Tá cnuasach nua amhrán, Imíonn an tAm, díreach eisithe ag Tadhg Mac Dhonnagáin. Labhair Odí Ní Chéilleachair leis sa Spidéal le déanaí faoin réimse rudaí atá déanta aige sa cheol agus sa chraoltóireacht ó d’fhág sé a phost mar mhúinteoir.
Is minic a bhaintear mí-úsáid as an aidiacht “ildánach” nuair a bhítear ag cur síos ar dhaoine a bhfuil níos mó ná bua amháin acu, ach tá sé cinnte ormsa focal níos oiriúnaí a fháil le cur síos a dhéanamh ar Thadhg Mac Dhonnagáin. Cumadóir, amhránaí, ceoltóir, láithreoir, scríbhneoir scripte, léiritheoir, stiúrthóir, oideachasóir agus tuismitheoir. Anois tuigeann sibh mo chás!
In oifigí Telegael sa Spidéal atá ceanncheathrú Mhic Dhonnagáin agus is ann a bhuail mé leis ar na mallaibh le labhairt leis faoi na tionscadail is déanaí atá idir lámha aige. Taobh amuigh den fhuinneog tá sráidbhaile Ros na Rún, áit a raibh Tadhg ag obair ar feadh dhá bhliain mar eagarthóir scripte. Tá na gnéithe éagsúla dá shaol le feiceáil san oifig: tá na fallaí maisithe le pictiúir a tharraing a chuid páistí, tá an giotár sa chúinne, dhá dhlúthdhiosca - Bob Dylan agus Norah Jones - ar an mbord agus graificí óna thionscadal teilifíse is déanaí, “Katie agus Rookie”, crochta in aice lena dheasc.
Ólann sé bolgam tae agus tosaímid ag comhrá faoina óige, a shaol sa choláiste agus an tréimhse a chaith sé ag múinteoireacht, an obair theilifíse a dhein sé le RTÉ agus “Ros na Rún”. D’fhéadfá a rá gur gabha focal atá san fhear seo, rud a mheabhraítear dom an-mhinic le linn an agallaimh. Go deimhin is ar fhoclaíocht a thosaíonn sé ag caint agus é ag cur síos ar a óige.
In Achadh Mór in oirthear Mhaigh Eo a fuinneadh is a fáisceadh an Donnagánach agus, cé nár labhraíodh mórán Gaeilge ar an teallach, bhí “an t-uafás Gaeilge sa gcaint ag mo thuismitheoirí agus mo sheantuismitheoirí. Bhí struchtúr agus comhréir na Gaeilge láidir i gcaint an cheantair agus ar bhealach ní raibh ann ach na bearnaí a líonadh isteach. D’airigh mé i gcónaí gur rud an-nádúrtha a bhí ann dom féin nuair a d’fhoghlaim mé an Ghaeilge. Bhí nathanna ar nós ‘whats on you?’ agus ‘he came home from England with a big car at him’ cloiste agam. D’aithin mé cuid mhór de na nathanna agus thuig mé cén fáth go ndeireadh an tseanbhean béal dorais, ‘he pulled down a story’ nuair a chuala mé ‘tharraing sé anuas scéal’ i nGaeilge. D’fhéadfá a rá go raibh sí istigh ionam.”
Tá féith an cheoil ó dhúchas san fhear seo mar gur seinnteoir cumasach a mháthair ar an bpianó agus ar an orgán, cé nár mhinic a chasadh sí sa mbaile mar go mbíodh a dóthain le déanamh aici agus seachtar clainne ar a cúram!
“Nuair a bhí mé an-bheag bhíodh aintíní agus cuairteoirí eile ag tabhairt airgid dom nuair a chanainn. Thuig mé ó thús go raibh airgead sa cheol [scairt mhór gáire] agus [tuilleadh gáire] sin é an fáth gur thosaigh mé ag cumadh i nGaeilge!”
Cosúil le gach déagóir eile ba sa ghiotár a chuir Tadhg spéis agus Nollaig amháin fuair sé féin agus a bheirt deartháireacha ceann mar bhronntanas. Bhí fadhb bheag amháin ann, áfach: ba chiotóg é Tadhg agus deasóga ab ea an bheirt eile!
“D’fhoghlaim mé an giotár mar dheasóg agus is mar sin a sheinnim anois é, cé go n-airím go mbeadh rithim níos fearr agam dá mbeadh sé foghlamtha an bealach eile agam. Tá sé ródhéanach anois, áfach!”
Scoil chónaithe
Scolaíocht áitiúil a fuair sé agus, ag uair amháin, bhí seisear de mhuintir Dhonnagáin sa scoil bheag nach raibh inti ach 20 dalta. Baineadh siar as ansin nuair a cuireadh go scoil chónaithe Naomh Iarfhlatha i dTuaim é.
“Athrú cultúir mór a bhí ann - slua mór buachaillí agus iad ar fad ag bataráil a chéile. Bhí an ghráin agam air agus d’fhág mé tar éis bliana. Thosaigh mé ansin sa mheánscoil áitiúil sa mbaile agus shocraigh mé síos go breá.”
Ní gá a rá nach gcuirfeadh sé éinne dá cheathrar clainne féin go scoil chónaithe.
“Bím ag insint scéalta dóibh faoi Thuaim agus is minic anois iad ag fiafraí faoin ‘scoil uafásach’ sin ar a fhreastail mé!”
Níor chuir taithí a chéad bhliana sa mheánscoil isteach ar an rogha a rinne sé ó thaobh gairme de agus cháiligh sé féin mar mhúinteoir bunscoile. I gColáiste Phádraig i nDroim Conrach a fuair sé a chuid oiliúna agus deir sé gur deis iontach a bhí anseo dó tuilleadh eolais a chur ar an gceol.
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
Beatháisnéis Robert Hughes den phéintéir Spáinneach Goya.
Cén ceol is fearr leat?
Cumadóirí amhrán: Paul Simon, John Spillane, Randy Newman.
Cá dtéann tú ar saoire?
Corca Dhuibhne.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Faoi dhó. Cúrsaí oibre a bhí i gceist.
Cén bhialann is fearr leat?
Da Roberta - áit álainn Iodálach i mBóthar na Trá i nGaillimh.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Is iontach an duine daonna é Nelson Mandela.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
Daidí na Nollag.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Drochíde a bheith á tabhairt do pháistí agus do dhaoine nach féidir leo iad féin a chosaint.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
Óna deich go dtí a sé, cúig lá sa tseachtain.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Easpa ama maidir le cúrsaí teaghlaigh.
An bhfuil tú sásta leis an méid atá bainte amach agat i do shaol?
Mar a deir muintir Fhianna Fáil: “Go leor déanta, go leor fós le déanamh”.
“Chas mé beagán ceol Gaelach, ach faoin am sin bhí mé tosaithe ar an gcumadóireacht agus is mó an spéis a bhí agam sna hamhráin. Bhínn ag buscáil le cairde, ag éisteacht le Clannad, Thom Moore agus Midnight Well, agus Sonny Condell, ag caitheamh an lae in O’Donoghue’s nuair a bhí mé in ainm is a bheith ag staidéar. An gnáthrud!”
Cúig bliana a chaith sé ag múineadh i nGaelscoil i Léim an Bhradáin.
“Thaitin an obair sin go mór liom ach bhí spreagadh de dhíth orm. Ar bhealach is laige é sin i nduine a bhíonn ag scríobh agus ag canadh - bíonn siad ag lorg spreagtha agus aiseolais. Baineann leis an gcruthaitheacht, is dócha. Bhí mé fós ag múinteoireacht nuair a thosaigh mé ag obair sa teilifís den chéad uair ar an gclár do pháistí réamhscoile ‘Dilín Ó Deamhas’. Na naíonáin bheaga a bhíodh á dteagasc agam agus sheas an taithí sin liom. Thaitin an obair theilifíse go mór liom mar bhí mé ábalta ionchur cruthaitheach a bheith agam agus fuair mé deis scripteanna agus scéalta a scríobh. Sin an spéis a bhí agam sa teilifís ariamh, go mbeadh baint agam leis an bpictiúr leathan, leis na smaointe a chuaigh isteach sa chlár.
“De bharr mo thaithí fuair mé cuireadh triail a dhéanamh don irischlár nua, ‘Cúrsaí’, agus ghlac siad liom. B’in 1987 agus bhí baint agam leis an gclár sin ar feadh trí bliana déag.”
Fiafraím féin de cad a cheap sé den chlár úd.
“Bhí rudaí an-difriúil le hais mar atá siad anois. Ba é ‘Cúrsaí’ an t-aon (seachas ceann nó péire eile) rud as Gaeilge a bhí ag dul amach ar an aer agus bhí na hacmhainní bunúsach go leor. Ní raibh mórán tacaíochta taobh istigh de RTÉ dó. D’athraigh rudaí nuair a ceapadh Cathal Goan ina eagarthóir. An rud a chonaic Cathal nach bhfaca daoine roimhe ná, toisc gur clár mionlaigh a bhí ann, bhí i bhfad níos mó saoirse ag an bhfoireann ná mar a bhí ag an dream a bhí ag obair ar na cláir Bhéarla.”
Thug sé isteach léiritheoirí óga fuinniúla nua mar Ferdia Mac Cana agus Sheila de Courcy.
“As sin a d’fhás ‘Cúrsaí Ealaíne’, agus chuaigh mé féin agus Síle i mbun oibre air. Bhí Michael D. Higgins ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am agus bhreathnaigh sé, cosúil linne, ar an nGaeilge mar acmhainn chultúrtha. Bhí an-spéis ag na healaíontóirí féin ann agus mheall an clár daoine nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Tá mé an-bhródúil as an obair a rinneamar leis an gclár ‘Cúrsaí Ealaíne’ agus, ó baineadh den aer é, tá folús ann nár líonadh go fóill. Níl aon chlár ar an teilifís anois ar nós ‘Rattlebag’ an raidió a chuireann muid ar an eolas faoi na healaíona ar fad.”
Ag crosbhóthar
Ba sa bhliain 2000 a tháinig deireadh leis an gclár agus bhí Tadhg anois ag crosbhóthar.
“Gheobhainn fanacht le RTÉ agus dul ag plé le cláracha eile ach phléigh mé féin agus mo bhean, Christine, an scéal agus rinneamar cinneadh bogadh go Conamara. Níorbh éasca an cinneadh é; bhí triúr clainne againn ag an am agus thaitin saol na cathrach go mór leis an mbeirt againn.
“Fógraíodh post mar eagarthóir scripte le ‘Ros na Rún’ agus fuair mé é. Ar bhealach bhí mé as mo mheabhair i bhfianaise a laghad taithí a bhí agam ó thaobh bainistíochta de. Ní raibh obair dhrámaíochta mar sin déanta agam cheana agus thug mé faoi ar feadh dhá bhliain agus d’fhoghlaim mé an t-uafás faoi scripteanna, carachtair agus mar sin de.”
Cé go scríobhann sé corrscript anois don chlár sin agus do “Fair City”, níl Tadhg ag plé go lánaimseartha le “Ros na Rún” a thuilleadh.
“Tá go leor ag baint le scríbhneoireacht sobail atá míshásúil ó thaobh na cumadóireachta de. Tá tú ag plé le scéalta agus carachtair nár chum tú féin agus tá tú ag cur le rudaí a cheap daoine eile. B’fhearr liom a bheith ag cruthú mo charachtar agus scéalta féin.”
Cad a déarfadh Tadhg faoi na gearáin a dhéantar faoi dhroch-Ghaeilge “Ros na Rún”?
“Tá éacht déanta ag ‘Ros na Rún’ nuair a smaoiníonn tú go bhfuil pobal na Gaeilge fíorbheag. Tá dhá rogha agat: is féidir leat drochaisteoir a bhfuil togha na Gaeilge aige a roghnú nó sáraisteoir ag a bhfuil Gaeilge lochtach a fhostú. Tá sé deacair go leor duine leis an dá rud a fháil. Uaireanta ní dhéantar an rogha cheart ach tá na léiritheoirí ag brath ar an rogha atá acu. Tá sé éasca a bheith ag fáil lochtanna nuair nach bhfuil tú ag plé leis an ngnó sin.”
Fágaimid an gnó úd agus pléimid cúrsaí ceoil. Rinne Tadhg taifeadadh ar dhá albam de cheol comhaimseartha a fhad is a bhí sé san ardchathair.
“Thosaigh club i mBaile Átha Cliath, an Café Gorm, agus bhínn ag casadh mo chuid amhrán ansin go rialta. As sin fuair mé cuireadh ó Ghael Linn albam a dhéanamh; bhí cúpla amhrán taifeadta agam roimhe sin chomh maith le Raidió na Gaeltachta.”
I 1988 a eisíodh Solas Gorm. An bhfuil tionchar ag na Gormachaí air?, a fhiafraím.
“Is mé a chum an focal sin, cineál magaidh a bhí ann. B’fhéidir gur cheap daoine go raibh mé ag iarraidh gluaiseacht nua a bhunú ach ní raibh ann ach píosa craic. Sin ráite, bhí tionchar na *Country Blues *ann, ceol Mississippi John Hurt agus a leithéidí. Bhí Philip King ag obair liom ag an am agus d’iarr mé air é a léiriú agus dúirt sé go mbeadh suim aige fein nó ag Sonny Condell é a dhéanamh. An samhradh sin thosaigh mé ar an taifeadadh. Shíl mé go raibh mé sna flaithis; bhí mé ansin i stiúideo d’ardghrád le togha na gceoltóirí ó Scullion agus mo laoch Sonny Condell ar an taobh eile den fhuinneog!”
Bhí próiseas difriúil ag baint leis an gcéad saothar eile.
“Faoin am a thug mé faoi Raifteirí san Underground, bhí mé tosaithe ag gigeáil i mBaile Átha Cliath agus aithne mhaith curtha agam ar mo chomhcheoltóirí. Bhí mé i bhfad níos mó ar mo chompord agus thuig muid ar fad a chéile. Bhí an tionscadal sin i bhfad níos sásúla.”
Futa Fata Féasóg
Is gné eile dá cheol na hamhráin a chumann sé do pháistí óga agus i 1997 d’eisigh sé dlúthdhiosca eile dar teideal Bliain na nAmhrán. Eisíodh na hamhráin seo faoin ainm cleite Futa Fata Féasóg agus anois tá suíomh gréasáin bunaithe aige faoin ainm céanna (www.futafata.com) le cumadh an cheoil nua-aimseartha Ghaeilge a chur chun cinn. Is faoin lipéad seo atá cnuasach amhrán as an gcéad dá albam atheisithe aige. Is le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge a rinne sé Imíonn an tAm.
“Ní raibh fáil a thuilleadh ar an dá albam agus, rud eile, níor eisíodh *Solas Gorm *riamh i bhfoirm dlúthdhiosca. Tá mic léinn dara agus tríú leibhéal ag déanamh staidéir ar roinnt mhaith de na hamhráin seo mar dhánta agus ba mhaith liom go mbeadh an deis acu iad a chloisteáil mar phíosaí ceoil, mar is amhráin ó cheart iad.”
Tá lucht éisteachta nua anois ag an amhránaí ó tháinig an t-idirlíon ar an saol, Meiriceánaigh go háirithe.
“Táim ag casadh le blianta d’eachtrannaigh ar chúrsaí Oideas Gael i dTír Chonaill agus bíonn an-suim agam i conas mar a ghlacann siad le mo cheol.”
Ar na hamhráin atá ar an dlúthdhiosca nua seo tá “Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir”, an t-aon cheann ar deineadh taifeadadh as an nua air.
“Roghnaigh mé na hamhráin a thaitníonn leis an lucht éisteachta. Scríobhaim i gcónaí faoi rudaí a bhaineann le mo shaol féin; ní féidir liomsa scríobh de réir foirmle. Tá an-ghrá agam don amhrán mar fhoirm ealaíne. Cuireann na hamhráin tréimhsí de do shaol i gcuimhne duit; téann siad amach ansin ar na tonnta agus tá siad an-chumhachtach. Bhínn ag scríobh filíochta ach cheap mé nach raibh dóthain cumarsáide ann. Ceann de na rudaí is mó a thaitníonn liom mar fhonnadóir ná go dtugann amhrán cead do dhaoine breithiúnas a dhéanamh ort. Bíonn daoine níos mó ar a gcompord ag éisteacht le hamhráin. B’fhearr liom an cáineadh ná gan aon aird a bheith á tabhairt orm!”
Gort uaigneach atá á threabhadh ag an Donnagánach mar go bhfuil sé i measc an dornáin bhig atá ag cumadh amhrán comhaimseartha i nGaeilge. Tá sé tar éis cur faoi sa réigiún is mó sean-nóis agus fiafraím de conas mar a ghlacann muintir Chonamara lena cheol.
“Ceann de na rudaí is mó a thaitníonn liom faoi Chonamara ná an teagmháil úr atá á déanamh agam le pobal nua. Tá traidisiún an tsean-nóis chomh láidir, saibhir anseo. Uaireanta tagann easpa misnigh orm ó thaobh mo cheol a cur i láthair mhuintir an cheantair ach caithfidh mé a rá go nglacann siad go hiontach leis. Tháinig an-chuid dár gcairde úra isteach go Gaillimh nuair a sheol mé *Imíonn an tAm *in Amharclann na Cathrach agus bhí mé an-tógtha leis an nglacadh a bhí acu leis na hamhráin.”
Dhá albam ar na bacáin
Ag filleadh ar cheol na bpáistí a bheidh Tadhg an chéad turas eile agus tá dhá albam eile ar na bacáin aige.
“Tá ceann eile sa tsraith Futa Fata Féasóg, dar teideal Ceol na Mara, á chóiriú agam faoi láthair. Amhráin nua-aimseartha a chum mé féin a bheidh anseo agus tá plean agam go mbeidh páistí na háite seo ag casadh liom ar an iarracht seo. Nuair a bheidh mé críochnaithe leis sin, tabharfaidh mé faoi Gugalaí Gug. Is éard a bheidh anseo ná rannta traidisiúnta Chonamara cóirithe le ceol nua-aimseartha. Beidh sé cineál cosúil le Rabhlaí Rabhlaí, dlúthdhiosca oideachasúil a eisíodh i gCorca Dhuibhne roinnt blianta ó shin.”
Agus sinn ag plé Bliain na nAmhrán luann sé a thionsadal teilifíse is déanaí liom.
“Thóg mé amhrán dar teideal ‘Cá Cá’ as an albam agus rinne mé forbairt air. Sraith do pháistí réamhscoile a bheidh sna beochana ‘Katie agus Rookie’. Chuir mé an tsraith i láthair ag an European Cartoon Forum san Iodáil agus tá obair déanta agam ó shin orthu le comhairleoir scripte ó Los Angeles agus dearthóir ó Londain. Tá ceithre mhí caite agam féin agus muintir Telegael air agus táimid ag súil le margadh idirnáisiúnta a fháil dó ag an aonach teilifíse in Cannes. Tá an-obair ar bun anseo i Telegael agus fuair siad féin ainmniúchán Emmy le déanaí don chlár do pháistí, ‘Tutenstein’.”
Tá cúpla post lánaimseartha fágtha ina dhiaidh ag Tadhg ach deir sé féin go n-oireann an fhéinfhostaíocht go breá dó.
“Bhuel tá sé scanrúil i slí mar ní bhíonn a fhios agat cad atá romhat. Gheofá a rá go mbím i gcónaí ag scaipeadh síolta le féachaint an bhfásfaidh aon rud. Feileann seo mé mar is féidir liom imeacht ó rud go rud. Murach Christine ní bheinn ábalta é a dhéanamh mar go dtacaíonn sí liom agus tá post lánaimseartha aici féin.”
Ní fear é seo a chodlaíonn go headra, is cosúil, agus is lena chlann a chaitheann sé a chuid ama shaoir agus baineann sé an-chraic as comhluadar a pháistí. Ní haon ionadh é nach mbíonn mórán d’aga ag Tadhg do chaitheamh aimsire.
“Tá an-spéis agam in éin ach, le bheith fírinneach, tá sé seo tarraingte isteach i mo chuid oibre agam. Sin é an bua a ghabhann le m’obair: táim ag plé leis na rudaí a bhfuil suim agam iontu. D’fhéadfaí a rá go bhfuil mo chaitheamh aimsire fite fuaite san obair a dhéanaim; tá sé deacair iad a scarúint.”
Braithim go bhfaighinn uair an chloig eile a chaitheamh ag comhrá le Tadhg ach tugaim faoi deara nach bhfuair an fear bocht seans, fiú amháin, an dara bolgam den tae a ól ó thosaíomar ag caint. Agus mé ar an tslí abhaile tagann ceisteanna eile isteach i mo cheann agus ritheann sé liom gur dheineas dearmad glan fiafraí de faoin obair scripte atá déanta aige don chlár d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, “Turas Teanga”, atá le feiceáil ar RTÉ faoi láthair. B’fhéidir gur cheart “Cuid a haon” a thabhairt ar an agallamh seo!
Seolfaidh ceardaí focal eile agus cara mór le Tadhg, Cathal Ó Searcaigh, *Imíonn an tAm *i gClub Sult ar an Déardaoin, 8 Aibreán agus tá sé i gceist ag fonnadóir Mhaigh Eo sciuird a thabhairt ar Bhéal Feirste agus ar an Daingean sna seachtainí atá romhainn.
Seolfar Imíonn an tAm sa chlub Gaeilge Sult i dTeampall Chríost i mBaile Átha Cliath ar an Déardaoin, 8 Aibreán. Cead isteach saor in aisce go dtí 9 p.m. agus €5 ina dhiaidh sin. Eolas: (086) 4073284
Is as Gaeltacht na Rinne i bPort Láirge í Odí Ní Chéilleachair ach tá cónaí uirthi i gConamara anois. Tá sí ag obair in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua, ionad de chuid Oifig na Gaeilge Labhartha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is amhránaí sean-nóis í.