Tá farasbarr de scoth na ngalfairí ag éirí aníos in Éirinn le blianta beaga anuas. Tá Colm Mac Séalaigh ag iarraidh adhmad a dhéanamh de nó cá raibh a leithéid go léir roimhe seo?
»»»Níorbh é for agus fónamh Cholm Mhic Shéalaigh a bheith ag amharc ar Chorn an Domhain, d’uireasa na himeartha is na heachtraíochta. Tharla ann is níor tharla as é, chonaic sé roinnt imeartha.
»»»Dhírigh Colm Mac Séalaigh a aird ar cheist a tharraing cur is cúiteamh go leor le deireanas. Is é sin, ceist Deán na Spéire, mura miste leat, nó an cainéal Sky.
»»»Níor ghá spórt ar bith a reáchtáil don óige nuair a bhí Colm Mac Séalaigh ag fás aníos. Chinneadh an aimsir agus an tráth bliana na cineálacha spóirt a rachadh daoine ina gcionn.
»»»Chas Colm Mac Séalaigh le hAntoine Ó Coileáin, ceannaire Gael Linn, eagras atá ag múnlú bealaí nuála leis an nGaeilge a chur chun cinn le breis is glúin anuas agus atá áirithe anois ar na sé cheanneagras faoin gcóras nua maoinithe.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag léamh leabhair a chaitheann solas lonrach ar fhear a chaith blianta le gairm na dornálaíochta i Meiriceá, fear a chuaigh i bhfeidhm ar mhuintir a linne laistigh agus lasmuigh den chró.
»»»Tá athchiall ag an leagan ‘craobh clainne’ i ngnóthaí spóirt tharla go bhfacamar teaghlaigh gníomach agus ag breith na craoibhe leo ar pháirc na himeartha in imeacht na mblianta. Chuir Colm Mac Séalaigh spéis iontu.
»»»Ceart is cóir do na mná. Bhí Colm Mac Séalaigh i láthair ag Gradaim Réaltaí na Bliana de chuid Chumann Peil na mBan. Ní thugtar, faraor, an aird ba chóir ar a gcuid cluichí agus ar a gcuid éachtaí spóirt.
»»»Bhí deis ag Colm Mac Séalaigh súil a chaitheamh ar ghnóthaí spóirt in oirthuaisceart na Stát Aontaithe. Ní tharraingíonn na cluichí gaelacha oiread airde aniar is a shamhlaímid.
»»»Is coisíocht ar leith í coisíocht i gcomórtas ar nós rás an tsiúil. Is é spórt an tsiúil ceann de na spóirt is deacra agus is crua dá bhfuil ann dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Cluichí spreagúla spleodracha atá feicthe againn go dtí seo i mbliana agus tá Colm Mac Séalaigh sásta buille faoi thuairim a thabhairt faoi cé a bhuafas na cluichí atá fanta le himirt.
»»»Dar le Colm Mac Séalaigh, ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné a chinn go mbeadh blianta fada glórmhara ag Manchúin Aontaithe chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe.
»»»Caithfear éisteacht leis an gcolainn, dar le Colm Mac Séalaigh, mar is féidir éachtaí a dhéanamh ar feadh na mblianta, ach níor cheart éinne a spíonadh amach uilig, thar a acmhainn.
»»»Bhuail Colm Mac Séalaigh leis an bhfear a chuir Kevin Myers, fiú amháin, ag caint níos boige i leith na Gaeilge, Bernard Dunne, iarchuradh dornálaíochta an domhain. Céard ba thús leis an iarracht ar fad?
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag machnamh ar a thábhachtaí is atá spórt agus laochra an spóirt dúinn lenár gcroí is ár meanma a ardú ó am go chéile. Bíonn taobh eile ar an mbád i gcónaí ar ndóigh.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú ar chur chuige na mbainisteoirí a bhain craobhacha le blianta gairide anuas, Brian Mac Óda agus Jim Mac Géibheannaigh ina measc.
»»»Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta. Scríobh Colm Mac Séalaigh fúithi anseo cheana ach is mithid a héachtaí a aithint an athuair.
»»»Le barr díograise CLG, cumainn sacair agus rugair, is beag an líon pionsóirí, nó lucht coraíochta nó a leithéid a sheasfas an fód d’Éirinn i gcluichí idirnáisiúnta a deir Colm Mac Séalaigh.
»»»Tá foirne iomána na hÉireann i mbliana curtha in ord feabhas a n-imeartha ag Colm Mac Séalaigh agus is cosúil iad lenar chruthaigh siad anuraidh.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh ag meá cé a d’fhéadfadh bonn óir nó eile a chrochadh leo as na Cluichí Oilimpeacha an samhradh seo agus cé mar a chruthóidh foireann na hÉireann i Euro 2012 an mhí seo.
»»»Rianaíonn Colm Mac Séalaigh Conair laoch na himeartha in Éirinn agus thar lear, Jim Stynes, a fuair bás den ailse san Astráil agus a cuireadh in Éirinn an mhí seo chuaigh thart.
»»»Bhain Colm Mac Séalaigh tátal i dtaca le forbairt spórt as leabhair spéisiúil a léigh sé le déanaí, Guns, Gems and Steel, a short history of everybody for the last 13,000 years.
»»»Is spéis le Colm Mac Séalaigh ceist mhór atá ag bagairt ar Chumann Lúthchleas Gael le seal gairid de bhlianta: íocaíocht bainisteoirí.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go gcloisfimid ainm Dhaithí Uí Eithir ag teacht chun cinn go mór i gcúrsaí leadóige amach anseo.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú ar leabhar Dhéaglán Uí Bhuaigh This is Our Year agus ar an imreas a d’eascair as.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh ag meá tarraingt na sluaite ar na cluichí idir Éire agus an Astráil. Cruthaíonn na cluichí céanna deacrachtaí d’imreoirí dílse a mbíonn a gcuid clubanna ag brath orthu.
»»»Ríomhann Colm Mac Séalaigh scéal thíos seal thuas seal foirne peile Átha Cliath i gCraobh na hÉireann le breis is céad bliain anuas.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh an-sásta leis an gcaoi a chruthaíonn dornálaithe na hÉireann, idir ghairmiúil agus amaitéarach, go seasta agus tá sé ag súil le roinnt bonn a fheiceáil anall as Londain leo an bhliain seo chugainn.
»»»‘Bliain leat is bliain i do choinne.’ Tuigeann Colm Mac Séalaigh go gcaithfidh foireann agus a gcúltaca sa gclub an bua a bhlaiseadh ó am go chéile lena gcoinneáil misnithe.
»»»An té atá thíos, buailfear cos air. An laoch tite nach bhfuil gean an phobail air a thuilleadh, sin é a tharraing aird Cholaim Mhic Shéalaigh.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil.
Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.