AGALLAMH BEO
Gearóid Mac Lochlainn
Róisín Armstrong Róisín Armstrong Róisín Armstrong

moladh mór faighte ag an fhile Gearóid Mac Lochlainn ó scríbhneoirí mar Nuala Ní Dhomhnaill agus gradaim bainte aige in Éirinn agus thar lear. Labhair sé le Róisín Armstrong faoi na rudaí a spreagann é le dul i mbun pinn agus faoi ról an fhile sa saol comhaimseartha.

Íomhá
Íomhá
Gearóid Mac Lochlainn i mbun ceardlainne

“Poets with progress make no peace nor pact, the act of poetry is a rebel act” a dúirt an file Michael Hartnett. Is cuí mar sin gur file ceannairceach é Gearóid Mac Lochlainn, a bhuaigh Gradam Filíochta Michael Harnett anuraidh. An ndearcann sé air féin mar sin?

“Déarfainn, duine ar bith atá ag iarraidh guth s’aige a chur chun tosaigh nó guth a chruthú san fhilíocht, gur rud reibiliunach atá sa ghníomh sin,” arsa Gearóid. “Ar dhóigh, tá tú ag dul ar ardán le rudaí a rá. Muna mian leat sin a dhéanamh, thig leat dánta a scríobh duit féin agus gan iad a fhoilsiú. Ach tá spéis agamsa san fhilíocht éisteachta agus sna healaíona go ginearálta - tá suim agam i gcúrsaí drámaíochta agus sa phéintéireacht. I gcás mo chuid filíochta féin, tá scileanna béil agus scileanna ardáin i gceist chomh maith.”

Sin an fáth, is dócha, gur tugadh “performance poetry for the 21st century” ar fhilíocht Ghearóid. Faoi láthair, is file cónaithe é in Ollscoil Uladh, post atá á roinnt le hOllscoil na Ríona. Léann sé go minic óna shaothar féin fud fad na tíre agus is údar roinnt leabhar filíochta é. Bhuaigh an ceann is déanaí uaidh, Sruth Teangacha/Stream of Tongues, gradaim in Éirinn, i Sasana agus i Meiriceá agus mhol an iris mór le rá *The Bloomsbury Review *go hard é.

Baineann Sruth Teangacha, leabhar dátheangach go príomha, le Trioblóidí an Tuaiscirt agus an dóigh a ndeachaigh siad i bhfeidhm ar Ghearóid agus é ina chónaí in iarthar Bhéal Feirste. Níl aon leisce air labhairt amach faoi chúrsaí polaitíochta, beag agus mór.

“Creidim go bhfuil achan rud sa saol polaitiúil - achan rogha, achan fhocal a deir tú, b’fhéidir, is rud polaitiúil é,” ar sé. “Nuair a tháinig an téarma PC isteach sa Bhéarla, léirigh sé gur rud polaitiúil é achan fhocal a deir tú. Braitheann sé ar an chineál tuigbheála atá agat ar an pholaitíocht.

“Sa chuid seo den tír, is drochrud a bheith polaitiúil agus tá daoine neirbhíseach faoin pholaitíocht sa teanga nó san fhilíocht, ach bhí filíocht na Gaeilge i gcónaí polaitiúil - i gcónaí ag plé leis an pholaitíocht, leis an chóras sóisialta, agus bhí ról lárnach ag na seanfhilí i saol an phobail agus iad ag plé le ceisteanna a linne. So, ní rud úrnua é a bheith ag plé leis an pholaitíocht fríd an fhilíocht. Ach is rud difriúil a rá gur rud polaitiúil atá sa teanga í féin.

“Ceann d’aidhmeanna mo chuid filíochta anois ná guth a thabhairt do dhaoine atá gan ghuth, is rud polaitiúil ar an leibhéal sin í.”

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

*My Life is My Sundance *le Leonard Peltier.

Cén ceol is fearr leat?

Ceol na teanga.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

*One Flew Over the Cuckoo’s Nest *(Milos Forman, 1975).

Cá dtéann tú ar saoire?

Tigh Cheallaigh, Béal Feirste.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Trí huaire.

Cén bhialann is fearr leat?

An Caife Glas, Bóthar na bhFál, Béal Feirste.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Leonard Peltier, cime polaitiúil Stát Aontaithe Mheiriceá, anois ina 28ú bliain i Leavenworth.

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Mo mhatháir.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Rialtas Feidearálach Stát Aontaithe Mheiriceá.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

Ní dhéanaim cuntas orthu.

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Ceisteanna.

Ach cad é fán chaint seo fán Ghaeilge a dhípholaitiú ó thuaidh? Nárbh fhearr í a “ilpholaitiú”?

“Tuigim go bhfuil daoine ag baint úsáide as an teanga le “pointí a scóráil” ar dhreamanna eile, ach fiú Sinn Féin, cuir i gcás, níl iontu ach polaiteoirí a fuair vótaí le bheith ar son na teanga agus í a chur chun tosaigh. Déanann daoine eile míléamh air sin agus éiríonn sé iontach amaideach.

“I dtaca liom féin de, bhí tionchar mór ag an pholaitíocht ar mo shaol - cén dóigh a dtiocfadh lena mhalairt a bheith fíor? - agus caithfidh mé aghaidh a thabhairt ar cheisteanna polaitiúla, agus iad a phlé fríd an fhilíocht.”

Rithimí na teanga

Sa lá atá inniu ann tá sé ag amharc ar an teanga féin, an ceol a mhaireann inti, a rithimí agus a beocht nádúrtha, agus tá sé ag glacadh ama leis na gnéithe sin uilig a iniúchadh. Fillfidh sé ar cheisteanna polaitiúla sa chéad leabhar eile, a deir sé.

Ach cad é an tionchar a imrítear ar chuid de mhuintir Bhéal Feirste a thiontaíonn ina nGaeilgeoirí iad?

D’fhoghlaim Gearóid méid éigin Gaeilge ar an bhunscoil agus ó sin chuaigh sé go Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste thiar, scoil a bhí á riaradh ag na Bráithre Críostaí agus ina raibh an Ghaeilge ar fáil mar ábhar. Bunús bhliain Gearóid, dhiúltaigh siad an Ghaeilge a roghnú nuair a fuair siad an deis, ach lean Gearóid léi.

I dtrátha an ama chéanna, bhog clann Ghearóid go Cill Uaigh ar imeall iarthar Bhéal Feirste, áit a raibh Clann Mhic Ainmhire ina gcónaí, ceann de na chéad teaghlaigh ina raibh na páistí á dtógáil le Gaeilge. D’éirigh Gearóid mór le Mícheál Mac Ainmhire agus rinne siad conradh nach labharfadh siad Béarla lena chéile.

Sa tréimhse seo, thosaigh siad ag dul chuig Cumann Chluain Ard, cumann a bhfuil clú na dea-Ghaeilge tuillte go maith aige le trí scór bliain anuas. Bhain na hógánaigh an-sult as an chuideachta (Albert Fry ina measc), as an cheol, as an ghreann, as an bheár!

Chuaigh Gearóid chuig an Ollscoil le Gaeilge a dhéanamh ach níor fhan sé i bhfad ina cheann. Béarla agus Fealsúnacht Scolártha a roghnaigh sé sa dara bliain.

“Rinne mé staidéar ar an Ghaeilge sa chéad bhliain ach ansin thit mé amach,” ar sé. “Ábhar acadúil amháin a bhí ann agus bhí sé an-trom - ní raibh pléisiúr ar bith le baint as. Bhí suim agamsa sna hamhráin agus sa scéalaíocht, agus sa chraic i gCumann Chluain Ard.”

Ní saol furasta é bheith i d’fhile i dteanga mhionlaigh, ach, mar a deir Gearóid fán Ghaeilge, “glaonn sí ort, ní féidir a seachnadh, bíonn sí i gcónaí ar foluain os do chionn.”

Tá geineas éigin de dhíth le filíocht mhaith a scríobh i dteanga nach í do mháthairtheanga í, ach is rud as an ghnách ar fad é dánta a scríobh a bhfuil áilleacht, armóin agus rithim iontu.

Cultúir bhriste

Agus tú ag caint le Gearóid, is léir go bhfuil gortú ann, an gortú a bhaineann leis na glúnta a chaith bunús a saoil i lár cogaíochta anseo in Éirinn, nó in áiteanna eile sa domhan a bhfuil cultúir bhriste iontu.

Ceann de na cultúir ghonta sin é cultúr na mBundúchasach Meiriceánach, dream a bhfuil spéis ar leith ag Gearóid iontu.

taighde déanta aige ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir taithí na mBundúchasach agus taithí na hÉireann, ó thaobh cúrsaí teanga sa tréimhse iarchoilíneach.

Chaith Gearóid roinnt míonna ar Thearmann, nó Reservation, i Dakota Theas, agus tá rún aige a leithéid a dhéanamh arís. Is léir gur fhág an t-am a chaith sé ansin rian air, ní hamháin an meas atá acu ar a dteanga dhúchais, ach an dóigh a sáraítear a gcearta daonna lá i ndiaidh lae.

Cuireann na híomhánna atá ina chuimhne isteach air go fóill.

“Tá na daoine seo ina gcónaí i gcampa géibhinn,” a deir sé fá threibh na Lacótá. “Tá teorainn maidir leis na háiteanna a dtig leo dul, tá dlíthe diana ina n-éadan taobh amuigh den Tearmann, táthar i gcónaí á gcuartú agus á gciapadh,” arsa Gearóid.

Chuir Gearóid suim sna “hIndiaigh” agus é ag léamh leabhar fúthu nuair a bhí sé ina dhéagóir. Fuair Crazy Horse greim ar a shamhlaíocht agus chinn sé ar dhul go Meiriceá. Bhí sé traidhfil de bhlianta sula bhfuair sé an seans.

“Rinne mé cuid mhór taighde sula ndeachaigh mé amach agus bhí mé ag iarraidh comparáidí a dhéanamh idir cultúr na Lacótá agus an cultúr Gaelach, agus stair an dá theanga. Mar shampla, bhíodh an bata scoir ag na Lacótá mar a bhíodh in Éirinn. Bhí náire ar an seandream agus dhiúltaigh siad an teanga a theagasc dá bpáistí, mar go raibh níos mó “féidearthachtaí” ag baint leis an Bhéarla.

“An rud ba mheasa fá sin, ar ndóigh, ná gur scrios sé féinmheas na ndaoine agus an meas a bhí ag daoine óga ar chultúr agus ar theanga s’acu féin.”

Coimeádachas

Deir Gearóid go bhfuil an coimeádachas go láidir, fiú i measc Ghaeilgeoirí “radacacha” Bhéal Feirste. Níl mórán scríbhneoirí óga ag teacht chun tosaigh, dar leis, ach tá seisean ag déanamh a dhíchill, ag iarraidh daoine óga a spreagadh le ceardlanna agus ranganna. Tá an post mar scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Uladh an-tábhachtach dó mar gur féidir leis tionchar a imirt ar dhaoine óga ag an tríú leibhéal.

“Caithfidh aoisghrúpa s’agamsa a bheith ag smaoineamh ar dhaoine atá ag teacht inár ndiaidh, mar níl *role models *ar bith ann do dhaoine óga,” ar sé.

Is maith leis ceoltóirí ar nós Manu Chao agus Orchestra Baobab, a chanann san iliomad teangacha: Spáinnis, Fraincis, Mandinka, Kriol, Béarla, Franglais féin. Níl eagla ar bith orthu teangacha a mheascadh le chéile, agus tá meas acu ar an uile cheann - an príomhrud, dar leo, ná an teachtaireacht atá acu a chur in iúl. Taitníonn an t-ilnáisiúnachas seo le daoine óga, dar le Gearóid.

Tá suim ar leith fosta ag Gearóid i bhfile Afganastánach darb ainm Rumi. Tá sé ag ullmhú aistriúchán ar fhilíocht an fhile Dervish, a scríobh comhráite beaga fá shaol na hAfganastáine ársa agus a gcluineann Gearóid a macallaí i Meánoirthear an lae inniu. Tá ceangal ag filíocht Ghearóid le saothar Rumi. Tá an spioradáltacht, an ceol agus an damhsa, fite fuaite i bhfilíocht na beirte.

Dúirt Fergus Linehan, agus é ag caint ar chlár raidió faoi Fhéile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath: “It’s not a question of Irish kitchen sink and European avant garde”, ag tagairt don dóigh a bhfuil an tsamhlaíocht Éireannach ag spréadh amach agus ag cuartú ionsparáide ón uile áit agus ón uile thréimhse.

Tá filí na Gaeilge ar an ealaín chéanna. Tá Gearóid ag dul go dtí an tSlóvéin ag deireadh na míosa, áit a mbeidh filí ó Thír na mBascach, agus ón Bhreatain Bheag. Is cinnte go rachaidh an teagmháil seo le teangacha eile chun sochair na Gaeilge.

Tá Gearóid ag obair faoi láthair ar leabhar leis an phéintéir agus píobaire Brian Vallely as Contae Ard Mhacha, sampla eile den chomhoibriú idirealaíon atá ar siúl aige, go háirid idir an ceol agus an fhilíocht.

Sa tseanaimsir, bhíodh filí ag dul thart leis na cruiteoirí dalla agus d’aithrisíodh siad a gcuid filíochta, scil ar leith ar ndóigh. Ó Cearbhalláin féin, scríobh sé i mBéarla. “Performance artists” a linne a bhí iontu agus na daoine a d’imir tionchar ormsa - leithéidí Bob Dylan agus Bob Marley - ainneoin gur amhránaithe agus ceoltóirí iad, is filí iad fosta a bhaineann úsáid as friotal agus teanga mar a rinne na filí Gaelacha sa tseanaimsir.”

Agus sin mar atá Mac Lochlainn. Tá rithimí an *rap *agus *hip-hop *chomh maith le jigeanna agus ríleanna le cluinstin ina chuid véarsaí. Is léiriú iad a chuid dánta ar an cheol atá taobh istigh de féin. Fear cúthail agus modhúil é Gearóid, a tógadh i gclann a cheol sular labhair siad. Nuair a amharcann tú air, is follasach go bhfuil ceol inmheánach á oibriú i gcónaí.

Is iriseoir í Róisín Armstrong a bhfuil cónaí uirthi i gContae an Dúin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.