AGALLAMH BEO
Pádraig Ó Fiannachta
Aoife Ní Chonchúir Aoife Ní Chonchúir Aoife Chonchúir

gur tharla cúpla tragóid ina óige, is duine é an Canónach Pádraig Ó Fiannachta atá sásta, mar sin féin, leis an saol atá caite aige agus leis an méid atá bainte amach aige, mar a mhínigh d’Aoife Chonchúir.

Íomhá
Íomhá

Fear a bhfuil taithí ar an spotsolas aige é an scoláire mór agus iar-Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad, an Canónach Pádraig Ó Fiannachta, atá anois ina shagart paróiste sa Daingean, gar cheantar dúchais i gCiarraí. Bhí le clos le déanaí ar *Morning Ireland *agus ar chlár raidió Marian Finnucane ar RTÉ ag cosaint a dhuine muinteartha Páidí Ó , traenálaí fhoireann chaide Chiarraí. Bhain úsáid as an Laidin agus an Ghaeilge chun comhthéacs cultúrtha agus teanga a chruthú do ráiteas conspóideach Pháidí Shé gur ainmhithe iad lucht leanúna caide Chiarraí. “Rógaireacht, gan dabht,” arsa Ó Fiannachta agus é ag gáire. Craoladh clár a rinne *Léargas *ar an bhfear léannta seo le déanaí chomh maith ar RTÉ.

Duine é, mar sin, atá go mór sa nuacht agus cad ina thaobh nach mbeadh - saol suimiúil á chaitheamh aige, mórobair déanta agus á déanamh fós aige i léann na Gaeilge, agus é deisbhéalach, tapaidh, cneasta agus mórchroíoch ina theannta.

Mar a admhaíonn féin, áfach, i gcónaí a bhí chomh réchúiseach agus chomh socair agus atá anois. Strus oibre a deir ba chiontach le hobráid sheach-chonaire croí a bheith aige roinnt blianta ó shin agus bhuail an tragóid a lámh ar a shaol chomh maith agus é ina fhear óg. Cailleadh triúr dheartháireacha go hóg, duine acu ag aois a dhá bhliain go leith. Is amhlaidh a bádh an bheirt eile. Chuir bás a athar isteach go mór air chomh maith; raibh seisean ach seacht mbliana is daichead d’aois nuair a cailleadh é agus d’fhág seachtar clainne ina dhiaidh.

Chaithfeá iontas a dhéanamh den teacht aniar atá sa bhfear seo, a rinne obair fhíorthábhachtach i léann na Gaeilge in ainneoin na ndeacrachtaí seo agus a bhain amach a aidhmeanna pearsanta gan mórán tacaíochta ó údaráis na hEaglaise Caitlicí tar éis cliseadh néarach a bheith aige agus é fós ina fhochéimí.

Mianach an scoláire

Ba bhóthar fada go leor a thaistil an Canónach Ó Fiannachta sular éirigh leis post léachtóireachta a bhaint amach i Maigh Nuad. Tuigeadh go luath go raibh mianach an scoláire mhóir ann agus moladh tréimhse a thabhairt sa Bhreatain Bheag le Breatnais a fhoghlaim i gceart. Chaith bliain ansin ag obair ar fheirm agus ba é an cheád abairt a d’fhoghlaim Glan amach ó na muca”. Thug leis an Bhreatnais agus d’fhill ar Éirinn. Bhí ag obair go crua ar chúrsaí léinn agus ag imirt chaide, agus is timpeall an ama seo a bualadh breoite é.

Fuaireas droch-chliseadh néarach, duairceas *depression *a thugann siad anois air ach bhí cúis fhisiciúil leis. Bhí breis oibre orm nuair a bhíos ag déanamh na diagachta agus an staidéar eile san am céanna, agus bhíos fiáin chun caide an uair sin. D’imrínn ana-dhian agus fuaireas drochchic sa cheann agus ligfeadh na húdaráis dom aon am saor a thógaint. leisce a bhí ormsa ach níor tuigeadh é sin dóibh. Sa deireadh fuaireas an cliseadh seo agus cuireadh go dtí an ospidéal agus bhíos cúig mhí ansin.”

Bhain an tArdteastas san Oideachas amach i gCorcaigh agus ansin moladh MA a dhéanamh, rud a rinne. Theastaigh uaidh leanúint ar aghaidh ansan le bheith ina shagart ach dhiúltaigh Easpag Dheoise Chiarraí áit a thabhairt ina dheoise féin. “Maynooth won’t have you and I won’t have you either,” arsa an t-easpag leis. Ba bharr seo a thug Ó Fiannachta aghaidh ar an mBreatain Bheag arís. Thug bliana an turas seo ag obair mar shagart agus ag múineadh i mbunscoileanna. Ansin tháinig cuireadh i Laidin, “Veni statim”, “Tair gan mhoill,” ón dream a dhiúltaigh glacadh leis an chéad - Maigh Nuad.

An bhfuil searbhasach mar gheall ar an drochíde seo? Deir nach bhfuil. “Dheara saol eile ab ea é sin, smacht is rudaí mar sin. D’ainneoin an sórt sin saoil, is dóigh liom go mbainimís níos spóirt as agus nach raibh an sórt duaircis seo ( go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor) agus an phusadaíl a bhíonn ag daoine óga inniu aon chor ann.” Conas is fearr an ruaig a chur ar an bpusadaíl seo, mar sin? Dar le Fiannachta gurb é ceann de na teachtaireachtaí is tábhachtaí sa Chríostaíocht go dtáinig Críost le go mbeadh lúcháir agus an bheatha go hiomlán ag daoine. Is éard atá i gceist leis seo go praiticiúil, dar leis, gur ceart don duine feidhmiú de réir a bhuanna pearsanta féin agus na buanna san a fhorbairt an méid agus is féidir. Deir nach é Críost amháin a deir é seo ach go ndeir Aristotle chomh maith é.

Cén leabhar atá á leamh agat faoi láthair?

cúpla leabhar á léamh agam: Christ in Celtic Christianity *agus leabhar a bhfuil baint agam féin leis - *Apocrapha Hibernia Evangelia Infancia. sin na hApocrapha a bhaineann le naíonántacht an Tiarna.

Cén ceol is fearr leat?

An sean-nós.

Cén scannán is fearr a chonaic riamh?

Nuair a bhíos óg cheapas gurb é Ben Hur.

dtéann ar saoire?

Ar fud an domhain. Ach amháin rabhas fós san Astráil san Antartach.

Cén bhialann is fearr leat?

Dár ndóigh, bialann atá síos an tsráid - *Fenton’s Seafood *a thugann siad air.

Cén duine is a bhfuil meas agat air/uirthi?

Is é an fear is a bhfuil meas agam air an Pápa agus an bhean is Mary Mac Aleese.

Cén rud is a chuireann isteach ort?

Doicheall agus mímhuintearas agus pusaíocht.

Cad iad na huaireanta a oibríonn gach seachtain?

Dúisím ar a 6 a.m. ach thosnaím ag obair go mbíonn paidreacha ráite agam agus machnamh déanta agam. De ghnáth bíonn sin tar éis a seacht. Oibrím liom ar an scríbhneoireacht agus an ceartú go dtí a 11 a.m. Bheadh obair pharóiste le déanamh agam as san amach. Téim a chodladh ar a dhéag a chlog.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Chuireadh mo chuid oibre strus orm agus conas plé le daoine go dtí le déanaí. chuireann aon mar sin strus orm a thuilleadh. Thug mo dheirfiúr tuiscint dom ar conas teannas a cheannsú - is dochtúir í. Smaoiním, chomh maith, ar an ngrá atá ag Dia dom agus bharr san, cad ina thaobh go mbeadh aon ag cur isteach orm? chuireann faic isteach orm.

a fhios aige Dia go ndeineadh an cinneadh ceart nuair a tugadh an cuireadh thar n-ais go Maigh Nuad mar is gaisce a rinne ansin. Ceithre bliana is tríocha a thug ag obair san Ollscoil agus i rith na tréimhse sin bhí mar Ollamh le Sean-Ghaeilge agus le Nua-Ghaeilge, d’aistrigh an Bíobla go Gaeilge agus d’oibrigh ar fhoclóir Sean-Ghaeilge. Dúirt an scoláire cáiliúil Dáithí Ó hUaithne leis gurb í an obair is tábhachtaí a rinne riamh An *Barrántas *a fhoilsiú. Bailiúchán de na barrántais go léir a bhí ann. rabhadar foilsithe go hiomlán roimhe sin mar cheap daoine áirithe go raibh an chaint rógháirsiúil. réiteodh Ó Fiannachta leis an méid sin in aon chor. Níor chuir amach ach imleabhar a haon agus deir nach gcuirfidh imleabhar a amach go deo anois.

Glór na nGael

Cheistíos é an raibh deacair an ollscoil a fhágáil agus tosnú ag obair i bparóiste arís? D’fhreagair gur mhór an chabhair an obair a bhí ag déanamh le Glór na nGael agus é i Maigh Nuad. Thaistil an tír leis an obair sin agus thug taithí ar a bheith ag plé le daoine. Thaitin an obair go mór leis. É sin ráite, bhí leisce air Maigh Nuad a fhágáil agus chuir iarratas isteach fanacht san ollscoil. Diúltaíodh don iarratas. raibh fonn air fanacht in áit a mbeifí doicheallach roimhe agus thug aghaidh ar Bhaile Mhúirne ar dtús. Ar deireadh, tháinig go dtí an Daingean, gur rud eisceachtúil é sagart a chur thar n-ais go dtí a pharóiste dúchais féin. Is é an chéad rud a rinne pictiúr den Mhac Drabhlásach a chrochadh ar bhosca na faoistine in aice lena ainm féin! “Mise anois an Mac Drabhlásach tagtha abhaile,” ar , sa chéad seanmóir a thug .

Bhí éifeacht beag ag a thréimhse i Maigh Nuad ar Ó Fiannachta. “Chuaigh i bhfeidhm chomh mór san orm go ndúisím gach aon mhaidin ar a a chlog,” a deir . Éistíonn leis an nuacht ansin sula n-éiríonn ionas go mbeadh a fhios aige cad ba cheart a bheith ag paidreoireacht ar a shon. Déanann machnamh sula dtosnaíonn a oibre. Bíonn ullamh ansan le bualadh le daoine.

Is maith an rud go bhfuil béas an mhachnaimh agus na paidreoireachta ar maidin aige mar is thoradh seo a cuireadh moill air féin agus ar a chompánach ar maidin an 11 Meán Fómhair 2001. Bhí Ó Fiannachta ar a shlí chun turas a thabhairt ar an Lárionad Trádála Domhanda i Nua-Eabhrac agus nuair a tháinig aníos ón subway chonaic an smúit agus na brící ar fad ó na túir ag titim. “Bhíos chomh gafa leis chuimhníos ar an mbaint a bhí aige liom féin, dáiríre. Ina dhiaidh sin is a chuimhníos go bhféadfainn a bheith ann agus sa chás sin bheinn ag caint leatsa inniu.”

Institiúid oideachais

linn inniu agus, faoi mar a bheifeá ag súil, díomhaoin atá . Bhunaigh an Díseart, institiúid oideachais atá lonnaithe sa Daingean, roinnt blianta ó shin. Is mar seo a chuireann Ó Fiannachta síos air: “Beidh ar aon dul le hollscoil; beidh ag baint leis an tríú leibhéal ach bheidh diancháiliú ag teastáil chun dul isteach ann. Beidh fáilte roimh dhaoine a chuirfidh spéis sna hábhair: ábhair a bhaineann le cultúr na hÉireann - cultúr na Gaeilge go speisialta - le ceol agus béaloideas, cúrsaí a bhaineann le diagacht agus spioradáltacht agus cúrsaí ar mhuireolaíocht agus ar bhia mara.

cúrsa againn ar gharraíodóireacht órgánach a bhuaigh an chéad áit in Éirinn; ba mhaith liom go bpréamhófaí an fheirmeoireacht orgánach sa dúthaigh seo fad is bheidh na scileanna ag na daoine ar conas prátaí a chur, tuiscint don gcré, don aimsir, don síolchur agus mar sin de.”

Chuireas ceist ar Ó Fiannachta an bhfuil sásta leis an méid atá bainte amach aige ina shaol. Luaigh trí phríomhrud a bhfuil bródúil astu: an foclóir Sean-Ghaeilge ar a raibh ag obair ar feadh cúig bliana déag; an Bíobla a d’aistrigh go Gaeilge agus a foilsíodh i bhfoirm leabhair i 1981; clárú na lámhscríbhinní sa choláiste agus i gcoláistí na gcléireach chomh maith.

Is breá leis a bheith ag scríobh filíochta leis. “Níor thuigeas é sin go dtí le déanaífilíocht chreidimh is a bhíonn ar siúl agam”. Seo mar a chuireann síos ar an spreagadh a mhúsclaíonn filíocht ann:

Ceiliúradh faoi ndear dom tabhairt faoin bhfilíocht an chéad . An tsaoirse is an t-áthas a fuair greim ar mo chroíBhí gile sa spéir, bhí úire san aer, bhí guth na cuaiche le closBhí mo mhagnificat *féin á chanadh agam. (Deora *, 1987) Is é an ceiliúradh sin is a bhraitheas ó Phádraig Ó Fiannachta nuair a bhíos ag caint leis. Bhraithfeá gur fear é atá sásta, a dhéanann a dhícheall daoine eile a dhéanamh sásta agus a chur ar a gcompord chomh maith. An bhfuil aon aidhm eile níos fearr san?

níos eolais le fáil faoin Díseart ag: www.diseart.ie

Is as Corca Dhuibhne í Aoife Chonchúir. Is múinteoir agus dearthóir acmhainní teagaisc í a chaith tréimhse ina cónaí i Meicsiceo an bhliain seo caite.

Aisíoc

Do Mháire Fhiannachta

Bhí deartháirín agam tráth Ach sciob an bás é, Agus mise i gcoláiste. Ghlaoigh ar a mháthair Agus eisean i bpianpháis; Deochon uisce lena shásamh Ina íota géar a cháiseamh.

Looking for his duck A bhí dar leis na húdaráis Ag tabhairt tuairisc’ ar a bhás mháthair larna mhárach ...

An bhearna i mo chroí-se Riamh ó shin níor líonadh

Go bhfaca romham ar bhinse Máirín Óg Fhiannachta Den dara glúin im dhiaidhse Is an gaol eadrainn chomh sínte Nach bhfuil aon seanchaí a ríomhadh Na glúinte trínar síoladh An mianach ceannann céanna Is an Ghaeilge aici chomh líofa Le Micilín i gclúid mo chroí-se.

As an gcnuasach Deora (1987)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.