Tá go leor bainte amach ag an scoláire agus scríbhneoir Angela Bourke as Baile Átha Cliath ó chuaigh sí leis an léann ar dtús suas le tríocha bliain ó shin, go háirithe le tamall de bhlianta anuas. Bhí a saothar The Burning of Bridget Cleary, mar shampla, i measc na leabhar ba mhó díol in Éirinn agus bronnadh duais litríochta de chuid an Irish Times air sa bhliain 2001. Labhair Bernardine Nic Giolla Phádraig léi i mBaile Átha Cliath le gairid.
»»»Roinnt blianta ó shin bhí Telegael, an comhlacht léiriúcháin teilifíse atá lonnaithe sa Spidéal i gConamara, i dtrioblóid agus ag ligint daoine chun siúil. Anois, áfach, agus Gradam Emmy díreach buaite acu, tá todhchaí i bhfad níos fearr i ndán don chomhlacht. Labhair Uinsionn Mac Dubhghaill le bunaitheoir Telegael, Pól Ó Cuimín, faoin gcor nua seo i scéal an chomhlachta.
»»»Tá cnuasach nua amhrán, Imíonn an tAm, díreach eisithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin. Labhair Odí Ní Chéilleachair leis sa Spidéal le déanaí faoin réimse rudaí atá déanta aige sa cheol agus sa chraoltóireacht ó d’fhág sé a phost mar mhúinteoir.
»»»Áirítear TK Whitaker ar dhuine de na daoine is tábhachtaí a bhí bainteach le cúrsaí geilleagair in Éirinn sa 20ú haois. Labhair sé le Bernardine Nic Giolla Phádraig faoina shaol mar statseirbhíseach agus faoina shuim sa Ghaeilge.
»»»Tá sé bliain anois ó ceapadh Dermot McLaughlin, an ceoltóir as Doire, mar Phríomhfheidhmeannach ar Mhaoin Bharra an Teampaill. Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis faoin obair atá ar bun aige sa cheantar seo i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath agus faoin bhfís atá aige don todhchaí.
»»»Beidh sraith nua d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, Turas Teanga, le feiceáil ar RTÉ agus ar TG4 ó dheireadh na míosa seo ar aghaidh, sraith a chuir comhlacht as Conamara, Abú Media, le chéile. Labhair Odi Ní Chéilleachair le duine de bhunaitheoirí an chomhlachta sin, Bríd Seoighe, faoin tsraith seo agus faoi na tionscadail shuimiúla eile atá idir lámha ag an gcomhlacht.
»»»Déanfar sraith nua teilifíse 20 páirt dar teideal Turas Teanga, atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge ag an meánleibhéal, a chraoladh ar RTÉ agus ar TG4 ó dheireadh mhí Eanáir ar aghaidh. Tá na cláracha sa tsraith mar chuid de chúrsa teanga ilmheáin, ina bhfuil leabhar (arna fhoilsiú ag Gill and Macmillan), dlúthdhioscaí, suíomh gréasáin, dioscaí digiteacha ilúsáide (DVDs) (a eiseofar i mí an Mhárta 2004) agus cláracha raidió. Tá na heilimintí difriúla seo den chúrsa comhtháite go hiomlán.
»»»Tá a chion féin déanta ag an amhránaí Conallach Lillis Ó Laoire don amhránaíocht ar an sean-nós san iarthuaisceart le roinnt mhaith blianta anois. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoin amhránaíocht, faoina shaol i Meiriceá agus faoin chonspóid idir é féin agus an déantóir scannán Bob Quinn níos luaithe i mbliana.
»»»Tá Aled Eirug, Ceannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha le BBC na Breataine Bige, i ndiaidh tuarascáil a scríobh faoin chraoltóireacht trí Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, tuarascáil a mbeidh an-tionchar aici ar earnáil na teilifíse sna blianta atá amach romhainn. Labhair Robert McMillen leis le gairid.
»»»Déanann an ceoltóir Neil Martin as Béal Feirste stíleanna éagsúla ceoil a sheinm agus a nascadh le chéile. Labhair sé le Robert McMillen faoina chuid oibre leis an West Ocean String Quartet, faoi chumadh an cheoil agus faoi na ceoltóirí eile a d’fhág a rian air.
»»»Tá moladh mór faighte ag an fhile Gearóid Mac Lochlainn ó scríbhneoirí mar Nuala Ní Dhomhnaill agus gradaim bainte aige in Éirinn agus thar lear. Labhair sé le Róisín Armstrong faoi na rudaí a spreagann é le dul i mbun pinn agus faoi ról an fhile sa saol comhaimseartha.
»»»Áirítear Máire Mhac an tSaoi ar dhuine de na filí is tábhachtaí sa Ghaeilge le céad bliain anuas. Thug Aoife Nic Cormaic cuairt uirthi ina teach cónaithe i mBinn Éadair i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath le déanaí agus labhair léi faoina saol mar fhile agus mar bhean chéile an pholaiteora agus an scríbhneora chonspóidigh, Conor Cruise O’Brien.
»»»Chaith an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín fiche bliain ag plé le hobair acadúil san Acadamh Ríoga, go dtí go bhfuair sí post mar Stiúrthóir ar Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 1999. Labhair Aoife Nic Cormaic léi faoin dul chun cinn atá déanta aige ó chuaigh sí i mbun na hoibre sin ceithre bliana ó shin.
»»»D’éirigh le Frank Allen post a fháil leis an Bhanc Domhanda sna hochtóidí nuair a bhí sé fós an-óg. Is fear é a dtaitníonn dúshlán leis agus is cinnte go bhfuil an-dúshlán ag baint lena phost nua mar phríomhfheidhmeannach ar an an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, an eagraíocht atá i gceannas ar thionscadal Luas Bhaile Átha Cliath. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol suimiúil.
»»»Is clár é “Barrscéalta” ar Raidió na Gaeltachta a thugann guth do na gnáthdhaoine in iarthuaisceart Thír Chonaill. Labhair Colm Ó Dúlacháin le láithreoir an chláir, Áine Ní Churráin.
»»»Cé gur tharla cúpla tragóid dó ina óige, is duine é an Canónach Pádraig Ó Fiannachta atá sásta, mar sin féin, leis an saol atá caite aige agus leis an méid atá bainte amach aige, mar a mhínigh sé d’Aoife Ní Chonchúir.
»»»Foilsíodh an cúigiú cnuasach dánta leis an fhile Corcaíoch Louis de Paor le gairid. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaothar, faoina chuid oibre mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus faoin uaigneas a bhaineann le bheith ag saothrú i ngort an léinn Ghaeilge.
»»»Is minic a bhaintear mí-úsáid as an fhocal "ildánach" ach bheadh sé oiriúnach go maith mar fhocal le cur síos a dhéanamh ar Cholm Ó Snodaigh, an ceoltóir ón ghrúpa Kíla. Seinneann Ó Snodaigh an fhliúit agus roinnt uirlisí eile, scríobhann sé ceol agus amhráin, is gearrscéalaí é agus tá obair raidió déanta aige freisin. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol suimiúil.
»»»Tá ag éirí le Hector Ó hEochagáin, láithreoir an chláir “Amú Amigos” ar TG4, daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge nár chuir suim sa teanga riamh cheana. An mhí seo caite, mar shampla, dúirt criticeoir teilifíse an Irish Independent - nuachtán nach bhfuil cáil na Gaeilge air - gurb é “Amú” an clár is fearr taistil ar an teilifís. Thug Ken Buckmaster aghaidh ar Ghaillimh le labhairt le Hector.
»»»Cé go bhfuil seachtar páistí ag Gearóidín Bhreathnach as Rann na Feirste i dTír Chonaill, tá a cion féin déanta aici ar son na Gaeilge agus an chultúir. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoina saol mar amhránaí sean-nóis agus mar sheanchaí, agus faoina leabhar nua do pháistí atá díreach foilsithe.
»»»Bhí aithne ag Nikki Ragsdale tráth ar roc-cheoltóirí mór le rá, ach na laethanta seo tá sí níos tógtha leis an chultúr Gaelach agus le cur chun cinn na Gaeilge i gceantar San Francisco. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin dóigh ar fhás a grá don teanga agus faoina cuid oibre mar dhearthóir suíomh gréasáin.
»»»Tá aitheantas bainte amach ag an fhile Cathal Ó Searcaigh ní hamháin i measc lucht léite na filíochta in Éirinn, ach in go leor tíortha eile chomh maith. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónail faoi chiúinchónaí cois sléibhe i nDún na nGall, faoina shaol mar fhile agus a ghrá do Neipeal.
»»»Is minic é curtha i leith Raidió na Gaeltachta nach bhfuil aon fhreastal á dhéanamh acu ar an aos óg. Tá cúrsaí feabhsaithe rud beag le roinnt blianta anuas, áfach, ó cuireadh tús leis an chlár ceoil “An Taobh Tuathail”. Labhair Éamonn Ó Dónaill le duine de láithreoirí an chláir sin, Cian Ó Cíobháin, faoi bheith ag obair mar dhioscmharcach i stáisiún ina bhfuil cosc ar liricí Béarla.
»»»Tá albam nua díreach eisithe ag an amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin agus tá an dlaoi mhullaigh á cur aici ar shaothar mór faoi amhráin Ghaeilge agus Bhéarla Chúige Uladh. Labhair sí le hÚna Nic Gabhann faoin obair atá idir lámha aici.
»»»Tá tríocha bliain caite ag Cathal Mac Coille i mbun na hiriseoireachta agus tá meas air go forleathan mar scríbhneoir agus mar chraoltóir. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina chuid oibre le RTÉ agus faoi bhfuil i ndán don tseirbhís sin.
»»»Tá blianta fada caite ag an Chorcaíoch John Spillane ag iarraidh a bheatha a thabhairt i dtír mar amhránaí proifisiúnta, rud nach bhfuil furasta in Éirinn. Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaol sa cheol agus faoina albam nua, atá díreach tagtha amach.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.