AGALLAMH BEO
Dermot McLaughlin
Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta

Tá sé bliain anois ó ceapadh Dermot McLaughlin, an ceoltóir as Doire, mar Phríomhfheidhmeannach ar Mhaoin Bharra an Teampaill. Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis faoin obair atá ar bun aige sa cheantar seo i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath agus faoin bhfís atá aige don todhchaí.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
An tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, John O'Donoghue

Maidin gheal gheimhridh agus lucht lár na cathrach ag cur tús le gníomhaíochtaí an lae. Sráideanna Bharra an Teampaill níos ciúine ná mar is gnách. In ionad margaí ildaite leabhar (idir shean agus nua) agus bia (ó sushi go burritos) dheireadh na seachtaine, agus féastaí fiáine na hoíche, níl le feiceáil ach cúpla duine ag brostú leo trí na cearnóga. Isteach liomsa in uimhir 18 Sráid Iústas, croílár Bharra an Teampaill, chun labhairt le Dermot McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Mhaoin Bharra an Teampaill (MBT). Sa halla iontrála, tá na ballaí maisithe le duaiseanna ailtireachta de chuid an RIAI ó na nóchaidí, gradaim a thuill dhá ionad sa cheantar, The Ark agus The Viking Centre (nach maireann). Ní sna nóchaidí amháin, áfach, a baineadh duaiseanna - bronnadh duais idirnáisiúnta Union Internationale des Architects 2002 ar na hailtirí a dhear Plean Creatlach Ailtireachta do cheantar Bharra an Teampaill.

Agus mé ag fanacht, tagann fear isteach ag lorg eochracha chun mullaird Chearnóg Theach an Thionóil a oscailt. An dá chúram atá ar MBT ná bainisteoireacht a dhéanamh ar fhoirgnimh na háite, agus saol cultúrtha an cheantair a chur chun cinn. Ó 2002, is comhlacht neamhbhrabúis é, atá ag obair le Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath agus ag déanamh athinfheistíochta ar an airgead a shaothraíonn sé óna thionscadail féin.

Blas Dhoire

Rugadh Dermot McLaughlin i nDoire sa bhliain 1961, agus tá blas an cheantair sin fós le brath ar a chuid cainte. Labhraíonn sé go bríomhar paiseanta faoi chúrsaí ceoil, cúrsaí Gaeilge agus imeachtaí Bharra an Teampaill.

Ach cén chaoi a bhfuil Gaeilge chomh snasta sin ag fear nár tógadh léi? Míníonn McLaughlin an t-atmaisféar cultúrtha a bhí thart air agus é ag fás aníos sna seascaidí agus sna seachtóidí i dteaghlach ina raibh cúigear páistí.

“Bhí tionchar mór ag na tuismitheoirí orainn uilig sa teach. Chuireadh siad béim i gcónaí ar chúrsaí cultúrtha; bhí spéis mhór acu sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach, sa GAA agus sa damhsa, agus in achan rud mar sin.”

Cé nach raibh mórán Gaeilge le cloisteáil sa bhaile aige, thosaigh Dermot óg ag freastal ar rang i dTaobh an Bhogaigh i nDoire agus gan é ach seacht mbliana d’aois. Ansin, chuaigh sé go Coláiste Bhríde i Rann na Feirste sa bhliain 1975, rud a thaitin thar barr leis.

Bhí an ceol go smior ina mhuintir - bhíodh ceol i gcónaí sa teach i nDoire, idir cheirníní agus cheol beo: an pianó, an fheadóg stáin, an bosca ceoil agus, uirlis Dermot, an fhidil. D’fhoghlaim na páistí ar fad an pianó agus ceol clasaiceach. “Ní cuimhin liom am ar bith nach raibh ceol sa bhaile,” a deir sé.

D’éirigh sé as an gceol clasaiceach, áfach, nuair a thuig sé gur leis an gceol dúchasach a bhí luí aige. “Tá mise gafa go hiomlán leis an cheol traidisiúnta - tá a fhios agam sin anois agus ní fiú a bheith á throid!”

Ag breathnú siar ar Choláiste Cholm Cille, áit a bhfuair sé a chuid oideachais dara leibhéal, tugann sé ardmholadh do na múinteoirí agus do na daltaí a bhí sa scoil. “Bhí cumann díospóireachta ann, cumann ceoil, banna céilí, agus spórt - go leor rudaí.”

Bhí neart ag tarlú go polaitiúil i nDoire agus sna Sé Chontae ag an am sin. Maidir leis na Trioblóidí, deir McLaughlin gur cinnte go raibh tionchar acu air féin agus ar an dream a bhí ag éirí aníos leis.

“Nuair atá rudaí ag tarlú i do cheantar féin, nuair atá saighdiúirí Sasanacha ag rá leat ‘Up against the wall!’ - cad é atá ar intinn acu seachas cur as duit? Tosaíonn tú ag lorg léargais ar na fáthanna go bhfuil fadhbanna mar seo ann.”

Coláiste na Tríonóide

Nuair a shroich McLaughlin Coláiste na Tríonóide i 1979, ba chuidiú é a thuiscint leathan ar an nGaeilge, mar thosaigh sé ag plé leis an tSean- agus leis an Nua-Ghaeilge ag an am sin.

“Bhí spéis mhór agam i dteangacha i gcoitinne. Ní raibh eolas ar bith agam ar an tSean-Ghaeilge, teanga i bhfad níos casta agus an-suimiúil ar fad. Tá mo chroí istigh sa tSean-Ghaeilge go fóill, cé go bhfuil mé ag obair le foirgnimh agus leis an chultúr anois.”

Bhí fuinneamh an fhir le feiscint fiú ag tús na n-ochtóidí, agus é sáite i go leor rudaí taobh amuigh den saol acadúil, “ag déanamh cúpla rud ag an am céanna”. Agus é ina mhac léinn, bhíodh sé ag seinm na fidle ag gigs agus ag léiriú ceirníní don chomhlacht Ceirníní Cladaigh, chomh maith le roinnt léachtóireachta a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sé céim amach sa tSean- agus sa Nua-Ghaeilge ach tháinig deireadh lena shaol acadúil i 1986 nuair a d’éirigh leis post lánaimseartha a fháil. “Bhí an t-airgead ag éirí gann,” a deir sé, “agus bhí folúntas sa Chomhairle Ealaíon.”

Ceapadh McLaughlin mar Oifigeach Ceoil Thraidisiúnta sa Chomhairle agus ina dhiaidh sin bhí baint aige le gnéithe eile d’obair na Comhairle, ina measc pleanáil straitéiseach agus cúrsaí pearsanra. Sna blianta tosaigh, bhí Oifigeach Ceoldrámaíochta agus Opera (Patricia Quinn) ag an eagraíocht agus cúpla bliain ina dhiaidh sin bunaíodh post nua, Oifigeach Popcheoil, agus tugadh an post sin don cheoltóir Keith Donald. D’fhág sé sin go raibh triúr oifigeach ann ó thaobh an cheoil de.

“Ní raibh troid eadrainn riamh!” a deir McLaughlin, ag gáire.

Faoi 1991, áfach, bhí an dá rannóg eile fágtha gan oifigigh. Bheartaigh stúirthóir na Comhairle, Adrian Munnelly, ar na cineálacha éagsúla ceoil a thabhairt le chéile agus McLaughlin a chur ag plé leo go léir.

“Sílim féin go raibh an ceart aige,” a deir McLaughlin. “Bhí sé an-spéisiúil ar fad, mar tá suim mhór agam sa cheol, is cuma cen saghas ceoil é.”

Athrú poist

Ag deireadh 2002 d’fhág McLaughlin an Chomhairle Ealaíon agus chuaigh sé i mbun oibre mar Phríomhfheidhmeannach ar Mhaoin Bharra an Teampaill go luath in 2003. Is é príomhaidhm MBT ná ionaid chultúrtha agus spáis phoiblí a chothú sa cheantar, maoirseacht a dhéanamh orthu agus iad a chur ar fáil d’ealaíontóirí. Tá idir phleanáil, dhearadh agus ailtireacht chathrach i gceist ina gcuid oibre. Braitheann McLaughlin go bhfuil dualgais áirithe air maidir le forbairt na háite.

“Má tá pobal na hÉireann agus na hEorpa ag íoc as, caithfidh go mbeidh payback níos fearr ann. Faoi láthair, níl mé féin sásta le gach rud i mBarra an Teampaill. Ní dóigh liom go bhfuil sé tagtha le chéile i gceart mar cheantar ealaíon.”

Mar sin, is gá rudaí dearfacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar chúrsaí. Ar an 10 Nollaig 2003, mar shampla, eagraíodh Oíche Mhór Chultúrtha. “D’éirigh go hiontach leis, ach ní bhfuair sé mórán poiblíochta sna páipéir. Tharla teacht le chéile den chéad uair riamh - bhí daoine in ann labhairt lena chéile agus pleananna nua a chothú ar son na n-ealaíon.”

Maidir le fadhbanna Bharra an Teampaill, is é tuairim McLaughlin go bhfuil cúpla pearsantacht ag an áit - braitheann sé ar an gcuid den cheantar ina bhfuil tú agus ar an am, a deir sé. Tógaimis ceantar na dtithe tábhairne, mar shampla, áit a mbíonn líon mór daoine atá ar meisce ag tuisliú thart. Ní dóigh le McLaughlin go bhfuil baint shonrach ag an gceantar leis an ól - tarlaíonn na rudaí a bhíonn ar siúl i mBarra an Teampaill “in achan bhaile in Éirinn”, dar leis. Admhaíonn sé, áfach, nach minic a fheictear ceannlínte mar “Temple Bar is Quiet"!

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

In Cold Blood, le Truman Capote.

Cén ceol is fearr leat?

Ceol traidisiunta agus snagcheol.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

One Flew Over the Cuckoo’s Nest (Czech Milos Forman, 1975).

Cá dtéann tú ar saoire?

An Chréit and Tír Chonaill.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Sé huaire ar fad.

Cén bhialann is fearr leat?

Tigh s’agamsa. Tribeca, Ranelagh Take Away, an bhialann Shíneach Wongs.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Athraíonn sé go minic - ní thig liom a rá leat.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Harpo Marx.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Drochbhéasa - rud atá róchoitianta i mBaile Átha Cliath na laethanta seo.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

45 uair an chloig.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Mé féin, nuair a dhéanaim dearmad ar rudaí tábhachtacha (e.g. coinne le mo bhean …)

An bhfuil tú sásta leis an méid atá bainte amach agat i do shaol?

Ta, agus ta go leor le teacht fosta!

Ní féidir tada a athrú gan ionchur a bheith agat i gcúrsaí pleanála, agus ní raibh ról riamh ag MBT sa réimse seo, cé go mbíonn tionchar acu uaireanta nuair a bhíonn ceadúnais á mbronnadh. Bhí cruinnithe ag an gcomhlacht agus an Liquor Licensing Commision le tamall anuas chun todhchaí na pleanála agus cúrsaí ceadúnais a phlé, agus an tionchar a bheidh acu ar spiorad an cheantair.

Tá neart athruithe tagtha ar Bharra an Teampaill, áfach, atá tar éis dul chun sochair an cheantair. Bhí dhá chéad duine ina gcónaí ann tríocha bliain ó shin, anois tá timpeall trí mhíle ag cur fúthu ansin.

“Fiú amháin an tsráid ar a bhfuil muid anois [Sráid Iústas],” a deir McLaughlin, “is maith is cuimhin liom an áit seo nuair nach raibh ann ach tionóntáin - tithe a bhí ag titim as a chéile.” Ach thosaigh na healaíona ag imirt tionchair ar an áit sna blianta sin, mar go bhfuair go leor ealaíontoirí tithe ar chíos íseal.

“Ba le hEamon Colman an stiúideo taobh leis an áit seo. Is iomaí uair a bhí oíche mhór cheoil agus chainte thuas ar an díon, amuigh faoin spéir. Ní raibh soilse riamh ar na sráideanna.”

Faoi láthair, níl mórán Gaeilge le feiceáil i mBarra an Teampaill. Cén cineál bainte, dar leis, ba cheart a bheith ag an teanga le saol cultúrtha na háite?

“Ba mhaith liom sin a neartú sa cheantar cinnte,” a deir sé. “Rud amháin atá ar intinn agam ná iarracht a dhéanamh an Ghaeilge agus rudaí Gaelacha a thabhairt chun tosaigh níos mó anseo i mBarra an Teampaill. Mar shampla, tá muid féin [MBT], i dteannta le lucht gnó agus eagraíochtaí thart ar an cheantar agus Comhairle na Cathrach, ag beartú imeacht beag Gaeilge a reáchtáil i mbliana i rith Sheachtain na Gaeilge.”

Lá oscailte

B’fhéidir nach bhfuil mórán ag tarlú ó thaobh na Gaeilge sa cheantar ach tá neart rudaí eile ag dul ar aghaidh. Tháinig ionaid Bharra an Teampaill le chéile le haghaidh Lá Oscailte cuimsitheach i lár mhí na Nollag, rud a thug deis don phobal blaiseadh a fháil den réimse imeachtaí atá ar siúl sa cheantar faoi láthair: inbhuanaitheacht (Cultivate), ceol (Ionad Ceoil Bharra an Teampaill), taispeántais ghrianghrafadóireachta (Scoil Ghrianghrafadóireachta DIT), amharcealaíona (Gailearaí Bharra an Teampaill), drámaíocht (Project Arts Centre) agus scannáin (Institiúid Scannán Éireann).

iarracht faoi leith déanta codanna éagsúla den phobal a mhealladh chun an cheantair. Bíonn réimse imeachtaí cultúrtha ar siúl i rith na mbliana, leithéidí an ESB Fringe Festival, agus díríonn The Ark a gcuid fuinnimh ar pháistí amháin.

Chomh maith le himeachtaí áitiúla, tá MBT ag breathnú taobh amuigh den cheantar leis an tionscadal CCAT (Cultural Co-operation and Touring), tioncadal idir oirdheisceart na hÉireann agus iarthar na Breataine Bige.

“An phríomhaidhm atá leis ná teagmháil níos fearr a chothú idir an dá cheantar, ó thaobh na n-ealaíon uilig. Ba mhaith linn níos mó seansanna a thabhairt d’ealaíontóirí on tír seo dul ag obair sa Bhreatain Bheag agus vice versa.” Níl ar siúl anois ach ullmhúchán, mar mairfidh an tionscadal go dtí 2006.

“Rud a chuir iontas orm ná nach bhfuil aithne rómhaith againn ar a chéile. Thig leat a bheith sa Bhreatain Bheag níos gaiste ó Bhaile Átha Cliath ná mar a bheifeá i nGaillimh (agus ar chostas níos lú ar an Sea Cat!)”

Beidh CCAT ag tacú le healaíontóirí cónaithe agus taispeántais seachtaine, chomh maith le turais ar mhaithe le taithí. Dár ndóigh, is mór ag McLaughlin go bhfuil gné thrítheangach ag baint leis an tionscadal, is é sin go bhfuil an Ghaeilge, an Bhreatnais agus an Béarla i gceist. “Táimid ag súil go mbeidh tionscadail ag teacht chun cinn a chuirfidh béim ar an rud tábhachtach seo: go bhfuil teangacha seachas an Béarla sa cheantar. An rud is fearr faoi ná go bhfuil Gaeltacht na Mí, Ráth Cairn, in aice láimhe.”

Clár teilifíse

Tá an-chleachtadh ag McLaughlin ar thriail a bhaint as rudaí éagsúla ina shaol. Le déanaí, mar shampla, bhí sé mar láithreoir ar an tsraith teilífise “The Raw Bar” a bhí le feiceáil ar RTÉ. Ba é an aidhm a bhí leis an tsraith ná cur in iúl “gur rud an-taitneamhach ar fad, an-tábhachtach, agus an-luachmhar é an ceol traidisiúnta na laethanta seo. Is rud comhaimseartha é. Is rud beo é.

“Bhí sé ar dóigh, ar bhealach cosúil le laethanta saoire, ach ag an am céanna, bhí an obair an-chrua ar fad. Bhí laethanta fada i gceist ach b’fhiú go mór é.”

I dteannta le Philip King agus Áine O’Connor ó Hummingbird Productions, chuaigh McLaughlin sa tóir ar an gceol ina shuíomh nádúrtha. “Bhailigh muid a lán ceoil agus agallamh ó cheoltóirí, go háirithe ó ceoltóirí óga nach bhfuil aithne chomh maith sin orthu na laethanta seo, ach sílim go mbeidh i gceann deich mbliana eile.”

Lasann a shúile le díograis. “Tá saghas taiscecartlann curtha le chéile againn. Tá an saibhreas sin ábhair ann anois agus beidh sé ann go buan.”

Measann sé gur mheall an tsraith lucht féachana nach raibh móran réamheolais acu ar cheol dúchais na hÉireann. “Níorbh é an gnáthchlár teilifíse faoin cheol dúchais a bhí ann; ní raibh an bhéim ar dhaoine a bheith ag seinm, ach ar an cheangal idir daoine agus an ceol. Tá dúil mhór ag daoine sa cheol seo. Cén ról atá aige ina saol agus ina mbeatha?”

Deir McLaughlin gur bhreá leis sraith eile a dhéanamh arís, dá mbeadh éileamh ar a leithéid.

Tráthúil go leor a bhí “The Raw Bar” agus suim pholaitiúil á cur sa cheol traidisiúnta; tá fochoiste faoi choimirce na Comhairle Ealaíon bunaithe anois ag an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta John O’Donoghue, Coiste Speisialta na nEalaíon Traidisiúnta.

muinín ag McLaughlin as an gcoiste seo. “An dóigh a bhfuil sé curtha le chéile ag O’Donoghue, tá éacht déanta aige.” Tuigtear dó nach mbeidh an coiste ann ach an seal a ghlacfaidh sé dó a chuid spriocanna a bhaint amach.

“Caithfidh sé dul ar ais agus comhairle a chur ar an gComhairle Ealaíon taobh istigh de bhliain nó níos lú. Cuideoidh sé go mór leis an Chomhairle an t-airgead a dháileadh amach ar bhealach cothrom, agus má bhíonn ceisteanna nó achrann ann faoin stádas atá ag an cheol dúchais, an bealach is fearr chun sin a réiteach ná leis an fhochoiste seo. Sílim gur rud níos fearr é seo ná coiste buan a bheith ann.”

Tá níos mo deiseanna ag McLaughlin ceol a sheinm é féin na laethanta seo. “Bhí sos beag agam idir an Chomhairle Ealaíon agus an jab seo - tá sé níos éasca orm anois, toisc go bhfuil rud beag níos mo ama agam i mo chloigeann faoi láthair.”

Rud amháin a chuireann gliondar ar a chroí ná “nach bhfuil tionchar ar bith go fírinneach ag an chóras oideachais ar an cheol traidisiúnta. Tá an ceol traidisiúnta i lámha na ndaoine agus is iad na daoine atá i gceannas air.”

Ní chreideann sé go bhfuil anseo le hacadamh ná le hollscoil cheoil, ar nós na gceann san Eoraip, le haghaidh an cheoil thraidisiúnta.

“Fág é. Sin an chomhairle a thabharfainn féin don Aire Oideachais nó don Taoiseach. Fág é mar atá sé. Níl gá le scrúduithe agus níl gá le curaclam. Ní mar sin a oibríonn an ceol.”

Tá níos mó eolais le fáil faoi Bharra an Teampaill ag www.temple-bar.ie.

Is as Contae na Mí í Ruth Nic Giolla Iasachta. Tá sí ag obair mar shaoririseoir faoi láthair agus ag traenáil le bheith ina múinteoir.

nbsp;

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.