Déanann an ceoltóir Neil Martin as Béal Feirste stíleanna éagsúla ceoil a sheinm agus a nascadh le chéile. Labhair sé le Robert McMillen faoina chuid oibre leis an West Ocean String Quartet, faoi chumadh an cheoil agus faoi na ceoltóirí eile a d’fhág a rian air.
Níl a fhios ag Neil Martin cá mhéad albam a bhfuil sé le fáil orthu. Seasca? Seachtó? Ochtó? Líon éigin mar sin.
Agus cá mhéad dráma ar chum sé ceol fána gcoinne? Dosaen? Scór? Níl a fhios aige.
Cá mhead fuaimrian atá deanta aige? Níl a fhios aige ach oiread. Thart ar 30 a thomhaiseann sé. Dúirt Donovan Leitch sna 1960í go raibh amhráin san aer, nach raibh le déanamh agat ach iad a phiocadh. An bhfuil sin amhlaidh i gcás Neil Martin? An bhfuil an próiseas cruthaitheach chomh simplí sin?
“Ní shílim go gcumtar ceol amach as folús,” ar sé. “Braitheann sé ar an méid atá cloiste agat, cad é an ceol nó na ceolta ar éist tú leis nó leo, na fuaimeanna a ligeann tú isteach i do chloigeann, ach cúpla uair, agus mé ag cumadh píosa ceoil, ní raibh a fhios agam cá has a dtáinig an ceol. Amanna, tig an ceol ort. An cuid duit féin é nó an cuid den cheol tusa? Tá achan rud chomh comhcheangailte sin,” a chreideann sé.
“Faoi láthair, tá mé ag cumadh píosa ar William Butler Yeats. Rinne mé dianmhachnamh ar ghnéithe éagsúla den fhile, a shaol misteach, a spioradáltacht, Maud Gonne. Ní raibh mé ag iarraidh smaoineamh ar dhánta ar leith ach ar a shaol taobh istigh dá chloigeann agus mheabhraigh mé air seo ar feadh na míonna. Ach nuair a shuigh mé síos le píosa a scríobh, tháinig sé go measartha éasca. Suím síos ag an phianó agus b’fhéidir go mbeadh creatlach beag déanta agam sna míonna sin, ach nuair a luím isteach ar an obair, bíonn sé éasca go leor.”
Deir Neil fosta gur ceird atá sa chumadóireacht, go bhfoghlaimíonn sé an dóigh le rudaí a chur in ord, cad é nach dtig leat a dhéanamh le huirlisí éagsúla, cad é na láidreachtaí atá ag achan uirlis.
“Sin an rud a dhéanaim leis an West Ocean. Tá a fios agam láidreachtaí na gceoltóirí agus a gcuid uirlisí, ach sin ráite, sílim go dtig an ceol ort, chan a mhalairt.”
Bliain ghnóthach
Seo an bhliain is gnóthaí ag Neil le fada an lá. Cheana féin, tá an iomad gigeanna déanta aige leis an West Ocean String Quartet, scríobh sé *suite *do Matt Molloy a seinneadh sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Atha Cliath, tá albam aonair taifeadta aige féin do Cheirníní Universal ar a seinneann sé na píobaí agus a thiocfas amach i mí Feabhra 2004.
Agus tharla cuid dá bhuaicphointí saoil i mbliana.
An mhí seo caite, mar shampla, sheinn sé beo os comhair 40,000 ag na Proms in the Park i mBéal Feirste, ceolchoirm a craoladh beo ar an BBC. Níos luaithe i mbliana sheinn sé ag na Classical Brit Awards sa Royal Albert Hall. Ach ní “this year’s model” amháin atá i Neil. I 1987, sheinn sé os comhair ollscaifte eile i Carnegie Hall leis an Phil Coulter Orchestra, ceolfhoireann a raibh sé ina ball di ar feadh tréimhse.
Ach tá rudaí beaga eile fosta a fhanfas ina chuimhne. Is múinteoir scoile í Siobhán, bean Neil, agus sé mhí ó shin thug a scoil cuireadh don phianadóir clúiteach Barry Douglas seinm ansin.
“Is annamh a mhothófa oirfideadh chomh mothúchánach agus a mhothaigh mé ó Barry in Holy Cross Boys an lá sin,” arsa Neil.
Is buaicphointí iad rudaí a n-amhrachann tú siar orthu ach ba mhaith leis creidbheáil go bhfuil oiread roimhe is atá ina dhiaidh. Ach cá has ar tháinig *cornucopia *an cheoil atá go smior i Neil Martin?
“Is é an chéad chuimhne atá agam i mo shaol - gan a bheith ag caint ar an cheol - caithfidh sé go raibh mé beagainín níos sine ná mo mhac is óige Neil Óg, bhí mé thart ar thrí bliana d’aois, agus is cuimhin liom gur mhúscail mé maidin Domhnaigh amháin, boladh Ulster Fry fán teach agus fuaim Aifreann Bach in B Minor!
“Bhí seanseinnteoir ceirníní ag m’athair agus thugadh sé amach ón seomra suí é go dtí an halla agus sheinneadh sé Kyrie Eleison. Tús as an ghnách le mo shaol, ach sin mar a bhí mo thuismitheoirí,” arsa Neil.
“Bhíodh ceirníní i gcónaí fán teach - Bach, Mozart, Beethoven ar ndóigh, ach ag an am chéanna, bhíodh Ry Cooder acu, The Beatles, Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Cualainn agus tá mé cinnte gur as an éagsúlacht iontach ceoil sin a d’fhás an tsuim atá agam féin i gcuid mhór cineálacha ceoil.”
D’fhéadfaí a rá gur thóg Neil an ceol ó thaobh na dtaobhanna, mar uncail dó a bhí in Tomás Ó Cannain ón sárghrúpa traidisiúnta sin Na Filí, agus nuair a bhíodh siad i mBéal Feirste, bunús an ama thiocfadh sé toigh mhuintir Martin agus bhuailfeadh siad i gcónaí cúpla port.
“Is cuimhin liom an uirlis bheag shaoithiúil seo (na píobaí uilleann) agus an drochbholadh seo a thiocfadh ó Uncle Tom,” arsa Neil ag gáire. “Shíl mé gur uaidh féin a bhí sé ag teacht ach, i bhfírinne, bhí sé ag teacht ón stuif a chuireadh sé ar mhála na bpíobaí uilleann a bhí aige!”
Ról an cheoil
Cinnte, tá cuimhní deasa cinn ag baint leis an cheol, ach cad é an rol atá aige sa saol? Nuair atá smacht ag tíoróntacht na gcairteanna ar an oiread sin daoine óga, nach bhfuil fiúntas an cheoil laghdaithe go mór?
“Tá an saol níos fearr de dheasca an cheoil,” arsa Neil. “Sa bhunscoil, mar shampla, síothlaíonn sé na páistí go minic. Tchím féin é le mo mhac 19 mí d’aois, Neil Óg; tá rian amháin a sheinnim dó san oíche, comhtharlú atá ann gur píobaí agus ceolfhoireann atá i gceist, agus tá a fhios agam go cinnte go gciúnaíonn sé síos é - níl a fhios aige cén dígh nó cén fáth ach téann sé isteach ann agus tá a shaol níos fearr dá bharr.”
Mar dhuine a shaothraíonn a chuid as an cheol, dar le Neil nach bhfuil inse béil ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an tslí bheatha.
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
*Parallels and Paradoxes - Explorations in Music and Society *le Edward Said (a bhásaigh le gairid) agus Daniel Barenboim.
Cén ceol is fearr leat?
Ceol de chuid JS Bach.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
*Man of Aran *(1934) leis an stiúrthóir Robert Flaherty.
Cá dtéann tú ar saoire?
Tír Chonaill.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Ceithre huaire ar fad.
Cén bhialann is fearr leat?
Teach Iggy Murray, Ceann Caslach, Tir Chonaill.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Mo mháthair.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
Pablo Casals.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Easpa gnáthchéille.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
Suas le 60 uair an chloig ar fad.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Easpa ama, agus daoine a bhíonn ar nós cuma liom faoina gcuid oibre.
An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?
Tá, ach tá a fhios agam nach bhfuil mé ach ag toiseacht.
“Ní bhíonn a fhios agat achan rud fá ghné ar bith den cheol agus, dá dhoimhneacht a théann tú isteach ann, is amhlaidh is soiléire gur beag an tuigbheáil atá agat i ndeireadh na dála, ar nós na cruinne sa chomhthéacs sin,” ar sé.
Insím do Neil fá sheanaintín mo mhná céile, a bhí ar leaba an bháis i dtigh s’agam féin ar feadh cúpla mí. Bhéarfeadh mo mhic caiséid de Daniel O’Donnell isteach chuig a seomra leapa agus ba léir gur bhain sí an-sult as glór Daniel. Ainneoin nach raibh sí ábalta labhairt, ba léir gur tháinig aoibhneas uirthi sa leathdhomhan a raibh sí beo ann an t-am sin.
Sin tábhacht an cheoil. Is cuma cé acu Daniel O’Donnell nó Ornette Coleman nó Beethoven atá ann.
“Is ofráil atá sa cheol agus glacann tú chugat cibé a fhóireann duit féin,” arsa Neil. Is léir, mar sin, nach fear mór “traidisiúin” é Neil Martin, agus tá an cruthú ina chuid ceoil féin.
Cheannaigh a mháthair pianó agus é cúig bliana d’aois, ansin d’fhoghlaim sé an dordveidhil agus an fheadóg stáin ina dhiaidh sin, agus na píobaí uilleann ina dhiaidh sin arís. Go dtí go raibh sé ocht mbliana déag, níor sheinn sé ach ceol clasaiceach ar an dordveidhil agus ceol traidisiúnta ar na píobaí, ach áit éigin, deir sé gur aithin sé go gcaithfeadh meascán éigin a bheith ann, pósadh idir an dá fhoirm.
“Bhí an dá cheol compatible, chroith siad lámha áit éigin i mo chloigeann, ach níor thoisigh mé a smaoineamh ar an cheol mar shlí bheatha go dtí go raibh mé in Ollscoil na Ríona. Bhí a fhios agam gur ceoltóir a bheadh ionam ach ní raibh mé cinnte cé acu ceoltóir proifisiúnta nó amaitéarach a bheadh ionam.
“Nuair a thoisigh mé a sheinm an cheoil thraidisiúnta ar an dordveidhil, chonacthas dom gurb é an rud ba nádúrtha amuigh é. Ansin rinne mé píosaí clasaiceacha nua-aimseartha ar na píobaí, ceol le cumadóirí *avant garde *mar Mhícheál Ó Súilleabháin, agus, ag obair le ceolfhoirne, nochtadh an domhan úr ceoil seo nár thaisteal duine ar bith eile fríd dom, ach níl mé ach ag scríobadh an dromchla, mar a déarfá.”
Aistear
Tá an t-aistear sin tosaithe ag Neil leis an West Coast String Quartet, grúpa a bhunaigh sé cúpla bliain ó shin le bheith ag obair faoi rialacha an cheoil chlasaicigh ach a mbeadh mothú de cheol traidisiúnta na hÉireann fríd. Seamus McGuire agus Niamh Crowley as Contae Shligigh, an Ciarraíoch Ken Rice agus Neil é féin atá sa bhuíon.
Ach cad faoin cheol dúchasach? Mar dhuine atá ina cheoltóir, ina léiritheoir, ina chumadóir, tá Neil in áit mhaith le breathnú ar staid an cheoil thraidisiúnta in 2003 agus measann sé go bhfuil sé an-fholláin ar fad.
“Nuair a bhí mise ag toiseacht amach 30 éigin bliain ó shin, ní raibh ach dornán beag píobairí i mBéal Feirste - Robbie Hannon, “Middle” Francie McPeake a theagasc na píobaí dom féin, agus duine nó beirt eile. Ní raibh mórán ceirníní ar an mhargadh, ach bhí cúpla rud an-tábhachtach a choinnigh an ceol beo. Ina measc seo, bhí cláracha Tony McAuley ar an BBC, “The Gig ‘n’ The Round” agus “As I Roved Out” (ainm aisteach mar, ag an am, i lár na 1970í, ní raibh mórán daoine ag taisteal chuig gigeanna ó thuaidh). Chonacthas an chuid is fearr de na ceoltóirí ar shraitheanna Tony McAuley: Liam Ó Floinn, muintir Uí Dhomhnaill, The Bothy Band, Paul Brady, Matt Molloy agus a leithéidí sin.
“Anois, mar thoradh air sin uilig, tháinig athbheochan sa cheol traidisiúnta, go dtí go bhfuil muid anois sa tréimhse is bisiúla riamh ó thaobh an cheoil dhúchasaigh de,” arsa Neil. “Agus ní cúrsaí tráchtála amháin (dlúthdhioscaí ar fáil go forleathan, daoine ábalta taisteal i bhfad níos éasca ná mar ba ghnách leo, etc.) atá taobh thiar de, ach tá cuid mhór ceoltóirí óga ag pilleadh ar na seantraidisiúin, ar na stíleanna áitiúla agus is rud iontach folláin é sin. Tá na ceoltóirí seo ag teacht ar a nglór féin agus ansin thig leo iad féin a chur in iúl, a gcuid ráitisí féin a chraobhscaoileadh.”
Dá gcuirfeá ceist ar Neil cé hiad na daoine ar oibir sé leo, gheobhfá achan uile dhuine atá i bPantheon an cheoil thraidisiúnta, ach fiafraím de cé hiad na daoine is mó tionchair ar a chuid ceoil féin.
“Liam Ó Floinn gan aon agó,” a deir sé. “Tá an fhuaim sin a chluin tú san obair a rinne sé le Planxty chomh glan, néata sin, agus mhothaigh mé é a bheith lán mothúchán agus mé i mo pháiste. Dónal Lunny as a scileanna léirithe. Mícheál Ó Súilleabháin as na turgnaimh a rinne sé leis an cheol agus a thug cineálacha éagsúla ceoil níos cóngaraí dá chéile. M’uncail Tom, mar go raibh tuigbheáil aige ar chúrsaí ceoil nuair ab annamh tuigbheáil i measc daoine eile.
“Ach tá go leor eile ann a d’imir tionchar orm. Arty McGlynn, Steve Cooney, a thug léargas úrnua dúinn uilig. Matt Molloy. Iad sin uilig agus, ar ndóigh, déarfaidh mé arís é, mo thuismitheoirí a thug prontannas an cheoil dom sa chéad dul síos. Chruthaigh siad craos ionam agus b’éigean dom dul a chuartú gach *contralto *agus gach seinnteoir clárchruite agus gach píobaire, le go dtiocfadh liom éisteacht leo.”
Ach tá Neil ionraic go leor le cúis eile a lua maidir lena oscailteacht i gcúrsaí ceoil - inmharthanacht airgid. Mar athair triúr páistí, is gá bia a chur ar an tábla agus a bheith ag riar dá mhuirín agus admhaíonn sé go raibh sin i gcúl a intinne nuair a thoisigh sé ar an cheol an chéad lá riamh.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*