Áirítear Máire Mhac an tSaoi ar dhuine de na filí is tábhachtaí sa Ghaeilge le céad bliain anuas. Thug Aoife Nic Cormaic cuairt uirthi ina teach cónaithe i mBinn Éadair i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath le déanaí agus labhair léi faoina saol mar fhile agus mar bhean chéile an pholaiteora agus an scríbhneora chonspóidigh, Conor Cruise O’Brien.
Ar shroichint theach Mháire Mhic an tSaoi duit, is éasca dearmad a dhéanamh gur i mBaile Átha Cliath atá tú. Tá an teach suite i mBinn Éadair, ar cheann de na suímh is áille a chonaic mise riamh i mBaile Átha Cliath. Ón bpríomhdhoras tá tú in ann breathnú amach ar chuan Bhaile Átha Cliath agus ar Dhún Laoghaire i bhfad i gcéin. Ón gcéad nóiméad a shroicheann tú an áit, faigheann tú boladh na farraige agus mothaíonn tú ar do shuaimhneas.
Taobh istigh den teach an chéad rud a thugann tú faoi deara ná na leabhair; tá siad i ngach áit: ar sheilfeanna, ar an urlár, ar na boird. Nuair a shroich mise an teach bhí Máire agus a fear céile Conor Cruise O’Brien, nó Conchúr mar a thug sí air i rith an agallaimh, ag léamh le chéile. D’fhág Máire an seomra ar feadh nóiméid, agus fhad is a bhí mé ag caint le Conchúr thug mé faoi deara go raibh cóip de An tOileánach *fágtha ar oscailt, díreach in aice le cóip de leabhar nua *Harry Potter!
Tá saol fada, gnóthach agus gníomhach caite ag an mbeirt acu, le chéile agus ina n-aonar. Níor phós siad go dtí go raibh Máire buailte ar na daichidí, agus bhí neart eachtraí dá cuid féin aici roimhe sin. Ach tá rudaí beagáinín níos ciúine dóibh na laethanta seo, agus is ag scríobh a chaitheann siad cuid mhaith dá gcuid ama anois. Tá dírbheathaisnéis díreach críochnaithe ag Máire, agus beidh an leabhar sin á sheoladh ag Seamus Heaney i mí Dheireadh Fomhair. Scríobh sí an rud ar fad de lámh mar nuair a bhí sí ag fás aníos, “ní dhéanfadh státseirbhíseach ná ollamh a chuid clóscríbhneoireachta féin, agus go mórmhór bean, mar dá mbeadh clóscríbhneoireacht aici, is ag clóscríbhneoireacht a d’fhanfadh sí!”
Saolaíodh Máire Mhac an tSaoi i mBaile Átha Cliath. Iníon í leis an bpolaiteoir agus an iaraire, Seán McEntee, agus ba mhúinteoir í a máthair. Bhí cónaí ar an teaghlach i mBaile Átha Cliath, ach chaith siad ar a laghad ráithe chuile bhliain i nDún Chaoin, i dteach a huncail, an Monsignor Pádraig de Brún. Ba mhinic a thógadh a máthair as an scoil iad le hiad a thabhairt go Ciarraí. Deir Máire go raibh an-saol ar fad acu agus iad óg. Lean na turasanna go Dún Chaoin ar aghaidh le linn bhlianta na meánscoile chomh maith, de réir mar a d’oir dá máthair.
“Bhí na mná rialta agus na múinteoirí scanraithe ag mo mháthair. Ag an am sin bhí sí tosnaithe ag múineadh san ollscoil, agus chuir sí a lán acu trína lámha, agus dá ndéarfadh Bean Mhic an tSaoi go raibh a leithéid seo oiriúnach, dhéantaí é. Bean ana-láidir ab ea í, agus ana-chineálta; ana-bhean seoighe a bhí inti i gcónaí.”
Tá ceangal láidir ag Máire le Dún Chaoin i rith a saoil ar fad; i 1970, mar shampla, bhí sí páirteach sa bhfeachtas le Scoil Dhún Chaoin a choimeád ar oscailt.
D’fhreastail Máire ar Alexandra College go dtí go raibh sí deich mbliana d’aois, agus i ndiaidh an chomhneartaithe chuaigh sí ar scoil leis na mná rialta i Ráth Fearnáin. Ag an am bhí a hathair i bpríosún ar chúiseanna polaitiúla, agus ní raibh sé ró-éasca dá máthair post a fháil, toisc nach raibh sí sásta an mhóid dílseachta a bhí ar oibrithe an stáit a ghlacadh le linn an chogaidh chathartha a ghlacadh. Bhí sí ag múineadh i Ráth Maoinis, agus ag obair i Scoil Bhríde, scoil Iníon Gavin Duffy, agus b’éigean di an dá phost sin a fhágaint.
Ag an am bhí beirt pháistí aici, Máire agus Séamus, agus bhí post ag teastáil go géar uaithi. Chonaic sí fógra sa pháipéar ó Alexandra College ag lorg múinteoir Gaeilge, agus d’éirigh léi an post sin a fháil. Bhí beagáinín eagla uirthi a tuairimí polaitiúla agus scéal a fir céile a nochtadh don phríomhoide, an Dr. Mulvaney, ach níor ghá di imní a bheith uirthi. “A Bhean Mhic an tSaoi,” a dúirt sé, “níl d’fhear céile á hireáil agam, ach do bheinn faoi chomaoin agat muna mbraithfeá go gcaithfeá an scéal ar fad a insint do na tuismitheoirí!”
Seal san ollscoil
Tar éis na scoile, chuaigh Máire go dtí An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sí an Léann Ceilteach agus nuatheangacha - Gaeilge, Béarla agus Fraincis. Thaitin an coláiste léi, ach faoin am a bhí an chéim bainte amach aici, bhí sí réidh le rudaí nua a thriail.
“Bhí saghas scanraidh ag teacht orm go mbéarfadh an saol acadúil orm, go ndéanfaí seanamhaighdean díom agus go mbeinn cosúil le hÚna Ní Fhearghail nó le Miss Knott nó a leithéid…”
Níor mhair an imní rófhada mar i ndiaidh an dara Cogadh Domhanda ghnóthaigh sí scoláireacht taistil le dul chun na Fraince. Chaith sí dhá bhliain iontacha i bPáras, cé go n-admhaíonn sí anois nach ndearna sí mórán maidir le dochtúireacht a bhaint amach agus í ansin!
An chéad fhostaíocht a bhí ag Máire nuair a d’fhill sí abhaile ó Pháras ná post sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, post a thaitin go mór léi. Dála Phárais, bhí an-saol aici sa Roinn rialtais sin. Bhí an Roinn an-bheag ag an am agus bhí aithne ag gach éinne ar a chéile. Ansin a bhuail Máire le Cruise O’Brien den chéad uair, cé nach raibh sí róthógtha leis ag an tús. “Mheasas nach raibh an Roinn mór a dhóthain chun an bheirt againn a choimeád,” a deir sí.
Rinne sí cinneadh nach mbeadh aon bhaint aici leis in aon chor ach amháin, mar a deireadh siad sa Roinn ag an am, “if the exigencies of the service require it!”
Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, cuireadh Máire go dtí an Spáinn, áit ar chaith sí dhá bhliain ag obair mar rúnaí ambasáide. Níor chuir sí aithne ar Cruise O’Brien arís go dtí go raibh sí ar thoscaireacht go dtí na Náisiúin Aontaithe. Faoin am sin, bhí a phósadh tite as a chéile agus bhí a lán daoine sa Roinn an-bhuartha mar gheall ar a shláinte; bhí eagla ar dhaoine áirithe go gcuirfeadh sé lámh ina bhás féin, fiú. Ansin, ar chúis éigin, d’imigh an naimhdeas a bhí eatarthu, thit sí i ngrá lena éirim agus lena ghreann, d’éiríodar an-cheanúil ar a chéile agus pósadh iad i 1961.
Tuigeann tú nuair a labhraíonn tú léi faoi Chonchúr go bhfuil na ceisteanna seo freagartha míle uair aici. D’fhéadfá agallamh fíorshuimiúil a dhéanamh le Máire Mhac an tSaoi gan tagairt dá laghad a dhéanamh do Cruise O’Brien, ach fós féin i ngach agallamh a chuala mé riamh léi, tháinig an comhrá ar ais chuige agus chuig an ngaol atá acu lena chéile. Ón taobh amuigh, tá an chuma orthu gur daoine iomlán difriúil iad, beirt nach gcuirfeá riamh le chéile. Seans maith go bhfuil sí bréan de bheith ag freagairt na ceiste seo, mar nuair a chonaic sí mé ag fanacht uirthi níos mó cainte a dhéanamh faoi, chaith sí a ceann siar ag gáire agus dúirt: “Tarlaíonn na rudaí seo, an dtuigeann tú!”
B’fhéidir go bhfuil sé sin fíor, go bhfuil sé chomh simplí sin - tarlaíonn na rudaí seo; ní féidir an grá a mhíniú. Agus cé mhéad a thuigeann aon duine ón taobh amuigh riamh faoin ngaol idir beirt eile? Má chuireann an fhiosracht seo isteach uirthi, ní ligeann sí uirthi riamh é. Tá an saol níos ciúine acu anois, agus is léir go bhfuil gaol an-dlúth eatarthu. Deir sí gur thuig siad go luath go raibh siad ar aon intinn den chuid is mó faoi rudaí, agus gur mar sin atá fós.
Ceann de na rudaí ba shuimiúla a tháinig as an gcuid seo den chomhrá ná nuair a dúirt sí gurbh é sin an chéad chinneadh riamh a rinne sí di féin, “an chéad uair riamh gur ndeineas aon tsocrú as mo stuaim féin gan díreach ligint le sruth agus glacadh le pé cúinsí a tháinig romham.”
Cé go bhfuil céim sa Léann Ceilteach ag Cruise O’Brien, ní Gaeilge a labhraíonn siad le chéile anois. Ach ní dóigh léi go gcothaíonn sé seo aon bhearna eatarthu. Tá sí ag plé leis an dátheangachas ón am a bhí sí an-óg. Níor labhair a hathair Gaeilge ach bhí sé ábalta í a léamh, agus sa teach i mBaile Átha Cliath Béarla a labhradar. Ach bhí a máthair dátheangach agus i nDún Chaoin, ba í an Ghaeilge teanga an tí.
Aiféala
Aisteach go leor, cé go bhfuil sí ar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge, ní bhreathnaíonn sí uirthi féin mar fhile proifisiúnta. Tuigeann sí go bhfuil ceird na filíochta aici, ach deir sí go bhfuil aiféala uirthi anois nár oibrigh sí níos crua leis an tallann atá aici a fhorbairt. Ní scríobhann sí ach nuair a thagann an mothú chuici, agus de ghnáth faoin am a shroicheann sí peann agus páipéar, bíonn an dán scríofa cheana féin - scríobhann sé féin é féin.
Ar chúis an-phraiticiúil a cuireadh a céad iarrachtaí fileata i gcló! Nuair a tosnaíodh ag foilsiú na hirise Comhar sna daichidí, bhíodh a lán den obair ar siúl in íoslach theach Mháire i bPáirc Leeson; ó am go ham, dhéantaí botún agus bhíodh bearna orlaí nó mar sin idir altanna, agus lorgaíodh na heagarthóirí dán uaithi leis an mbearna sin a líonadh!
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
An tOileánach: an lámhscríbhinn iomlán curtha in eagar ag Seán Ó Coileáin.
Cén ceol is fearr leat?
Mozart.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
*Le Diable au Corps *(An Fhrainc, 1946), scannán Claude Autant-Lara bunaithe ar úrscéal Raymond Radiguet.
Cá dtéann tú ar saoire?
Ní théimid puinn.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Aon uair amháin.
Cén bhialann is fearr leat?
The Big Blue i mBinn Éadair.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
M’fhear céile, Conchúir.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
M’uncail Pádraig (Pádraig de Brún).
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Cruáil.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
Deacair a dheimhniú cad is obair ann.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Éadaí maithe a chur orm i gcóir ócáide poiblí.
An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?
Tá agus níl.
Tá sí ag scríobh léi. Foilsíodh novella, nó úrscéilín léi le déanaí, A Bhean Óg Ón. Úrscéilín faoi Phiaras Feirtéir, fear a bhfuil an t-uafás taighde déanta aici air thar na blianta, atá ann. I saothar eile a scríobh sí faoi shaol Phiarais, bhí bearnaí, blianta fada, nach raibh aon eolas le fáil orthu, agus scríobh sí an *novella *as a samhlaíocht féin leis na bearnaí sin a líonadh. Ach níor éirigh go ró-iontach leis agus ba léir óna haghaidh agus í ag caint liom, go raibh an-díomá uirthi faoi na tuairimí a bhí ag na criticeoirí ina leith. Dúirt léirmheastóir amháin nár tharla aon rud ann, ach dar léi, sin é an rud atá i gceist ann: “nach dtarlaíonn aon rud idir é féin agus an bhean óg”.
Taobh amuigh dá cuid scríbhneoireachta féin, tá an-mheas aici ar fhilíocht Phiarais Féirtéir, Uí Rathaille agus Ghearóid Iarla agus ar na dánta grá.
Tá sí cáinteach faoin méid atá á scríobh faoi láthair Ghaeilge. Mothaíonn sí nach bhfuil aon “mhacallaí ag roinnt leis, ná aon téagar, sé sin, níl aon rud a bhraithfeá le bláth.” Luann sí daoine mar Mháirtín Ó Direáin, Nuala Ní Dhomhnaill agus Cathal Ó Searcaigh mar fhilí a thaitníonn léi, toisc go bhfuil an fhilíocht a scríobhann siad orgánach. “Is fás é, má thuigeann tú mé, fás na teanga.”
An dán is mó dá dánta féin a thaitníonn léi ná ceann a scríobh sí dá mac Pádraig, “Codladh an Ghaiscígh”. An-dán atá anseo, a deir sí, agus is ábhar sásaimh di go gceapann Pádraig féin é sin chomh maith!
Saol clainne
Nuair a phós Máire agus Cruise O’Brien, bhíodar ag súil go mór lena bpáistí féin a bheith acu, ach ní hé sin a bhí i ndán dóibh. Rinne siad cúpla iarracht páiste a uchtáil, ach níor éirigh leo. Ar deireadh tháinig a huncail Muiris chucu agus dúirt go raibh, “an tAfracach beag is deise dá bhfaca sé riamh” i ndílleachtlann Naomh Pádraig ar Bhóthar na hUaimhe. Chuaigh siad ann agus “ba é siúd Pádraig”. Bhí sé trí mhí d’aois. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, tháinig glao eile agus dúradh leo go raibh deirfiúr acu do Phádraig, Mairéad.
I ngach áit ar bhallaí na cistine, tá grianghrafanna de na páistí, mar aon le grianghraf nó dhó dá ngarmhac, mac beag le Pádraig. D’fhiafraigh mé di ar bhain sí taitneamh as a bheith ina máthair.
“Bhuel, an dtuigeann tú, b’in é an rud a theastaigh riamh uaim. Níor theastaigh saol réidh riamh uaim; theastaigh fear agus clann agus teaghlach i gcónaí uaim!”
Más é an cinneadh Conor Cruise O’Brien a phósadh an chéad chinneadh neamhspleách a rinne sí, an t-aon cheann eile a luann sí ná nuair a d’éirigh sí as Aosdána. B’éard is cúis leis an raic ná ráitis fhrith-Ghiúdacha a dúradh a rinne an scríbhneoir Francis Stuart ar chlár teilifíse a craoladh ar Channel 4. Chuir Máire rún os comhair na mball in Aosdána go gcaithfí amach as an eagras é, ach theip ar an rún sin agus d’eirigh sí féin as a ballraíocht. Ní rud é sin a theastaigh uaithi a dhéanamh, a deir sí. Thuig sí ag an am go dtiocfadh lá nuair nach mbeadh sí féin ná Conchúr ag obair agus go mbeadh sí buíoch as sparánacht ó Aosdána; ach bhí a lán cairde Giúdacha agus Gearmánacha aici a bhí go hiomlán trína chéile mar gheall ar an scéal, agus mhothaigh sí go raibh ar dhuine éigin labhairt amach ar a son.
Chaith mé beagnach dhá uair an chloig le Máire Mhac an tSaoi an mhaidin sin, agus nuair a d’fhág mé an teach, mhothaigh mé go raibh mé tar éis bualadh le duine maith, duine eisceachtúil. Tá níos mó ná ceithre scór bliain caite aici ar an saol, ach nuair a labhraíonn tú léi, ní thugann tú faoi deara a haois - ní oireann aon lipéad aoise di. Cinnte, is duine í a bhfuil an-ádh tar éis a bheith uirthi ina saol, cé go mbeadh drogall uirthi é sin a rá os ard gan a lámh a leagan ar an mbord adhmaid go neirbhíseach!
An cheist dheireanach a bhí agam di ná cén chaoi ar theastaigh uaithi go gcuimhneofaí uirthi. Arís, ní raibh uirthi aon mhachnamh a dhéanamh anseo - oidhreacht liteartha a theastaíonn uaithi a fhágáil ina diaidh.
“Ba mhaith liom go gcuimhneofaí ar mo chuid filíochta mar bhláthú ar mheán liteartha na Mumhan. Mionbhláth - ach mar shaothrú ar thraidisiún liteartha na Mumhan. Ba mhaith liom é sin.”
Codladh an Ghaiscígh
Ceannín mogallach milis mar sméar- A mhaicín iasachta, a chuid den tsaol, Dé do bheathasa is neadaigh im chroí, Dé do bheathasa fé fhrathacha an tí, A réilthín maidine ' tháinig i gcéin.
Is maith folaíocht isteach! Féach mo bhullán beag d’fhear: Sáraigh da doras é nó ceap I dtubán- Chomh folláin le breac Gabhaimse orm! Is gach ball fé rath, An áilleacht mar bharr ar an neart-
Do thugais ón bhfómhar do dhath Is ón rós crón. Is deas Gach buí óna chóngas leat. Féach, a Chonchúir, ár mac, Ní mar bheartaigh ach mar cheap Na cumhachta in airde é ' theacht.
Tair go dtím’ bachlainn, a chircín eornan, Tá an lampa ar lasadh is an oíche go tórmach, Tá an mada rua ag siúl an bhóthair, Nár sheola aon chat mara ag snapadh é id threosa, Nuair gur coinneal an teaghlaigh ar choinnleoirín óir tú.
Is saoririseoir, craoltóir agus ceoltóir í Aoife Nic Cormaic. Is as Baile Átha Cliath í.