Níl mórán trua ag Colm Mac Séalaigh don dream i measc lucht leanúna Manchester United atá ar buile gur díoladh an club leis an Mheiriceánach Malcolm Glazer.
Tá tarraingt agus mealladh aisteach ag Manchester United ar dhaoine in Éirinn.
Nuair a bhíos i mo ghasúr ag fás aníos i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, bhíomar go léir an-tugtha don spórt agus bhí sé de nós ag gasúir ceist a chur ar a chéile i dtaobh na foirne ar thug siad tacaíocht di. “Who do you follow?” an cheist a chuirtí ort. Cén fhoireann sacair i Sasana a bhíodh i gceist. Níos minice ná a chéile d’fhreagraínn féin “Áth Cliath” nó b’fhéidir “Rovers” (Shamrock Rovers) dá mbeadh an fonn orm argóint nó troid a sheachaint.
Bhí aithne agam ar fhear nár thaitin an cheist leis ar chor ar bith agus, le teann cantail, deireadh sé “Scunthorpe!”, díreach le cur as don té a chuir an cheist.
Ní shasódh ceann ar bith de na freagraí úd an ceistitheoir de ghnáth mar bhí cineál dualgas ort tacaíocht a thabhairt do cheann éigin de na foirne sacair i Sasana. Toisc nár thaitin an meon sin liom de bharr mo chuid tógála, is minic a d’fhreagraínn “foireann ar bith”, cé go raibh cion áirithe agam, ar nós go leor eile, ar Manchester United agus níos déanaí ar Arsenal toisc go raibh leaideanna as Baile Átha Cliath – O’Leary, Stapleton, Brady – ag imirt leo agus cúpla duine ón Tuaisceart freisin – Jennings, Nelson agus Rice, sílim. Mar sin, ba chineál foireann Éireannach iad. Ach in ainneoin sin, níor theastaigh uaim go gceapfaí gur “leantóir” mé sa ghnáthchiall. D’fhéadfainn suim a chur iontu nó gan bacaint leo, ach ba thábhachtaí go mór liom a léiriú go rabhas beag beann ar an saghas sin faisin.
Le fírinne, bhí baint mhór ag mo dhearcadh leis an tógáil a fuaireas agus le rudaí a deireadh mo mháthair phoblachtánach, fhrith-Shasanach linn-ne, na gasúir, agus muid ag fás aníos. Cluiche saighdiúirí Shasana ab ea an sacar dar léi agus mar chruthúnas air sin ba leor a rá go raibh foireann sacair aon áit in Éirinn ina raibh beairic ag arm Shasana – Baile Átha Luain, Longfort, Luimneach agus araile. Dá bhrí sin, ní raibh cead againn sacar a imirt sa ghairdín ná in aon áit eile. Mar sin b’éigean dom féin dul go dtí sráid nó páirc eile a bhí as radharc an tí chun sacar a imirt le gasúir eile. D’imrímis cluichí eile freisin – iománaíocht, peil, cruicéad – agus bhíodh rásaí capall againn gan chapaill trí ghairdíní na gcomharsan!
Seans maith go raibh fios maith ag mo mháthair gur ag imirt sacair a bhíomar, ach rinne sí cinnte de go raibh a meon féin ar an ábhar soiléir dúinne, meon agus dearcadh a bhí coitianta i measc cuid áirithe de mhuintir Baile Átha Cliath a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca agus i gCogadh na Saoirse agus a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola. Ní iontas ar bith é go raibh fuath acu do shaighdiúirí Sasanacha agus a nósanna.
Suim thar na bearta
Fiú i laethanta sin m’óigese, nuair nach raibh teilifís ag mórán daoine, bhí tarraingt agus mealladh ag sacar Shasana ar dhaoine in Éirinn, nó i mBaile Átha Cliath ar aon nós. Is beag duine a chonaic Manchester United, Spurs agus araile ag imirt ach fós féin “lean” siad iad.
Maidir le Man United, tá rud amháin fíor agus is é sin go gcuirtí suim thar na bearta iontu sa tír seo ach go háirithe. Is cuimhin liom féin 1963 nuair a bhuaigh Man United Corn an FA agus Corcaíoch, Noel Cantwell, ina chaptaen orthu. Bhí ríméad mór ar dhaoine anseo in Éirinn faoin mbua sin, go mórmhór agus an cluiche sin “beo” ar Theilifís Éireann, dubh agus bán ar ndóigh.
Bhí “bosca seoigh” (mar a thugadh fear i gCiarraí air) againn féin ó 1961 nuair a bunaíodh Teilifís Éireann (ní cheadódh mo mháthair sa teach é roimhe sin toisc gurbh é an BBC amháin a bhí ar fáil). Ar feadh na mblianta ní raibh againne ach Teilifís Éireann ach chraoltaí ócáidí móra spóirt beo ó am go ham, cluichí leathcheannais agus ceannais na hÉireann, Corn an FA agus imeachtaí eile ar nós dornálaíochta trom-mheáchain an domhain (is cuimhin liom Cassius Clay/ Muhammad Ali ag tosú amach le Craobh Dhomhanda i gcoinne Sonny Liston), corn sacair an domhain i 1966 agus mar sin de.
An bhliain sin, 1963, chuaigh Man United i bhfeidhm níos mó ná riamh ar phobal áirithe de chuid na tíre seo. Roimhe sin ba iad na Busby Babes a tharraing aird an phobail, go mórmhór de bharr thubaiste Munich nuair a thuairt eitleán na foirne agus iad ag filleadh ón nGearmáin agus maraíodh imreoirí óga cumasacha ar nós Liam Whelan. Bliain mhaith a bhí i 1963 ag muintir Átha Cliath – saghas “dúbailt” a bhí ann mar gur bhuaigh Man United Corn an FA agus Áth Cliath Corn Sam Mhig Uidhir.
Ó shin i leith tá cáil Man Utd scaipthe ar fud na hÉireann agus an domhain mhóir. Is iomaí corn agus sraith buaite ach i mbliana, den chéad uair le fada, níl corn ar bith sa chás gloine i Manchain. Chríochnaigh siad sa 3ú háit sa tsraith. Bualadh iad i Sraith na Seaimpíní go luath. Fuarthas an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais Chorn an FA. Drochbhliain gan dabht.
Ach ar chúiseanna nach mbaineann le peil nó spórt, tá Man United ar fud na bpáipéar agus na meán eile faoi láthair. Agus tá an lucht leanúna ar buile. Cén fáth? Ní hé nach bhfuil aon chorn buaite ach níos measa na sin, tá an club díolta. Ní hamháin go bhfuil an club díolta, ach tá sé díolta le strainséara Meiriceánach éigin nach bhfuil tuairim aige faoin “gcluiche álainn”.
Is cosúil go bhfuil lucht leanta “na nDiabhal Dearg” réidh le Malcolm Glazer, an t-uinéir nua, a thachtadh ar an ábhar go raibh sé de dhánaíocht ann deis mhaith gnó a thapú agus a chuid airgid a infheistiú sa chlub sacair is fearr (?) agus is cáiliúla (b’fhéidir) ar domhan. Tá siad ar nós dream a bhfuil a mbreithiúnas tugtha acu roimh an triail.
Bhí agus tá siad ar buile le cúpla Éireannach freisin, is é sin JP McManus agus John Magnier, beirt atá an-saibhir is cosúil mar gheall ar chúrsaí capaill agus cúrsaí gnó. Is beirt iad seo a thosaigh ag ceannach scaireanna i Man United sa bhliain 2001 agus nuair a tháinig an deis i mbliana na scaireanna céanna a dhíol arís ar bhrabach deas (£80 milliún is cosúil!) ní dhearna siad aon mhoill. B’ionann sin agus tréas i súile lucht leanúna Man Utd mar, de bharr an “cheangail stairiúil” leis an tír seo, ceapadh go “seasfadh” McManus agus Magnier an fód ar son gnáthlucht leanúna Man United i gcoinne an “namhad” ón taobh amuigh. Ach, dar ndóigh, fir ghnó is ea an bheirt úd agus nuair a chonaic siad deis chun brabach maith a dhéanamh thapaigh siad í - an cineál rud a dhéanann lucht ghnó chuile lá!
Gnó
Is cosúil nach dtuigeann lucht leanta clubanna ar nós Man United gur gnó é an sacar agus gur airgead a rialaíonn an gnó sin. Is comhlacht é Man United. Ceannaíonn an comhlacht agus díolann an comhlacht táirge agus táirgí. Díolann sé siamsaíocht, is é sin, siamsaíocht an tsacair, agus na fotháirgí éagsúla (léinte, caipíní, mugaí agus araile) a ghabhann leis. Ceannaíonn siad na himreoirí is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach ionas go mbuafaidh siad cluichí agus coirn chun an lucht leanúna a mhealladh le ticéid, léinte agus araile a cheannach.
Fostaíonn Man United 500 duine – sin le rá go bhfuil suim mhaith airgid le híoc amach in aghaidh na seachtaine. Ní gá a rá nach imreoirí iad sin go léir. Dáiríre is mionlach iad na himreoirí i gclub mór ar nós Man United ach, dar ndóigh, tá tuarastal mór acu. Tionscal atá ann agus, dá bhrí sin, caithfidh Man United PLC airgead a dhéanamh bealach ar bith gur féidir.
Tuigim agus ní thuigim lucht leanúna Manchester United. Nach bhfuil a fhios acu gur cheannaigh Rúiseach Chelsea agus gur eachtrannaigh iad formhór na mbainisteoirí agus na n-imreoirí is fearr i bPríomhroinn Shasana? Ach tá na seanlaethanta thart. Tá an rómánsaíocht thart. Tá laethanta Phríomhroinn Shasana geall le bheith thart. Leithéidí Malcolm Glazer a bheas i gceannas feasta. Sraith Eorpach a bheas ann as seo amach ina mbeidh dornán clubanna móra saibhre páirteach agus an chreach á roinnt eatarthu.
Nuair a bunaíodh an Phríomhroinn, de bharr a gcuid saibhris bhí Man Utd in ann an lámh in uachtar a bheith acu bliain i ndiaidh bliana agus ní raibh gearán ag an lucht leanúna ina thaobh sin. Ach seans go bhfuil a réimeas thart go fóill. Cén dochar? Tabharfaidh sin scíth don chuid eile againn.
Maidir le lucht leanúna an tsacair in Éirinn, ba cheart dóibh bheith níos buartha faoi staid Ruagairí na Seamróige, an club ab fhearr agus ba cháiliúla sa tír seo tráth agus atá anois ar an trá fholamh agus todhchaí an-éiginnte rompu. Céard a chriog iad? Airgead, gan dabht. Ach scéal é sin i gcomhar lae eile.
Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.