CÚRSAÍ SPÓIRT
Tá cúrsaí smachta in aimhréidh
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Ní raibh an córas smachta a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael roimhe seo foirfe ach ar a laghad bhí sé i bhfad níos soiléire ná an córas atá i bhfeidhm faoi láthair, dar le Colm Mac Séalaigh.

Íomhá
Paul McGrane (Ard Mhacha)
Íomhá
Imreoir Thír Eoghain, Ryan McMenamin: i dtrioblóid

Le roinnt blianta anuas, tá gnéithe áirithe de shaol Chumann Lúthchleas Gael (CLG) tar éis éirí an-chasta ar fad. Déarfadh daoine áirithe go raibh rialacha CLG an-chasta i gcónaí agus go mba dheacair iad a thuiscint ar uairibh. B’fhéidir go bhfuil cuid áirithe den fhírinne sa mhéid sin, ach le tamall anuas níl aon dabht ach go bhfuil na rialacha smachta imithe ó smacht!

Tá sé feicthe againn freisin níos mó ná uair amháin go bhfuil imreoirí sásta dul i muinín dhlí na tíre chun sásamh a fháil nuair is cosúil, dar leo féin, go bhfuil éagóir déanta orthu. D’éirigh le roinnt imreoirí dul i muinín dhlí agus chúirteanna na tíre chun cinntí a bhí déanta faoi rialacha agus faoi ghnásanna CLG a chur ar ceal nó ar a laghad ar athló sa chaoi go mbeidís in ann imirt i gcluiche tábhachtach. Tá an bealach céanna á thógáil anois ag daoine a bhfuil buillí mailíseacha tugtha dóibh ar pháirceanna imeartha na tíre agus gan sásamh ceart á fháil acu, dar leo féin, ó údaráis CLG.

B’fhacthas do lucht stiúrtha CLG, agus don chuid is mó de na “gnáthbhaill” chomh maith, déarfainn, nach staid shásúil ná shláintiúil a bhí ansin. B’fhearr le daoine den chuid is mó go ndéanfaí gach conspóid agus gearán a réiteach taobh istigh den Chumann agus nach mbeadh daoine ag dul taobh amuigh den eagraíocht chun a gcás a phlé.

Ach is a rá go raibh ócáidí ann chomh maith nuair ba léir do dhaoine go raibh sé deacair réiteach a fháil ar cheist agus go raibh próiseas CLG fadálach agus achrannach nuair a bhí gá le cinneadh sciobtha.

Ceann de na deacrachtaí a bhaineann le cásanna achrannacha i saol CLG ná an méid ama a thógann sé chun breith a thabhairt agus go mórmhór acomharc a fháil tar éis pionóstéarma fionraí bheith bronnta ar imreoir. Cuir i gcás go gcuirtear imreoir den pháirc ar an gcéad Domhnach den mhí, nó den séasúr, d’fhéadfadh sé féin agus a chlub bheith ag fanacht cúpla seachtain le fáil amach cén téarma fionraí a bhí bronnta air.

Cé go mbíonn gach imreoir i dteideal a scéal féin a chur faoi bhráid an choiste smachta, sin an méid ama a thógann an próiseas ar fad, rud a chuireann daoine le báiní go minic. Sa chás gur dóigh le himreoir nó lena chlub go bhfuil éagóir déanta air (rud a tharlaíonn, gan dabht, ó am go ham) tá cead aige acomharc a lorg ag coiste níos airde. Fiú amháin má dhéantar athrú ar an gcinneadh de bharr acomhairc, is próiseas é a thógann go leor ama, rud a chiallaíonn go bhféadfadh an t-imreoir cluiche nó dhó a chailliúint agus a fhoireann a bheith buailte agus leagtha amach as an gcomórtas faoin am atá an t-achomharc déanta. Is mar gheall ar an moill sin a bhain imreoirí leas as cúirteanna na tíre chun iachall a chur ar CLG cead imeartha a thabhairt dóibh sula raibh an gnáthphróiseas curtha i gcrích.

An Córas Eadrána

Is i ngeall ar chásanna mar seo agus cásanna dlí a thóg imreoirí i gcoinne fo-aonad den chumann a bhunaigh CLG an Córas Eadrána, an Disputes Resolution Authority nó DRA. Is éard atá sa Chóras Eadrána ná coiste nó painéal saineolaithe a bunaíodh agus a thosaigh ag feidhmiú mí na Bealtaine seo caite chun eachtraí agus cinntí agus conspóidí éagsúla a thógtar ar pháirc na himeartha agus cinntí coistí eile a scrúdú nuair a cheistítear iad. Tá daoine cáilithe neamhspleácha ar an gCóras Eadrána, daoine nach bhfuil, go teoiriciúil ar aon nós, aon bhaint ná páirt acu le haon chontae nó foireann ar leith ná aon suim acu sna cásanna a thagann os a gcomhair ach amháin ó thaobh ceart nó mícheart, de réir rialacha agus dlí an Chumainn agus na tíre.

Ar páipéar, tá cuma an-réasúnta agus ciallmhar ar an smaoineamh, is é sin coiste neamhspleách nach bhfuil beann aige ar choiste contae, coiste cúige nó aon aonad eile den eagraíocht agus a thabharfadh breith neamhspleách, neamhchlaonta ar an iliomad cineálacha conspóide a thagann chun cinn ó am go ham.

Ach ní mar a shíltear a bítear. Ní túisce chéad bhreith an Chórais Eadrána tugtha nó go raibh conspóid tosaithe agus ceithre mhí i ndiaidh na breithe sin, is é sin ag deireadh mhí Lúnasa agus an t-alt seo á scríobh, níl deireadh ráite fós. Is é an cás atá i gceist ná cás peileadóra de chuid Chill Mochuda, Na Crócaigh agus foireann sinsear Átha Cliath, Mark Vaughan. Cuireadh Mark den pháirc i gCraobhchomórtas Peile AIB Laighean i gcoinne Phort Laoise i ndeireadh na bliana 2004. Cuireadh ar fionraí é ar feadh cluiche amháin faoi chóras a bhí i bhfeidhm ag an am, ach toisc gur tharla an eachtra i gcluiche de chuid Chúige Laighean, rialaigh an Córas Eadrána (a bunaíodh ina dhiaidh sin), ar iarratas óna chlub, go raibh cead ag Mark imirt lena chlub i gCraobhchomórtas Átha Cliath i gcoinne Naomh Bríd i mí na Bealtaine seo caite.

Bhuaigh Cill Mochuda, Na Crócaigh an cluiche úd le farasbarr cúilín amháin agus bhí baint mhór ag Mark leis an mbua a bhaint amach. Rinne cumann Naomh Bríd agóid i gcoinne bhreith an Chórais Eadrána, á rá gur imreoir mídhleathach a bhí i Mark Vaughan de réir *Treoraí Oifigiúil *an Chumainn. Níor ghlac Coiste Átha Cliath leis an agóid ach rialaigh Comhairle Laighean i bhfábhar agóid Naomh Bríde. Ar an ábhar sin, caitheadh Cill Mochuda, Na Crócaigh amach as Craobhchomórtas Átha Cliath.

Ach ní raibh Cill Mochuda, Na Crócaigh róshásta ansin. Agus cé a chuirfeadh an milleán orthu tar éis don Chóras Eadrána a bunaíodh go speisialta chun ceisteanna mar seo a réiteach rialú ar a son ar dtús. Ar chaoi ar bith, tugadh an cheist ar aghaidh go dtí leibhéal níos airde sa Chumann, is é sin go dtí an Lárchoiste Smachta (an *Central Appeals Committee *nó CAC) agus rialaigh an coiste sin go raibh an cinneadh ceart déanta ag Comhairle Laighean, is é sin gur imir Mark go mídhleathach le Cill Mochuda, Na Crócaigh i mí na Bealtaine.

Ach tá casadh eile sa scéal; d’imir Mark ó shin faoi dhó i bPáirc an Chrócaigh le foireann Átha Cliath, in ainneoin gur rialaigh Comhairle agus an Lárchoiste Smachta gur imir sé go mídhleathach lena chlub. Cén chiall atá le baint as sin?

Imreoirí eile

Is léir ó shracfhéachaint a thabhairt ar chúrsaí an tsamhraidh seo go bhfuil fadhb smachta ag CLG. Chomh maith le cás Mark Vaughan, bhí iompar imreoirí eile ar nós Ryan McMenamin (Tír Eoghain) agus Ciarán McKeever agus Paul McGrane (Ard Mhacha) faoi scrúdú ag an Lárchoiste Smachta ach na cinntí a thóg an coiste sin ina dtaobh chuir an Córas Eadrána ar ceal iad. An cheist ná cé tá i gceannas?

Dar le daoine áirithe, is praiseach é an córas smachta i láthair na huaire agus ní mór don chumann gníomhú go tapa agus go ciallmhar sula mbíonn smacht caillte uilig.

Tráth dá raibh bhí an scéal i bhfad níos simplí. (I ndáiríre, is dóigh go raibh an saol tríd síos níos simplí. Ní gá ach labhairt le seanmhúinteoirí faoin gcaoi ina bhfuil cúrsaí smachta sna scoileanna imithe ó mhaith, dar leo.) Go dtí le gairid, má cuireadh imreoir den pháirc i gcuiche peile nó iomána thuig gach duine cá raibh a sheasamh. Sa chéad áit bhí téarma fionraí coicíse éigeantach i gceist, cuma cén grád, foireann, aois nó comórtas, iomáint nó peil. Chuirtí pionós breise ansin ar imreoir, ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige (imirt chontúirteach, buille le dorncamán, agus araile) Má bhí imreoir ar fionraí, sheas sé sin i gcás aon sórt cluiche a raibh an t-imreoir i dteideal imirt ann – ní raibh aon eisceacht i gceist.

Ach doiléire atá anois ann in áit na soiléireachta. Níl daoine cinnte cá seasann siad. Déantar idirdhealú idir scoil nó coláiste agus club, idir imreoirí faoi aois áirithe agus os a cionn, idir comórtas amháin agus comórtas eile. Ní raibh an seanchóras foirfe, ná baol air, ach ar a laghad thuig daoine cén chaoi ar oibrigh sé. Faoi láthair tá an phraiseach ar fud na mias agus na dlíodóirí ar mhuin na muice. Níos mó ná riamh tá gá le ciall agus stuaim i gCLG agus córas atá soiléir agus atá dian ar lucht calaoise, agus, mar a scríobh Joe Lennon, iarpheileadóir cáiliúil de chuid an Dúin, chuideodh sé go mór le feabhas na gcuichí Gaelacha dá nglacfadh imreoirí leis na rialacha agus dá gcuirfeadh réiteoirí i bhfeidhm iad.

Nóta:

Táim buíoch d’Fheargal Mac Giolla, Oifigeach Eolais CLG, as an leagan Gaeilge de “Disciplinary Resolution Authority” (An Córas Eadrána) agus “Central Appeals Committee” (Lárchoiste Smachta) a chur ar fáil dom.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.