AGALLAMH BEO
TK Whitaker
Bernardine Nic Giolla Phádraig Bernardine Nic Giolla Phádraig Bernardine Nic Giolla Phádraig

Áirítear TK Whitaker ar dhuine de na daoine is tábhachtaí a bhí bainteach le cúrsaí geilleagair in Éirinn sa 20ú haois. Labhair sé le Bernardine Nic Giolla Phádraig faoina shaol mar statseirbhíseach agus faoina shuim sa Ghaeilge.

Íomhá
Le caoinchead Photocall

Is maith le TK Whitaker “fear 1916” a thabhairt air féin go magúil, ní de bharr gur ghlac sé páirt sa chomhrac, ar ndóigh, ach de bharr gur sa bhliain sin a rugadh é, i Ros Treabhair, Contae an Dúin. Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am). Téann an liosta ar aghaidh is ar aghaidh...

Nuair a thug mé cuairt air ina theach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, ba dheacair dom a chreidiúint go bhfuil an fear ard, leathan, díreach a d’fháiltigh romham go maith os cionn ceithre scór bliain d’aois. Ó thús an agallaimh, ba léir go raibh meascán den fhoirmeáltacht éifeachtach agus den chairdiúlacht ag baint leis; é dírithe go hiomlán díograiseach agus dáiríre ar mo cheisteanna ach ansin ag baint siar asam lena mheangadh mór nádúrtha nó lena gháire sona séimh, rud a rinne sé go minic.

Is faoin nGaeilge a theastaigh uaidh caint ar dtús. “Is éadóigh go mbeifí ag súil le Gaeilge ó dhuine de mo shloinnese, b’fhéidir,” a deir sé faoi féin, “ach tá sí sa dúchas ionam ar thaobh mo mháthar.”

B’as deisceart Chontae an Chláir dá mháthair agus cainteoirí dúchais ab ea a tuismitheoirí siúd. Dála go leor dá nglúin, áfach, chinn siad ar a gclann a thógáil le Béarla. “Ach ní raibh na paidreacha laethúlaranna páistí ar eolas acu as Béarla agus, dá thairbhe sin, bhí “Ár nAthair”, “Sé do Bheatha Mhuire” agus “Bó na Leathadhairce” go cruinn ag mo mháthair go lá a báis - agus mhair sí an céad!”

Bhog muintir Whitaker go Droichead Átha i 1922. Ar mheánscoil na mBráithre Críostaí dó ansin, mhúscail Peadar Mac Cana, “múinteoir tuata agus fear iontach”, suim Ken sa Ghaeilge. “Thagadh sé isteach leathuair an chloig luath gach maidin chun Fraincis a mhúineadh do bhaicle bheag againn mar nach raibh an Fhraincis ar chlár na scoile ag an am. D’fhág sin go raibh an dá theanga sin agam agus teacht agam ar an litríocht sa dá theanga. Is saibhride go mór mo shaol an t-eolas agus an tsoilseacht sin.”

An t-aon aiféala atá ar Whitaker ná nár thuig sé go dtí go raibh sé ródhéanach go raibh an Ghaeilge ar a toil ag a sheanmháthair agus gur chaill sé an deis labhairt léi ina teanga dhúchais.

D’fhan Whitaker dílis don Ghaeilge ar feadh a shaoil agus, i 1979, ceapadh é mar an chéad chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge. “Is ormsa agus ar an gcuiditheoir is mó a bhí agam ag an am, an Príomh-Oifigeach, Seán de Fréine, a thit an dualgas an bord nuabhunaithe a thabhairt ar aghaidh agus bord reachtúil a dhéanamh de.”

An rud mó a bhfuil bród air as i rith a thréimhse mar chathaoirleach ar an mBord ná gur spreag sé na filí Seán Ó Tuama agus Tom Kinsella teacht le chéile chun *An Duanaire *1600-1900 a chur le chéile. “Shíl mé go raibh lena leithéid chun go mbeadh níos mó eolais ag a lán daoine ar an oidhreacht shárluachmhar atá againn sa Nua-Ghaeilge.”

Éadóchasach faoin nGaeilge

Admhaíonn sé gur minic a bhíonn sé éadóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge: “Tá faitíos orm go dtiocfaidh an oíche go mbeidh an pictiúr den chainteoir deireanach de chuid na Rosann ar chlár teilifíse,” a deir sé. Cuireann sé a lámha chuig a chlár éadain agus leanann sé air ag machnamh.

Is cuimhin leis comhrá Gaeilge a bheith aige ar an 15 Lúnasa, 1933 le seanmhná in Óméith a bhí ag déanamh Thuras na Croise. Is cuimhin leis chomh maith gur thug sé cuairt, i gcuideachta an Chairdinéil Conway, ar an tseanbhean dheireanach a raibh Gaeilge aici in Óméith. Fiú in Iorras i gContae Mhaigh Eo, áit a bhfuil cóir curtha aige ar sheanteach scoile, níl Gaeilge, a deir sé, ach ag an dream atá ar comhaois leis féin den chuid is mó. Dá bhrí sin, agus ag machnamh dó ar stair a chlainne féin, tá meath na nGaeltachtaí feicthe cheana aige i gcás trí cheantar acu.

cion ar leith aige ar Ghaeltacht na Rosann ó thosaigh sé ag tabhairt cuairte ar an dúiche sin nuair a fuair sé scoláireacht dul ann agus é ina ghasúr. Ar an turas traenach dó ann, shíl sé triail a bhaint as a chuid Gaeilge le scaifte seanbhan a bhí tar éis teacht ar an traein ag Leitir Ceanainn. “Cén t-ainm atá ar an sliabh sin, le do thoil?”, arsa seisean i nGaeilge mhall, chúramach le duine acu. “Cad é atá sé ag ráit?” arsa sise lena comrádaí siúd. “C’ainm atá ar an chnoc údaí thall?”, a mhínigh an tseanbhean eile agus b’ansin a thuig Ken óg gur mhór an difríocht idir Gaeilge na scoile agus caint na ndaoine!

Ní i gcónaí a bhíonn sé éadóchasach faoi thodhchaí na teanga, áfach. “Nuair a smaoiním ar a láidre is atá an Ghaeilge ina lán ceantar go fóill, ar chumas foirfe scríbhneoirí agus iriseoirí na Gaeilge, ar thacaíocht an phobail do na Gaelscoileanna agus ar an meas a thugtar go coitianta don dúchas, díbrím an duairceas agus bím dóchasach arís.”

An rud is mó a theastaíonn, creideann sé, ná níos mó comhthéacsanna ina n-aithneofaí go bhfuil sé nádúrtha an Ghaeilge a labhairt ionas nach mbeadh leisce ar éinne an teanga a úsáid ar eagla a bheith dímhúinte. An é atá i gceist aige an chaoi a n-iompaíonn grúpa Gaeilgeoirí ar an mBéarla nuair a bhíonn duine amháin sa chomhluadar gan Ghaeilge? “Sea. Ní dóigh liom go mbíonn na Breatnaigh mar sin,” a deir sé. “Má bhíonn duine aonair sa chuideachta (nach bhfuil Breatnais aige), is cuma leo.” Agus ní dóigh leis go bhfuil sé sin dímhúinte? “Ní dóigh liom é,” a fhreagraíonn sé. “Ba mhaith liom go mbeadh glactha leis go coitianta gur mar sin a bheadh.”

Dhíríomar ansin ar an bhfeachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach. “Is éard ba mhian liomsa ná go mbeadh an Ghaeilge ar aonchéim ó thaobh aitheantais agus measa le teangacha eile na mór-roinne. Ach ar an taobh eile de, ba leasc liom daoine a chur ag aistriú raidhse mhór cáipéisí go Gaeilge nach mbeadh éileamh orthu fiú ag Gaeilgeoirí féin. Ba chur amú ama agus airgid agus talainn é sin. Ba cheart, dar liom, a bheith sásta leis na doiciméid is tábhachtaí a bheith ar fáil i nGaeilge, na conarthaí agus a leithéid; an dúshraith bhunreachtúil.”

Deireadh na gcaogaidí

Is mar eacnamaí, seachas mar Ghaeilgeoir, áfach, a bhain Whitaker amach ionad sa stair dó féin. Ag deireadh na gcaogaidí ceapadh é mar Rúnaí ar an Roinn Airgeadais agus, le linn a thréimhse sa roinn sin, chuir sé polasaithe maidir le sochair chánach d’infheisteoirí eachtrannacha, saorthrádáil agus tráchtáil onnmhairíochta chun cinn - bunchlocha an gheilleagair a tháinig faoi bhláth sna nóchaidí. An é seo an fhís a bhí aige curtha i gcrích mar sin?

“Tá mé breá sásta go raibh faill agam sna caogaidí athrú bunúsach polasaí a bhunú agus a threorú, is é sin an caomhnachas a thréigint agus dul in iomaíocht leis an domhan mhór. Níl de dhíth anois ach féachaint chuige go mbeimid i gcónaí ullamh don iomaíocht sin agus go roinnfear an toradh go cothrom ar mhaithe le bochtanas agus easpaí eile a laghdú.” Nuair a fhiafraím de an dóigh leis go bhfuil an rialtas ag baint na húsáide is fearr as na hacmhainní atá ar fáil acu chun na heaspaí sin a laghdú, tugann sé freagra pearsanta.

An aontaíonn tú le cosc an Aire Shláinte ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna?

(Le meangadh) Aontaím.

Ar chaith tú féin riamh?

(Le meangadh níos mó) Chaith. Ach d’éirigh mé as, b’fhéidir tríocha bliain ó shin.

An raibh sé deacair?

(Ag gáire) Lig mé orm nach raibh mé ag déanamh rúin ar bith ach ag staonadh ón gcéad cheann eile a ghlacadh agus d’éirigh go maith liom mar sin.

Cad é do mheas ar an vótáil leictreonach?

Measaim gur cheart dul sa treo sin ach a bheith chomh deimhin is is féidir nach rachadh an córas as a riocht cé acu de thaismeas mioscais a tharlódh sé sin. Is éadóigh go bhfuil córas ar bith saor ó locht. Ach is é an córas is iontaofa, is fusa a úsáid, is saoire, agus is gaiste chun toradh a chur ar fáil an ceann atá le moladh, más ann dó! Agus mura bhfuil ann dó, an córas is mó a shásóidh an chuid is tábhachtaí de na coinníollacha sin.

An rud is mó a bhfuil tú sásta gur bhain tú amach i do shaol?

Cuidiú le forbairt na tíre.

An bhfuil aon rud go bhfuil aiféala ort nár bhain tú amach?

(I nguth láidir dearfa) Níl! (Ag gáire anois faoina chinnteacht féin!)

An bhfuil aon rud a theastaíonn uait a bhaint amach go fóill?

Níl aon rud ar leith. Ach ba mhaith liom, tar éis fiche bliain eile faoi bhláth ar an saol seo, a bheith i gcuideachta mo ghaolta is mo chairde ar neamh!

Fuair tú gradam “The Greatest Living Irishman” in 2002. Le linn do shaolsa cén duine is mó a raibh meas agat féin air/uirthi?

Ar na daoine is mó a raibh meas agam orthu le linn mo shaoil bhí, mar oide spreagthach, Peadar Mac Cana; mar státaire éifeachtach, Seán Lemass; agus mar chaomhnóir oidhreachta, Séamus ó Duillearga.

Cad iad na buanna a bhí acu a raibh meas agat orthu?

Dílseacht, ní hamháin don dúchas ach don luach atá i ndaoine óga, coinsias a bheith acu a ndícheall a dhéanamh chun cuidiú le daoine eile; flaithiúlacht agus éifeachtacht.

Cén clár teilifíse is fearr leat?

Breathnaím ar an nuacht go coitianta. Agus leithéidí “Primetime”; cláracha a bhfuil díospóireacht mhaith le fáil iontu.

An Éire ba mhaith leat a bheith ann do pháistí do gharpháistí?

Éire dhátheangach agus Éire a bheadh ar thús cadhnaíochta san Eoraip. Tír ina mbeadh an saol go socair, sibhialta; síocháin, sláinte agus cúram i réim.

“Maidir liom féin, bheinn sásta gan an t-ardleibhéal cánach a bheith íslithe chomh mór sin dá rachadh an t-airgead chun an bochtanas agus na heaspaí eile atá i gcúrsaí sóisialta, an tseirbhís sláinte, cuirim i gcás, go bhféadfaí feabhas a chur orthu sin. B’fhearr liom tuilleadh a bheith ag dul don dream atá thíos agus gan an oiread sin a thabhairt dúinne atá go maith as.”

Tugann sé rabhadh maidir le luach idirnáisiúnta an euro a bheith imithe in airde, áfach. “Tá sé níos deacra anois ár gcuid earraí agus seirbhísí a dhíol taobh amuigh den Aontas agus bheadh sé an-amaideach an bac seo a mhéadú dár ndeoin féin trí chostaisí a ardú.”

An dóigh leis gur cailleadh aon rud mar thoradh ar an dul chun cinn sa gheilleagar; ar chailleamar aon rud mar shochaí leis an bhforbairt sin? “Ní tharlaíonn aon athruithe, fiú amháin athrú chun feabhais, gan ceataithe cinnte a bheith ag baint leis agus, cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois, is laige anois, creidim, an tionchar ar iompar na ndaoine, meas na gcomharsan agus an mhoráltacht thraidisiúnta. Ach, os a choinne sin, is treise muid ó thaobh oideachais agus neamhspleáchais phearsanta.”

An lá sular bhuail mé le hiar-Rúnaí seo na Roinne Airgeadais, bhí Runaí Baile na Breataine Móire tar éis fógairt go gcuirfí srianta i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh do shaoránaigh na dtíortha nua atá ag teacht isteach san Aontas Eorpach i mí na Bealtaine. Ba é tuairim Whitaker, áfach, nár cheart don rialtas anseo a shampla a leanúint. “Creidim go bhfuil polasaí an rialtais anseo faoi láthair an-chiallmhar. Ba chóir an doras a fhágáil oscailte do dhaoine macánta atá ag iarraidh fostaíocht agus fothain a fháil anseo.” Ach cad faoi dhaoine a bheadh ag teacht anseo de bharr nach bhfuaireadar leas sóisialach sa Bhreatain Mhór? “Bhuel, má tharlaíonn sin caithfimid a bheith réidh fána choinne.”

éiteas na seirbhíse poiblí gar do chroí Whitaker i gcónaí. “Mar choincheap tá seirbhís phoiblí le moladh go hard. Tá neart agus inspioráid ann i gcónaí. Ní ligim féin faill ar ceal ach ag gríosadh daoine óga chun slí bheatha den tsórt sin a thoghadh.”

Tuigeann sé go bhfuil an-chuid deiseanna fostaíochta ag daoine cumasacha sa lá atá inniu ann agus nach bhfuil an státseirbhís chomh tarraingteach is a bhí le linn a óige siúd, ach tá sé cinnte nach bhfuil deacracht ag an státseirbhís daoine ag a bhfuil cáilíochtaí an-arda a mhealladh fós. “Tá na comhairleoirí sa státseirbhís an-oilte agus an-dúthrachtach i gcónaí agus ba cheart gur go hannamh a lorgófaí comhairle ó shaineolaithe ón taobh amuigh.”

Cainteanna na seascaidí

Ceann de na gníomhartha ceannródaíocha ina raibh Whitaker lárnach le linn a ré féin sa státseirbhís ná na cainteanna sna seascaidí idir an Captaen Terence O’Neill, Príomhaire Thuaisceart Éireann, agus an Taoiseach, Seán Lemass. Bhí an bheirt cheannairí ag iarraidh comhoibriú cuimsitheach a chothú idir an dá chuid den oileán - ach bhí stair de shórt eile i ndán don Tuaisceart, faraor.

“Bhí díomá orm, dar ndóigh, leis an gcaoi a ndeachaigh cúrsaí in olcas sa Tuaisceart. Ba thruamhéileach an ní é an oiread sin daoine bás a fháil gan choinne gan tairbhe le linn na dTrioblóidí. Ba shólás croí mór dúinn go léir go dtángthas ar chomhréiteach, Comhaontú Aoine an Chéasta, i 1998. Os a choinne sin, is fada linn nár shrois muid ceann scríbe go fóill, is é sin córas seasmhach daonlathach a mbeadh toil phobal an Tuaiscirt go hiomlán leis. Ach ní féidir staonadh ón iarracht. Is é an dul chun cinn is mó, creidim, ná go nglactar leis go forleathan anois gur le haontú phobal an Tuaiscirt amháin agus nach de bharr foiréigin a thiocfas aon athrú sa chóras bunreachtúil ansin.”

Má ghlactar leis go forleathan anois, níorbh amhlaidh nuair a chéadmhol Whitaker gurb é sin an t-aon bhealach chun tosaigh. Dar leis an iriseoir and staraí John Bowman, sa chlár fáisnéise faoi Whitaker sa tsraith “Nation Builders”, bhí bunphrionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 go léir breactha síos ag Whitaker tríocha bliain roimhe sin nuair ba é a chomhairligh Jack Lynch faoi chúrsaí an Tuaiscirt.

Tá ábhar eile a dhéanann buartha dó. “An díomá agus an chontúirt is mó, dar liom, ná nach bhfuil deireadh go fóill leis na grúpaí armtha nach ngéilleann don dlí agus a chleachtann an bhrúidiúlacht.”

Luaim leis an Uasal Whitaker go bhfeictear dom gurb é a fhealsúnacht phearsanta ná dearcadh dearfach a bheith ag duine fiú agus é i ngleic le fadhbanna móra. Aontaíonn sé liom. “Sin bua a bhí agam, bhí mé in ann teacht ar chinneadh, bhí mé in ann m’aigne a dhíriú ar rud agus gan a bheith róbhuartha faoi ina dhiaidh sin.”

In ainneoin a ghnóthaí is a bhí sé ina shlí bheatha, deir Whitaker nach raibh sé chomh deacair sin cothromaíocht a fháil idir saol an teaghlaigh agus cúraimí stáit. “Bhí mé in ann a bheith i gcomhluadar mo mhná agus mo pháistí go minic agus fiú seal a chaitheamh ag imirt gailf nó ag iascaireacht. Ach thug mo chúraimí stáit orm tréimhsí a chaitheamh ag obair go déanach san oíche sa bhaile agus tréimhsí eile a chaitheamh ag obair thar lear.” Gáireann sé go ciúin ansin. “Is cosúil gur dá bharr sin nár thoiligh duine ar bith den seisear clainne s’againne dul isteach sa státseirbhís, ach ní mé!”

Bheadh sé deacair do dhuine ar bith leithéidí T K Whitaker a leanacht in aon cheann dá iliomad rólanna poiblí i saol na tíre seo. Ní haon chúis iontais é gur ainmníodh é *"The Greatest Living Irishman” *i Samhain na bliana 2002.

Ar chríochnú an agallaimh dúinn, threoraigh sé mé amach an geata go dtí an bóthar gnóthach agus chroith sé a lámh in airde nuair a d’éirigh liom gluaiseacht ar aghaidh sa trácht. Is é an meangadh mór nádúrtha a bhí ar a aghaidh a fhanann i mo chuimhne.

Is as Baile Átha Cliath í Bernardine Nic Giolla Phádraig. Is múinteoir agus léiritheoir teilifíse í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.