AGALLAMH BEO
Angela Bourke
Bernardine Nic Giolla Phádraig Bernardine Nic Giolla Phádraig Bernardine Nic Giolla Phádraig

Tá go leor bainte amach ag an scoláire agus scríbhneoir Angela Bourke as Baile Átha Cliath ó chuaigh sí leis an léann ar dtús suas le tríocha bliain ó shin, go háirithe le tamall de bhlianta anuas. Bhí a saothar The Burning of Bridget Cleary, mar shampla, i measc na leabhar ba mhó díol in Éirinn agus bronnadh duais litríochta de chuid an Irish Times air sa bhliain 2001. Labhair Bernardine Nic Giolla Phádraig léi i mBaile Átha Cliath le gairid.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Thaddeus O’Sullivan: ag léiriú suime i saothar Angela Bourke

Tógadh Angela Bourke le Béarla i mBaile Átha Cliath. Bhí suim ag a muintir i bhfocail, i bhfoclaíocht agus i scolaíocht i gcoitinne agus is cuimhin léi a hathair ag múineadh focal mór Béarla don chúigear gasúr. “An-chainteoir is ea mo mháthair,” arsa Angela, “agus bhí an-ghreann ag m’athair”, rud a d’fhág go mbíodh spraoi sa chomhrá sa bhaile. Teach lán leabhar a bhí ann chomh maith - rud a mbeifeá ag súil leis, b’fhéidir, i gcás duine atá tar éis a saol go dtí seo a chaitheamh ag plé le teangacha, litríocht agus scríbhneoireacht.

Ba i gClochar na Toirbhearta i dTír an Iúir a thug Angela léi an Ghaeilge. “Bhí caighdeán Gaeilge sách ard sa scoil agus go leor de na múinteoirí labhraídís Gaeilge leat ó mhaidin, cé nár scoil Ghaeilge í.” Agus mé ag caint le déanaí le hAngela i gcaife i Ranalach, an ceantar ina bhfuil sí tar éis cónaí don chuid is mó dá saol fásta, is léir dom ón méid a deir sí gur thaitin a laethanta scoile léi agus gur oir an saol acadúil di ón gcéad lá.

Tagann an focal “meallta” isteach sa chomhrá go minic agus an Búrcach ag labhairt faoin nGaeilge. Bhí múinteoir sa séú rang sa bhunscoil aici a léigh gearrscéalta an Phiarsaigh don rang; duine í an múinteoir, dar le hAngela, “a bhí meallta go huile is go hiomlán ag an tionscnamh cultúrtha a bhí ar bun ag an bPiarsach”. Dá bhrí sin, a deir sí, bhí na carachtair sna scéalta a léigh an múinteoir di ar aon bhóthar amháin ina hintinn is a bhí an saol ina raibh carachtair an *Famous Five *ag maireachtáil, agus bhí an Bleá Cliathach óg an-tógtha le Conamara sular leag sí cos riamh ann.

“Sa chéad bhliain meánscoile chuaigh mé ar chúrsa Gaeltachta agus thit mé i ngrá le Carna, leis na múinteoirí, leis an timpeallacht, an trá, an tsaoirse a bhí le fáil ansin. Bhí leabhar agam faoi sheanscéalaíocht na hÉireann sa mbaile, The Golden Legends of the Gael, ina raibh scéalta faoi Chú Chulainn agus faoi Fhionn Mac Cumhaill - bhí mé meallta go hiomlán le scéalta den tsórt sin - agus bhí an leabhar sin léite agam seacht n-uaire sula ndeachaigh mé chuig an meánscoil. So, idir na seanscéalta agus tírdhreach Chonamara agus chomh gnaíúil is a bhí muintir Chonamara nuair a chuaigh muid ann (mé féin agus mo dheirfiúr), bhí mé ag cur an-spéis sa nGaeilge.”

Údar cruthanta anois í Angela agus deir sí go raibh sí ag iarraidh a bheith ina scríbhneoir ó bhí sí an-óg, cé nár shíl sí go n-éireodh léi. An chéad duais a ghnóthaigh sí ná ceann a fuair sí as gearrscéal a scríobh ar chúrsa samhraidh. Nuair a bhí sí sa chéad bhliain san ollscoil, chuir sí an scéal céanna isteach ar chomórtas eile. Bhuaigh sí an tríú háit agus foilsíodh an scéal i Nua-Aois, iris litríochta na mac léinn sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. “Eachtra” an teideal a bhí ar an scéal “ach ní raibh sé chomh dona is a shamhlófá” a deir sí agus í ag gáire.

Dúradh léi ag an am go raibh sí ag cur a súile thar a cuid á cur féin chun tosaigh os comhair na léachtóirí mar sin agus go mb’fhearr di a cloigeann a choinneáil síos. Ach má thug na léachtóirí faoi deara go raibh ábhar údair os a gcomhair níor thug siad é sin le fios di. Ní bhfuair sí aon aitheantas uathu. An rud a thuig sí ó seo ar fad ná gur rud mí-oiriúnach a bhí ann do mhac léinn a bheith ag scríobh go cruthaitheach seachas a bheith ag coinneáil súl ar na leabhair ghramadaí.

Post mar léachtóir

Lean Angela ar aghaidh leis an obair acadúil, áfach, agus bhain sí post amach sna seachtóidí mar léachtóir i Roinn na Nua-Ghaeilge, san institiúid chéanna a bhfuair sí a cuid oideachais ann. D’fhiafraigh mé di faoin ngaol atá aici anois lena cuid mac léinn féin.

Cén tír is fearr leat?

Cé is moite d’Éirinn, an Iodáil! An bia, na daoine, an teanga agus an cultúr, chomh tíriúil is atá sí agus chomh croíúil is atá sí. Gach rud!

An rud is mó atá curtha i gcrích agat a bhfuil tú bródúil as?

Mo chuid leabhar. Ina dhiaidh sin tá cuilt bhreac a rinne mé le mo dhá lámh féin a bhfuil mé an-bhródúil as. Tá mé bródúil gur éirigh liom dul i bhfeidhm ar roinnt daoine óga ó am go chéile ar bhealach dearfach.

An duine nó na daoine is mó a bhfuil meas agat orthu sa saol?

Margaret MacCurtain - tá an-mheas agam uirthi sin ar fháthanna éagsúla. Is múinteoir iontach í, duine a réitigh an bealach do mhná eile, duine a thug spreagadh agus tacaíocht d’fhir agus do mhná. Tá mé an-bhródúil a bheith in ann a rá gur cara liom anois í. Mo mháthair féin: b’fhéidir nár réitigh mé go rómhaith léi nuair a bhí mé óg ach tá an-mheas go deo agam uirthi. Séamus Heaney: tuigim go n-iompraíonn sé ualach uafásach mór mar laoch cultúrtha na tíre seo agus feictear dom go ndéanann sé é go han-ghrástúil ar fad. Fear eile a bhfuil an-mheas agam air ná Gerard Scanlon i mBaile an Lochaigh (Corcha Dhuibhne), tógálaí agus feiliméara. Agus tá an-mheas agam ar mo pháirtí féin, Michael Hayes.

Ar mhaith leat fáth a lua nó é a fhágáil mar sin?

Tá iníon tógtha aige as féin agus is aturnae é a thugann cúnamh do dhaoine in an-chuid réimsí den saol agus fear é nach mbíonn ag séideadh a stoic féin ach a dheileálann leis an saol ar bhealach an-bhreá.

Na scríbhneoirí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

Ó thaobh gearrscéalaíochta, Alice Monroe. Emmanuel Le Roi Ladurie mar scríbhneoir staire. Séamus Heaney - mar sílim gur cheart don phrós a bheith ag dul i dtreo na filíochta, nach ceart an iomarca focal a úsáid.

An mbíonn am agat breathnú ar an teilifís?

Ní bhíonn ach nuair a bhreathnaím is ar bhleachtairí a bhreathnaím, daoine ar nós Morse. Is maith liom seanscannáin. Agus cuid de na cláracha fáisnéise ar TG4, is dóigh liom go bhfuil sé thar cionn. Ní bean mhór teilifíse mé.

Dea-thréith amháin atá ag baint leat?

Go dtuigim gur féidir liom dul amú a bheith orm. Gur féidir liom géilleadh in argóint. Go dtuigim nach mbíonn an ceart agam i gcónaí... má mhínítear sin sách láidir dom!

Aon tréith agat nach mbeifeá ró-shásta leis?

Nach mbím rómhaith ag éisteacht, nach mbím sách foighneach. Tá mé foighneach go maith má bhím ag iarraidh an tuiseal ginideach a mhíniú ach níl foighid agam le smaointe daoine eile mar ba mhaith liom. Ba mhaith liom a bheith in ann éisteacht níos fearr a thabhairt do dhaoine eile. Bíonn faitíos orm go dtitfidh an comhrá as a chéile mura léimim isteach arís. Déanaim an iomarca cainte.

Aon rud gur mhaith leat a chur i gcrích sna deich mbliana atá romhainn?

Ó thaobh na haclaíochta de, gan an tsolúbacht a chailliúint go huile is go hiomlán!

“Is maith liom aithne a chur orthu, is maith liom iad a bheith ar a suaimhneas. Níl a fhios agam an ligeann an clár ama dúinn bualadh leo i gceart. Is dóigh liom go bhfuil sé an-tábhachtach go dtugaimid na ranganna trí mheán na Gaeilge, go bhfuil timpeallacht Ghaeilge sa Roinn, mar go gcothaítear réimsí éagsúla teanga sa gcaoi sin. Tuigim ag an am céanna go gcothaíonn sé claí ard, teorainn, idir muid féin is na mic léinn. Go leor acu tá siad compordach leis an nGaeilge agus níl aon fhadhb acu, ach na daoine gur mhaith liom cumarsáid a bhunú leo tá siad faitíosach faoina gcaighdeán féin.”

Bhain Angela leis an nglúin mac léinn a tháinig i ndiaidh na réabhlóidí sna hollscoileanna ar an Mór Roinn. Braitheann sí go bhfuil mic léinn na laethanta seo coimeádach ar go leor bealaí ach is léir go bhfuil an-mheas aici orthu. An rud a chuireann iontas uirthi ná chomh hoilte is atá go leor dá cuid scoláirí.

“Seo cuid den aiféala a bhíonn orm ag deireadh gach bliana, go dtosaím ag cur aithne orthu aimsir na scrúduithe cainte agus mé ar buile liom féin agus leis an gcóras nach gcuireann muid aithne ar a chéile ag tús na bliana. Nuair a chuireann tú scrúdú béil orthu faigheann tú amach go bhfuil beirt nó triúr acu páirteach in *Riverdance *agus an domhan siúlta acu - nó léimte acu! - tar éis a bheith in áiteacha nach raibh cloiste agam fúthu nuair a bhí mé ar comhaois leo. Gheofá amach go bhfuil seaimpín agat sa rang i spórt éigin, leadóg bhoird, b’fhéidir. Daoine eile a bhfuil postanna acu agus iad ina mbainisteoirí i mbialanna taobh le taobh le bheith ar chúrsa ollscoile, nó iad páirteach i bpolaitíocht ollscoile nó i bpolaitíocht áitiúil.” Aithníonn sí go raibh bearna riamh ann idir mic léinn agus léachtóirí ach b’fhearr léi nach mbeadh.

Tá cúis mhaith ann go bhfuil fís faoi leith ag Angela: tá tréimhsí caite aici in Harvard mar ollamh cuairte, i Minnesota agus ag plé leis an Léann Éireannach i mBoston College. Fuair sí deis ansin bheith páirteach i léann idirdhisciplíneach, rud a gcreideann sí go láidir ann.

Thaitin an córas ollscoile sna Stáit Aontaithe go mór léi. “Buaileann tú leis na fochéimithe b’fhéidir trí huaire sa tseachtain. Tagann tú i láthair agus bíonn b’fhéidir fiche duine thart ar bhord mór agat; cuireann tú an-aithne orthu. Caithfidh siad na cúrsaí a roghnú agus bíonn tuiscint acu roimh ré ar a bhfuil i gceist le gach cúrsa: an bhfuil aiste le scríobh acu, an bhfuil marcanna ag dul don rannpháirtíocht sa rang agus a leithéid. Ó thaobh na hoibre a éiríonn leat a dhéanamh, tá sé i bhfad níos sásúla.”

D’fhéadfadh speisialtóir san innealltóireacht agus speisialtóir sa Fhraincis a bheith in aon rang le chéile, fochéimithe agus iarchéimithe, agus iad go léir ag tabhairt a gcuid eolais chun boird. “Samhlaím an cineál sin seimineáir mar bhéile, daoine ag roinnt. Tá tú ag iarraidh go mbeidh siad ar a suaimhneas, sách compordach le bheith rannpháirteach.”

Thaitin an tslí mhaireachtála thall léi chomh maith, cé go b’fhearr léi cónaí in Éirinn. Sa bhliain 1985 a chuaigh sí ann ar dtús agus d’fháiltigh sí roimh an tsaoirse intinne. “Má bhí fadhb ann bhí sí le réiteach; mura raibh rud ar eolas agat, ní hé gur duine dúr a bhí ionat ach go raibh an rud sin fós le foghlaim agat. Thaitin sé sin an-mhór liom.”

Comhaltacht

Deirtear go ndéanann an taisteal an intinn a shaibhriú, agus tá an deis sin tapaithe ag Angela go minic agus í i mbun taighde dá saothar scríofa.

Chun maoiniú a fháil le taighde a dhéanamh dá leabhar is déanaí, Maeve Brennan: Homesick at the New Yorker, chuir sí isteach ar Chomhaltachtaí Taighde an Uachtaráin sa Choláiste Ollscoile agus nuair a bronnadh comhaltacht uirthi, d’imigh sí léi ar thuarastal iomlán ar feadh bliana. Bhí a fhios aici go raibh uirthi tabhairt faoin obair go práinneach mar go raibh roinnt mhaith de lucht aitheantais Brennan in aois a gceithre scór faoin am sin agus, fé mar a tharlaíonn, tá cuid acu caillte ó foilsíodh an leabhar i mbliana.

Roghnaíodh Angela ansin le haghaidh sparántacht míosa chuig an Princess Grace Irish Library i Monaco, áit a raibh áiseanna breátha léitheoireachta. Lena chois sin, bhí sí i mBogliasco in aice le Genoa, sa Centro Studi Ligure, ionad do scríbhneoirí, ealaíontóirí agus scoláirí, áit a chuir Annaghmakerrig, an t-ionad i gContae Mhuineacháin, i gcuimhne di: “Áit álainn, bia álainn, atmaisféar iontach tionsclach ach sínte siar san am céanna, agus gach áis ann a bheadh uait. D’éirigh liom an t-uafás a scríobh ann.”

Tagraím do chur síos Fintan O’Toole ar Maeve Brennan: “She was two things that it would have been hard to sustain in the Ireland for which so many people seem suddenly nostalgic, an intellectual woman and a writer”. Is léir go bhfuil cosúlachtaí idir Maeve Brennan agus a beathaisnéisí, bean intleachtúil eile agus scríbhneoir a chónaíonn ar an tsráid chéanna i Ranalach inar tógadh Brennan. An mbraitheann Bourke gar do Brennan ó thaobh na ndeacrachtaí sin nó an bhfuil Éire an aonú haois is fiche athraithe ar fad?

“Tá an saol athraithe an-mhór do mhná in Éirinn. Nuair a bhí Maeve Brennan ag scríobh bhí cúrsaí cinsearachta i gceist. San am sin bhí tú pósta nó bhí tú i do sheanmhaighdean. Bhí cibé féiniúlacht a bhí agat ag brath ar an bhfear lena raibh tú pósta nó ar an bhfear a bhí mar athair agat. B’fhéidir faoin tuath go raibh cúrsaí níos saoire - mná Gaeltachta, cuid acu ag obair as baile agus ag teacht ar ais, nó ag feilméaracht - agus go raibh meas orthu de réir a gcuid oibre agus go raibh talamh ag cuid acu. Ach má bhain tú le meánaicme Bhaile Átha Cliath bhí tú ag brath ar dhaoine eile.

“Le linn am Maeve Brennan bhí ceangal agus castacht ann nach raibh ann do mo leithéidse, ach cinnte dearfa bhraith mé nuair a bhí mé níos óige go mba dheacair saol mná a chaitheamh agus saol acadúil nó saol ollscoile. Mná roinnt blianta i mo dhiaidh, áfach, bhíodar in ann glacadh leis go rabhadar in ann saol iomlán acadúil nó gairmiúil a bheith acu agus saol iomlán pósta, sóisialta.” Mhair Bourke, mar sin, trí idirthréimhse ina raibh cúrsaí ban ag athrú ach, mar sin féin, ní raibh a taithí chomh difriúil sin ó thaithí Brennan.

Don léitheoir nach bhfuil aon chur amach aige ar shaothar Brennan, molann Bourke The Visitor. “Leabhar an-láidir, leabhar an-bheag, atá lán le fearg agus le paisean. Scríobh sí é i Meiriceá nuair a bhí sí b’fhéidir fiche a ceathair, fiche a cúig, ach níor tháinig sé chun solais go dtí i ndiaidh a báis [1993]. Níor foilsíodh é go dtí 2000.” Tá Bourke sách cinnte nach gceadófaí é a fhoilsiú sa tír seo ag an am pé scéal é. “Ní hé go bhfuil an oiread sin faoi chúrsaí gnéis ann ... ach is léir ó thaobh mothúchán de go bhfuil tuiscint ag an údar nár cheart a bheith, de réir De Valera, ag bean óg san am sin.”

*The Springs of Affection *an bailiúchán gearrscéalta a mholann Bourke mura bhfuil i gceist agat ach leabhar amháin de chuid Brenann a léamh chun a saothar a bhlaiseadh. “Tá mar a bheadh slabhra déanta de na scéalta ann sa chaoi go bhfuil scéal ag leanúint scéil faoi na carachtair chéanna, faoin teach céanna, sa chaoi go bhfaigheann tú forbairt ar a cuid tuisceana agus ar a healaín.”

An dá thréith sin a bhain le Brennan - an duine intleachtúil, géarchúiseach a raibh léargas aici ar an saol agus an duine péacógach a bhí an-sáite i gcúrsaí faisin - cén chaoi ar réitigh siad lena chéile? Freagraíonn Bourke mé trína rá “Tuige nach mbeadh an dá rud i gceist? Cuid den léann feimineach is fearr liomsa ná an chuid a dhéanann iniúchadh ar an bhfuáil agus sníomh agus a thugann gradam dóibh mar ealaín, agus a dhéanann comparáid idir fuáil agus scríobh agus a deir go bhfuil na healaíona seo cóngarach go maith dá chéile; tá siad an-chruthaitheach. Fiú amháin mise, nuair a thosaigh mé féin ag léachtóireacht bhíodh mo chuid éadaí ar fad déanta agam féin agus na cuirtíní don teach agus gach rud. Ní dhearna mé aon rud le fiche bliain ach bhínn á ndéanamh.”

Scannán

Maidir le healaín chruthaitheach, táthar ag labhairt le Bourke faoi scannán a dhéanamh mar gheall ar scéal Bridget Cleary agus tá rogha ceannaithe ag Wildfire Films (Martha O"Neill agus Adrian McCarthy) air. Tá Thaddeus O’Sullivan ar dhuine de na stiúrthóirí atá ag léiriú suime i saothar Bourke.

Cuirim an fhíric shimplí os comhair Bourke gur bheirt bhan Éireannach a mhair in dhá dhomhan a bhí go hiomlán difriúil óna chéile ab ea na mná a bhfuil an dá leabhar Béarla scríofa aici mar gheall orthu. “Yeah, ach tá leanúnachas sna leabhair ó thaobh an taighde domsa, leanúnachas faoi athruithe cultúrtha agus faoin rud a dtugann an t-antraipeolaí Clifford Gwertz “thick description” air: ag cur síos ar gach rud.” Déanann sí machnamh gairid. “Agus tá snáth na n-éadaí agus na fuála ag dul tríd an dá leabhar. Ba mhaintín í Bridget Cleary; sin an traenáil a fuair sí agus b’in an cineál scríbhneoireachta is túisce a rinne Maeve Brennan (cúrsaí faisin) in Harper’s Bazaar.”

An tábhacht a bhaineann le Brennan, dar le John Boland, ná go léiríonn sí saol aicme áirithe in Éirinn nár léiríodh roimhe. Forbraíonn Bourke an pointe. “Thug Joyce blas ar an saol ar na sráideanna, tugann Maeve Brennan blas ar an saol taobh istigh de na tithe agus an chaoi a bhfulaingíonn duine aonair nuair atá rialacha ag teacht salach ar a chéile ón tsochaí mhór; rialacha faoi bheith i do thost is faoi rudaí áirithe a dhéanamh agus an chaoi a dteanntaítear daoine idir dhá chloch mhóra éagsúla.”

Fiafraím de Bourke an bhfuair sí léargas ina taighde ar Brennan ar an gcaoi a dtarlaíonn sé go dtagann duine ag pointe ina saol go bhfuil siad gan dídean. Dealraíonn sé gurb é an faitíos ba mhó a bhí ar Bourke ag tréimhse áirithe ina saol ná go mbeadh sí féin ina codladh i mbosca cairtchláir ar Shráid Dásain, cé go raibh post aici agus teach agus cairde agus gaolta.

“Bíonn daoine ag gáire fúm ach bhí an faitíos sin an-an-mhór go bhféadfadh sé tarlú. An tuiscint nach raibh idir an saol sócúlach agus an saol eile ach sciorradh coise. So, ar bhealach, bhí mé ag iarraidh fáil amach cad a tharla di sa chaoi is nach dtarlódh sé domsa. Thuig mé go mb’fhéidir gur rogha aici ag leibhéal amháin é agus gur rogha ag gach duine é a bhíonn imeallach, nach bhfuil sásta cur suas leis an tseafóid atá ag baint leis an saol socair, agus tá meas agam i gcónaí ar na daoine a bhíonn imeallach.” Tuigeann sí ag an am céanna, a deir sí, go gcailleann tú an t-uafás nuair a chinneann tú ar a bheith imeallach.

Tógann sé sin muid go dtí gné eile de shaol Bourke. “Le linn mo mheánaoise tuigim nach bhfuil mé chomh himeallach is a shíl mé. Bhí mé pósta agus ansin scartha agus bhraith mé an-an-imeallach nuair a scar muid i dtús na n-ochtóidí agus bhraith mé go mba an-mháchail orm é. Ní raibh aon pháistí againn agus bhraith mé é sin mar mháchail an-mhór. Agus ansin phós mé arís - agus arís níor éirigh leis an bpósadh sin. Ní raibh mé in ann breathnú air mar mháchail faoin am sin ach bhraith mé imeallach agus tá sé an-íorónta dom anois go bhfuil mé le fada in aois tuismitheoirí na mac léinn agus tá mé mar chuid den establishment!

“Toghadh mé mar bhall den Acadamh Ríoga le déanaí, tá mé i mo léachtóir sinsearach; tá mé i mo chónaí in áit ina bhfuil na tithe an-daor, cé nach raibh nuair a cheannaigh mé mo cheannsa.”

Gáiríonn sí beagán agus ag an am céanna tá cuma an iontais ar a haghaidh.

“Tá sé an-an-an-íorónta dom go mbainim chomh mór sin leis an mbóthar mór tar éis gur shíl mé go raibh mé ag gabháil na gcúlbhóithre.”

Is as Baile Átha Cliath í Bernardine Nic Giolla Phádraig. Is múinteoir agus léiritheoir teilifíse í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.