Tá Colm Mac Séalaigh ag súil go mór leis an tsraith nua de Laochra Gael, a chraolfar ar TG4 go luath.
»»»Tugann Colm Mac Séalaigh a chuid tuairimí maidir le himeacht tobann Roy Keane of Manchester United an mhí seo caite.
»»»Cuireann sé ionadh ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil daoine fós sásta bheith ina mbainisteoirí ar fhoirne peile agus iománaíochta, in ainneoin na drochíde go léir a fhaigheann go leor acu.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar an séasúr iománaíochta atá díreach críochnaithe.
»»»Ní raibh an córas smachta a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael roimhe seo foirfe ach ar a laghad bhí sé i bhfad níos soiléire ná an córas atá i bhfeidhm faoi láthair, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh ar na hargóintí atá acu siúd a deir gur cheart imreoirí na gcluichí Gaelacha a íoc.
»»»Tá an-úsáid á baint as an teicneolaíocht anois chun na cluichí Gaelacha a chur chun cinn ach is cúis díomá é do Cholm Mac Séalaigh go bhfuil an Ghaeilge fós an-imeallach ar na suímh ghréasáin, mar shampla.
»»»Níl mórán trua ag Colm Mac Séalaigh don dream i measc lucht leanúna Manchester United atá ar buile gur díoladh an club leis an Mheiriceánach Malcolm Glazer.
»»»Míníonn Colm Mac Séalaigh cuid de na cúiseanna nach raibh sé i bhfábhar Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí sacair agus rugbaí.
»»»Léirigh an tslí ar cuireadh deireadh le triail na rialacha nua sa pheil Ghaelach le gairid easpa misnigh i gCumann Lúthchleas Gael, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Tá an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath ag síorfhás ag déanamh an-dochair do na cluichí Gaelacha sa chathair agus sa cheantar máguaird, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Cothaíonn Gradaim na Réaltaí go leor conspóide gach bliain ach tá Colm Mac Séalaigh go mór i bhfábhar na scéime.
»»»Déanann Colm Mac Séalaigh na hathruithe ar rialacha na gcluichí Gaelacha atá beartaithe don bhliain úr a mheas.
»»»Tá imní ar Cholm Mac Séalaigh go bhfuil an diantraenáil agus an líon mór cluichí ag déanamh dochair do na himreoirí is fearr peile agus iománaíochta.
»»»Tá an-imní ar Cholm Mac Séalaigh faoi na hionsaithe atá á ndéanamh ar imreoirí le linn chluichí Chumann Lúthchleas Gael ó cheann ceann na tíre.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh go láidir den tuairim go bhfuil cuid mhór de na córais agus rialacha atá ag Cumann Lúthchleas Gael thar a bheith lochtach.
»»»D’éirigh go dona le hiomaitheoirí na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i mbliana arís agus níl Colm Mac Séalaigh dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí san am atá romhainn ach oiread.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh an-tógtha leis an méid atá ar siúl ó thaobh an spóirt i gCamus i gConamara, in ainneoin easpa an-mhór áiseanna a bheith i gceist.
»»»Tearmann is ea Cumann Lúthchleas Gael do mhuintir na hÉireann: sin a deir Éamonn Mac Suibhne ina leabhar nua faoin mbóthar go Páirc an Chrócaigh. Léigh Colm Mac Séalaigh an saothar le gairid.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar shaol an pheileadóra agus lúthchleasaí Éamonn Mac Gearailt as Ciarraí, laoch spóirt a bhfuil an t-aitheantas atá ag dul dó á fháil aige sa deireadh.
»»»Léiríonn seasamh na bhfoirne as Cúige Laighean sa sraithchomórtas náisiúnta go bhfuil an ceart acu siúd a deir go bhfuil an iománaíocht sa chúige sin ag dul i léig, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Tá an baol ann, dar le Colm Mac Séalaigh, go dtiocfaidh an t-am nuair a bheidh leisce ar dhaoine obair dheonach a dhéanamh sa spórt ar eagla go dtabharfaí chun na cúirte iad.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh ar chuid de na conspóidí a ndéantar plé orthu go rialta i measc na bhfanaiceach spóirt.
»»»Téann imreoirí an chlub iomána a bhfuil Colm Mac Séalaigh bainteach leis i mbun traenála ag leathuair tar éis a sé ar maidin ach ní haon eiseacht iad - tá imreoirí ar fud na hÉireann sásta íobairtí móra a dhéanamh bliain i ndiaidh bliana chun caighdeán níos airde a bhaint amach.
»»»Tá an t-iománaí óg Setanta Ó hAilpín as Corcaigh chun an tír seo a fhágáil agus peil a imirt go profisiúnta san Astráil. Measann Colm Mac Séalaigh go léiríonn sé seo go bhfuil sé in am don Chumann Lúthchleas Gael díriú i gceart ar cheist na n-íocaíochtaí d’imreoirí idir-chontae.
»»»Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil an baol ann go bhfuil an lámh in uachtar á fáil ag na drugaí agus ag an tsaint sa spórt.
»»»Léiríonn na hailt atá le fáil i leabhar nua Con Houlihan go bhfuil sé ar dhuine de na scríbhneoirí spóirt is fearr dá bhfuil ann, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Fuair foireann iománaíochta Chill Chainnigh an ceann is fearr ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann an mhí seo caite agus níor éirigh ach le dhá fhoireann an bua a fháil orthu i gcluiche comórtais i mbliana. An údar buartha é seo do lucht leanúna na hiomána?, a fhiafraíonn Colm Mac Séalaigh.
»»»Aontaíonn Colm Mac Séalaigh leis an tuairim atá ag Liam Mac Grifín nach mbeidh rath ar an iománaíocht i gCúige Uladh go dtí go n-athróidh an Cumann Lúthchleas an córas atá ann faoi láthair.
»»»Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil sé in am ag údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael dul i ngleic le fadhb an mhí-iompair i measc na n-imreoirí idirchontae.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.