AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
An t-iriseoir agus an tábhairneoir
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Tá Tom Deignan an-tógtha le leabhar nua leis an iriseoir Gwendolyn “Wendy” Bounds ina míníonn sí an chaoi ar éirigh léi sólás a fháil i gceantar tuaithe i Stát Nua-Eabhrac tar éis 9/11.

Íomhá
Gwendolyn "Wendy" Bounds: b'iriseoir í leis an Wall Street Journal
Íomhá
Íomhá
Siopa mhuintir Guinan: tá an teach tábhairne taobh thiar de
Íomhá
Jim Guinan (taobh thiar den bheár) agus a bhean Peg (ar dheis). Fuair sise bás i 1988
Íomhá
Taobh istigh de Guinan's
Íomhá
Gobharnóir Nua-Eabhrac, George Pataki

Tá sé anois ceithre bliana ó tharla lá an uafáis i gcroílár Manhattan ar an 11 Meán Fómhair, 2001. Ag an am sin, is beag an baol a bhí ann go gcasfaí an t-inimirceach Éireannach Jim Guinan agus an t-iriseoir Gwendolyn “Wendy” Bounds ar a chéile.

Ba dhuine í Bounds a bhí an-tábhachtach agus cumhachtach i Manhattan. B’iriseoir í leis an Wall Street Journal *agus d’éirigh léi post a fháil sa nuachtán céimiúil sin agus gan í ach trí bliana is fiche. Bhí Guinan ag reáchtáil tábhairne agus siopa beag faoi tuath in Garrison, ceantar i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac. Tá an teach tábhairne teaghlaigh, atá ainmnithe as an úinéir a tháinig chun na Stát Aontaithe lena bhean agus ceathrar páistí i 1957, suite díreach trasna ó acadamh míleata an *West Point.

Riamh anall, bhí cion faoi leith ag na daltaí ón acadamh air – stopadh siad ansin tráthnóna Dé hAoine go minic le deoch nó dhó a ól roimh an ceantar a fhágáil don deireadh seachtaine.

Tá an-tóir ar Guinan’s i measc bhunadh na háite le fada fosta agus téann siad ansin ar maidin le bricfeasta, nuachtáin agus caife a cheannach, nó le beoir a ól san oíche.

Oileadh Guinan mar shiúinéir. Tá sé 79 anois, agus tá sá ag reáchtáil Guinan’s ó bhí 1959 ann. Gach mí, ar an Déardaoin tar éis gealaí láine, bíonn oíche cheoil thraidisiúnta i Guinan’s.

Tá an chuma ar an scéal gur áit ar dóigh é. Ach ní hé an cineál áite é a mbuailfeá le mórán colúnaithe de chuid an Wall Street Journal.

Ach tár éis 11 Meán Fómhair, d’fhéadfá a rá, go tobann, go raibh Wendy Bounds gan dídean. Bhí cónaí uirthi, tar éis an tsaoil, in aice le brablach an Ionaid Trádála Domhanda. Ansin, d’inis cara léi di faoi áit, upstate in Garrison, a bhféadfadh sí fanacht ann. Ní raibh Bounds den tuairim i dtosach gur seo an cineál áite a thaitneodh léi. Dúirt an cara léi, áfach, dá mba rud é gur bhain sí Garrison amach gur cheart di cuairt a thabhairt ar áit darbh ainm Guinan’s.

Ceithre bliana ar aghaidh, tá Bounds anois ina cónaí i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac agus tá sí tar éis leabhar beag spéisiúil a scríobh dar teideal *Little Chapel on the River: A Pub, a Town and a Search for What Matters Most *(William Morrow).

cur síos ag Bounds sa leabhar ar an dóigh ar éirigh sise, duine ón taobh amuigh ar chúpla bealach, an-mhór le muintir Guinan, agus le go leor den dream brománta sa cheantar chomh maith.

Anois, fiú, tá sí ag tabhairt cúnaimh i Guinan’s, ag obair roinnt sealanna agus ag cuidiú le bunadh an tí an áit a choinneáil slachtmhar.

Tá cúpla cineál tinnis, diaibéiteas ina measc, ag cur as do Guinan. In ainneoin go bhfuil clann agus post lánaimseartha ag beirt dá pháistí, John agus Margaret, caitheann siad seal gach lá ag cuidiú lena n-athair gnólacht an teaghlaigh a reáchtáil. Fuair bean Jim, Peg, bás i 1988.

Íoróin

Tá Bounds, ar bean í a shílfeá atá ina Manhattanach go smior, ina cónaí cóngarach go maith do Guinan’s anois. Is cineál d’íoróin é gur duine í a chuaigh go Manhattan an chéad lá riamh ar mhaithe le blaiseadh de shaol bríomhar na cathrach. Is as ceantar tuaithe i North Carolina ó dhúchas í.

Anois, ina leabhar, deir sí gur mhúin muintir Guinan di, tar éis tubaiste 11 Meán Fómhair, cad iad na rudaí sa saol seo a bhfuil tábhacht ag baint leo i ndáiríre.

Deir sí an méid seo sa leabhar: “This is the story of a place, the kind of joint you don’t find around much anymore, a spot where people wander in once and return for a lifetime.

“For most of its days, the place billed itself as a country store, but its true heart was the adjacent pub. There was a rusty horseshoe posted above one door and a gold shamrock embedded, slightly off center, in the fireplace hearth. The floor slanted toward the river, and the men returned to the same seats every Friday. Most people called it Guinan’s (sounds like Guy-nans) after the Irish owner, Jim Guinan. Some called it the bar. One regular patron christened it his ‘riverside chapel,’ which seemed to me to fit best because for most of these guys, coming to Guinan’s was something of a religion, with its own customs, community and rites of passage.”

ardmholadh faighte ag *Little Chapel on the River *ó leithéidí Dennis Smith, Malachy McCourt agus Billy Collins, rud a léiríonn cumas Bounds scéal a insint go maith agus feabhas a léargais ar na hÉireannaigh.

An mhí seo caite, tháinig Gobharnóir Nua-Eabhrac, George Pataki, chuig an chóisir a bhí ar siúl chun leabhar Bounds a sheoladh. Thug sé “scríbhneoir den chéad scoth” uirthi.

Níos tábhachtaí fós, áfach, ná moladh a fháil ó cheannaire ceann de na stáit is mó sna Stáit Aontaithe, fuair Bounds moladh ó na custaiméirí rialta bricliatha a bhíonn ag ól i Guinan’s, dream a dtugann sí “paróistigh” orthu. Tá an chuid is mó de na seanfhondúirí seo den tuairim gur éirigh le Bounds léargas paiteanta a thabhairt ar na nithe is tábhachtaí in áit mar Guinan’s.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.