Tá an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath ag síorfhás ag déanamh an-dochair do na cluichí Gaelacha sa chathair agus sa cheantar máguaird, dar le Colm Mac Séalaigh.
Tá Baile Átha Cliath ag méadú in aghaidh an lae. Tá daonra na hardchathrach agus na mbruachbhailte, móide daonra na mbailte “beaga” timpeall na cathrach, ag fás gan staonadh. Inimirce agus fás nádúrtha le chéile faoi deara méadú ar dhaonra Bhaile Átha Cliath agus an chontae agus na gcontaetha in aice leo - An Mhí, Cill Dara agus Cill Mhantáin go háirithe.
Chomh maith leis sin, tá mórán daoine anois ag bogadh amach as an limistéar mór uirbeach seo agus ag cur fúthu i mbailte measartha mór mar Cheatharlach agus Chill Chainnigh. I gcás cuid mhaith díobh sin, tá a n-ionad oibre i mBaile Átha Cliath, i lár na cathrach nó i gceann éigin de na hionaid tionscalaíochta agus ghnó atá scaipthe ar fud mhór-réigiún uirbeach na príomhchathrach. Caitheann daoine an t-uafás ama ag taisteal chuig an obair agus abhaile agus iad suite ina ngluaisteáin i dtranglaim thráchta, i mbusanna agus ar thraenacha.
Cé hiad na daoine seo? An chuid is mó acu déarfainn gur fir agus mná iad san aoisghrúpa 23 go 35 bliana d’aois, is é sin daoine óga, fuinniúla atá ag tosú amach ar shaol na hoibre, ag ceannach tí den chéad uair, ag pósadh nó ina gcónaí le páirtnéirí agus ag cur tús lena gclann féin. Tá an-bhrú ar an ngrúpa seo, daoine fásta óga, in ainneoin go bhfuil oideachas maith orthu, céimeanna ollscoile agus dioplómaí ina bpócaí acu. Tá postanna maithe acu, ach gan dóthain pá le go bhféadfaidís gnáth-theach a cheannach i mbruachbhailte na hardchathrach féin de bharr praghsanna arda, arb iad na glúnta níos sine atá ag ceannach an dara nó an tríú teach mar infheistíocht dóibh féin is dá gclann is cúis leo cuid mhaith. Tá rud éigin nach bhfuil ceart nó nádúrtha faoin rud ar fad.
Gan dabht ar bith, tá impleachtaí móra do chúrsaí spóirt i gceantar Átha Cliath ag baint le fás sna cathrach, an méadú sa trácht agus fad an aistir idir áit chónaithe agus ionad oibre. Is cinnte go bhfuil impleachtaí ag baint leis mar scéal do Chumann Lúthchleas Gael (CLG).
Tógaimis sampla amháin. Cónaíonn cul báire fhoireann sinsear iománaochta Átha Cliath sa Mhuileann gCearr i gCo. na hIarmhí, áit ar cheannaigh sé teach. Bíonn sé ag traenáil le foireann Átha Cliath trí nó ceithre oíche sa tseachtain agus bíonn cluiche le himirt gach deireadh seachtaine. Tá sé ag obair/staidéar i mBaile Átha Cliath agus tar éis na traenála nó an chluiche tugann sé aghaidh ar aistear nach bhfuil an-fhada ó thaobh mílte dhe ach, ag brath ar an am, fada to leor ó thaobh ama dhe. Is fear óg fuinniúil é nach bhfuil pósta agus, dá bhrí sin, tá sé in ann tabhairt faoin chineál saoil atá aige faoi láthair. Mar sin féin, bíonn deifir air de ghnáth agus níl mórán ama aige le caitheamh ar aon rud eile.
Níl ansin ach sampla amháin de dhuine amháin, ach dáiríre tá go leor eile dá leithéid sa chás céanna.
Tá impleachtaí móra ag baint leis an gcaoi ina bhfuil an saol nua-aoiseach anseo do na clubanna i mBaile Átha Cliath. An fear óg sa sampla atá tugtha agam, ní fheiceann sé a chomhghleacaithe club i ndeisceart na cathrach ná iadsan é ó cheann ceann na seachtaine. Nuair a bheas sé de dhíth orthu agus cluichí club ag tosú arís i rith an earraigh agus an tsamhraidh, seans nach mbeidh sé in ann an dílseacht agus an cur chuige céanna a thabhairt dá chlub. Agus má tá fir agus mná eile sa chás céanna, agus beidh tuilleadh má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá, céard a bheas in ann do na foirne sinsearacha sa chlub sin? Mar, nuair a phósfaidh na daoine óga seo, beidh sé fíordheacair orthu an t-am a fháil chun uaillmhian an chlub a shásamh. Seans gurb é a dhéanfaidh mo dhuine agus a leithéid ná aistriú chuig club áitiúil san áit ina bhfuil cónaí uirthi; agus cé gur bronntanas iontach a bheas ansin don chlub áitiúil, buille mór a bheas ann don chlub i mBaile Átha Cliath a thug traenáil agus oiliúint dóibh ar feadh na mblianta.
Ar bun cheana
D’fhéadfaí a rá, dar ndóigh, go raibh a leithéid chéanna d’imirce ar bun ar feadh na mblianta fada ach i malairt treo, is é sin daoine óga, imreoirí maithe peile agus iomána ina measc, ag fágáil a bparóistí dúchais ar fud na tíre le postanna a ghlacadh sa chathair agus páirt a ghlacadh i gclubanna ar fud Bhaile Átha Cliath. D’fhéadfaí a rá mar sin nach bhfuil sa rud atá ag tarlú anois ach an chathair ag aisíoc na tuaithe.
An t-aon rud atá le rá faoi sin ná gurb iad stoc na tuaithe cuid mhaith atá tar éis CLG a choinneáil beo agus a fhorbairt i mBaile Átha Cliath, go mór mhór sna bruachbhailte. Is de shliocht mhuintir na tuaithe, is é sin muintir na hÉireann uile, céatadán ard, b’fhéidir chomh hard le 80% in áiteanna, de bhaill CLG san ardchathair. Ní hé sin le rá nach bhfuil traidisiún i measc mhuintir dhúchasach Átha Cliath a bheith páirteach sna cluichí Gaelacha. Go deimhin a mhalairt atá fíor i gceantair áirithe. Ach tá pobail na gceantar sin faoi bhrú le blianta fada, mar is pobail lárchathrach atá i gceist, pobail a thug tacaíocht agus beocht do chlubanna ar nós Uí Thuathail, Eoghan Ruadh, Caoimhín, Clanna Gael agus Gaeil na Life ar feadh na mblianta. Ach, na scoileanna a thug oideachas agus oiliúint do na pobail sin, tá siad ar bheagán daltaí agus na Bráithre a bhí ina mbun imithe. Níl sé an-fhada ó bhí scoileanna ar nós Shraith an Iarthair, Scoil Uí Chonaill, Rae an Iarthair, Coláiste Mhuire, Scoil Naomh Iosaif, Sráid Synge etc. ar na scoileanna ba láidre ó thaobh na gcluichí Gaelacha de i gCúige Laighean, ach tá a ré thart anois.
Tá cuid mhór de na pobail lárchathrach scaipthe ar fud na mbruachbhailte móra neamhphearsanta. Tá tréaniarrachtaí déanta agus á ndéanamh ag fir agus mná cróga, idir Dhuibhlinnigh dhúchasacha agus mhuintir na tuaithe, chun na cluichí Gaelacha a chur chun cinn iontu. Ní acmhainn do na clubanna sin, ach oiread le clubanna iarthar na hÉireann agus araile roimhe seo, fir agus mná óga a chailliúint. Tá géarchéim ag teacht chun cinn i mBaile Átha Cliath ó thaobh CLG (agus a leithéid chéanna sna bailte móra ar fud na tíre). Tá an daonra ag méadú ach ní hé sin le rá go bhfuil na cluichí Gaelacha ag scaipeadh. Tá ceantair mhóra uirbeacha gan aon chlub Gaelach iontu. Tá an ceangal idir áit agus dúchas á bhriseadh. Tá ag éirí go maith le clubanna i gceantair áirithe ach is síorstreachailt atá i gceist i gcás clubanna i gceantair eile.
Níl ag éirí go maith le foirne Átha Cliath san iomáint agus sa bpeil faoi láthair. Ba chóir go mbeadh siad ar an stáitse mór níos rialta ná mar a bhíonn. Cuid den mhíniú ná an chaoi ina bhfuil Baile Átha Cliath ag fás agus ag méadú agus ag scaipeadh. Is dóigh liom go n-aithníonn CLG anois gur contae ar leith é Baile Átha Cliath a bhfuil gníomh ar leith ag teastáil chun na cluichí Gaelacha a chur i réim inti. Tá súil agam nach bhfuil sé rómhall.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.