CÚRSAÍ SPÓIRT
An teicneolaíocht ag cabhrú go mór leis na cluichí Gaelacha
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

an-úsáid á baint as an teicneolaíocht anois chun na cluichí Gaelacha a chur chun cinn ach is cúis díomá é do Cholm Mac Séalaigh go bhfuil an Ghaeilge fós an-imeallach – ar na suímh ghréasáin, mar shampla.

Íomhá
Íomhá
Mícheál Ó hEithir: tráchtaire den scoth
Íomhá
Maria Sharapova: le feiceáil ar TG4 i mbliana
Íomhá
An laoch Corcaíoch Cristóir Ó Rinn
Íomhá
Tá suíomh gréasáin den scoth ag Cill Chainnigh

Is iontach go deo na hathruithe i gcúrsaí teicneolaíochta atá tar éis tarlú le blianta beaga anuas. Sin ráiteas nach ndéanfadh duine faoi aois áirithe agus seans gur cuma le daoine óga faoi athruithe a tharla san am atá thart. Ach sílim gur fiú san am céanna sracfhéachaint a thabhairt ar athruithe áirithe chomh fada is a bhaineann siad linn féin sa tír seo agus go speisialta i gcomhthéacs an chumainn spóirt is mó agus is suntasaí sa tír, Cumann Lúthchleas Gael (CLG).

Má thógaimid tréimhse ceathracha bliain, ó lár na seascaidí i leith cuir i gcás, tá athruithe dochreidthe feicthe ag cuid againn. Tá cuid de na hathruithe is suntasaí bainteach leis an taobh teicniúil de chúrsaí cumarsáide agus bhí tionchar mór ag na hathruithe, dá bhrí sin, ar chúrsaí spóirt agus ar an ngaol atá idir an gnáthdhuine agus spórt. Táim ag tagairt go speisialta don teilifís, d’fhíseáin, don ghuthán agus don idirlíon.

Is é an rud a rinne an teilifís ná gach cineál cluiche agus spóirt a thabhairt isteach sa seomra suite agus daoine a mhealladh de réir a chéile (sna tíortha forbartha go mórmhór) isteach i ndomhan mór spóirt de gach cineál. Roimh na seascaidí bhí daoine ag brath ar na nuachtáin agus ar an raidió chun léargas a thabhairt dóibh ar chluichí móra agus ar ócáidí spóirt i gcian is i gcóngar. Is iomaí duine a “chonaic” Craobh na hÉireann, agus a bhí i láthair aici, trí mheán an raidió – tháinig sin chucu tré shúile Mhíchíl Uí Eithir agus a chuid tráchtaireachta beo bríomhar. Anois is arís d’fheictí píosa scannáin de chluiche mór nó d’ócáid spóirt sa phictiúrlann ach, den chuid is mó, bhí daoine ag brath ar na nuachtáin agus ar an raidió.

Bhí an teilifís ar fheabhas nuair a tháinig sé, cé gur i ndubh agus bán a bhí chuile rud ar dtús. Bhí sin maith go leor fad is a bhí foireann amháin ag caitheamh geansaithe dorcha agus foireann eile i ngeansaithe geala, ach bhí deacrachtaí móra ag spóirt áirithe san am sin. Sampla amháin is ea an snúcar. Tá scéal cáiliúil ann faoin tráchtaire snúcair a rinne iarracht cabhrú leis an lucht féachana mar seo: “Daoibhse atá ag féachaint ar theilifís dubh agus bán, tá an liathróid dhubh in aice leis an liathróid ghorm”, nó rud éigin mar sin.

Pé scéal é, in achar nach bhfuil an-fhada, táimid tagtha go dtí an pointe go bhfuil gach cluiche peile, geall leis, i gcraobhchomórtas peile na hÉireann “beo” ar an teilifís agus le feiceáil ar fud an domhain mhóir a bhuíochas sin don “Sunday Game” ar RTÉ agus don BBC. Níl seo fíor faoi gach cluiche iomána, áfach, ach níl sé ar intinn agam díriú ar an gcnámh spairne sin an uair seo.

Féasta peile

Níl aon dabht faoi ach go bhfuil saol an mhada bháin ag lucht leanta na peile Gaelaí maidir le cluichí a bheith “beo” ar an teilifís. I rith an tsamhraidh bíonn féasta peile ann beagnach gach deireadh seachtaine. Níl a fhios agam an meallann na cluichí sin mórán lucht tacaíochta breise don chluiche i ngeall ar mhinicíocht na gcalaoiseanna gránna, na himeartha ciniciúla agus an easpa sportúlachta a bhíonn le feiceáil, ach dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa pheil Ghaelach, tá an-seirbhís á tabhairt dóibh ag na cainéil teilifíse ó thuaidh agus ó dheas.

Ní mór tagairt speisialta a dhéanamh don chraoladh i nGaeilge agus do bhunú TG4. Craoltar mórán ócáidí spóirt ar TG4, idir chluichí Gaelacha, rugbaí, sacar, pheil na hAstráile is araile, ach cé a cheapfadh, cúpla bliain ó shin fiú amháin, go bhféadfadh duine féachaint ar cheann de na hócáidí spóirt is ardnósaí ar domhan, is é sin comórtas leadóige Wimbledon, é “beo” ar theilifis na Gaeilge agus an tráchtaireacht á déanamh tré mheán na Gaeilge ag cainteoirí dúchais Gaeilge! B’fhéidir nár cheart a bheith ag déanamh iontais dá leithéid níos mó, ach i gcás cuid againn is gearr le míorúilt ann féin é sin.

Maidir leis na físeáin, baintear an-leas astu chun féachaint siar ar chluichí a imríodh agus na botúin a deineadh a scrúdú agus a chur ina gceart, agus chun anailís a dhéanamh ar laigí chomh maith le tréanphointí an fhreasúra. Chabhraigh an físeán go mór le hullmhúchán gairmiúil a chur chun cinn ó thaobh na gcluichí Gaelacha agus is dóigh liom gur féidir a rá gur maith ann an físeán ón taobh sin de.

Gné thábhachtach eile den fhíseán ná gur féidir féachaint siar ar eachtraí neamhspórtúla agus gránna a tharlaíonn ar pháirc na himeartha agus is cúis le drochghortú uaireanta. Is féidir droch-chalaois a phiocadh amach, rud atá tábhachtach sa chás nach bhfaca an réiteoir an eachtra ag an am. Baintear leas as na físeáin i gcásanna cúirte go minic anois freisin. Shílfeá go mbeadh imreoirí i bhfad níos cúramaí faoina n-iompar ar an bpáirc agus fios maith acu go bhfuil an ceamara ag déanamh taifeadta ar gach rud a dhéanann siad, ach is dóigh go ndéanann cuid acu dearmad air sin i ndíograis na himeartha.

B’fhéidir gurb é an rud is fearr faoin bhfíseán, agus an diosca DVD atá ar tí a áit a ghlacadh, ná go mbeidh na glúnta atá le theacht fós in ann imreoirí clúiteacha na linne seo mar DJ Carey agus Seán Óg Ó hAilpín a fheiceáil ar an scáileán agus iad i mbarr a réime. Is é an trua nach raibh an teicneolaíocht seo ann in aimsir Chriostóra Uí Rinn, áfach.

Luaigh mé an guthán ar ball agus dar ndóigh bhí an-tábhacht ag baint leis le fada maidir le tuairisciú ar chluichí sna nuachtáin an lá tar éis cluiche nó ócáid spóirt. Go fiú anois, agus fón póca ag chuile dhuine geall leis, tá ról ag an nguthán i gcónaí, ní hamháin ag na tuairisceoirí, ach ag an ngnáthdhuine chomh maith. Mar shampla, bhí mac liom i láthair i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche mór le déanaí fad is a bhí mé féin in iarthar tíre. Chuir sé téacs chugam i lár an chluiche ag déanamh tagartha d’eachtra a tharla roinnt soicindí roimhe sin sa chluiche céanna. Shamhlaigh mé 80,000 duine ag téacsáil na mílte duine eile ar fud an domhain le linn an chluiche. Sin athrú!

An t-idirlíon

Taobh amuigh den teilifis, den fhíseán agus den ghuthán póca, is í an ghné den teicneolaíocht nua-aimseartha is suimiúla agus is dul-chun-chinniúla, más ceadmhach a leithéid a rá, ná an t-idirlíon. Seo meán atá tagtha chun cinn le roinnt bheag blianta anuas agus atá tar éis cur go mór leis an éascaíocht eolais i dtaobh gach saghas spóirt. Tá an t-idirlíon tar éis eolas ar an iliomad rudaí a scaipeadh ar fud an domhain agus ní eisceacht iad na cluichí Gaelacha. Ar an gcaoi chéanna, dar ndóigh, tá an t-idirlíon tar éis eolas ar agus úsáid na Gaeilge a scaipeadh ar fud an domhain – ní gá ach tagairt a dhéanamh do Beo! leis an méid sin a léiriú.

Má dhéanaimid scrúdú ar an gcaoi ina bhfuil Cumann Lúthchleas Gael ag baint leasa as an idirlíon feicimid ar dtús go bhfuil an t-uafás suíomh agus an t-uafás eolais tugtha do na cluichí Gaelacha. Dar ndóigh tá suíomh oifigiúil ag CLG (www.gaa.ie) mar a bhfuil eolas faoi gach gné den chumann agus de na cluichí maidir le stair, cluichí le theacht, an nuacht is déanaí faoi fhoirne agus imreoirí, eolas ar pheil agus iománaíocht, forbairt na gcluichí agus mar sin de.

Chuireas suim ar leith i suíomh Chill Chainnigh (http://kilkenny.gaa.ie) ó thaobh na hiomána de. Thugas faoi deara go raibh an suíomh difriúil ina leagan amach. Níos mó pictiúirí, mar shampla, agus béim ar mhúineadh na scileanna. Chuige sin tá sraith scannán nó físeán gearr agus scil amháin á léiriú i ngach ceann acu. Is féidir an scil a fheiceáil á cleachtadh ag imreoirí óga tré chliceáil ar an mbosca cuí. Ní hionadh é go bhfuil muintir Chill Chainnigh chun cinn ar fhormhór na gcontaetha nuair a thuigeann tú go gcuireann siad an oiread sin béime ar mhúineadh agus ar chleachtadh na scileanna agus go bhfuil gach meán agus seift in úsáid acu chun an aidhm sin a bhaint amach.

I gcás cuid de na contaetha, níl eolas suas chun dáta ar gach gné atá liostáilte ar na suímh. Mar shampla, i gcás Hill 16, mar a thugtar ar shuíomh Átha Cliath, tá an t-eolas i dtaobh coláistí agus clubanna sean nó easnamhach go mór.

Rud eile, is beag ar fad an méid Gaeilge atá le feiceáil ar aon suíomh in aon chontae agus is cúis náire amach is amach é sin do Chumann Lúthchleas Gael, a bhíonn ag maíomh go minic nach eagraíocht spóirt amháin é ach eagraíocht chultúrtha a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge i measc na n-aidhmeanna atá aici. Deis iontach is ea an t-idirlíon chun an aidhm chultúrtha úd a fhógairt go soiléir agus a chur chun cinn. Ar an ábhar sin is cúis mhór díomá é a laghad Gaeilge a bheith le léamh ar shuímh oifigiúla an chumainn, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh nach bhfuil cumann ar bith eile sa tír ina bhfuil níos mó de lucht labhartha na Gaeilge le fáil.

Tá beagán Gaeilge ar shuíomh Dhún na nGall, ach níl tada ag Gaillimh nó ag Ciarraí, dhá chontae Ghaeltachta a bhfuil clubanna láidre Gaeltachta iontu. Níl aon fhreastal ar lucht Gaeilge ná aon iarracht an saibhreas Gaeilge atá sna contaetha sin a láidriú agus a scaipeadh. Más é an leithscéal ná gur comhlachtaí idirlín a sholáthraíonn an tseirbhís, níl sin sásúil. An rud is mó a chuireann as dom ná gurb é an t-aon alt i nGaeilge a raibh mé in ann teacht air ar shuíomh idirlín de chuid CLG ná tuairisc ghearr a scríobh mé féin do shuíomh Átha Cliath, “Hill 16”, mí Dheireadh Fómhair seo caite faoi chluiche scoile!

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.