AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Feilméaraí le ceangal
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá sé ag goilleadh go mór ar fheilméaraí na Tasmáine go bhfuil comhlachtaí móra mar McDonald’s ag ceannach glasraí ó thíortha eile agus tá feachtas tosaithe acu chun a míshásamh a chur in iúl go láidir. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
Feilméaraí na Tasmáine i mbun agóide an mhí seo caite

Tá feilméaraí na Tasmáine le ceangal agus déarfadh cuid mhaith daoine go bhfuil cúis acu. I mí na Bealtaine, fógraíodh go mbeadh McDonald’s ag ceannach leath na bhfataí a úsáideann siad san Astráil ón Nua-Shéalainn. Go dtí sin, bhídís á gceannach ó fheilméaraí na Tasmáine. Meastar go laghdóidh sé sin ioncam na bhfeilméaraí $10 milliún (€6.2 milliún) in aghaidh na bliana. Ní mó ná sásta a bhí siad leis sin agus mhaígh siad go gcloisfeadh an saol mór faoi.

Thosaigh an feachtas in Devonport agus anois tá sé tugtha go dtí an mórthír acu. Coicís ó shin tháinig ocht gcinn de tharracóirí as an Tasmáin i dtír i Melbourne agus bhí léirsiú colgach acu ansin. Dúradh go díreach le McDonald’s nach dtabharfaí tacaíocht dóibhsean a thuilleadh mura gceannóidís a gcuid glasraí san Astráil. Agus ní ar McDonald’s amháin a bhí a gcuid feirge dírithe. Bhí siad míshásta leis an dá chomhlacht ollmhargaidh is mó sa tír, Coles agus Woolworth’s, a bhfuil formhór an mhargaidh do bhia acu ar fud na tíre. Tugadh samplaí de na glasraí a bhí á ndíol acusan – sceallóga as an mBeilg, pis as an Nua Shéalainn, pónairí as an tSín agus arbhar milis as na Stáit Aontaithe. Ar ndóigh is de bharr fóirdheontas san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe agus pá suarach sa tSín a tharlaíonn a leithéid.

De réir mar atá an feachtas ag leathnú, tá sé tuigthe ag McDonald’s, Coles agus Woolworth’s go bhféadfadh tubaiste a bheith ar a lámha acu ó thaobh caidrimh phoiblí de agus tá fógraí acu sna páipéir ag cur in iúl an taobh eile den scéal. Ach ní dhearna McDonald’s aon leas dóibh féin nuair a thairg siad $250,000 don bhfeachtas le go bhféadfadh na feilméaraí “barr iomaíochta” a chur orthu féin.

Tá daoine eile ag rá gur cosantachas dóibh féin atá ar siúl ag na feilméaraí agus nach bhfuil siad sásta glacadh leis gur “sráidbhaile domhanda” atá ann anois agus go bhfuil fataí as an Nua-Shéalainn níos saoire agus chomh maith céanna agus go bhfuil chuile cheart ag McDonald’s 43,000 tona fataí sa mbliain a cheannach ann má thograíonn siad. Níl aon phlé déanta go dtí seo ag na feilméaraí ar an gcaoi go bhfuil glasraí as an Nua-Shéalainn le ceannach níos saoire anseo ná cinn áitiúla. Ceaptar go dtarlaíonn sé sin mar go bhfuil na feilmeacha sa Nua-Shéalainn i bhfad níos mó ná na cinn sa Tasmáin.

Tá an lucht feachtais ag tiomáint a gcuid tarracóirí ar fud Victoria agus New South Wales faoi láthair agus ag fáil tacaíochta go forleathan. Tá olc orthu leis na polaiteoirí freisin mar go ndeir siad nach bhfuil lipéadú oiriúnach i bhfeidhm agus gur féidir táirge na hAstráile a thabhairt ar bhia fiú má tháinig a leath as tír éicint eile. Tá sé beartaithe acu deireadh a chur leis an bhfeachtas i Sydney agus ag an bparlaimint i gCanberra faoi cheann deich lá agus súil acu go mbeidh 500 tarracóir i láthair.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.