AGALLAMH BEO
Áine Ní Churráin
Colm Ó Dúlacháin Colm Ó Dúlacháin Colm Ó Dúlacháin

Is clár é “Barrscéalta” ar Raidió na Gaeltachta a thugann guth do na gnáthdhaoine in iarthuaisceart Thír Chonaill. Labhair Colm Ó Dúlacháin le láithreoir an chláir, Áine Ní Churráin.

Íomhá
Íomhá
Áras Raidió na Gaeltachta i nGaoth Dobhair
Íomhá

"Dia daoibh agus bhur gcéad fáilte."

Leis na focail sin a chuireann Áine Ní Churráin tús leis an chlár “Barrscéalta” gach maidin, ón Luan go hAoine, ag dhá nóiméad tar éis a haon déag, ar Raidió na Gaeltachta. Déanann sí cur síos ar ord reatha an lae ach, de réir mar a scairteann daoine ar an chlár ag tabhairt tuilleadh eolais ar ábhar nó ag tabhairt faoi dhuine de na haíonna, go minic is clár eile ar fad a bhíonn ann ón cheann a bhí beartaithe.

Bíonn cluas le héisteacht ag oibrithe monarchan, ag polaiteoirí, ag comhairleoirí contae, agus ag lucht timpeallachta, iad ag faire amach do scéalta a bhainfidh leo.

Deir Áine go bhfuil “Barrscéalta” iontach tábhachtach do ghnáthphobal iarthuaisceart Thír Chonaill mar go dtugann sé glór do dhaoine agus deis a gcuid mothúchán a chur i láthair an phobail. Nuair a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim litreacha ag bagairt ar sheandaoine agus ag cur ina leith go raibh cuntais rúnda bainc acu, chuaigh daoine i dteagmhail leis an chlár. Tháinig sé chun solais go raibh suas le 700 duine i nGaoth Dobhair agus sna paróistí máguaird tar éis litir a fháil. Ba léir go raibh roinnt den eolas a bhí ag na Coimisinéirí lochtach agus gur chuir bainisteoirí bainc comhairle mhí-ionraic ar dhaoine.

Pléadh na cásanna ar an chlár, eagraíodh cruinnithe agóide, labhair polaiteoirí amach ar son na ndaoine a bhí tar éis litir a fháil, agus cuireadh brú ar na bainc eolas a bhí ina seilbh a thabhairt dá gcustaiméirí saor in aisce, seachas ar chostas €500 faoi mar a bhí á bhagairt acu.

Ar deireadh thug na Coimisinéirí Ioncaim síneadh ama do dhaoine le sonraí a chur ar fáil agus chuaigh siad i mbun comhráití sibhialta le daoine a raibh siad ag bagairt orthu roinnt míonna roimhe sin.

“Mhothaigh daoine nach raibh siad leo féin. Sílim gur glór iontach tábhachtach ‘Barrscéalta’. Mothaíonn an pobal go bhfuil duine ansin a labharfaidh ar a son nó a dhéanfaidh fiosrúcháin. Tá muid breá sásta sin a dhéanamh.”

Ó Ghaoth Dobhair go hArd Mhacha agus ar ais

Is as Mín an Iolair i nGaoth Dobhair d’Áine. Nuair a bhí sí cúig bliana d’aois, bhog sí go baile fearainn an Choitin, áit a raibh sí ina cónaí go dtí gur fhág sí Gaoth Dobhair. Is í an duine is sine sa teaghlach, an t-aon ghirseach sa chlann, agus seisear deartháireacha aici. Bhí deartháir eile ann a cailleadh agus é óg. “Is mise an boss!” a deir sí.

Chuaigh Áine go Scoil Náisiúnta Mhuire, Na Doirí Beaga agus as sin go hArdscoil Mhuire. Tar éis di an Ardteist a chríochnú, chuaigh sí go hOllscoil Chúil Raithin i gContae Dhoire.

“Ní raibh duine ar bith as an cheantar ag dul go Cúil Raithin ag an am sin, i 1973. Casadh scaifte as an ollscoil orm i nGaoth Dobhair a bhí faoi stiúir Liam Uí Dhochartaigh. D’inis siad go leor dom faoi Chúil Raithin. Bhí formhór na ndaoine anseo ag dul go hollscoltacha i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ar intinn agam féin dul go Gaillimh. Ach rinne mé suas m’intinn a dhul go Cúil Raithin mar go raibh sé nua ag an am sin agus chuala mé go raibh cúrsa Gaeilge iontach maith ann. Chuaigh Mairéad Dinny Ní Ghallchóir (Angela i ‘Ros na Rún’), Iarla Mac Aodh Bhuí, agus mé féin ann.”

Deir Áine go raibh an cúrsa Gaeilge san ollscoil, a bhí á reáchtáil ag an tAthair Colmán Ó hUallacháin, thar barr, go raibh sé “éagsúil ar fad agus nua-aimseartha”. I measc na léachtóirí eile ar cuimhin le hÁine iad bhí Diarmuid Ó Doibhlin agus Caitríona Ní Ghallchóir.

“Bhí na léachtóirí iad féin ag meascadh linn, bhí muid amuigh san oíche i gcuideachta a chéile. Bhí Cumann Gaelach agus Cumann Drámaíochta ann, bhí saol sóisialta iontach maith ann ar fad. Cé go raibh na Trioblóidí ag dul ar aghaidh sa Tuaisceart ag an am, níor chuir siad isteach ná amach orainn.”

Tar éis céim a bhaint amach i gCúil Raithin rinne Áine teastas san oideachas in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Fuair sí post ina dhiaidh sin i gColáiste Chaitríona in Ard Mhacha, áit ar chaith sí trí bliana ag teagasc.

Chinn sí ansin ar shos gairme a ghlacadh ach ní raibh a fhios aici cad é a dhéanfadh sí. Bhí sí ag smaoineamh ar a dhul thar sáile. “Idir an dá linn, casadh fear as Ard Mhacha orm, cé nach ann a chas mé air. Agus tharla go raibh post ag dul i Raidió na Gaeltachta.” Ní raibh sé beartaithe aici filleadh ar Ghaoth Dobhair ach shocraigh sí féin agus a fear, Damien McKeever, síos ann agus tá sí ag obair sa stáisiún ó shin.

B’in i 1980 agus is cuimhin le hÁine an chéad chlár a raibh sí ag obair air. “Líon Tí” ab ainm dó agus bhí ailtire, cócaire agus garraíodóir ar an chlár agus Áine á chur i láthair. Chaith sí blianta ag obair i seomra nuachta an stáisiúin, agus rinne sí cláracha de gach cineál, seachas cinn spóirt.

Barrscéalta

Is é Rónan Mac Aodh Bhuí a bhí ina láithreoir nuair a cuireadh tús leis an chlár “Barrscéalta” breis agus ocht mbliana ó shin. Clár náisiúnta a bhí ann ar dtús agus bhíodh láithreoirí as Ciarraí agus as Gaillimh ag obair in éindí le Rónan agus leis an léiritheoir, Séamus Mac Géidigh.

“Bhí fís faoi leith ag Pól Ó Gallchóir, ceannaire Raidió na Gaeltachta ag an am. Bhí faoi íomhá náisiúnta a thabhairt do na cláracha. Ar an drochuair, níor oibrigh sé amach mar bhí daoine ag lorg scéalta óna gceantar féin.”

An difear atá idir raidió áitiúil Béarla ar nós Donegal Highland Radio agus cláracha ar nós “Barrscéalta” ná gur féidir Raidió na Gaeltachta a fháil ar fud an domhain. “Nuair a bhí Gaoth Dobhair ag imirt i gCraobh Pheile Sinsir na Contae le déanaí (comórtas a bhuaigh siad den chéad uair ó bhí 1961 ann), bhí ríomhphostanna ag teacht isteach ó dhaoine a bhí ag éisteacht leis an chluiche i gceantracha ar fud na cruinne. Tá go leor éisteoirí ag ‘Barrscéalta’ i Stáit Aontaithe Mheiriceá go speisialta. Tá fear amháin as New Jersey a éiríonn go luath ar maidin agus a chuireann an clár ar dhlúthdhiosca. Éisteann sé le ‘Barrscéalta’ agus é ag tiomáint chuig a chuid oibre.”

Is ar “Barrscéalta” a bhristear an nuacht go minic faoi mhonarcha a bheith i dtrioblóid sa chontae. Tagann oibrithe chuig Áine agus chuig Séamus Mac Géidigh, léiritheoir an chláir, agus iad buartha go bhfuil a bpost i mbaol.

“Ta bealach ag na hoibrithe lena n-imní a chur os comhair an phobail, trí labhairt ar ‘Barrscéalta’. Ansin bíonn brú ar an bhainistíocht a theacht ar an chlár agus an scéal a mhíniú do na hoibrithe.”

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Mister Are You a Priest le Edward Daly agus Death on the Deep Edge le Seamus Hayden as Ard an Rátha, leabhar nach bhfuil foilsithe go fóill.

Cén ceol is fearr leat?

Achan chineál ceoil, taobh amuigh de Hard Rock.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Casablanca.

Cá dtéann tú ar saoire?

An Spáinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Uair amháin.

Cén bhialann is fearr leat?

Red Panda i mBéal Feirste.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

M’fhear céile Damien.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Ní bheadh sé ceart duine amháin a lua. Bhí roinnt acu ann.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Cúlchaint.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Athraíonn sé. Bím ag freastal ar chruinnithe mall san oíche amannta.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Ag iarraidh a bheith in áit áirithe ag am áirithe agus gan fios an bhealaigh agam.

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?

Tá mé breá sásta ach tá go leor le baint amach go fóill.

Ábhair chonspóideacha

Dhírigh na scéalta faoi ionsaithe gnéis a bheith á ndeanamh ag sagairt ar bhuachaillí óga aird an phobail ar an ábhar sin, ní hamháin sna paróistí Gaeltachta inár tharla siad, ach i measc an phobail ar fud na tíre.

“Bhí fear óg amháin a labhair linn óna chroí amach faoin mhéid a tharla dó, fear a raibh aithne againn air. Bhí na hionsaithe ag tarlú anseo go háitiúil agus bhí a fhios againn cé a bhí á ndéanamh, rud a rinne níos deacra é. Bhí muid ag caint leis an gharda a bhailigh an fhianaise ansin, a bhí iontach cróga. Na cásanna ar fad a raibh baint aige leo, chuaigh siad uilig chun na cúirte. Labhair sé siúd óna chroí amach fosta agus tá na heachtraí seo ag cur as dó go fóill.”

Ba léir ón agallamh a rinne an Garda Máirtín Mac Con Iomaire ar “Barrscéalta” gur ghoill sé go mór air an dóigh ar bhog údaráis na hEaglaise Caitlicí na sagairt ó pharóiste go paróiste de réir mar a tháinig gearáin chun cinn fúthu. Chuir sé ceist ar an chlár conas nach raibh a fhios ag na húdaráis eile go raibh na hionsaithe seo ag dul ar aghaidh, ós rud é gur éirigh leis féin an dlí a chur ar shagairt agus ar oide scoile áitiúil, agus gan ach roinnt blianta caite aige sa cheantar.

Ní cuimhin leis an tuairisceoir seo agallamh mar é a fheiscint, a chloisint nó a léamh in aon cheann de na meáin eile sa tír.

Síleann Áine go bhfuil roinnt ceachtanna foghlamtha ag na heaspaig ó shin. “Labhair Easpag Ráth Bhoth, an Dr Pilib Ó Baoighd liom ar an chlár. Tháinig seisean isteach úr sa Deoise ón Róimh agus dúirt sé nach raibh a fhios aige go raibh sé seo ag dul ar aghaidh. Cé acu a bhí a fhios nó nach raibh a fhios, sin ceist eile. Ach ar a laghad tháinig sé ar an chlár agus labhair sé. Tá go leor de na heaspaig nach bhfuil sásta labhairt leis na meáin.”

Tá deacrachtaí ag baint le clár uair an chloig a chur le chéile lá i ndiaidh lae mar nach bhfuil ach beirt ag obair go lánaimseartha ar “Barrscéalta”. Bíonn tuairiscí in amanna ó Chonall Ó Dufaí agus é amuigh ar an bhóthar ag clúdach imeachtaí. Cuireann an easpa foirne srian ar an mhéid scéalta ar féidir díriú orthu ar an chlár.

“Is léiritheoir den scoth é Séamus Mac Géidigh agus tá sé iontach proifisiúnta ar fad,” dar le hÁine. Caithfidh sé féin agus Áine a bheith go síoraí ag cuartú scéalta mar nach bhfuil taighdeoirí ar bith ag an chlár.

Bíonn ionchur ag polaiteoirí ar chláracha cúrsaí reatha agus síleann Áine go bhfuil polaiteoirí maithe i nDún na nGall, fiú má tá sé deacair freagra díreach a fháil uathu agus iad faoi agallamh! “Ach bíonn siad sásta i gcónaí a theacht ar an aer agus labhairt leat. Ní dhiúltaíonn siad am ar bith.”

An todhchaí

Cé go bhfuil trí bliana is fiche caite ag Áine Ní Churráin ag obair i Raidió na Gaeltacha, níl a spéis ann laghdaithe. Tá go leor rudaí eile ba mhaith léi a dhéanamh san am atá romhainn, áfach, clár nó dhó teilifíse ina measc.

Bhí sí ar an stáitse le déanaí, den chéad uair le fada, le hAisteoirí Ghaoth Dobhair. Bhíodh sí ar an ardán go minic le linn a hóige agus ghlac sí páirt i ndrámaí i gCúil Raithin chomh maith. Cé nach bhfuil aon spéis aici páirt a ghlacadh i “Ros na Rún”, níor mhiste léi a bheith i ndrámaí ó am go chéile, ar bhonn caithimh aimsire amháin.

Bíonn Áine le feiscint ag siúl gach lá ar bhóithre Ghaoth Dobhair. Mí na Bealtaine seo caite, ghlac sí páirt i dtrí mharatón siúil trí lá as a chéile, 26 míle gach lá, d’Ospís an Fheabhail i nDoire agus don Ionad Altranais atá á thógáil faoi láthair i nGaoth Dobhair. Bhailigh sí carn mór airgid ag an am ach níl aon phleananna aici tabhairt faoina leithéid arís - i mbliana pé scéal é!

Tá suim aici sa phéintéireacht le hola. Ba ghnách léi péintéireacht radharcanna tíre a dhéanamh ach is maith léi anois a bheith ag péinteáil portráidí. Tá spéis aici sa ghrianghrafadóireacht chomh maith, go háirithe leis na ceamaraí digiteacha mar gur féidir léi eagarthóireacht a dhéanamh ar na pictiúir í féin.

Nuair a chéadtosaigh Áine ag obair leis an raidió, bhíodh sí féin agus a fear céile Damien, a bhfuil dochtúireacht aige i gcúrsaí teicneolaíochta, ag taisteal idir tithe i mBéal Feirste agus Gaoth Dobhair. Tá siad ag cur fúthu go lánaimseartha i nGaoth Dobhair anois, cúpla céad slat ón stáisiún.

Tá ceathrar páistí acu: Cillian atá seacht mbliana déag, Emer atá cúig bliana déag, Damien atá trí bliana déag agus Conor atá deich mbliana. “Fuair an chéad triúr acu cuid dá mbunscolaíocht i mBéal Feirste, ach tá siad breá sásta i nGaoth Dobhair,” a deir sí.

Is saoriseoir é Colm Ó Dúlacháin. Is as Baile Átha Cliath é ach tá sé ina chónaí i nGaoth Dobhair anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.