AR NA SAOLTA SEO
Ag taisteal ag luas eitleáin – ceintiméadar ón talamh!
Pádraig Mac Éamoinn Pádraig Mac Éamoinn

Measann Padraig Mac Éamoinn go bhfuil seans maith ann go mbeidh traenacha ardluais le fáil sa Bhreatain taobh istigh de roinnt blianta.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Aire Iompair na Breataine, Alistair Darling

Samhlaigh é: an turas ó Londain go Birmingham nó Manchain nó Dún Éideann ag luas 500 ciliméadar san uair – ach ar thraein! Tá seans ann go mbeidh a leithéid le fáil i gceann deich mbliana. “An ag magadh atá tú?” a fhiafraíonn tú. “Dea-scéala faoin chóras iarnróid sa Bhreatain, údar tromluí go leor paisinéirí mífhortúnacha? An é an lá inniu an chéad lá de mhí an Aibreáin?”

Bheadh sé cineál íorónta dá mbeadh an easpa infheistíochta agus an easpa tacaíochta ón Rialtas le blianta anois mar bhuntáiste ag na hiarnróid sa Bhreatain, agus dá gcuirfeadh seo chun cinn iad ar chórais na Fraince agus na Gearmáine ach, má éiríonn le heagraíocht darb ainm UK Ultraspeed, sin go díreach an rud a tharlóidh. Tá siad ag cur chun cinn saghas nua traenach leictrí, traein Maglev (Magnetic Levitation nó ardú adhmainteach) a “eitlíonn” 1 cm os cionn an riain, ardaithe ar adhmaintí agus gan rothaí, nó fiú ráillí, na rudaí a chuireann moill ar ghnáth-thraein.

Tá ceann amháin i seirbhís anois sa tSín, agus táthar ag plé le córas eile Maglev i Meiriceá agus san Ísiltír. Ach is é an scéim is ardaidhmeannaí ar fad (agus scéim a bhfuil scrúdú, de réir tuarascála, á dhéanamh ag Rialtas na Bhreataine uirthi) ná rian a chur idir Londain agus Glaschú (a rachadh thart le Birmingham, Manchain, Leeds, Newcastle agus Dún Éideann) a thabharfadh paisinéir ó chathair Londan go Glaschú in dhá uair agus 40 nóiméad. Ní bhainfí úsáid ach as 25% den fhuinneamh a úsáideann eitleán ar an turas céanna, agus ní bheadh ach 20% den astúchán gáis i gceist is a bhíonn i gcás an eitleáin.

Bíonn tuairiscí ann go minic mar gheall ar an damáiste a dhéanann an eitlíocht don chomhshaol, agus beidh sé sin i gceist níos mó san am atá romhainn. Más gá do dhuine turas fada a dhéanamh, níl an dara rogha aige ach an t-eitleán a thógáil (go Meiriceá, mar shampla). Ach cad faoi thurais níos giorra? Dar le Friends of the Earth, as an deich gceann scríbe is gnóthaí ó aerfoirt Londan, d’fhéadfaí sé cinn a bhaint amach go tapa ar an traein (Glaschú, Dún Éideann agus Manchain sa Bhreatain féin agus Páras, Frankfurt agus Amstardam tríd an Tollán). Faoi láthair, tógann an turas ó Londain go Manchain timpeall dhá uair an chloig ar an traein thapa. Dá mbeadh an teicneolaíocht nua in úsáid, d’fhéadfaí an turas a dhéanamh in aon uair amháin, díreach mar a dhéanfadh scairdeitleán (atá beagán níos tapúla, ach a gcuirtear moill air ag na haerfoirt).

Teicneolaíocht Ghearmánach

Tá teicneolaíocht seo an Maglev á forbairt ag na Géarmánaigh ó bhí na seachtóidí ann – thóg siad rian trialach agus rinne siad neart taighde. Níl ann ach saghas “ugly duckling” leis na blianta, áfach. Bhí scéim ann chun líne a thógáil idir Beirlín agus Hamburg, ach chuir na polaiteoirí í seo ar ceal sa bhliain 2000. Ach, faoi dheireadh, tógadh líne thráchtála idir Aerfort agus Cathair Shanghai sa tSín. Osclaíodh í sa bhliain 2003, agus táthar tar éis breis is milliún paisinéir a iompar go dtí seo. Anois, tá an comhlacht Géarmánach Transrapid ag iarraidh gnó a bhaint amach áiteanna eile: i Meiriceá, san Ísiltír (idir Aerfort Amstardam agus Groningen), agus go háirithe sa Bhreatain.

Ní hé ceann Transrapid an t-aon traein Maglev atá ann. Tá teicneolaíocht eile Maglev ag na Seapánaigh atá níos tapúla fós ach i bhfad níos daoire. Agus d’aimsigh eolaí Meiriceánach córas Maglev eile a d’fhéadfadh bheith níos simplí agus níos saoire. Ach is í an traein Ghearmánach an ceann is forbartha. Tá sí ciúin, compordach, agus an-tapaidh ar fad.

Mar sin, cén fáth nach bhfuil línte á dtógáil sa Fhrainc nó sa Ghearmáin, dhá thír a bhfuil gréasáin traenacha den scoth acu? Bhuel, sin freagra na ceiste. Tá gréasáin mhaithe ardluais ag an dá thír, a tógadh sna hochtóidí agus sna nóchaidí (an TGV sa Fhrainc agus an ICE sa Ghearmáin) agus is féidir leis na traenacha luas de 300 ciliméadar san uair a bhaint amach. Agus, ós rud é gur cuireadh mórán infheistíochta sna gréasáin seo, níl aon suim ag na rialtais tuilleadh airgid a chaitheamh go luath agus, ar aon nós, ní gá dóibh é sin a dhéanamh fós.

Ach a mhalairt atá i gceist sa Bhreatain. Féach, mar shampla, ar an “West Coast Main Line” idir Stáisiún Euston i Londain agus Glaschú, an phríomhlíne is gnóthaí agus is plódaithe sa tír. Tar éis an phríobháidithe a rinne rialtas Margaret Thatcher, cuireadh tús le scéim mhór chun nuashonrú a dhéanamh ar an líne seo. £2 bhilliún (timpeall €3 bhilliún) an costas a dúradh a bhainfeadh leis an tionscadal, bheadh sé críochnaithe faoi 2005 agus gealladh go mbeadh na traenacha ag taisteal ag luas de 225 ciliméadar san uair.

Ach ní mar a shíltear a bítear. Tá na hoibreacha ar siúl fós, agus tá sé fógartha nach mbeidh an obair curtha i gcrích go dtí 2008. Ní bheidh cead ag na traenacha dul níos tapúla ná 200 ciliméadar san uair. Agus tá méadú beag tagtha ar an chostas – an bhfuil sibh in bhur suí síos? – ó £2 bhilliún go £10 mbilliún (€15 billiún). Deir lucht an Maglev gur féidir leo líne Maglev, go huile is go iomlán nua, a thógáil idir Londain agus Glaschú ar chostas £16 billiún (€24 billiún). Deirtear gur féidir é a thógáil 50 troigh os cionn na bpríomhbhóithre atá ann cheana féin, chun nach gá talamh nua a cheannach.

Buntáistí eile

Bheadh buntáistí eile ag baint leis an scéim seo. Bhainfeadh sé gluaisteáin de na bóithre. Gan amhras, d’fhéadfaí traenacha lasta Maglev a chur ar bun freisin, chun nach mbeadh gá le hoiread leoraithe ar na bóithre. Is ionann an scéal i gcás na heitlíochta: bhainfeadh sé eitleáin ó na bealaí gearra, bealaí nach bhfuil siad in oiriúint dóibh, agus ní chaithfí rúidbhealaí nua a thógáil chun feabhas a chur ar tháirgiúlacht sna haerfoirt. (Is ionann an méid suíochán a bheadh sna traenacha Maglev atá pleanáilte don Bhreatain agus an méid atá le fáil in 1,800 eitleán Boeing 737!) Bheadh an turas idir deisceart agus tuaisceart Shasana níos éasca, agus laghdofaí an “scoilt” idir an dá limistéar.

Ach an dtarlóidh sé? Tá sé ráite ag an Aire Iompair, Alistair Darling (Albanach, dála an scéil), go ndéanfaidh an rialtas machnamh faoi “dhromlach” nua traenach ardluais. Is cinnte gur scéim chuimsitheach agus mhórfhíse a bheadh inti, a dhéanfadh laghdú ar an damáiste atá á dhéanamh ag an mhéadú atá tagtha ar an trácht san aer agus ar na bóithre. D’fhéadfadh traein Maglev bheith ag feidhmiú faoin bhliain 2010. Rud atá níos dóchúla, b’fhéidir, ná go dtógfar raon níos lú ar dtús mar thriail, idir Dún Éideann agus Glaschú, mar shampla (turas aon nóiméad déag!), agus an líne iomlán ina dhiaidh sin.

Agus an bhfuil seans ar bith go bhfeicfear traein Maglev lá éigin agus dathanna Iarnród Éireann uirthi? Gaillimh go Luimneach i 15 nóiméad, nó Baile Átha Cliath go Port Láirge i 25 nóiméad – samhlaigh é! Ní dócha gur gá do Phádraig Ó Céidigh bheith buartha go dtiocfaidh iomaitheoir nua chun cinn d’Aer Arann. Níl go leor daoine in Éirinn chun na costais a bhainfeadh lena leithéid de thraein a dhéanamh dlisteanach. Ach ar an taobh eile de Mhuir Éireann, b’fhéidir go mbeidh go leor d’fhís ag na polaiteoirí i Londain nó i nDún Éideann chun córas go hiomlán nua iompair a chur ar bun dá bpobal.

Is comhairleoir é Padraig Mac Éamoinn atá ag obair i dtionscal eitlíochta na Breataine.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.