AR NA SAOLTA SEO
Drochiompar na nGardaí: níl páirtithe an fhreasúra gan locht
Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail Dónall Ó Maolfabhail

Tá polaiteoirí de chuid an fhreasúra ag cur an-bhrú ar an rialtas maidir le drochiompar i measc bhaill den Gharda Síochána ach is iadsan a thug ardú céime do chuid de na Gardaí a bhfuiltear in amhras orthu faoi láthair, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail.

Íomhá
An tIar-Thaoiseach Garret Fitzgerald

Ag tús an tsamhraidh seo insíodh dúinn go hoifigiúil, i bhfoirm an dara tuarascáil ón mBreitheamh Morris, go raibh rud éigin lofa sa Gharda Síochána. Ag éisteacht le hurlabhraithe Pháirtí an Lucht Oibre agus Fhine Gael le cúpla mí anuas, mar aon lena lucht tacaíochta sna meáin, cheapfá gur Fianna Fáil amháin a bhí freagach as seo agus nach raibh aon locht ar cheachtar de na mórpháirtithe eile.

Ní fior sin, dár ndóigh. Thar aon rud eile, is é an claonadh thar na blianta ag údaráis stáit seasamh le fianaise an Gharda Síochána, fiú ar uairibh agus fios ag gach mac máthar é a bheith bréagach (mar a tharla i “gCás Leanaí Chiarraí” i 1985), a chruthaigh an cultúr neamhfhreagrach sa Gharda Síochána.

Ar an Satharn, 14 Aibreán 1984 aimsíodh corp leanbh nuabheirthe ar ar an Trá Bhán i gCathair Saidhbhín i gContae Chiarraí. Léirigh an scrúdú iarbháis go raibh duine éigin tar éis an leanbh a shá cúpla uair. Coicís ina dhiaidh sin, ar an 1 Bealtaine, ghabh na gardaí bean óg cúig bliana is fiche d’aois darbh ainm Joanne Hayes, mar aon lena máthair, a haintín, a deirfiúr agus a beirt deartháireacha. Le linn di bheith á ceistiú d’admhaigh sí go raibh sí ag siúl amach le fear pósta darbh ainm Jeremiah Locke agus gur rugadh leanbh di thart ar an dara lá déag de mhí an Aibreáin an bhliain sin. Fuair an leanbh céanna bás agus d’fhill sí é i mála agus chuir i bhfolach é i bpoll i bpáirc gar dá feirm.

Ar chúis éigin, go gairid ina dhiaidh sin, áfach, thug Joanne, mar aon leis an gcuid eile dá teaghlach, ráiteas inar admhaigh siad gur sháigh Joanne a leanbh agus ansin go ndeachaidh sí chuig an Daingean agus gur chaith an leanbh isteach sa bhfarraige.

Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh Joanne agus a muintir os comhair na cúirte go dtí go tobann gur aimsigh na Gardaí corp linbh eile in aice fheirm mhuintir Hayes, díreach san áit a ndúirt Joanne go mbeadh sé. Ansin bhris an scéal gur cineál difriúil fola a bhí i gcorp an linbh a fuarthas ar an trá, i gcompráid leis an bpáiste a fuarthas in aice na feirme, rud a léirigh narbh é an tUasal Locke athair an linbh a fuarthas ar an trá.

Agus an fhianaise ag léiriú anois nárbh í Joanne máthair an linbh a fuarthas ar an trá, bhí géarghá le míniú sásúil éigin ar cén fáth gur shínigh gach duine de mhuintir Hayes ráiteas, agus iad go léir beagnach mar an gcéanna, focal ar fhocal, ag admháil gur thug siad corp linbh chuig an Daingean, gur sháigh siad é agus gur chaith siad isteach san fharraige é.

D’fhógair an Taoiseach Garrett Fitzgerald go mbunófaí binse fiosrúcháin faoi stiúir an Ghiúistís Kevin Lynch. Shuigh an binse fiosrúcháin i dTrá Lí agus ansin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar feadh 77 lá agus chuala siad fianaise ó 109 duine.

I dtosach rinne na Gardaí iarracht cur ina luí ar an bhfiosrúchán gur saolaíodh beirt leanaí do Joanne ag an am céanna, ach go raibh beirt fhear dhifriúla i gceist. Mar a léirigh saineolaí leighis ag an am don bhinse, tá a leithéid geall le bheith dodhéanta.

Teoiric eile

Nuair a theip ar an teoiric seo, chuir na Gardaí an tuairim chun tosaigh go raibh cineál fola an linbh ag athrú de réir mar a lobh an corp. Ní rabhthas i bhfad ag cruthú nach raibh aon dealramh leis an teoiric seo ach oiread. Bhí sé soiléir don saol mór nár thug Joanne an ráiteas do na Gardaí dá stuaim féin ach go rabhthas tar éis brú éagórach a chur uirthi agus go raibh na Gardaí anois ag insint bréag ag iarraidh iad féin a chosaint. Ach ba é tuarascáil an Ghiúistís Lynch, a foilsíodh an samhradh dár gcionn, is mó a chuir alltacht ar dhaoine.

In ainneoin nach bhféadfadh an Paiteolaí Stáit, an Dr John Harbison, aon fhianaise a aimsiú maidir le conas a bhásaigh an leanbh a fuarthas ar an bhfeirm, dúirt an giúistís gur léir gur thacht Joanne an leanbh agus go raibh sé i gceist ag an teaghlach an leanbh a thabhairt chuig an Daingean agus é a chaitheamh isteach san fharraige, ach gur athraigh siad a n-aigne. Ghlac an breitheamh leis gur míniú sásúil a bhí anseo ar cén fáth gur admhaigh muintir Hayes uilig gur sháigh Joanne a leanbh agus gur caitheadh isteach san fharraige é. Go dtí an lá inniu, ní fios cér leis nó cé a mharaigh an leanbh a fuarthas ar an trá.

rún é gur nós le príomhcholúin an stáit seasamh le chéile in am an ghátair. Níl aon dabht sa chás seo ach gur sheas an dlisteanacht leis an nGarda Síochána. Ach is deacair a chreidiúint nach raibh lámh éigin acu siúd a cheap an Giúistís Lynch sa scéal ar fad, sin le rá an comhrialtas idir Fine Gael agus an Lucht Oibre, faoi stiúir Garrett Fitzgerald, agus gurb iad faoi ndeara tuarascáil an ghiúistís a bheith chomh bog sin ar na Gardaí.

Tá rud amháin cinnte: bhí go leor de na Teachtaí Dála atá le míonna anuas ag cur i leith Fhianna Fáil nach ndearna siad dóthain le srian a chur ar Ghardaí Dhún na nGall sa rialtas i 1985 agus ní raibh gíog astu ag an am.

Ní hamháin nár cuireadh pionós riamh ar aon duine de na Gardaí a bhí páirteach san eachtra scannalach seo, ach tugadh ardú céime do go leor acu, an bleachtaire Shelly ina measc.

Mar a tharlaíonn sé, bhí an tArd-Cheannfort Shelly ar dhuine de na bleachtairí a cháin an Breitheamh Morris as an mbealach a caitheadh le McBrearty. Ní hamháin sin ach is é an tArd-Cheannfort Shelly freisin a bhí i gceannas ar an láthair nuair a maraíodh John Cartney i Mainistir Leathrátha agus atá anois á fhiosrú ag an mBreitheamh Barr.

Dhéanfadh sé maitheas d’urlabhraithe Fhine Gael agus an Lucht Oibre smaoineamh air seo sula n-eisíonn siad ráiteas béalchráifeach eile ag cur na freagrachta maidir le drochiompar i measc na nGardaí ar Fhianna Fáil amháin.

As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.