a bhí nó atá ag an Taoiseach lena iar-bhean chéile, lena iar-pháirtí agus lena pháirtí úr. Cuireadh isteach ar theaghlach an Aire McDowell féin nuair a sceitheadh eolas faoi ionsaí a rinneadh ar a mhac. Sárú ar a saol príobháideach an chúis ba mhó a thug Máire Geoghegan Quinn nuair a d’fhógair sí go raibh sí ag éirí as an pholaitíocht sa bhliain 1997. Tháinig sé seo sna sála ar scéal a bhí ag *The Sunday Independent *gur díbríodh a mac as a scoil de bharr eachtra a tharla ann. Ba é an scéal seo buille na tubaiste i súile go leor de na polaiteoirí.

Cuirfidh an tAire McDowell forálacha an Bhille os comhair na Dála san fhómhair ach beidh le feiceáil an mbeidh aon ghlacadh ag a chuid comhghleacaithe rialtais leo.

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.