AGALLAMH BEO
Caoilfhionn Nic Pháidín
Aoife Nic Cormaic Aoife Nic Cormaic Aoife Nic Cormaic

Chaith an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín fiche bliain ag plé le hobair acadúil san Acadamh Ríoga, go dtí go bhfuair sí post mar Stiúrthóir ar Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 1999. Labhair Aoife Nic Cormaic léi faoin dul chun cinn atá déanta aige ó chuaigh sí i mbun na hoibre sin ceithre bliana ó shin.

Íomhá

Is bean í Caoilfhionn Nic Pháidín nach bhfuil eagla uirthi a tuairimí a chur in iúl, fiú muna n-aontaíonn daoine eile léi. Duine láidir, muiníneach, ábalta agus dírithe ar a cuid oibre is ea í, agus ní dhéarfainn go bhfuil mórán foighne aici le daoine a chuireann a cuid ama amú. Thuig mé an méid sin sular bhuail mé léi in aon chor, agus rinne mé iarracht a chinntiú go raibh m’obair bhaile féin déanta agam roimh ré, ionas go mbeinn in ann tús maith, ar a laghad, a chur lenár gcomhrá.

Bhuail mé léi ina hoifig in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), áit a bhfuil sí ag obair mar Stiúrthóir ar Fiontar, an roinn a chuireann cúrsaí gnó agus ríomhaireachta ar fáil trí Ghaeilge. Bhí an ollscoil ciúin go leor, mar go raibh an-chuid de na mic léinn ar saoire, ach bhí Nic Pháidín ag obair léi mar is gnách. Bhí uair an chloig curtha ar leataobh aici le labhairt liom, agus ón am a shroich mé an oifig dhírigh sí a haird ar fad ar an agallamh. Chuir sí an-fháilte romham, agus bhí sí fial agus cuimsitheach lena cuid freagraí (agus foighneach le mo liosta fada ceisteanna!). Is léir gur duine í atá paiseanta faoina cuid oibre agus faoi na rudaí a bhfuil suim aici iontu, duine atá sásta agus compordach leis an saol atá aici.

Saolaíodh i mbaile beag taobh amuigh de Londain í, ach nuair a bhí sí trí bliana d’aois bheartaigh a tuismitheoirí bogadh abhaile go hÉirinn, agus ar deireadh shocraigh siad i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil sí ina cónaí ó shin.

Ní raibh mórán Gaeilge ag a tuismitheoirí, cé go raibh suim ag a hathair sa teanga.

“Is dócha, ar nós go leor daoine eile, bhí sé sa chéad ghlúin a chuaigh ar scoil faoin stát nua, agus chreid sé sa Ghaeilge agus san Eaglais Chaitliceach agus gach rud a bhí ceart an t-am sin! Agus do bhí roinnt Gaeilge aige, roinnt éigin a d’fhoghlaim sé féin ar scoil.”

Agus í ag smaoineamh ar a tuismitheoirí, deir sí gurb iad na rudaí is mó a d’fhág siad le huacht aici ná meas ar an oideachas agus an mhuinín lena rud féin a dhéanamh sa saol gan a bheith ag fanacht ar chabhair ó dhaoine eile - dhá phrionsabal a sheas go maith léi sa saol a bhí roimpi.

D’fhreastail sí ar bhunscoil agus ar mheánscoil Bhéarla, Clochar na Toirbhearta ar an gCarraig Dhubh, agus tá moladh mór aici ar an scoil as ucht na tacaíochta a thug siad don Ghaeilge. Ach an rud is mó a rinne difríocht, is dócha, ná go raibh múinteoir an-mhaith Gaeilge aici, an scríbhneoir Criostóir Ó Floinn, fear a raibh an-tionchar aige uirthi.

“Is dócha go raibh sé sort *exotic *ag an am, mar scríbhneoir a bhí ann agus bhí sé sin neamhchoitianta sa mheánscoil agus tú ag teacht isteach ó fhobhailte Bhaile Átha Cliath! Bhí sé ana-mhaith ó thaobh na teanga féin agus ó thaobh Gaeilge a labhairt agus a bheith ag caint faoi gach rud faoin spéir, seachas na téacsleabhair! Ach bhí an t-ádh liom.”

Daoine spreagúla

I ndiaidh na scoile bhí sé beartaithe aici dul ag múineadh, ach bhí sí seachtain ró-óg le háit a fháil i gColáiste Dhún Chéirí, mar sin chuaigh sí chun an Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath (UCD) áit a ndearna sí BA sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Thaitin an coláiste sin go mór léi. Bhí daoine spreagúla sa dá roinn ina raibh sí: Tomás de Bhaldraithe i Roinn na Nua-Ghaeilge agus Denis Donoghue, Gus Martin agus Seamus Deane i Roinn an Bhéarla.

“Bhíodar ana-mhaith. Bhí spreagadh mór ag baint leo, agus téann daoine mar sin i bhfeidhm ort go fadtéarmach. Caithfidh mé a rá go raibh siad ar fheabhas.”

I ndiaidh na céime, chinn sí ar iarracht eile a dhéanamh dul leis an múinteoireacht agus d’éirigh léi an t-am seo. Thug sí faoin Ard-Teastas san Oideachas agus chaith sí bliain ag múineadh. Nuair a fógraíodh post mar eagarthóir sa Ghúm, áfach, chuir sí isteach air, fuair sí é agus b’in deireadh lena cuid ama sa seomra ranga.

Fad is a bhí sí sa Ghúm, bhain sí amach MA sa Ghaeilge istoíche, agus níos déanaí agus í ag obair san Acadamh Ríoga, bhain sí amach PhD san ábhar céanna.

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

Translation and Globalisation, leabhar nua le Micheál Ó Cróinín.

Cén ceol is fearr leat?

Amhránaithe mar Paul Simon agus Jimmy McCarthy.

Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?

Paris, Texas (Wim Wenders, 1984).

Cá dtéann tú ar saoire?

An Fhrainc agus Cois Fharraige.

Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?

Faoi dhó.

Cén bhialann is fearr leat?

Cornucopia, Sráid Chill Mhantáin, Baile Átha Cliath i lár an lae.

Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?

Daoine ardchumais suáilceacha le hacmhainn ghrinn - Pat Cox (faoi láthair) agus m’fhear céile (go leanúnach).

Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?

Criostóir Ó Floinn ar scoil; Tomás de Bhaldraithe go hacadúil.

Cén rud is mó a chuireann isteach ort?

Is furasta cur as dom. Ní maith liom: béadán; mór is fiú; impiriúlachas cultúrtha, daoine le agendas; obair mhíshlachtmhar; lucht mionúdaráis; saint; ródháiríreacht.

Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

I bhfad an iomarca!

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?

Mé féin; an trácht; daoine poimpéiseacha; leisce; moill; easpa fiontraíochta; fuadar agus easpa straitéise i saol na Gaeilge.

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an méid atá bainte amach agat?

Táim sásta leis an dá cheann ach an t-am a fháil taitneamh a bhaint astu! Níl deireadh déanta fós.

D’éirigh le Nic Pháidín post a fháil san Acadamh i 1980, ag am an-spéisiúil i stair na hinstitiúide. Bhí daoine mar TK Whittaker agus Tomás de Bhaldraithe tar éis airgead a fháil ón rialtas le tionscadal mór náisiúnta fadtéarmach a chur ar bun. Bhí sé i gceist acu foclóir aonteangach Gaeilge a chur le chéile (macasamhail fhoclóir Béarla Oxford), agus ní raibh a leithéid déanta riamh sa tír seo. Bhí sé i gceist foireann ollmhór a chur ag obair air agus, sna blianta tosaigh, “bhí atmaisféar ana-spreagúil san áit.”

Ach, mar a tharlaíonn i gcás a lán tionscadal mór uaillmhianach mar seo, bhí sé deacair an t-atmaisféar sin a choimeád beo. Níor fhás an fhoireann mar a bhíodar ag súil, agus chuir athruithe sa saol taobh amuigh isteach go mór ar an obair san Acadamh. I 1982, cuir i gcás, cuireadh cosc ar éinne eile a fhostú sa tseirbhís phoiblí agus, níos déanaí arís nuair a tháinig na ríomhairí isteach, ní raibh na daoine ná na scileanna san Acadamh le bheith ag obair leo.

Cé gur lean an grúpa daoine a bhí bailithe le chéile ag obair ar an tionscadal, faoi na nóchaidí bhí rudaí stalctha go mór, agus ní raibh mórán forbartha ag tarlú. Bhí páistí óga ag Nic Pháidín ag an am, agus cé go raibh fonn uirthi imeacht, bhí sé ní ba phraiticiúla fanacht sa phost. Ar deireadh, nuair a tháinig an deis chun cinn dul go Fiontar i 1999, bhí na páistí beagáinín níos sine agus bhí sí réidh le haghaidh a thabhairt ar dhúshlán nua.

Fiontar

An tAcadamh Ríoga agus Fiontar - dhá ionad oibre atá an-éagsúil lena chéile! San Acadamh Ríoga, bhíodh sí ag obair leis an teanga, le focail, le páipéar fiú! Le Fiontar, is le cúrsaí airgeadais, gnó agus ríomhairí a bhíonn sí ag plé. Aontaíonn sí leis an tuairim gur athrú ollmhór a bhí ann.

“Athrú saoil agus athrú cur chuige a bhí ann ar chúpla bonn. Tá an cultúr oibre atá anseo ana-éagsúil ar fad ón gcultúr oibre a bhí san Acadamh. Bhí mé ag magadh nuair a bhí mé ag fágaint an Acadaimh Ríoga go raibh mé ag fágaint an naoú haois déag agus ag dul isteach san aonú haois is fiche, mar tá an meon, an dearcadh, an luas oibre, na modhanna cumarsáide go hiomlán éagsúil. Ach do bheinn go nádúrtha níos cóngaraí don taobh seo ná mar a bheinn don taobh eile, cé gur mar sin a tógadh mé.”

Mar sin, d’oir DCU di ón tús, agus oireann fós di, de réir cosúlachta. Taitníonn an meascán daoine agus scileanna atá timpeall uirthi go mór léi. Mothaíonn sí go bhfuil an áit an-bhríomhar mar thimpeallacht oibre, go bhfuil fuinneamh maith ann.

Ach ní post acadúil amháin atá aici, ach post bainisteoireachta chomh maith. Dúshlán atá ann i gcónaí a bheith ag iarraidh déileáil le chuile rud, a deir sí, agus bíonn an-chuid fuinnimh ag teastáil uaireanta.

“Tá sé deacair gach trá a fhreastal, fiú amháin mar mháthair. Tá clann orm, agus má tá clann ort agus tú ag obair, braitheann tú nach mbíonn aon duine sásta ag deireadh an lae. Bíonn an mothú sin agam, is dócha.”

Ceann de na hathruithe móra a rinne Nic Pháidín ó tháinig sí go Fiontar ná gur chuir sí máistreacht, an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais, ar bun. Is léir óna cuid cainte go bhfuil sí an-bhródúil as an MSc seo. “Tá béim eile ansin, mar tagann daoine chugainn de ghnáth le céim Ghaeilge agus bíonn spéis acu tógaint air sin, agus gnó nó IT a nascadh leis.”

Agus tá an-mheas aici ar Fiontar go ginearálta chomh maith. Baineadh triail as tionscadail eile den chineál seo thar lear, mar shampla ceann sa Bhreatain Bheag a bhí nasctha le Fiontar, agus níor mhair siad ach timpeall dhá bhliain.

Is beag duine nach ndéarfadh go bhfuil tar éis éirí go hiontach le Fiontar, ach caithfear cuimhneamh nach mbíonn ach méid an-bheag mac léinn ar an gcúrsa chuile bhliain. Ní theastaíonn uathu glacadh le níos mó ná 20 duine in aon rang, ach bíonn a lán oibre ag teastáil leis an méid sin daoine a mhealladh fiú. Tugann an tOifigeach Gaeilge sa choláiste cuairt ar thart ar 70 scoil gach bliain chun an cúig dhuine dhéag a bhíonn ag teastáil a mhealladh isteach ar an gcúrsa.

Samhlaíonn daoine, fiú amháin sna scoileanna Gaeilge, go bhfuil breis oibre ag baint leis [cúrsa trí Ghaeilge]. Tagann an dream a bhfuil sórt dúshláin uathu, daoine a bhfuil spreagadh ag baint leo, daoine a bhfuil fonn orthu rud nua a dhéanamh, rud éagsúil.”

Ollscolaíocht trí Ghaeilge

Lena cúlra acadúil féin, agus leis an obair atá déanta aici le Fiontar, ní haon ionadh go bhfuil spéis faoi leith aici san ollscolaíocht trí Ghaeilge go ginearálta. Tá roinnt oibre déanta cheana féin ar an gcoincheap seo ach ní mhothaíonn Nic Pháidín go bhfuil an plé tar éis díriú ar na ceisteanna is tábhachtaí, is iad sin an fhís, an fhealsúnacht a bheidh taobh thiar de agus riachtanais na mac léinn féin.

An bhliain seo caite, foilsíodh alt léi san *Irish Times *dar teideal “Níl Ollscoil Ghaeilge ar an Seandéanamh Calctha Uainn.” Ach cad í an fhís nua seo atá i gceist aici, agus fiú má tá an fhís cheart ann, an bhfuil mórán dóchais aici go bhfeicfear riamh a leithéid? Mothaíonn sí go gcaithfidh an ollscolaíocht trí Ghaeilge rudaí faoi leith a thairiscint, samhail nua a chothú.

“Ní fheicim go bhfuil an toil pholaitiúil ann í a mhaoiniú i gceart - sin é an chéad rud a déarfainn. Tá sé tábhachtach freisin go dtógfaidh an ollscolaíocht trí Ghaeilge ar na tionscadail atá ann cheana féin, agus ní mar gheall ar a bheith ag cruthú impireachtaí atáim á rá sin. Mar, má tá rudaí maithe ann, tá sé tábhachtach tógaint orthu sin, seachas díreach a bheith ag caint ar rudaí nua ar fad. Tá sé tábhachtach go gcuimseodh an ollscolaíocht trí Ghaeilge an t-oileán ar fad.”

Ní Ollscoil Ghaeltachta atá i gceist aici mar sin?

“Ceapaim go bhfuil an Ghaeltacht fíorthábhachtach, tá sé sin ráite agam i gcónaí. Níor caitheadh i gceart le muintir na Gaeltachta ó thaobh deiseanna oideachais trína dteanga féin - níl aon cheist faoi sin. Ach tá an líon daoine atá sásta agus ábalta dul leis an ollscolaíocht trí Ghaeilge teoranta, mar sin is dóigh liom go gcaithfidh comhpháirtíocht a bheith ann idir institiúidí.”

Go dtí seo, mothaíonn sí nár deineadh aon iarracht an chomhpháirtíocht sin a chothú.

“Beidh sé deacair é a fhorbairt, agus braithim go bhfuil leisce éigin ann aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí - iad a chur amach agus dul i ngleic leo (mar shampla, tacú le foireann). Ach níor ghá go mbeadh an caiteachas, dar liom, chomh mór is atá á rá ag daoine áirithe. Má théann tú síos an bóthar “bricks and mortar”, beidh tú ag caint ar chostaisí móra caipitil, gan aon mhachnamh déanta ar cé a bheidh istigh sna seomraí, cé a bheidh ag foghlaim, cé a bheidh ag teagasc, cad a bheidh siad ag déanamh.”

Coimisiún na Gaeltachta

Bhunaigh an Rialtas Coimisiún faoin nGaeilge sa Ghaeltacht i mí an Aibreáin 2000 “le moltaí a dhéanamh maidir leis an Ghaeilge a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta” agus ceapadh Nic Pháidín ar an gcoimisiún seo. Admhaíonn sí go raibh easaontas i measc na mball maidir leis na modhanna oibre ba cheart a úsáid. Mothaíonn sí gur oibrigh an próiseas comhchomhairle a bhí acu ar fud na Gaeltachta go maith, ach ina dhiaidh sin nach raibh go leor ama acu le “hanailís a dhéanamh ar an ábhar sin, ar chiall a dhéanamh as agus ar na múnlaí a fhorbairt don tréimhse amach romhainn. Sin é an áit a raibh na deacrachtaí is mó.”

Mar gheall ar an easpa ama, bhí an tuarascáil féin (a cuireadh faoi bhráid an Rialtais i mí an Mhárta 2002) b’fhéidir níos giorra ná mar a theastaigh uathu í a bheith, ach ar a laghad tá sí ann anois mar phointe tosaigh d’aon fhorbairt eile.

Nuair a labhraíonn Nic Pháidín faoi chúrsaí leabhar agus foilsitheoireachta, tá sé soiléir go bhfuil suim an-phearsanta aici iontu, gur rudaí iad a thugann an-phléisiúr di. Bhí sí bainteach leis an iris Comhar *ar feadh 10 mbliana nó mar sin, mar eagarthóir agus ansin mar bhainisteoir, agus bhain sí an-taitneamh as na hoícheanta a chaith sí ag cur na hirise le chéile leis an siosúr agus an *Pritstick, agus as a bheith ag obair le daoine mar Bhreandán Ó hEithir, Fiachra Ó Marcaigh agus Fiach Mac Conghail.

Ach mar chomhúinéir ar chomhlacht foilsitheoireachta í féin anois, is é sin Cois Life a bhunaigh sí lena cara Seán Ó Cearnaigh i 1995, an mbíonn imní áirithe uirthi faoin todhchaí atá ann d’fhoilseacháin Ghaeilge mar Comhar?

“Tá dúshlán faoi leith ag baint le haon rud a bhaineann leis an nGaeilge i gcló ó thaobh margadh a aimsiú dó. Bíonn daoine gafa le raidió agus teilifís, agus tá sé sin go maith, ach tá margadh do leabhair agus d’irisí ana-bheag, ach amháin na leabhair atá ag teastáil don chóras oideachais.”

Deir Nic Pháidín gur ghlac sí móid nuair a d’fhág sí an tAcadamh Ríoga nach bhfanfadh sí an fhad sin riamh in aon áit eile go brách. Ach, in ainneoin go bhfuil sí ag tógáil sos gairme sa bhliain atá amach romhainn, mothaím nach bhfuil sí réidh le slán a fhágáil ag Fiontar go fóill. Mar fhocal scoir agus mé ag siúl amach an doras, d’fhiafraigh mé di conas gur mhaith léi go gcuimhneodh daoine uirthi. Bhí cúpla soicind ciúnais ann sular dhúirt sí an méid seo:

“Is dócha gur maith liom a cheapadh gur maith liom rudaí a dhéanamh ar bhealaí nua, nach mbím faoi scáth aon duine eile go hiomlán, cé gur mhaith liom a cheapadh gur féidir liom oibriú le daoine eile. Is maith liom mo rud féin a dhéanamh - an comhlacht foilsitheoireachta, mar shampla, agus mar sin de. Táim saghas mórálach as rudaí a bheith tosnaithe agus iad a bheith curtha i gcrích agus iad a bheith fós beo. Is dócha gurb é sin an rud is tábhachtaí.”

Is saoririseoir agus ceoltóir í Aoife Nic Cormaic. Is as Baile Átha Cliath í.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.