AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Ulapul: áit atá ar maos sa stair
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Thug Liz Curtis cuairt ar cheantar in Albain le gairid a bhfuil ceangal láidir aige le Nova Scotia i gCeanada.

Íomhá
Ag baint suilt as Ulapul.
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
An iarsmalann ag Ulapul.
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Ulapul: Radharc trasna Loch Bhraoin.
Grianghraf: Liz Curtis

Is port beag bídeach tarraingteach é Ulapul, atá suite ar Loch Bhraoin ar chósta iarthuaisceart na hAlban. Tagann a lán turasóirí anseo leis an bhád farantóireachta a fháil go Steòrnabhagh ar Leòdhas, nó i rith turais thart timpeall Gharbhchríocha na hAlban. Caitheann cuid mhaith acu cúpla lá i gcarbhán nó puball sa pháirc bhreá saoire in aice leis an loch.

Tá bóthar amháin chuig Ulapul, a thagann ó Inbhir Nis trí shléibhte fiáine seasca, ansin ritheann sé le fána go dtí Loch Bhraoin, atá fada leathan. Ní raibh bóthar ar bith ann go dtí na 1790í, nuair a cuireadh tús leis an obair. Ní raibh an bóthar críochnaithe go dtí na 1850í, nuair a bhí gorta ann agus íocadh daoine le bheith ar obair ar oibreacha poiblí.

Ach tá daoine a tháinig trasna na farraige ina gcónaí sa cheantar seo leis na mílte bliain. Fuarthas lámhdhéantúsáin ón Chré-umhaois anseo; tá iarsmaí de dhúnta ón Aois Iarainn ar imeall an locha; agus tá cloch snoite ón ré Luath-Chríostaí ar Oileán Mháirtín ag béal an locha.

Sa 7ú haois I.C. tháinig naomh Éireannach darbh ainm Maelruba go Leithinis Apor Crosan, atá ó dheas, agus bhunaigh sé séipéal ansin. Ina dhiaidh sin, rinne Maelruba soiscéalaíocht fud fad an cheantair, suas go dtí Loch Bhraoin. Ag teacht isteach go hUlapul, tá iarsmaí seanséipéil le feiceáil ar chnoc beag agus uaigheanna thart air, agus cuma ar an áit gur láthair Luath-Chríostaí a bhí ann.

Deirtear gur mharaigh na Lochlannaigh Maelruba sa bhliain 722 in aice le hInbhir Nis. Is cinnte go gcónaíodh Lochlannaigh ag Ulapul – meastar go dtagann an t-ainm ón téarma Lochlannach Ulla-Bolstradr, a chiallaíonn “áitiú Ulla”. Fuarthas roinnt babhlaí Lochlannacha sa cheantar freisin.

Na laethanta seo, tagann daoine de chéin is de chóngar go fóill. Tháinig mé ar ghluaisrothaithe ón Ghearmáin agus cáilíní ón Danmhairg, agus bhí guthanna ón Astráil, Meiriceá Thuaidh, an Iodáil agus an Spáinn le cluinstin. Tá dhá bhrú óige in Ulapul agus bhí an dá cheann lán - fuair mé an leaba dheireanach, chóir a bheith.

Ach cé go raibh a lán cuairteoirí ann, níor mhothaigh an sráidbhaile róphlódaithe. Tá na sráideanna díreach agus leathan, agus tá an spéir mór.

Bhunaigh an British Fisheries Society an sráidbhaile atá ann anois sa bhliain 1788. Tá dhá shráid comhthreomhar leis an chladach agus tithe agus siopaí atá péinteáilte bán le fáil orthu. Taobh thiar díobh, tá greille shlachtmhar de shráideanna leathana.

B’eagraíocht nua é an British Fisheries Society, ar mhian leo feabhas a chur ar shaol na ndaoine ar chósta na hAlban. Sa sráidbhaile nua, bhí na hiascáirí ábalta na scadáin a dhíol díreach leis na saillteoirí agus bhí fostaíocht ar fáil ag baint as an iasc, á shailleadh agus á phacáil.

Thomas Telford

Leag suirbhéir darbh ainm David Aitken sráidbhaile Ulapul amach, agus fuair sé cuidiú ó Thomas Telford, innealtóir sibhialta Albanach. Níos moille, bhain Telford clú agus cáil amach de bharr tionscadal mar an Chanáil Chaladónach agus an droichead crochta trasna Chaolas Menai sa Bhreatain Bheag.

Nuair a fuair Ulapul eaglais nua sa bhliain 1829, bhí Telford bainteach lena tógáil fosta. Tógadh 32 eaglais sna Garbhchríocha agus sna hOileáin ag an am d’Eaglais na hAlban. Tháinig an t-airgead ó Pharlaimint na Breataine i ndiaidh don Eaglais cabhair a iarraidh. Bhí Telford i mbun dhearadh na n-eaglaisí, agus tugtar “eaglaisí Telford” nó “eaglaisí parlaiminte” orthu go dtí an lá atá inniu ann.

Anois, is le hIarsmalann Ulapul eaglais Telford. Tá an-athchóiriú déanta ar an fhoirgneamh, atá an-tarraingteach agus suimiúil. Tá na dathanna agus maisiúchán díreach mar a bhí in 1829.

Tá an-atmaisféar le fáil taobh istigh. Tá díon adhmaid ar an eaglais, agus áiléar déanta as adhmad dorcha. Is eaglais Phreispitéireach í Eaglais na hAlban, mar sin níl altóir ann, ach tá puilpid mhaorga ann don mhinistir, agus deasc le fáil faoi don réamhchantóir, a bhíodh chun tosaigh sa chantaireacht.

Thuas staighre san áiléar, tá físeán iontach le feiceáil, ina dtugtar cur síos ar thimpeallacht na háite - atá ina fásach go fóill - agus ar stair shóisialta an cheantair. Tá fuaimrian an fhíseáin le fáil i sé theanga Eorpacha, Gàidhlig na hAlban san áireamh. Níl ardaitheoir ann mar go bhfuil sé liostaithe mar fhoirgneamh Grád A, ach muna féidir leat dul suas, is féidir amharc ar an fhíseán ar scáileán beag thíos staighre.

Tá scéal Ulapul fite fuaite leis an fharraige, agus tá neart le feiceáil faoin stair sin. Tá roinnt mionsamhla de bháid ar taispeáint, ina measc ceann darb ainm an Hector, bád atá an-tábhachtach sa scéal. Tógadh an Hector san Ollainn ag tús an 18ú haois, mar sin bhí sé sean cheana féin nuair a sheol sé ó Ulapul sa bhliain 1773 agus níos mó na 200 Híleantóir ar bord.

Bhí siad dírithe ar Pictou i Nova Scotia, agus bhí turas an-deacair go deo acu. In aice le Talamh an Éisc, tháinig gála a shéid an Hector as a bhealach. D’úsáid siad deireadh a bhí sa stór acu, agus cailleadh ocht bpáiste dhéag mar gheall ar dhinnireacht agus an galar breac.

Ba é sin an chéad ghrúpa lonnaitheoirí a sheol díreach ó Albain go Nova Scotia (a chiallaíonn Albain Nua). Bhí talamh faighte ag John Pagan, úinéir an Hector, thall i Pictou County, agus cheap seisean John Ross as Loch Bhraoin le daoine a fháil leis an bhád a líonadh.

Nuair a shroich siad Pictou, fuair na lonnaitheoirí amach nach raibh a bhfadhbanna ach ag tosú. In áit talaimh thorthúil in aice leis an bhá, mar a gealladh dóibh, bhí cuid mhaith de na deonuithe talaimh níos faide isteach, i measc foraoiseacha dlútha.

Ina dhiaidh sin, chuaigh na mílte Híleantóir go Nova Scotia, ag éalú ó dhíshealbhú nó ó dheacrachtaí geilleagracha. Go minic tagann a sliocht go hIarsmalann Ulapul lena bhfréamhacha a aimsiú.

Tá scéal an Hector mar chuid de scéal bhunú Nova Scotia agus sa bhliain 2000 cuireadh ar snámh macasamhail chuimsitheach den Hector san fharraige ag Pictou.

Tuilleadh eolais ó www.ullapoolmuseum.co.uk agus www.townofpictou.com/hhq

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.