Tá Aled Eirug, Ceannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha le BBC na Breataine Bige, i ndiaidh tuarascáil a scríobh faoin chraoltóireacht trí Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, tuarascáil a mbeidh an-tionchar aici ar earnáil na teilifíse sna blianta atá amach romhainn. Labhair Robert McMillen leis le gairid.
Agus mé ag fás aníos sna 1970í, ag cur suime i gcúrsaí Gaeilge den chéad uair, bhí mé riamh in éad leis na Breatnaigh. Spreag muintir Cymdeithas yr Iaith Gymraeg mé, chuir mé an-dúil i rac-cheol na Breatnaise agus, níos faide anonn, d’amharc mé ar an stáisiún S4C ar bhonn laethúil. Anois, tá Breatnach ar tí tionchar a imirt ar sholáthar cláracha teilifíse Gaeilge ar an BBC sna Sé Chontae.
Iarradh ar Aled Eirug tuarascáil a scríobh ar an dóigh ab fhearr a dtiocfadh leis “an chraoltóir náisiúnta” dul chun cinn a dhéanamh maidir le freastal ar éilimh phobal na Gaeilge ó thuaidh.
Tá Aled ag obair don BBC in Abertawe (Swansea) faoi láthair mar chuid den tionscadal Nations and Regions, agus is duine é a bhfuil taithí leathan aige i réimse na craoltóireachta.
Roimh dhul go dtí an BBC, chaith sé tréimhse ag obair mar thaighdeoir, mar léiritheoir agus ansin mar eagarthóir i rannóg cúrsaí reatha HTV. I 1991, d’aistrigh sé chuig an BBC, áit a bhfuair sé post mar eagarthóir sa rannóg cúrsaí reatha Breatnaise, agus i mí Dheireadh Fómhair 1992 ceapadh é mar Cheannasaí Nuachta agus Cúrsaí Reatha ar BBC Wales, rud d’fhág go raibh sé i gceannas ar an dara roinn is mó dá leithéid taobh amuigh de Londain. (Déanann BBC Wales 280 uair an chloig de chláracha do S4C, dála an scéil).
Ó ceapadh é sa phost sin, tá Aled i ndiaidh go leor cúraimí móra a bheith air - na toghcháin Eorpacha i 1994 agus 1999, mar shampla, olltoghchán 1997 agus an chéad toghchán do Thionól Náisiúnta na Breataine Bige.
Rinne sé dhá chlár fosta ar Chogadh na mBórach agus léirigh sé dráma dar teideal “Care”, a rinne plé ar mhí-úsáid ghnéasach i ndílleachtlanna sa Bhreatain Bheag.
Cainteoir dúchais
Ainneoin gur rugadh Aled Eirug i Londain, is cainteoir dúchais Breatnaise é, mac le beirt Bhreatnach a phill ar an fhód dúchais go luath i ndiaidh d’Aled a theacht ar an saol.
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
*The Terracotta Dog *le hAndrea Camilleri, scéal bleachtaireachta.
Cén ceol is fearr leat?
Snagcheol éadrom.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
*Apocalypse Now *le Francis Ford Coppola (1979).
Cá dtéann tú ar saoire?
Áiteanna éagsúla. Tá mé i ndiaidh pilleadh ó mhí na meala ar chósta Amalfi na hIodáile.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Ceithre huaire.
Cén bhialann is fearr leat?
An ceann Francach thart an coirnéal on BBC atá druidte anois.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Mo thuismitheoirí.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
Nelson Mandela.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Lucht leanúna fhoireann rugbaí Shasana.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
Barraíocht.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Díobháil ama agus airgid - san ord sin.
An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?
Tá mé iontach sásta le mo shaol ach cinnte ba mhaith liom a thuilleadh a bhaint amach.
“Tógadh mé i lár na Breataine Bige agus in Abertawe, agus chuaigh mé chuig Ollscoil Aberystwyth. Deirtear gur in Aberystwyth atá an Roinn Cheilteach is mó ar domhan. Rinne mé staidéar ar an Bhreatnais - ní ar an Ghaeilge - ach ba é an stair an mórábhar a rinne mé don chéim,” arsa Aled.
Ó Aberystwyth, chuaigh sé chuig an London School of Economics lena dhara chéim - MSc i bPleanáil Chathrach agus Réigiúnach - a dhéanamh.
“Ag an am sin, bhí cuid mhór agóidíochta ag dul ar aghaidh leis an Bhreatnais a chur chun cinn, agus i 1982 bunaíodh S4C. Bhí an-suim agam agus mé in Aberystwyth i gcúrsaí craoltóireachta agus an Bhreatnais. Bhí mé an-ghníomhach ag cur polasaithe chun tosaigh a bhain le pleanáil teanga agus le craoltóireacht.”
Bhí Aled den bharúil nach cuid den saol comhaimseartha a bheadh sa Bhreatnais mura mbeadh craoltóireacht ag dul ar aghaidh trí mheán na teanga. “Bhí gníomhaígh teanga ag cur brú mór ar na húdaráis S4C a bhunú, ach fosta bhí brú ag teacht ó dhaoine a bhí míshásta go raibh cláracha Breatnaise á gcraoladh ar an BBC agus ar ITV. Mar sin, bhí siadsan lánsásta an Bhreatnais a bheith á bogadh amach as a mbealach.”
Fiafraím de ar cheart do na Gaeil a bheith in éad leis na Breatnaigh. Cad é chomh láidir is atá an Bhreatnais in 2003?
“An rud is iontaí, dar liom féin, fán teanga ná an dóigh a bhfuil dípholaitiú déanta uirthi le fiche bliain anuas,” ar sé. “Amharc ar an mhéid atá bainte amach. Tá cainéal teilifíse Breatnaise bunaithe. Tá Bord na Breatnaise, eagraíocht reachtúil leis an Bhreatnais a chur chun cinn, bunaithe. Tá an Bhreatnais éigeantach sna scoileanna do dhaltaí faoi bhun 16 bliana. Tugtar a luach don teanga i gcinneadh ar bith a ghlacann an Tionól Náisiúnta. Sin rudaí tábhachtacha atá bainte amach le fiche bliain nó mar sin anuas.”
Tá dul chun cinn á dhéanamh ag an teanga i measc daoine óga, dar leis, agus bíonn tionchar ag S4C orthu nuair a bhíonn siad ag cuartú “role models”, ach, dála na hÉireann, níl an oiread céanna de na rudaí a spreagann daoine óga ar fáil sa teanga mhionlaigh agus atá sa Bhéarla.
“Tá an t-uafás oideachais fríd an Bhreatnais againn, ach an bhfuil go leor ann do na páistí sin i ndiaidh am scoile? Tá fadhb eile ann sa mhéid is go bhfuil dlúthbhaint ag an Bhreatnais le hoideachas agus leis an scoil, agus tá sé níos faiseanta a bheith ag labhairt an Bhéarla,” dar le hAled.
Nuair a bhí sé ina dhéagóir sna 1970í, bhí borradh mór faoin rac-cheol Breatnaise, agus bhí leithéidí Barry Llewellyn agus Huw Jones i mbéal an phobail.
“Ní cúis iontais ar bith é go bhfuil Huw Jones anois ina phríomhfheidhmeannach ar S4C agus go bhfuil Dafydd Iwan, ar cheoltóir é a raibh an-tóir air ar feadh na mblianta, ina chathaoirleach ar Phlaid Cymru,” arsa Aled. (Is léir go bhfuil an chumhacht acu sin a bhí ina radacaithe tríocha bliain ó shin!)
Dhá phost
Tá Aled féin ag obair in áit thar a bheith cumhachtach ó bhí 1991 ann, agus i samhradh na bliana seo ghlac sé cúraimí breise air féin. Anois, beidh sé ag obair leath na bliana i rannóg na Nuachta agus Cúrsaí Reatha, agus an leath eile le Nations and Regions - faoi Pat Loughrey, Beal Feirsteach atá ina cheannaire ar an tionscadal seo a sholáthraíonn cláracha dúchasacha do réigiúin an BBC. Ceann de na cúraimí atá ar Aled ná áiseanna agus ábhar teagaisc a fhorbairt do lucht foghlamtha teangacha.
Anuraidh iarradh air amharc ar pholasaithe teanga an BBC i dTuaisceart Éireann. Le gairid, chuir sé tuarascáil faoi bhráid Chomhairle Craolacháin Thuaisceart Éireann.
“Tá BBC Thuaisceart Éireann ar tí doiciméad a fhoilsiú a mhíneoidh a mholtaí maidir le cur le líon na gcláracha Gaeilge a bheas le feiceáil ar an BBC. Míneoidh an doiciméad an polasaí atá ag an Bheeb ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh na hUllanaise de,” ar sé. “Ag an am chéanna, pléifidh an doiciméad an Ciste Craolacháin agus cibé ról a bheas ag an BBC ann.”
Nuair a tháinig Aled go dtí na Sé Chontae, ba é an chéad rud a thug sé faoi deara, ní nach ionadh, ná an scoilt pholaitiúil a ritheann fríd achan ghné den tsochaí anseo.
“Rud ar bith a bhaineann le teanga ar bith sa tuaisceart, tá smál na polaitíochta air,” arsa Aled. “Má d’fhoghlaim mé rud ar bith sa Bhreatain Bheag, ba é sin an tábhacht a bhain le teanga a bhaint amach as polaitíocht na bpáirtithe.
“Ní raibh an pholaitíocht ansin riamh chomh hantoisceach le polaitíocht na Sé Chontae, ach tá cuid de na prionsabail mar a gcéanna. Más cainteoir Breatnaise thú, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil dearcadh amháin polaitiúil agat, nó go bhfuil tú i do bhall de pháirtí áirithe polaitíochta. Ní chiallaíonn sé nach bhfuil ach dearcadh amháin ar an saol ar fáil duit mar go bhfuil Breatnais agat. Daoine a labhraíonn níos mó ná teanga amháin, tuigeann siad sin níos fusa na daoine atá aonteangach.”
“De dheasca an mhéid a thit amach san am a chuaigh thart, tá sé deacair ag daoine i dTuaisceart Éireann plé le hábhair áirithe go fuarchúiseach, agus sílim go raibh mise ábalta a theacht isteach gan an bágaiste sin, le súil eile mar a déarfá, agus a bheith oibiachtiúil. Ach le bá éigin le héilimh lucht na Gaeilge ó thuaidh, agus b’fhéidir, ar bhonn níos leithne, tuiscint ar an tábhacht a bhaineann le gach cineál cultúir agus gach teanga.”
Tá ról thar a bheith tábhachtach á imirt ag an BBC leis na cláracha atá á gcraoladh acu faoi láthair. Is fuinneog iad ar shaol ilghnéitheach na Gaeilge, a bhfuil idir ghreann, eolas, dhoimhneacht agus spreagadh iontu. B’fhéidir gur cheart go mbeadh níos mó ábhar conspóideach á bplé ar na cláracha, ach tiocfaidh sin. Ba dheas an rud dá mbeadh i bhfad níos má acu ann, ar ndóigh, an oiread céanna, abair, is atá sa Bhreatain Bheag.
“Sílim gur cheart an focal seo a úsáid, focal a úsáidtear go minic sa Bhreatain Bheag, is é sin “normálú “, gur rud normálta é go labhraíonn daoine cibé teanga is ansa leo sa saol achan lá, nach rud saoithiúil é.”
“De thoradh na tuarascála a scríobh mé, tá BBC Tuaisceart Éireann ag dul a mhéadú líon na gcláracha Gaeilge ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne. Méadú beag a bheas ann, ach caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar an fhadhb a bhaineann le cláracha Gaeilge a bheith á gcraoladh ar chainéal Béarla. Seo an áit a bhfuil an Ciste Craolacháin tábhachtach. An rud a dhéanfas an ciste seo ná go gcuirfidh sé brú ar an BBC agus ar TG4, ar na léiritheoirí neamhspleácha agus ar dhuine ar bith eile a bhfuil suim aige sa cheist, suí síos agus na straitéisí a oibriú amach a rachaidh chun leasa an lucht féachana agus éisteachta.”
Taighde
Tá an BBC i ndiaidh Price Waterhouse Cooper a choimisiúnú le taighde a dhéanamh ar an lucht féachana. Is éard a bheas i gceist ná go gcuirfidh siad ceisteanna ar roinnt grúpaí fócais cad iad na cineálacha cláracha Gaeilge atá de dhíobháil orthu. Cuirfear agallamh ar 1,000 duine ar fad.
“Tá castacht éigin ag baint leis an cheist mar go bhfuil stáisiún Gaeilge, TG4, ann cheana féin. Ní féidir agus níorbh fhiú cainéal breise a chruthú i dTuaisceart Éireann, ach sílim go gcaithfidh an rialtas (Rialtas na Breataine) agus TG4 labhairt le chéile sa dóigh is nach mbeidh dúblú ar bith ann.”
Deir Aled go bhfuil an t-airgead atá ar fáil do chláracha Gaeilge “substaintiúil.”
“Táthar ag ullmhú sraith úr de chláracha Gaeilge teilifíse ach tá sin á dhéanamh roimh theacht an Chiste Craolacháin. Tá an BBC ag geallstan go mbeidh iarratas ar bith a chuirfear chuig an Chiste Craolacháin sa bhreis ar chláracha ar bith a dhéanfaidh an BBC as a stuaim féin,” arsa Aled.
“Ar an dóigh sin, tá súil againn go mbeidh cibé cláracha a dhéanfaidh muid féin, gur sin an t-íosmhéid. Cláracha ar bith eile a dhéanfadh muid, b’fhéidir go mbeadh siad le feiceáil ar an cainéil dhigiteacha, nó thiocfadh linn labhairt le TG4 fá roghanna eile.”
“Faoi láthair, níl an earnáil neamhspleách chomh forbartha is ba cheart di a bheith. Níl mórán deiseanna ann tallann úr a fhorbairt. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh lucht déanta na gcláracha na héilimh atá ag an chraoltóir fosta. Bheadh sé amaideach dá ndéanfaí cláracha a choimisiúnú tríd an Chiste Craolacháin nach mbeadh de dhíth ar TG4 nó ar an BBC. Chonaic muid sin in Alban nuair a thug Comataidh na Gàidhlig airgead do chomhlachtaí mar SMG (ar leo Scottish TV agus Grampian TV) agus ansin chraol SMG na cláracha ar a haon a chlog ar maidin! Caithfear é sin a sheachaint,” arsa Aled.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*