Tá a shúil nimhe á caitheamh an mhí seo ag Balor ar chuid de na scéalta atá i mbéal an phobail faoi láthair.
“*Vertigo *mo thóin!” a dúirt Balor an Bastún le Bono Beag i ndiaidh cheolchoirm mhór U2 i mBaile Átha Cliath. “An t-aon bhlaisín de *vertigo *a bhí faoi Pháirc an Chrócaigh bhí sé ar na créatúirí bochta arbh éigean dóibh amharc oraibhse ó bharr Ardán Uí Ógáin. Géarghrinniú agus mionchuardach a bhí ar siúl ag na créatúirí bochta nó níorbh amhlaidh gur líon sibh an stáitse le hollmhéid bhur gcorp. Cad é mar a cheap sibh teideal seanscannáin mar *Vertigo *le cur ar an turas?”
“Bhail, a Bhalor Mhóir,” arsa Bono Beag, agus é ag cur stró nach beag ar mhatáin a mhuinéil le hamharc suas thar bholg shaineolaí an rac-cheoil, “tá a fhios agam go bhfuil an focal sin rud beag aisteach, ach thosaigh sé amach níos aistí fós. Gheall Bertie an Bowsie dúinn bliain ó shin go dtiocfadh sé féin agus an chomh-aireacht agus páirtí parlaiminte Fhianna Fáil agus a gcuid teaghlach uilig chun na hAfraice le hobair dheonach a dhéanamh ar feadh cúpla mí ach go dtabharfaimis ainm de rogha Bertie féin ar shraith ceolchoirmeacha úra s’againn. Agus cad é an t-ainm a cheap Bertie don turas seo? Bertie Show! An gcreidfeá sin, a Bhalor Mhóir? Bertie Show?”
“Agus cad é a dúirt sibh leis, a Bhono?” arsa Balor.
“Siúr dúirt muid leis go raibh sé sin i gceart mar theideal ar an turas.”
“Agus cad é a tharla nuair a fuair sé amach gur athraigh sibh é?” a d’fhiafraigh Balor.
“Bhail, mhínigh mé dó go raibh muid ar fad spadchluasach go hiomlán sa bhanna ó bheith ag éisteacht linn féin ag screadaíl agus ag béiceadh agus ag caisliúireach oíche i ndiaidh a chéile ag ár gceolchoirmeacha féin, agus gur shíl muid gur Vertigo *a dúirt sé seachas *Bertie Show. Nach aisteach sin anois?”
Agus cad é faoi chúrsaí rugbaí sa Nua Shéalainn agus tubaiste an tSathairn thragóidigh sin nuair a rinne Umaga agus Mealamu iarracht Brains Ó Drisceoil a chur ag fás bunoscionn as ithir mhéith Christchurch? “A chonách sin ar roghnóirí na Leon,” a cheasnaigh Balor Lúfar ar chluinstin dó mar a caitheadh go fealltach leis an Éireannach a bhí ina chaptaen orthu. “Dá mbeadh sé de mhisneach acu mise a roghnú, agus dá dtabharfadh an bheirt sin faoi Bhalor Beo, bheadh na *All Blacks *beirt gann faoi dheireadh an chluiche,” a mhaíonn Balor an Bóiscéalaí Bomannach. Ní leor é mar leithscéal ag na roghnóirí, dar leis, nach bhfuil geansaí sách mór acu do Bhalor. “Má tá imleacán ar taispeáint maith go leor do sheacht Máire Móra na hÉireann, tá sé maith go leor domsa,” a áitíonn sé go harduallach, anuaibhreach.
*“There will not be a cow milked in Dublin city tonight!” *a mhaígh Paddy the Oirishman Ó hArrachtáin i ndiaidh dó an liathróid ghailf a chur isteach i bpoll uimhir a hocht déag ar chúrsa Westchester, Nua-Eabhrac, lena chamán ó chúig chéad go leith slat amach, chun an bua a fháil i gClasach Barclays. Bhí sé in ainm an liathróid a chur isteach i bpoll uimhir a seacht déag. “Níl ansin ach mionsonra,” a dúirt an fear nár shínigh a chárta ag deireadh cluiche gailf tamall ó shin. Bhí an mionsonra áirithe sin iontach costasach: chaill sé amach ar mhionshuim de leathmhilliún punt siocair an miondearmad sin. “Is fearr an camán ná an maide gailf, lá ar bith!” a mhaígh Paddy the Oirishman le Balor i ndiaidh dó an milliún go leith dollar a shacadh isteach ina phóca tóna. “Ní thuigim cén fáth go bhfanann daoine i bhfad amach uaim nuair a bhíonn an camán i mo ghlac agam agus mé á chroitheadh thart mar ba ghnách liom a dhéanamh i bPáirc an Fhionnuisce nuair a bhí mé óg. Ní thuigim ach oiread cén fáth nach gcríochnaíonn mo chuid páirtithe an cúrsa riamh nuair a úsáidim an camán. Ach is mór an suaimhneas é a bheith ábalta an cúrsa a imirt liom féin. Agus... cuidíonn an corrmhilliún thall is abhus.”
“The Irish language has failed to flourish,” *a dúirt eagarfhocal an *Irish Times *an mhí seo a chuaigh thart, agus é ag cáineadh iarrachtaí lucht athbheochan na Gaeilge. “Iontas na n-iontas!” a dúirt Balor an Bhéil Bhinn. Ní ag tagairt don mhéid a bhí le rá acu a bhí Laoch na Litríochta, ach do na focail *“the Irish language”. *Agus é ag smaoineamh ar stair ghallda an nuachtáin sin níorbh iontaí leis an sneachta dearg ná an nath áirithe sin ó pheann scríbhneoir an eagarfhocail. “Erse” an focal maslach ba ghnách lena leithéid a úsáid agus iad ag scríobh faoi theanga na nGael. “Agus mar gheall ar an mhéid a bhí le rá acu faoin Ghaeilge,” a deir Balor, agus é ag tiontú ar theanga an nuachtáin, *“they don’t know their Erse from their elbow!”
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)