AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Gael-Mheiriceánaigh a bhfuil a rian á fhágáil acu ar chúrsaí iompair i Londain
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Is de bhunadh Éireannach iad beirt Mheiriceánach a bhfuil postanna tábhachtacha acu i gcúrsaí iompair i Londain. Cúlra an scéil ó Tom Deignan.

Íomhá
Timothy O'Toole, Stiúrthóir Bainistíochta Underground Londan
Íomhá
Íomhá
Méara Londan, Ken Livingstone: thug sé moladh ard do Timothy O'Toole
Íomhá
Bob Kiley, Coimisinéir Iompair Londan
Íomhá

Nuair a smaoiníonn tú ar Éireannaigh Londan, smaoiníonn tú de ghnáth ar pháistí nó ar gharpháistí inimirceach a d’fhág Éirinn agus a thug aghaidh ar phríomhchathair Shasana.

Ach le roinnt blianta anuas, tá beirt Ghael-Mheiriceánach tar éis ról lárnach a bheith acu sna hiarrachtaí atá á ndéanamh *Underground *Londan – is é sin córas ársa traenacha faoi thalamh na cathrach – a thabhairt isteach san aonú aois is fiche. Anois, ar ndóigh, tar éis do na sceimhlitheoirí ionsaí a dhéanamh ar chóras iompair Londan, tá baint ag na Meiriceánaigh seo leis an chogadh domhanda i gcoinne na sceimhlitheoireachta.

Is é Timothy O’Toole, as Pittsburgh, Pennsylvania, Stiúrthóir Bainistíochta *Underground *Londan. Fuair sé a chuid oideachais sa Central Catholic High School ina chathair dhúchais agus ansin bhain sé céim amach i Scoil Dlí Ollscoil Pittsburgh.

Go díreach tar éis bhuamaí Londan, a d’fhág breis is caoga duine marbh, bhí O’Toole le feiceáil ag preasócáid ghruama, agus bhí a bhlas Meiriceánach le tabhairt faoi deara i measc na nguthanna Briotanacha uilig.

Ba é O’Toole a mhínigh cad é chomh comhordaithe is a bhí na hionsaithe. Ar dtús, ceapadh go ndearnadh na buamaí uilig a mhadhmadh taobh istigh d’uair an chloig. Bhain O’Toole stangadh as an lucht féachana, áfach, nuair a chuir sé in iúl dóibh go raibh na marfóirí i bhfad ní ba chomhordaithe.

*“It was bang, bang, bang, very close together,” *a dúirt sé.

Sular ceapadh é ina phost i Londain, bhí O’Toole ina uachtarán agus príomhfheidhmeannach ar Consolidated Rail Corporation, áit a raibh sé ag obair ar feadh fiche bliain. Fuair sé ardmholadh de bhrí go raibh sé i gceannas ar an chomhlacht le linn na mblianta ba bhrabúsaí dá raibh aige riamh, díreach sular tharla comhcheangal $10 mbilliún idir é agus Norfolk Southern and CSX.

Dream cumasach

Is dream cumasach iad muintir Thuathail Pittsburgh. Is deartháir é Timothy de chuid an Bhreithimh Lawrence J. O’Toole in Allegheny County agus eagarthóir polaitíochta an Pittsburgh Post-Gazette, James O’Toole. Tháinig a mbeirt tuismitheoirí go dtí na Stáit Aontaithe as Éirinn. Tá Timothy pósta agus tá beirt pháistí aige.

Dúirt duine de chairde O’Toole ón choláiste leis an *Pittsburgh Post-Gazette *le gairid go raibh córas iarnróid Londan i lámha maithe, fiú tar éis na n-ionsaithe a tharla ag tús mhí Iúil.

“Is é an fear ceart é agus tá an cúlra aige a chuireann ar a chumas déileáil le géarchéimeanna,” a dúirt an Bráthair Gerald Molyneaux, atá os cionn na Roinne Cumarsáide in Ollscoil LaSalle i Philadelphia. “Is duine an-stuama é, nach dtéann i scaoll.”

Nuair a ceapadh O’Toole i mí Feabhra 2003, dúirt Ard-Mhéara Londan, Ken Livingstone: “Tá áthas orm bheith ag cur fáilte go Londain roimh Tim O’Toole. Chuardaigh muid an domhan mór agus d’aimsigh muid an duine is fearr chun an rud a chur ar fáil do mhuintir Londan a bhfuil géarghá leis: Tube níos fearr. Ní obair fhurasta a bheas ann Underground Londan a athshlánú agus níor cheart do bhunadh na cathrach bheith ag súil le feabhas thar oíche. Ach má tá duine ar bith ann a bhfuil an taithí chuí aige le hUnderground Londan a chur ar an bhealach ceart, sin é Tim O’Toole.”

Meiriceánach eile

Cad é mar a tharla sé gur thug O’Toole aghaidh ar Londain? A bhuíochas sin le Gael-Mheiriceánach eile, céimí de chuid Notre Dame as Nua-Eabhrac agus Bostún.

Mar atá a fhios ag duine ar bith a léigh an cuntas beatha mar gheall air san iris an *New Yorker *an bhliain seo caite, is pearsa thábhachtach i gcúrsaí polaitíochta i Londain é ceannasaí iompair na cathrach Bob Kiley. Tá sé tar éis olc a chur ar dhaoine áirithe, mar gheall ar gur Meiriceánach é agus ar chúiseanna eile.

Ceapadh Kiley mar Choimisinéir Iompair Londan i mí Eanáir 2001. Roimhe sin, d’oibrigh sé mar Uachtarán agus Príomhfheidhmeannach ar an New York City Partnership, eagraíocht ardiomrá gnó agus pobail.

Idir 1983 agus 1990, bhí Kiley ina Chathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach ar an *Metropolitan Transportation Authority *(MTA) i Nua-Eabhrac. Sna 1970í, bhí sé i gceannas ar an *Massachusetts Bay Transportation Authority *i mBostún agus chaith sé seal ina Leas-Mhéara ar an chathair.

Dúradh an méid seo in alt san *Irish Post *in 2004: “Rinne an Gael-Mheiriceánach Bob Kiley na córais iarnróid faoi thalamh a fheabhsú go mór i mBostún agus i Nua-Eabhrac, agus anois tá jab níos mó fós le déanamh aige i Londain.”

Anois, tá dúshlán níos mó roimh O’Toole agus Kiley mar gheall ar ionsaithe na sceimhlitheoirí. In alt a foilsíodh sa *Financial Times *le déanaí, d’admhaigh O’Toole go raibh bealach deacair roimhe.

“Níl aon réiteach simplí ar fheiniméan na mbuamaí féinmharaithe,” a dúirt sé.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish *Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é. Foilsíodh a leabhar is déanaí, *Coming to America: Irish Americans *(Barron’s), anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.