Ainneoin gur as Gaeltacht Thír Chonaill í, tá clú agus cáil ar Bhríd Rodgers mar pholaiteoir sna Sé Chontae, áit a bhfuil sí ina cónaí le daichead bliain. D’oibir sí sa cheantar ar a tugadh Triantán na nDúnmharuithe, bhí sí chun tosaigh san imreas a bhain leis na mórshiúlta Oráisteacha ar Bhóthar Ghairbh Achaidh agus bhí sí ina hAire Talmhaíochta sa rialtas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil. San agallamh seo le Robert McMillen, cuireann sí síos ar an turas polaitiúil agus pearsanta a rinne sí ó Ghaoth Dobhair go hallaí na cumhachta i mBeal Feirste.
Tá íomhánna láidre istigh in intinn achan duine de chuid de na himeachtaí scáfara ar a dtugann muid na Trioblóidí.
Ceann amháin a ritheann liom féin is é Bríd Rodgers agus í ag dul ar mire fá iompar an RUC nuair a bhrúigh siad mórshiúl Oráisteach síos Bóthar Ghairbh Achaidh i 1997. Bean dhóighiúil, dhea-ghléasta seasca a dó bliain d’aois i lár uafáis eile de chuid an tuaiscirt. Cad é mar a leandáil an bhean seo de bhunadh na Gaeltachta ina leithéid d’áit a raibh eachtraí a bhí suarach agus eipiceach ag an aon am amháin ag titim amach?
Nuair a bhíonn cailíní óg, bíonn siad ag brionglóidí fá bheith ina mbanphrionsaí nó ina réalta pop, ní bhíonn siad ag dúil go mbeidh siad ina bpolaiteoirí, agus leoga, ní sin an aisling a bhí ag Bríd Rodgers.
Mar sin féin, d’éirigh léi dul go dtí an barr i gcúrsaí polaitíochta sna Sé Chontae - an chéad bhean a bhí ina cathaoirleach ar pháirtí polaitíochta ó thuaidh. Bhí sí ina hAire Talmhaíochta san Fheidhmeannas ó thuaidh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil - ainneoin gan taithí ar bith a bheith aici ar chúrsaí talmhaíochta - agus fuair sí moladh ó achan dhream mar gheall ar an dóigh ar láimhsigh sí an ghéarchéim áirithe sin.
Is as Gaoth Dobhair í Bríd Rodgers ach is as Gaillimh a hathair agus Gaeilge an teanga lenar tógadh í.
“Is cuimhin liom dul tigh a mhuintire i nGaillimh ach ní thiocfadh liom labhairt leo mar nach raibh Béarla ar bith agam,” ar sí.
Ach ní hionann dearcadh bhunadh na Gaeltachta ar an teanga agus dearcadh bhunadh na Galltachta.
Measann Bríd go bhfuil sárobair á déanamh sna Sé Chontae - na Gaelscoileanna agus leithéidí Chumann Chluain Ard i mBéal Feirste - agus admhaíonn sí go ndearna Sinn Féin cuid mhór leis an teanga a chur chun cinn, ach tá fuath aici ar “an cheangal dlúth” idir an poblachtánachas agus an Ghaeilge i súile daoine.
“Is dóigh amháin é le hathmhuintearas a chothú idir Caitlicigh agus Protastúnaigh mar is linne uilig an Ghaeilge,” arsa Bríd. “Cuidíonn sé le poblachtánaigh ar dhóigh daoine a ghríosadh i dtreo an náisiúnachais ach náisiúnachas cúng atá ann. Náisiúnachas atá ann, chan poblachtánachas. Is cuimhin liom an chéad litir a scríobh mé chuig an Irish News. Bhí mé ag tagairt d’fhealsúnacht John Hume agus dúirt mé gur poblachtánachas ceart a chleacht John Hume, gur bhain an náisiúnachas le dream amháin ach gur bhain an poblachtánachas le hachan duine. Gidh go bhfuil obair déanta ag Sinn Féin ar son na Gaeilge, tá sé millte ag an pholaitíocht a théid leis,” ar sí.
Níl mórán airde ag Bríd ar “theanga” na hUltaise ach oiread.
"Nonsense” *a thugann sí air. “Níl a dhath ansin ach *tit for tat, ‘má fhaigheann sibhse míle punt, caithfidh muidinne míle punt a fháil’. Tá airgead á chur amú ar an Ulster Scots, ní teanga atá ann ach canúint ach tá cultur *Ulster Scots *ann - níl dabht ar bith fá sin,” ar sí.
B’fhéidir go mbeifeá ag súil go mbeadh dáimh éigin ag Bríd leis na Scotchies - Stratford an t-ainm a bhí uirthi sular phós sí, ainm Albanach Easpagóideach!
Staidéar ar theangacha
Nuair a bhí Bríd ina cailín óg, bhí rún aici an domhan a thaisteal.
“Shíl mé go ndéanfainn staidéar ar theangacha agus go mbeinn ag siúl an domhain ag obair ar son an rialtais i nGnóthaí Eachtracha, agus sin an mhaise go ndearna mé teangacha ar an ollscoil. Ní raibh sé ar intinn agam a bheith i mo mhúinteoir - bhí sin i bhfad ró-ordinary,” ar sí, ag gáire. “Shíl mé i gcónaí go mbeinn ag déanamh rudaí níos suimiúla.”
Phós Bríd fear as a ceantar dúchais féin, Antóin Rodgers, i 1960 ach, ó tharla Antóin a bheith ag obair mar fhiaclóir ar an Lorgain i gContae Ard Mhacha ag an am, b’ansin a bhog an lánúin óg.”
Fiú sna 1960í agus roimhe bhí Bríd ag cluinstean faoi na fadhbanna a mbeadh sí ag troid ina n-éadan le linn a saoil oibre. Ar an choláiste i mBaile Átha Cliath di, bhí sí an-chairdiúil le mic léinn as Fear Meanach agus as an Ómaigh.
“Ba mhaith leo a bheith ag caint ar an leatrom a bhí á imirt ar Chaitlicigh sa Tuaisceart,” a dúirt sí. “Bhíodh siad ag rá nach dtiocfadh leo jab a fháil ó thuaidh ach shíl mé féin nach raibh ann ach mairgní, go raibh siad ag iarraidh cur leis an scéal agus nach dtiocfadh le rudaí a bheith chomh holc sin. Ní raibh eolas ar bith agam ar an tuaisceart go ndeachaigh mé ansin i 1960. Bhí mé ar scoil i Muineachán agus, ó sin, chuaigh mé go dtí an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.”
Is iomaí duine ó dheas a raibh an aicíd chéanna air, ar ndóigh, ach nuair a tháinig Bríd go Contae Ard Mhacha i gcéaduair, oscailt súl a bhí ann.
Ag an am sin, bhí comhairle áitiúil ar an Lorgain agus ceann eile i bPort an Dúnáin. Deir Bríd gur gerrymander a bhí ar siúl ag an dá chomhairle.
“Ba é an dóigh a ndearna siad anseo é, chan ionann agus i nDoire, ná fríd block voting,” ar sí. “Bhí tromlach ag na haontachtaithe ar an Lorgain, 70 éigin faoin chéad. Cuir i gcás go raibh deichniúr le toghadh ar an chomhairle, má chuir na haontachtaithe X le gach aontachtaí, gheobhadh siad uilig isteach agus ní bheadh suíochán ar bith ag náisiúnaí de chineál ar bith.”
Ní raibh ach eisceacht amháin ann le linn an ama sin, nuair a tharla achrann idir na haontachtaithe agus thit siad amach lena chéile. An iarraidh sin, fuair ceathrar náisiúnaithe neamhspleácha isteach, ach dúirt comhairleoir amháin, Sam Gardiner, a bhí ina fhear óg ag an am, nár cheart go dtarlódh a leithéid arís.
Sna blianta sin, bhí suim ag Bríd sa pholaitíocht ach ní raibh sí sáite ann. Ach de réir a chéile d’éirigh sí ní ba ghníomhaí.
Bliain amháin, bhí an Dr Conn McCluskey, duine de bhunaitheoirí Chumann na gCearta Sibhialta ó thuaidh, ag bailiú staitisticí ar an bhail a bhí ar Chaitlicigh sa Tuaisceart agus ní raibh sé ábalta duine ar bith a fháil ar an Lorgain a chuideodh leis - go dtí go ndeachaigh sé tigh Rodgers ag iarraidh cuidithe.
“Bhí eagla ar chuid mhór daoine den mheánaicme a dhath a dhéanamh ar eagla go gcuirfeadh sé isteach ar shaol s’acu, ach thug duine éigin m’ainm agus ainm Antóine dó,” arsa Bríd.
Chuaigh na Rodgers i mbun oibre. Fuair siad amach nach raibh banaltra Chaitliceach ar bith san Ospidéal ar an Lorgain a bhí ina siúr bhanaltrais, seachas duine amháin a bhí ag obair san oíche mar nach raibh a comhghleacaithe ag iarraidh na huaireanta sin a oibriú.
Bhí sé mar a gcéanna sa chomhairle áitiúil. Bhí beirt Chaitliceach fostaithe ag an chomhairle a d’oibir taobh istigh - bean amháin a ghlan linn snámha an bhaile, agus fear amháin a bhí ina airíoch i Halla an Bhaile. An obair taobh amuigh, tugadh sin do na Caitlicigh. Ní raibh Caitlicigh ar bith ag obair taobh istigh ach an bheirt sin! Foilsíodh na staitisticí sin agus an staitisticí a bhain leis na comhairlí eile i bplaimfléad dar teideal The Whole Truth.
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
*I promessi sposi *le hAlessandro Manzoni.
Cén ceol is fearr leat?
Chóir a bheith achan chineál, ach an ceol Gaelach agus an ceol clasaiceach go háirithe.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
*In the Name of the Father *le Jim Sheridan. Chonaic mé é ar an Lorgain agus nuair a bhí sé críochnaithe, níor bhog aon duine ar feadh 30 soicind.
Cá dtéann tú ar saoire?
Go dtí an Iodáil agus go Gaoth Dobhair.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear le tamall anuas?
Bhí mé san Iodáil uair amháin i mbliana agus tá mé ag dul ar ais i gceann coicíse.
Cén bhialann is fearr leat?
Ní cuimhin liom an t-ainm ach tá sé in Gilford.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Mary Robinson, mar gur bhris sí an múnla.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
Michael Collins. No, níl mé chomh sean sin ach *Collins Man *a bhí i m’athair mór agus d’éistinn le mo mhuintir ag caint air.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Bealachtachas.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
Tá mé éirithe as anois.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Spriocamanna.
An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?
Tá agus níl. Tá mé sásta leis an méid a bhain mé amach ach níl an scéal críochnaithe go fóil.
Chruinnigh Bríd staitisticí do Choimisiún Cameron fosta agus sin mar a chuir sí suim i ndáiríre i gcúrsaí polaitíochta.
Bhíodh sí ina ball de Chumann na gCearta Sibhialta go dtí, mar a deir sí féin, go dtug na PDs (People’s Democracy) agus na Republican Clubs iarraidh seilbh a ghlacadh ar an eagraíocht.
John Hume ag teacht
Bhí go leor le déanamh ag Bríd sa bhaile ar scor ar bith, tógáil beirt pháistí san áireamh. Ach ansin, chualathas go raibh John Hume ag teacht go dtí an Lorgain le cumann páirtí úir - an SDLP - a chur ar bun.
Bhí an dara leanbh le theacht coicís roimh an chruinniú agus, mar a deir Bríd, ag an am sin, ní dheachaigh mná amach agus iad chomh cóngarach sin don bhreith. Ach nuair a bhí an leanbh sé mhí d’aois, thosaigh Bríd ag obair don SDLP, páirtí a raibh cuid mhór de lucht aitheantais Bhríd ó aimsir ghluaiseacht na gCeart Sibhialta ann.
Chaith sí go leor dua le bunú cumann úr fud fad na Sé Chontae agus aithníodh an tsárobair a rinne sí i 1978 nuair a roghnaíodh í mar chathaoirleach ar an pháirtí, an chéad bhean a bhain cathaoirleacht amach i bpáirtí ar bith polaitíochta ó thuaidh. Ar ndóigh, d’fhéadfadh Rodgers fanacht sa bhaile agus gan baint a bheith aici leis an pholaitíocht níos mó ach bhí rud éigin á brú chun tosaigh.
“Nuair a thosaigh na Cearta Sibhialta, thuig mise, ag amharc ar pholaiteoirí ar an teilifís ag argóint, thuig mé nach raibh náisiúnaithe ag dul bealach ar bith,” ar sí, “nach raibh againn ach reitric, agus go raibh muid, mar a thug Paddy McCrory air, ’spouting away in the back of lorries’.
“Bhí an foréigean ag teacht is ag imeacht ó na tríochaidí ar aghaidh, ach bhí sé ag cuidiú leis na haontachtaithe; bhí siad ábalta a rá go raibh siad faoi léigear, go raibh siad i gcónaí faoi ionsaí agus choinnigh sé an *monolith *aontachtach le chéile.
“Bhí tuiscint agam, fiú amháin sular cuireadh an SDLP ar bun, go raibh gá le páirtí a mbeadh tacaíocht aige, le go dtiocfadh leis cás na náisiúnaithe a chur chun tosaigh os comhair an domhain ach, chomh tábhachtach céanna, go mbeadh cead acu a rá gur Éireannaigh iad, gur Gaeil iad gan leatrom a bheith á imirt orthu,” arsa Bríd.
Mar sin de, nuair a toghadh seisear do Stormont - John Hume, Austin Currie, Paddy Hanlon, Ivan Cooper, Paddy Devlin agus Gerry Fitt - chuir siad an SDLP ar bun. Bhí Bríd Rodgers iontach sásta go raibh páirtí proifisiunta náisiúnach ar an tsaol sa deireadh, ainneoin gur “bunaíodh an páirtí ón bharr anuas in áit ón bhun suas.”
Buaicphointe
Cinnte tá éacht déanta ag an SDLP le 35 bliain anuas. Meastar gurb é Comhaontú Aoine an Chéasta buaicphointe stair an pháirtí.
As an Chomhaontú a tháinig an Feidhmeannas ina raibh Bríd Rodgers mar Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe ann.
Is é *raison d’etre *achan pholaiteora tionchar a bheith acu, agus d’éirigh le Bríd cuid mhór tionchair a imirt agus í sa Roinn sin le linn ceann de na géarchéimeanna is mó a chráigh an tionscal talmhaíochta - an galar crúibe agus béil.
B’éigean do Bhríd a bheith láidir. Bhí Rialtas na Breataine go mór in éadan dhruid na bport ó thuaidh, mar shampla, agus mhaígh siad nach raibh an chumhacht ag an rialtas ag Stormont a leithéid a dhéanamh. Bhí Rodgers agus a foireann sa roinn cinnte gur le leas an phobail a bheadh ann na poirt a dhruid agus, i ndiaidh diantaighde, tháinig siad ar an Animal Health Act 1932, a thug an chumhacht a bhí siad ag iarraidh don rialtas aitiúil.
Druideadh na poirt agus sábháladh an tír, ach bhí tábhacht pholaitiúil le cinneadh Rodgers.
“Dúirt mé leo, ‘cad é an cineál teachtaireachta a thugann sin do phobal na Sé Chontae, nuair a ghlacann an Feidhmannas cinneadh thar a bheith tábhachtach, go rialfaidh sibhse ina aghaidh? Cad é an cineal tús úr é sin?’” arsa Bríd.
Bhí fadhbanna ag Bríd le lucht na n-ollmhargaí fosta, ach sa deireadh b’éigean glacadh le cinneadh an Aire úir!
Ach ba é sin buaicphointe Bhríd agus an SDLP. Inniu, tá droch-chuma ar an pháirtí, cuma aosta, thuirseach. Ach ní shéanfadh aon duine go ndearna an páirtí íobairtí ar son na síochana, go háirithe le 15 bliana anuas nuair a chuir siad a bhfuinneamh isteach i bpróiseas a bhéarfadh poblachtánaigh “isteach ón fhuacht”. Ag breathnú siar, an dóigh le Bríd Rodgers gur féinmharú a bhí ann don SDLP cuidiú le Sinn Féin a theacht isteach sa phróiseas?
“Ní féinmharú a bhí ann ach thuig muid uilig go raibh deacrachtaí ag dul a bheith ann cuidiú le páirtí a raibh sé mar sprioc acu deireadh a chur linn,” ar sí, “ach ar son na síochána a rinne muid é. B’fhéidir go ndeachaigh muid rófhada agus sílim go ndearna muid dochar dúinn féin. Nuair a athraíonn páirtí polaitíochta a n-intinn mar a rinne Sinn Féin, bheadh sé furasta a rá ‘ó, tá lúcháir orainn go bhfuil sibh ar thalamh s’againne agus gur thuig sibh go raibh muidinne ceart’. Ach níor dhúirt muidinne sin riamh mar go raibh a fhios againn go raibh daoine ag iarraidh síocháin a bhaint amach agus go raibh siad ag iarraidh na *"hawks” *a thabhairt leo, so d’fhan muid inár dtost. Ní raibh sé furasta,” ar sí.
Doiligh daoine a mhealladh
Rud eile a chuireann isteach ar an SDLP, dar le Bríd, ná go raibh 23 éigin bliain ann, ó thitim an Comhthionóil dheireanaigh i 1975, nuair ba bheag polaitíocht a bhí ann; bhí sé dainséarach a bheith páirteach sa pholaitíocht agus bhí cogadh cathartha ann i ndáiríre. B’in an t-am ba ghnóthaí ag an IRA agus bhí na dílseoirí in airde réime.
“Bhí sé iontach doiligh daoine a mhealladh isteach sa pholaitíocht agus chaill muidinne san SDLP glúin de pholaiteoirí agus, anois, tá deacrachtaí againn mar go bhfuil an ghlúin a tháinig isteach - mé féin agus John Hume agus daoine eile - ar an bhealach amach agus níl *layer *eile tagtha chun tosaigh.
“Ach amharc ar Shinn Féin, tá siadsan ag toiseacht anois, agus tá daoine nua ag teacht isteach chucu,” arsa Brid. “Beidh deacrachtaí againne ar feadh tamaill ach ní shílim go bhfuil deireadh leis an SDLP. Tá muid ag iarraidh comhairleoirí óga a thabhairt isteach agus glúin eile a mhealladh, ach glacfaidh sé tamall.”
Aicme eile ab fhiú a mhealladh isteach ná mná na hÉireann.
Riamh anall ó thuaidh, fágadh an pholaitíocht faoi na fir, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil athrú mór tagtha. Níl Bríd chomh cinnte céanna go bhfuil.
“Leis an fhírinne a dhéanamh, níor smaoinigh mé riamh orm féin mar bhean sa polaitíocht,” ar sí. “Chuaigh mé chuig Clochar Naomh Louis i mbaile Mhuineacháin agus spreag siad muid le labhairt amach agus gan eagla a bheith orainn ag díospóireacht. Mar sin, nuair a chuaigh mé isteach sa pholaitíocht i dtús ama, níor tháinig sé fiú amháin isteach i m’intinn. Ach leis an fhírinne a rá, de réir mar a théid tú suas rud beag, éiríonn sé níos deacra. Ba ghnách liom dul chuig cruinnithe agus mise an t-aon bhean amháin a bheadh ann. Agus tá a fhios agat féin, nuair a bhíonn na cruinnithe thart, téann achan duine chuig an phub; agus sin an áit a raibh na caucuses, ach b’éigean domhsa dul ar ais chuig mo theaghlach. Níor dhuine de na lads mé,” arsa Bríd, ag gáire.
Admhaíonn sí go bhfuil cúrsaí i bhfad níos fearr inniu do mhná ach nach bhfuil sé furasta ag bean dul chun tosaigh sa pholaitíocht.
“Fiú na páirtithe is mó a bhíonn ag caint ar mhná a chur chun tosaigh, ní chuireann. Agus ainneon go gcosnaíonn na mná an páirtí, fiú amháin i Sinn Féin tá a fhios agam gurb iad na fir atá i gceannas,” ar sí.
Ach níl bean Ghaoth Dobhair buartha fá sin anois. D’éirigh sí as an pholaitíocht anuraidh agus caitheann sí i bhfad níos mó ama lena pléisiúir féin: a clann, galf agus, ainneoin nach gcreidim í, ag tabhairt tacaíochta do Manchester United!
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*