AGALLAMH BEO
Turas Teanga: cúrsa nua ilmheáin d’fhoghlaimeoirí Gaeilge
Odi Ní Chéilleachair Odi Ní Chéilleachair

Déanfar sraith nua teilifíse 20 páirt dar teideal Turas Teanga, atá dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge ag an meánleibhéal, a chraoladh ar RTÉ agus ar TG4 ó dheireadh mhí Eanáir ar aghaidh. Tá na cláracha sa tsraith mar chuid de chúrsa teanga ilmheáin, ina bhfuil leabhar (arna fhoilsiú ag Gill and Macmillan), dlúthdhioscaí, suíomh gréasáin, dioscaí digiteacha ilúsáide (DVDs) (a eiseofar i mí an Mhárta 2004) agus cláracha raidió. Tá na heilimintí difriúla seo den chúrsa comhtháite go hiomlán.

Tá *Turas Teanga *dírithe den chuid is mó orthu siúd a rinne staidéar ar an nGaeilge san am a chuaigh thart agus a thuigeann roinnt mhaith den teanga, ach nach bhfuil mórán deiseanna faighte acu le blianta beaga anuas ar í a úsáid. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa an mhuinín a thabhairt do na foghlaimeoirí leis an teanga a úsáid agus cabhrú leo cainteoirí Gaeilge ó gach cearn den tír a thuiscint.

Tá trí dhlúthdhiosca ag dul leis an leabhar, ar a bhfuil na comhráite ón tsraith teilifíse, mar aon le réimse leathan gníomhaíochtaí don fhoghlaimeoir. Tá an leabhar, dála na gcláracha teilifíse, furasta a úsáid agus spraíúil. Is féidir é a úsáid leis féin nó i gcomhar leis na meáin eile, go háirithe na dlúthdhioscaí.

Is í Sharon Ní Bheoláin ó Sheomra Nuachta RTÉ láithreoir na gcláracha teilifíse. Tá meascán bríomhar míreanna sna cláracha, ina measc cuairteanna ar cheantair Ghaeltachta, agallaimh le daoine as gach cineál cúlra, ceol, amhránaíocht agus damhsa. Tá an mhír ‘An Teach Faoi Ghlas’, scigaithris ar Theilifís na Réaltachta, le fáil ag deireadh gach cláir. Cuirtear deichniúr carachtar in aithne dúinn atá ag maireachtáil in aontíos agus atá ansin go príomha ar mhaithe le titim i ngrá.

I measc na n-áiteanna atá le feiceáil sa tsraith teilifíse, tá ceantair Ghaeltachta Phort Láirge, Chiarraí, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Dhún na nGall agus na Mí, mar aon le Béal Feirste, Baile Átha Cliath agus Corcaigh.

Tá siollabas cumarsáideach, a cuireadh le chéile go cúramach, mar thaca faoin gcúrsa. Tá an bhéim sa siollabas seo ar thoipicí agus ar fheidhmeanna teanga. Dírítear i ngach clár sa tsraith, agus san aonad atá ag freagairt dó sa leabhar, ar phríomhthoipic amháin. I measc na dtoipicí sin tá an tOideachas, Cúrsaí Oibre, Cúrsaí Sláinte, Taisteal, an Teicneolaíocht, na Meáin Chumarsáide, agus Cairdeas agus Grá. Tugtar míniú simplí sothuigthe ar an ngramadach sa leabhar agus seachnaítear téarmaíocht chasta. Tá iarracht déanta tríd síos gan ach an ghramadach atá ag teastáil i gcomhthéacs toipice a chur i láthair, agus gan an iomarca di a bheith i gceist.

Tá go leor le fáil ar shuíomh gréasáin Turas Teanga ag www.rte.ie/tt, mar shampla comhaid fhuaime agus fhíse, rannóg chuimsitheach gramadaí agus eolas faoin nGaeilge.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.