AR NA SAOLTA SEO
Fadhbanna fhiontraithe dúchasacha an Aontais
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.

An mhí seo déanfaidh uachtarántacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach tréaniarracht teacht ar aontú idir rialtais na mballstát maidir le bunreacht nua don Aontas. Má éiríonn le Bertie Ahern agus a chuid státseirbhíseach an méid sin a dhéanamh, déarfar linn go bhfuil éacht déanta aige. Ansin a thosós an raic i ndáiríre.

Fanann ceisteanna go leor i mbéal an phobail faoin treo ina bhfuil an tAontas ag dul, agus faoin mbearna mhór a bhíonn ann go hiondúil idir na forais Eorpacha agus saoránaigh shean-náisiúin na hEorpa. Beidh an bunreacht nua ag croílár na díospóireachta seo in Éirinn agus réiteach á dhéanamh ag dreamanna éagsúla don reifeann a bheas ar siúl chun imprimatur mhuintir na hÉireann a fháil.

Iarracht fhónta chun dul i ngleic leis an mbearna sin ab ea an chomhdháil a d’eagraigh Cumann Tráchtála na Gaillimhe i gcathair na dtreabh ag deireadh na míosa seo caite. “Fóram díospóireachta Bhunreacht na hEorpa” a bhí mar theideal uirthi, agus bhí raidhse cainteoirí ann ó ollscoileanna éagsúla ar an Mór-Roinn, agus ón saol gnó agus polaitiúil. Ní fhaca mé aon cheardchumannaigh ann, agus ba thrua sin, mar bhí macalla láidir sna cainteanna den díospóireacht a thosaigh Mary Harney lena comparáid idir Bostún agus Beirlín.

Chuir mé suim sa méid a dúirt Yasir Yakis, atá ina chathaoirleach ar choimisiún de chuid Pharlaimint na Tuirce a bhíonn ag plé leis an Aontas Eorpach. Dúirt seisean gur botún mór a bheadh ann dá gcuirfí tagairt do Dhia na gCríostaithe isteach i mbunreacht a bheadh ag freastal ar an oiread sin cultúr éagsúil. Ar ndóigh, is tír Ioslamach í an Tuirc nach bhfuil faoi smacht ag an gcléir - cé go bhfuil siadsan ag dul i dtreis ann - agus tá an Tuirc ag cnagadh ar dhoras an Aontais le caoga bliain anuas. Tá súil acu anois nach fada eile a bheas siad ag fanacht. Nuair a ceistíodh an tUasal Yakis le linn na comhdhála faoi cheist na gCuardach, bhí freagra simplí aige. Tugadh cead don Bhreatain teacht isteach san Aontas gan ceist Thuaisceart na hÉireann a réiteach. Cuireadh tithe na n-inimirceach Turcach sa nGearmáin trí thine agus níor caitheadh an Ghearmáin amach as an gclub. Céard atá difriúil i gcás na dTurcach?

Ag tabhairt faoin Aontas

“Toward a European Entrepreneurial Space” a bhí mar theideal ardnósach ar dhíospóireacht eile. Is annamh a bhíonn fonn ar an lucht gnó sa tír seo tabhairt faoin Aontas, ach ní raibh leisce ar bith ar na cainteoirí eachtrannacha a bhí i láthair. Tá an tOllamh Hamid Bouchikhi ina stiúrthóir ar an Ionad Gnó Nua ag scoil ghnó ESSEC sa bhFrainc. Dúirt seisean gur léir na buntáistí a fuair saoránaigh na mballstát ón tionscnamh Eorpach - cearta oibre agus taistil, reachtaíocht shóisialta agus chomhshaoil agus mar sin de. Ba léir freisin go bhfuair na corporáidí móra idirnáisiúnta buntáistí móra as, agus iad ag díriú ar ollphleananna margaíochta don Eoraip trí chéile, nó ag cur brú ar na forais éagsúla sa mBruiséil faoi reachtaíocht áirithe.

Ach theip go dona ar an Aontas, a dúirt sé, freastal ar an duine beag, an fiontraí bocht a chaithfeas dul i ngleic leis an iliomad rialachán agus reachtaíochta ar an leibhéal náisiúnta, agus leis an maorlathas Eorpach ag an am céanna. Má tá rún ag fiontraí Éireannach gnó a dhéanamh sa Spáinn caithfidh sé comhlacht a ionchorparú ann, dlíodóirí a íoc agus daoine a fhostú, a dúirt sé. Má tá fonn air an rud céanna a dhéanamh sa bhFrainc nó san Iodáil caithfidh sé tosú arís. Baineann costaisí arda lena leithéid, mar sin, go praiticiúil bíonn ar fhiontraithe beaga na hEorpa fanacht laistigh de na teorainneacha náisiúnta, fanacht leis an margadh áitiúil. Ní hann don “margadh aonair Eorpach” dóibhsean, a dúirt an tOllamh Bouchikhi.

Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis. Muna réitítear í ní thiocfaidh an chéad ghlúin eile d’fhiontraithe móra Eorpacha chun cinn. Cheana féin tá comhlachtaí móra Meiriceánacha agus Áiseacha ag caitheamh na billiúin euro ag forbairt straitéisí margaíochta uile-Eorpacha agus ag déanamh infheistíochtaí stráitéiseacha i dtíortha éagsúla. Muna n-athraíonn an scéal fágfar na fiontraithe “dúchasacha” sa dara háit, a dúirt sé.

Fiontraí Eorpach ar éirigh go maith leis nuair a thit an sean-réimeas Cumannach as a chéile sa Rúis is ea Declan Ganley. Thóg seisean comhlacht mór foraoiseach in iar- Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha i ré Gorbachev agus glasnost. Dúirt sé gurb é an deacracht is mó a bhíonn ag fiontraithe Eorpacha ná teacht ar airgead caipitil. I gcathair amháin sna Stáit Aontaithe i láthair na huaire tá $90 billiún ag infheistitheoirí le cur isteach i dtionscadail fhiúntacha a thagann ina dtreo. Níl aon rud inchurtha leis an méid sin ar fáil áit ar bith san Eoraip. Ach dá gcaithfí leath an bhuiséid a chuirtear ar fáil don Chomhpholasaí Talmhaíochta ar thaighde agus ar fhorbairt, agus ar thionscadail nua fiontraíochta, bheadh an tsean-Eoraip chun cinn ar na Stáit laistigh d’achar gairid, a dúirt sé.

Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair shaoririseoir, scríbhneoir scripte agus aistritheoir. Tá sealanna caite aige ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4 agus mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.