AGALLAMH BEO
Pádraigín Ní Uallacháin
Úna Nic Gabhann Úna Nic Gabhann Úna Nic Gabhann

Tá albam nua díreach eisithe ag an amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin agus tá an dlaoi mhullaigh á cur aici ar shaothar mór faoi amhráin Ghaeilge agus Bhéarla Chúige Uladh. Labhair sí le hÚna Nic Gabhann faoin obair atá idir lámha aici.

Íomhá

Bhraith mé gur chúis náire é a bheith dhá bhomaite mall ag casadh le Pádraigín Ní Uallacháin. Bhí a fhios agam sular bhuail mé léi ar chor ar bith gur bean chumasach, ghéarchúiseach a bhí inti, agus nach raibh mórán foighde aici le hamaidí de chineál ar bith. Bhí na ráflaí seo cloiste agam ó bhéal daoine ach níl le déanamh agat ach féachaint ar a bhfuil bainte amach ag an bhean ghníomhach seo le fios a bheith agat gur duine í nach gcuireann mórán ama amú.

Bhí an t-ádh liom go bhfuair mé an deis agallamh a chur uirthi agus í i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo caite. Ag tús ár gcomhrá mhothaigh mé go raibh sí pas beag amhrasach faoi mo leithéidse, bean óg, a bheith ag cur agallaimh uirthi. De réir mar a chuaigh an comhrá ar aghaidh, áfach, bhraith mé gur éirigh sí ní ba shuaimhní agus go raibh sí ní ba thoilteanaí a bheith ag roinnt a cuid tuairimí liom. Thuig mé chomh maith nach bhfuil go leor uaireanta an chloig sa lá don bhean seo lena bhfuil le déanamh aici a dhéanamh.

Chaith Pádraigín a hóige ag bogadh ó áit go háit - ó Chontae Lú, go Maigh Eo, go Dún na nGall - de bharr gur cigire scoile a bhí ina hathair. Rugadh i gContae Lú í agus tógadh le Gaeilge í. Bhí ceol agus Gaeilge sa teaghlach i gcónaí. Chaith a hathair tréimhse gach bliain i nGaeltacht Rann na Feirste i dTír Chonaill ón bhliain 1926 go dtí 1974. D’fhoghlaim sé amhráin sean-nóis an cheantair sin agus bhí sé an-eolach ar thraidisiún oirdheisceart Uladh chomh maith. Níor fhoghlaim sí féin an ceol go foirmeálta riamh - fuair sí a cuid amhrán ón traidisiún béil, mar sin. Bhí ceol ag gach duine eile sa teaghlach chomh maith.

Níl iontas ar bith ann mar sin gur eascair albaim den scoth as an chúlra saibhir amhránaíochta seo. Is é an t-albam is mó dá cuid go dtí seo a raibh éileamh air ná A Stór is a Stóirín de bharr réimse chomh leathan sin amhrán a bheith le fáil air, ocht n-amhrán déag do pháistí agus an líon céanna amhrán do dhaoine fásta. D’eisigh Gael-Linn an t-albam sin agus When I Was Young chomh maith, an t-aon albam a chuir an comhlacht amach i mBéarla go dtí sin nó ó shin. Ba mhór an tábhacht a bhain leis seo dar le Pádraigín. “Tá sé millteannach tábhachtach don tír ar fad go mbeadh cnuasach iomlán d’amhráin i mBéarla agus i nGaeilge ann, mar gurb ionann an dá thraidisiún sa tír seo ar bhealach.” D’eisigh sí dlúthdhiosca dar teideal *Suantraí *chomh maith ar a bhfuil meascán de sheanamhráin agus d’amhráin nua-chumtha.

Ceoltóirí mór le rá

Is é an t-albam An Dealg Óir an ceann is úire uaithi. Is é an giotáraí Astrálach Steve Cooney a léirigh é agus rinneadh an taifeadadh ina stiúideo i gContae Chill Dara. Tá ceoltóirí eile mór le rá ag seinm air, leithéidí Liam Uí Mhaonlaí, Rónáin Uí Shnodaigh, Odhráin Uí Chasaide, Liam O’Flynn, Laoise Kelly, Helen Davis, Máire Breatnach, agus Pat Crowley. An taighde atá ar bun aici le cúpla bliain anuas ar “an rud is mó is ansa” léi, na hamhráin as a ceantar féin in oirdheisceart Uladh, a spreag í leis an albam nua seo a thaifeadadh. A fhad is a bhí sí ag déanamh taighde don mhórshaothar Songs of a Hidden Ulster, leabhar agus dlúthdhiosca a eiseofar i dtreo dheireadh na bliana seo, d’aithin sí go raibh “géarghá le cnuasach de na hamhráin seo amuigh i measc an phobail leathain, go háirithe i dTuaisceart Éireann, agus go háirithe do dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu, go dtuigfeadh siad an saibhreas a bhí rompu sa cheantar.”

Tá an dlaoi mhullaigh á cur aici ar Songs of a Hidden Ulster faoi láthair, i ndiaidh an-dua a chaitheamh leis an obair le dornán blianta anuas. Tá aistriúchán déanta aici ar na hamhráin atá sa bhailiúchán, tá nótaí ann mar gheall ar na foinsí ónar tháinig na focail (agus an ceol, murab ionann an dá fhoinse), cúlra an cheoil agus comhthéacs an amhráin sa cheantar, agus gach uile thagairt don amhrán sin i bhfoilseacháin eile. Tá a cuid eolais agus a cuid foinsí faighte aici ón leabharlann, ón chartlann, ón traidisiún béil, óna bailiúchán príobháideach féin, ó thaifeadtaí, ó nuachtáin áitiúla, agus ó roinnt foilseachán.

Nuair a d’fhiafraigh mé di cad a thug uirthi tabhairt faoin obair mhór, chruthaitheach, dhúshlánach seo dúirt sí go raibh sí “ag iarraidh scéal na ndaoine a insint”.

Tá na buanna agus na cáilíochtaí uilig aici, a deir sí go neafaiseach lom, ach gan sotal ar bith, chun tabhairt faoin obair seo. “Is beag duine a bheadh i gceantar a mbeadh Gaeilge ó dhúchas aige, gurb as an ceantar dá mhuintir, go raibh ceol aige, go raibh léamh an cheoil aige agus gur ealaíontóir cruthaitheach a bhí ann ó thaobh na hamhránaíochta de.”

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Galileo’s Daughter le Dava Sobel.

Cén ceol is fearr leat?

Bach nó aon rud a sheinneann Pablo Casals.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Babette’s Feast.

Cá dtéann tú ar saoire?

Sa camper-van atá 30 bliain d’aois - cois na farraige.

Cad é an méid ama a chaith tú thar lear anuraidh?

33 lá - ag obair.

Cén bhialann is fearr leat?

Iggy’s i dTír Chonaill.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Len Graham - m’fhear céile.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

San Nioclás.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Páistí ag fulaingt; seicteachas; ciníochas. Agus Aosdána, a chothaíonn deighilt idir ealaíontóirí.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Mar mháthair, amhránaí, taighdeoir - ní féidir an obair sin a mheas.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Easpa airgid ó d’éirigh mé as mo phost buan le bheith ag saothrú na n-ealaíon trí mheán na Gaeilge go lánaimseartha. Easpa fuinnimh in amannaí, agus oiread le comhlíonadh.

Cuireann sí béim ar an fhíric seo: nach ise a chum na hamhráin ach gur bhailigh sí na píosaí dá cultúr a bhí thart uirthi agus gur chuir sí le chéile iad. “Bhí míreanna mearaí an traidisiúin thart ormsa agus tharraing mé le chéile iad,” a deir sí. Rinne sí focail na n-amhrán agus an ceol a phósadh le chéile, ag tabhairt beatha don traidisiún.

Bás a deirféar

Mhothaigh Pádraigín go raibh dualgas uirthi a leithéid d’obair a dhéanamh, go háirithe i ndiaidh bhás a deirféar Eithne, a chuir lámh ina bás féin i 1999. Labhair Pádraigín go hoscailte agus go staidéarach faoin eachtra thragóideach seo i gcomhthéacs na mban a bhíonn ag plé leis an cheol go ginearálta in Éirinn. Tá an fhealsúnacht ann, a deir sí, “má bhíonn ar dhuine díriú isteach ar thrí ghné éagsúla dá shaol nó dá saol go mbíonn ar an duine sin gné amháin a bhrú ar leataobh. Ní féidir gach rud a dhéanamh le chéile, tá sé iomarcach”. I gcás Eithne, a dúirt sí, bhí sí ag iarraidh a bheith ina máthair, ina múinteoir agus ina ceoltóir agus d’imigh a saol as smacht.

Tugann sí le fios nach ionann an saol a bhí aicise agus an saol a bhí ag a comhghleacaithe ceoil a bhí ag iarraidh a mbeatha a shaothrú ar an cheol amháin - Dolores Keane, Frances Black, Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill, mar shampla. Thuig sí nach dtiocfadh léi gach trá a fhreastal.

Ar an ábhar sin caithfidh Pádraigín pilleadh ar an mhúinteoireacht bhunscoile arís. D’éirigh sí as a bheith ag múineadh trí bliana ó shin ach is ar éigean atá sí féin agus a fear céile Len Graham (amhránaí cáiliúil eile) ábalta maireachtáil ar an airgead a thuilleann siad. Léirigh sí a míshástacht faoin easpa airde a thugtar ar cheoltóirí mar ealaíontóirí. “Bheadh tacaíocht stáit de dhíth ar ealaíontóirí a bhfuil caighdeán ard sroichte acu, a bhfuil aitheantas criticiúil faighte acu,” dar léi. Níl an oiread sin suime aici san airgead ach is mian léi go bhfágfar rud éigin ina diaidh, mar a rinne an dream a bhí ag dul don cheol sna glúnta a tháinig roimpi.

Ní thig crógacht na mná seo a shéanadh. Cé gur pósadh measctha atá aici féin agus Len Graham, níor theith siad ó thrioblóidí an Tuaiscirt riamh, mar a rinne go leor lanúineacha eile le tríocha bliain anuas, ach lean orthu ag cur fúthu ar an Mhullach Bán i ndeisceart Ard Mhacha. Chuaigh siad beirt in aghaidh an tsrutha le saol agus aigne leathan a thabhairt dá mbeirt mhac. D’fhreastail na mic ar ghaelscoileanna, ar scoileanna Caitliceacha agus scoileanna Protastúnacha, ar scoileanna Tuaisceartacha agus scoileanna Deisceartacha. Bhí sé deacair a dúirt sí ach measann sí “go gcaithfidh tú a bheith dílis don rud a gcreideann tú ann”.

Agus thuig mé go maith i ndiaidh uair a chloig ag caint le Pádraigín go gcreideann sí sa duine daonna agus sna dualgais atá ar dhaoine a chomhlíonadh. Creideann sí go láidir san obair ar fad atá déanta aici agus sa mhéid atá le baint amach aici go fóill.

Ar cheann de na rudaí sin is mian léi a chur i gcrích go luath tá albam dá cuid cumadóireachta féin. Níl aon amhras ach go n-éireoidh léi é seo agus go leor rudaí fiúntacha eile a dhéanamh sna blianta atá amach romhainn.

Is as Leitir Ceanainn í Úna Nic Gabhann. Tá céim MA sa Nua-Ghaeilge díreach críochnaithe aici sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Múineann sí an Ghaeilge do dhaoine fásta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.