Féachann Robert McMillen ar na himpleachtaí a bhaineann leis an ráiteas stairiúil a deisigh an IRA ag deireadh na míosa seo caite.
Is cuimhin liom agallamh a chur ar Gerry Adams i ndiaidh ceann de na géarchéimeanna sin a chráigh próiseas na síochána go leanúnach le blianta anuas. An rud a chuir iontas orm ná go raibh aoibh mhaith ar Adams nuair a bhí an pobal i gcoitinne traochta, buartha, gruama.
Ba léir ó Adams nach raibh sa deacracht ba deireanaí ach claí beag a gcaithfí dul thairis ar bhóthar phróiseacht Shinn Féin.
Sin, is dócha, mar atá Sinn Féin ag amharc ar an fhreagra diúltach a fuair ráiteas an IRA, Déardaoin, 28 Iúil ó aontachtaithe agus ó phoblachtánaigh easaontacha.
Nuair a chuireann tú san áireamh gur gluaiseacht iad a chaith 35 bliain ag troid in éadan Arm na Breataine, ba cheart go mbeadh an choimhlint idir iad féin agus an DUP furasta go leor agus gan fuil ar bith doirte.
Léiríonn, dar liom, eachtraí na seachtaine seo caite neart ghluaiseacht na poblachta. In alt suimiúil ar an Irish News, scríobh an colúnaí, agus iarchomhairleoir de chuid an SDLP, Brian Feeney, go raibh i bhfad níos mó sa ráiteas ná ceist dumpála arm.
Den chéad uair ó bhí 1922 ann, ghlac an IRA leis nach raibh gá le feachtas míleata, a scríobh sé.
Agus mhaígh sé go raibh an chumhacht i ngluaiseacht na poblachta ag bogadh ón eite mhíleata go dtí an eite pholaitiúil.
Sa ráiteas, deirtear gur tugadh ordú do gach Óglach cuidiú le forbairt clár atá polaitiúil agus daonlathach amháin trí mhodhanna síochánta amháin.
Measann Feeney gur athrú stairiúil eile é seo do na poblachtánaigh.
Roimhe seo, ba ag an IRA, ag an eite mhíleata, a bhí an lámh in uachtar agus Sinn Féin mar eagraíocht thacaíochta. Beidh baill an IRA ag cuidiú le Sinn Féin an clár polaitíochta a chur i gcrích as seo amach.
Tá móiminteam ar chúl an pháirtí a chuirfidh eagla a gcraicinn ar leithéidí Michael McDowell, Kevin Myers agus The Irish Independent, chomh maith leis an haontachtaithe Ultacha.
Lena chois sin, gheobhaidh Sinn Féin tacaíocht mhór ó Tony Blair. Is féidir le Príomh-Aire na Breataine a mhaíomh agus cuid mhór den cheart aige nach mbeadh an ráiteas a fuair muid an tseachtain seo caite á fhógairt go poiblí ar an teilifís ag Séanna Walsh gan é.
Dearcadh deimhnitheach
Ó tháinig sé i gcomharbacht ar John Major i 1997, bhí dearcadh deimhnitheach ag Blair fá na féidearthachtaí a bhain le próiseas na síochána. Ar an drochuair don UUP agus do David Trimble, dfhág an mhuinín a bhí ag Blair in Adams agus McGuinness an páirtí a rialaigh na Sé Chontae in áit na leathphingine ach atá sé chomh glinn soiléir sin go bhfuil straitéis nua curtha i bhfeidhm fud fad ghluaiseacht na poblachta, straitéis nach mbaineann úsáid as an lámh láidir.
Agus anois, *payback time *atá ann. Druideadh na túir fhaire i ndeisceart Ard Mhacha an lá i ndiaidh do ráiteas an IRA a theacht amach. Bígí ag dúil le holagón agus éagaoineadh ó aontachtaithe nuair a fheicfidh siad go bhfuil clár Shinn Féin á chur i gcrích ag Rialtas na Breataine. (I bhfírinne, ní clár Shinn Féin amháin atá ann ach an socrú a rinneadh idir na páirtithe uilig seachas an DUP ar an 10 Aibreán 1998, ar a dtugann muid Comhaontú Aoine an Chéasta.)
Bígí ag dúil le dímhíleatú, leis an chlár comhionannais, le scor an Royal Irish Regiment. Anois tuigeann tú cén fáth go bhfuil aontachtaithe chomh neirbhíseach sin.
Agus déanfar an dul chun cinn poblachtánach seo gan na gunnaí agus an semtex.
Níl a dhath ar bith a stopfaidh iad ach Ian Paisley. Tá an tOirmhinneach ag dul in aois ach tá rud amháin fá Paisley atá ina ábhar dóchais don todhchaí a ego.
Éist leis á mholadh féin, am ar bith a mbíonn sé ar an teilifís. I ndeireadh a ré, nár bhreá leis bheith mar cheannaire ar *Ulster. *Ar an drochuair, ní bhainfidh sé an gradam sin amach gan dul i rialtas le Sinn Féin.
An bhfuil plean B ag an DUP? Nó ar shíl siad go mbeadh Sinn Féin /IRA ann go deo na ndeor agus go dtiocfadh leo suí siar agus géarcháineadh a dhéanamh?
Má tá an streachailt armtha críochnaithe, ní chiallaíonn sin nach bhfuil am corraitheach romhainn.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*