AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Iarsmaí suimiúla Aird Uladh
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

I rith an tsamhraidh, thug Liz Curtis cuairt ar láithreáin shuimiúla i gContae an Dúin a bhain le réanna éagsúla, ón Chré-Umhaois ar aghaidh.

Íomhá
Gallán ag Baile Thalbóid
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Caisleán Kirkistown
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Séipéil Dhoire
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Cuid den charn fada ag Bá Millin
Grianghraf: Liz Curtis

I mí Lúnasa, chuaigh mé ar thuras seandálaíochta lae an-suimiúil agus taitneamhach thart ar an taobh theas d’Aird Uladh. Ba é Cumann Seandálaíochta Uladh a reáchtáil an turas, agus bhí Billy Dunlop, ball an-díograiseach dícheallach den chumann, mar threoraí againn.

Is iontach an dóigh a bhfuil stair na tíre scríofa ar an talamh. Chonaic muid iarsmaí ón Chré-Umhaois, ón ré Luath-Chríostaí, ó thréimhse na Normannach, ó Phlandáil Uladh, agus ó fhoirgnimh thionsclaíocha luatha.

Thiomáin muid trí Bhaile Nua na hArda, a bhunaigh na hAngla-Normannaigh. “Tá sé i bhfad níos sine ná Béal Feirste,” arsa Billy. Níl mórán fágtha ón seanam, seachas iarsmaí prióireachta Doiminicí, a bhunaigh an Normannach Sir Robert Savage sa bhliain 1244.

Ansin chuaigh muid trasna na leithinse go dtí iarsmaí seanséipéil ón ré chéanna, in aice le Baile Bháltair – b’ainm coitianta Normannach é Bháltair. Tá atmaisféar iontach sa reilig, atá lán leaca uaighe ag claonadh i ngach treo. Tá dhá leac ársa snoite le feiceáil freisin.

Tá Baile Bháltair suite ar bhá álainn, agus tá tiníl aoil ollmhór in aice leis an trá. Chuaigh muid ar aghaidh linn go dtí sráidbhaile eile Normannach, Baile Thalbóid – Talbot an t-ainm atá i gceist anseo. Tá motte - nó cnoc saorga – i bpáirc in aice leis an bhaile, agus radharc fada fairsing ar feadh an chósta. Chuireadh na Normannaigh túir faire ar bharr mottes mar é seo. Cóngarach don motte, tá gallán mór - seans gur tógadh sa Chré-Umhaois é.

Ba é John de Courcy an chéad Normannach a rinne ionradh ar Ulaidh. Tháinig sé aneas ó Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1177. I measc a chuid ridirí bhí William Savage (nó Sauvage sa Fhraincis), a thóg caisleán agus eaglais ag Ard Caoin, ar an taobh thiar de leithinis na nAirde. Tá na hiarsmaí ann go fóill, ach níl siad éasca a bhaint amach, dá bhrí sin ní dheachaigh muid ansin.

Anuas trí na haoiseanna, tháinig rath ar mhuintir Savage agus d’éirigh siad ní ba chumhachtaí. Thóg siad níos mó caisleán, cinn ag Kirkistown agus Port an Pheire ina measc. Tá Caisleán Kirkistown faoi chúram na Seirbhíse Comhshaoil agus Oidhreachta agus is féidir cuairt a thabhairt air ag amanna áirithe. Nuair a chuaigh muidne ansin, bhí an bóithrín giota beag deacair a aimsiú, mar bhí an comhartha leagtha ag an duine a bhfuil cónaí air díreach in aice leis an chaisleán. Ní maith leis na cuairteoirí, de réir dealraimh!

Thóg Robert Savage Caisleán Kirkistown i 1622. Teach túir mór agus bábhún, nó clós cosanta, atá ann. Tá dhá thúr chruinne láidre ar imeall an chlóis go fóill. Rinneadh an-athchóiriú ar an chaisleán san 19ú haois, agus tá cuid mhaith adhmadóireachta an-deas taobh istigh.

Ansin chuaigh muid isteach faoin tír, ar bhóthar gleoite a chasann trasna droimníní, agus páirceanna orthu mar a bheadh paistí glasa agus óir ann. Ón bhus, chonaic muid túr i lár páirce, agus é ag titim as a chéile. Arsa Billy: “Seo Castleboy. Bhí grúpa de na *Knights Hospitallers *lonnaithe anseo. Ridirí míleata a bhí iontu, agus an dualgas orthu aire a thabhairt do na hothair. Réamheiseamláirí a bhí iontu do Bhriogáid Otharchairr Naomh Eoin agus Ridirí Mhálta.”

Dhá shéipéal bheaga

Ina dhiaidh sin, thug muid cuairt ar láithreán álainn suaimhneach, Séipéil Dhoire. Tá iarsmaí dhá shéipéal bheaga le feiceáil ansin, taobh le taobh i bpáirc ar chnoc íseal. Tá cosán ag dul chomh fada leo. Meastar gur tógadh iad idir an 10ú agus an 12ú haois. Nuair a rinneadh tochailt ar an láithreán, fuarthas reilig mhór ón ré Luath-Chríostaí, agus búcla cré-umha agus rudaí eile ón 7ú nó 8ú haois.

Thug muid aghaidh ar an chósta arís, agus tharraing Billy ár n-aird ar dhá chnoc measartha ard, a mbíodh ráth mór ar bharr gach ceann acu. Ráth Ballyfounder agus Dún Teamhrach a thugtar orthu. Ar Ráth Ballyfounder, fuair seandálaithe iarsmaí tí chruinn ón 6ú nó 7ú aois.

Idir an dá ráth, in aice leis an chladach i mbá álainn darb ainm Bá Millin, tá láithreán i bhfad níos sine. Is carn fada é a tógadh, is dócha, ag tús na Cré-Umhaoise, a thosaigh thart fá 2500 go 2000 RC. Tá an carn seo rúndiamhrach go leor. Níl ach barra ciorcail gallán le feiceáil - tá achan rud eile clúdaithe le féar agus talamh.

Faoin talamh, tháinig seandálaithe ar láithreán an-chasta. Tá cistí adhlactha ann, ceann amháin acu 18 dtroithe ar fhad agus 2 throigh ar leithead, agus cnámha agus iarsmaí créamtha iontu. Fuarthas 64 cloch maisithe freisin.

Ag an chéad láithreán eile, léim muid cúpla míle bliain chun tosaigh. Áit dheasghnáthach eile a bhí ann, Teampall Chumhaigh, a bhunaigh Naomh Cumhach sa 7ú haois. De réir fógra ag an láithreán, fuair Cumhach bás sa bhliain 731, agus ba é ab Mhaigh Bhile ag an am. Ba mhainistir thábhachtach í Maigh Bhile, agus tá iarsmaí meánaoiseacha le feiceáil in aice le Baile Nua na hArda.

Tá Teampall Chumhaigh ag bun cnoic bhig in aice leis an fharraige. Tá seanreilig, iarsmaí séipéil, agus trí thobar naofa ann. Baintear úsáid as na tobair go fóill, go háirithe leis na súile a leigheas. Tá cosán ann a théann i dtreo an fharraige. Dúirt duine éigin liom: “Nuair a bhíonn lag trá ann, is féidir siúl amach go dtí carraig a bhfuil loig inti a rinne glúine Chumhaigh agus é ag guí chuig Dia.

Chríochnaigh muid ag Port an Pheire, an baile beag gleoite ag béal Loch Cuan, os comhair Bhaile Loch Cuan. Os cionn Phort an Pheire, tá túr leathan cruinn ar bharr cnoic, agus radharc atá ar fheabhas as. Tá roinnt mhaith túr mar seo fud fad Aird Uladh.

Mhínigh Billy an méid seo dúinn: “Ba mhuilte gaoithe iad, agus tógadh a lán acu anseo mar nach raibh mórán sruthán fóirsteanach ann le muilte a chur ag obair. Deirtear go raibh níos mó muilte gaoithe anseo i gceantar amháin ná in áit ar bith eile taobh amuigh den Ollainn.”

Tá caisleán in aice leis an ché a thóg duine de mhuintir Savage thart fán bhliain 1500. Níl ach creatlach ann anois, agus ní féidir dul isteach ann.

Rinneadh Aird Uladh a rialú ón chaisleán seo,” arsa Billy. “Caithfidh muid cuimhneamh go raibh an tír clúdaithe le coillte sa seanam. Agus nuair a d’amharc muintir an chaisleáin amach, bhí a fhios acu go raibh na coillte lán Éireannach.”

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.