Feiceann Colm Mac Séalaigh cosúlachtaí suntasacha idir an spórt agus an chogaíocht.
»»»Foilsíodh tuarascáil ar nósanna aclaíochta na nÉireannach le gairid ina léirítear gur chóir do lucht déanta polasaithe spóirt athruithe a chur i bhfeidhm. Pléann Colm Mac Sealaigh an tuarascáil agus na hathruithe atá molta inti.
»»»Bíonn [i]entourage[/i] iomlán ag foirne spóirt sa lá atá inniu ann. Ach tá Colm Mac Sealaigh in amhras maidir le fiúntas na saineolaithe seo ar fad.
»»»Deir daoine áirithe gur chóir go mbeadh cúrsaí spóirt agus cúrsaí polaitíochta go hiomlán neamhspleách ar a chéile. Ach tá Colm Mac Sealaigh in amhras faoin tuairim sin.
»»»Is post uaigneach é post an bhainisteora spóirt. San alt seo, pléann Colm Mac Sealaigh mí-ádh na mbainisteoirí ar tháinig deireadh lena seal i gceannas le gairid.
»»»Níl aon cheist faoi ach go mbuafaidh foirne Chiarraí agus Chill Chainnigh craobhacha Chumann Lúthchleas Gael i mbliana, dar le Colm Mac Sealaigh. Ach, cé is moite de chluichí CLG, an féidir le lucht leanúna an spóirt in Éirinn a bheith ag súil le gaiscíocht ar bith eile sna míonna atá amach romhainn?
»»»Tá an bhliain úr ag teannadh linn, am a dhéantar buaiteoirí na gcraobhchomórtas peile agus iomána a thuar. Ach níl aon cheist faoi, dar le Colm Mac Sealaigh, ach go bhfuil bliain mhaith i ndán do Chiarraí agus Chill Chainnigh arís.
»»»Tá stailc á bagairt ag imreoirí CLG faoi láthair mar gheall ar chúpla cúis. Tá an ceart ag na himreoirí i gcás amháin, ach níl bunús ar bith lena dara hargóint, dar le Colm Mac Sealaigh.
»»»Cailleadh Mick Holden, sárimreoir iomána agus peile a d’imir ar fhoirne Bhaile Átha Cliath sna seachtóidí agus na hochtóidí, ar an 26 Meán Fómhair. Cailliúint ollmhór is ea a bhás, ní hamháin dá mhuintir, ach do CLG i gcoitinne, dar le Colm Mac Sealaigh.
»»»Is mór an trua go bhfuil an “spórt” imithe as spórt, dar le Colm Mac Séalaigh. Caitheann sé a shúil siar ar a óige féin agus an bhéim a cuireadh ar rannpháirtíocht agus ar thaitneamh ar an bpáirc imeartha.
»»»Ní aontaíonn Colm Mac Séalaigh leo siúd a deir gur sárbhliain a bhí ann do na cluichí Gaelacha ach measann sé go raibh caighdeán na himeartha go han-mhaith mar sin féin.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go mairfidh éachtaí áirithe spóirt go deo i gcuimhne agus i gcroí mhuintir na hÉireann, bua an ghalfaire Pádraig Harrington i gComórtas Oscailte na Breataine ina measc.
»»»Tá an-díomá ar Cholm Mac Séalaigh mar gheall ar dhrochiompar imreoirí áirithe de chuid Chumann Lúthchleas Gael. An amhlaidh gur cuid normálta den chluiche í an bhruíon sa lá atá inniu ann, a fhiafraíonn sé.
»»»Measann go leor daoine go raibh foireann pheile Chiarraí sna seachtóidí agus sna hochtóidí ar an bhfoireann ab fhearr riamh ach ní aontaíonn Colm Mac Séalaigh leis an tuairim sin.
»»»Léirítear i dtuarascáil a foilsíodh le déanaí nach n-imríonn daoine atá ina gcónaí i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste oiread spóirt is a imríonn an dream a bhfuil oideachas maith faighte acu agus ioncam ard á shaothrú acu. Tá an tuarascáil léite ag Colm Mac Séalaigh.
»»»Chuir clár a chonaic sé ar TG4 le déanaí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar ré órga na hiomána sna nóchaidí.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh ar imeachtaí stairiúla Pháirc an Chrócaigh an mhí seo caite.
»»»Chuaigh an clár a craoladh ar an teilifís an mhí seo caite mar gheall ar mhuintir Ailpín as Corcaigh i gcion go mór ar lucht féachana na hÉireann, Colm Mac Séalaigh ina measc.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh go láidir den tuairim go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí spóirt in Éirinn an ceangal atá acu leis na comhlachtaí óil a bhriseadh.
»»»Ba bhreá le Colm Mac Séalaigh dá mbeadh an stádas céanna ag Corn an Bhóthair Iarainn is a bhí sna seascaidí ach tuigeann sé gur beag an baol go dtarlóidh sé sin.
»»»Níl seans ach ag trí fhoireann Premiership Shasana a bhuachan, rud a fhágann go bhfuil cluichí na roinne sin an-leadránach, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar dhá mhórimeacht spóirt de chuid na míosa seo caite.
»»»Tugann Colm Mac Séalaigh a bhreithiúnas ar na foirne a d’imir i gcluichí leathcheannais na peile agus na hiomána i mbliana.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh ag caitheamh an tsamhraidh i gConamara ach tá ag éirí leis súil a choinneáil ar an bpeil Ghaelach agus ar an iomáint, mar sin féin.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar chuid de bhuaicphointí Chorn sacair an Domhain ó bunaíodh an comórtas i 1930.
»»»Ba thógáil meanman é do go leor daoine Foireann Choláistí Átha Cliath Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann a bhuachan le déanaí ach ní léiriú é an bua sin, dar le Colm Mac Séalaigh, ar staid na hiomána sa phríomhchathair.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh ar an méid atá á éileamh ag cumann na n-imreoirí, an GPA, ó Chumann Lúthchleas Gael.
»»»Measann Colm Mac Séalaigh gurb é an dúshlán is mó a bheas roimh an Stiúrthóir Náisiúnta Iománaíochta, atá le ceapadh go luath, ná dearcadh daoine i gCumann Lúthchleas Gael maidir leis an iománaíocht a athrú.
»»»Measann Colm Mac Séalaigh nach bhfuil an toil i gCumann Lúthchleas Gael le déileáil le foréigean agus drochiompar ar an bpáirc imeartha.
»»»Tá páistí na tíre ag titim chun feola agus cuireann Colm Mac Séalaigh an locht ar na polaiteoirí nach bhfuil sásta airgead stáit a chaitheamh ar áiseanna spóirt.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.